European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2499

27.9.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2499 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Meán Fómhair 2024

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ranníocaíochtaí airgeadais le costais cur chun feidhme na mBallstát agus an Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme á bhunú acu

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena mbunaítear an Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (1), agus go háirithe Airteagal 19(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos in Airteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 nach mór ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) a sholáthar do na Ballstáit chun ranníocaíocht a dhéanamh le costais cur chun feidhme na mBallstát agus an córas á bhunú acu chun athróga a bhailiú a bhaineann leis na topaicí a leagtar amach in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009, go háirithe athróga comhshaoil agus sóisialta, chun ceanglais an Rialacháin sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear ceanglais a bhaineann le hoiliúint agus idir-inoibritheacht idir córais um bailiú sonraí.

(2)

Chun na críche sin, is gá, go háirithe, na nósanna imeachta mionsonraithe a leagan síos a bhaineann leis na ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 agus lena leagtar amach na critéir ar ar a mbonn a leithdháiltear na ranníocaíochtaí in aghaidh an Bhallstáit.

(3)

Áirítear i mbuiséad an Aontais le haghaidh 2024, laistigh d’imchlúdach CERT, suim EUR 50 milliún le haghaidh na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009, chun tacú leis na Ballstáit an Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (LSIF) a bhunú.

(4)

Chun aghaidh a thabhairt ar na hiarrachtaí atá ag teastáil ó gach Ballstát chun a gcóras ríomhairithe um bailiú agus um thuairisciú sonraí a thiontú chun ceanglais LSIF a chomhlíonadh, agus chun bainistíocht airgeadais na ranníocaíochta ón Aontas a shimpliú, ba cheart na ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 a chur ar fáil do na Ballstáit i bhfoirm ranníocaíocht chnapshuime chun costais incháilithe a chumhdach, mar atá na costais sin a bhaineann le forbairt na teicneolaíochta faisnéise agus le hidir-inoibritheacht idir na foinsí éagsúla sonraí a liostaítear in Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009.

(5)

Tar éis measúnú domhain a dhéanamh, measann an Coimisiún gurb iad cnapshuimeanna an fhoirm ranníocaíochta is iomchuí toisc go bhfuil an cineál gníomhaíochta lena mbunaítear LSIF oiriúnach do chostais ar féidir iad a mheas roimh ré, lena mbaineann gníomhaíochtaí gaolmhara a mbeidh bunú oibríochtúil LSIF mar thoradh orthu. Ina theannta sin, meastar go bhfuil riosca íseal neamhrialtachta nó calaoise ann toisc gur comhlachtaí poiblí iad na tairbhithe. Meastar freisin go ndéanfaidh úsáid ranníocaíochtaí cnapshuime an cur chun feidhme a shimpliú go mór don Choimisiún agus do na Ballstáit trí dheireadh a chur leis an ngá atá le tuairisciú airgeadais agus fíorú airgeadais.

(6)

Chun bainistíocht airgeadais na ranníocaíochta ón Aontas a shimpliú, ba cheart na méideanna cnapshuime atá le cur ar fáil a bhunú ar bhuiséad measta a bheidh le soláthar ag gach Ballstát, faoi réir uasmhéideanna atá comhréireach leis an daonra talmhaíochta, éagsúlacht na struchtúr laistigh den earnáil talmhaíochta agus méid na ranníocaíochta ó gach Ballstát le táirgeadh talmhaíochta an Aontais.

(7)

In éagmais aon idirthréimhse shonrach lena gceadófaí céim ullmhúcháin sho-aitheanta roimh an gcur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit na ceanglais nua a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2023/2674 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009, a chur i bhfeidhm de réir a chéile ó thús an chéad timthrialla bailithe sonraí tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/2674, i.e., an timthriall a bhaineann leis an mbliain tuairiscithe 2025. Tugtar le tuiscint leis sin gur tathantaíodh ar na Ballstáit tús a chur lena gcórais a oiriúnú díreach tar éis theacht i bhfeidhm na gceanglas nua go luath in 2024 ionas go mbeidh siad in ann na chéad oiriúnuithe a chur i bhfeidhm roimh dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2024, nuair a chuirfear tús le timthriall bailithe na sonraí nua. Chun an sprioc-am sin a chomhlíonadh agus chun na ceanglais nua a chur chun feidhme go rathúil, moladh do na Ballstáit cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a bhfuil gá leo le haghaidh an aistrithe chuig LSIF a chur chun cinn. Dá réir sin, agus ionas nach ngearrfar pionós ar na Ballstáit as tús a chur leis na ceanglais nua a chur chun feidhme a luaithe is féidir in 2024, ba cheart údarú a thabhairt do na Ballstáit na costais a thabhaítear ón 1 Eanáir 2024 a mheas mar chostais atá incháilithe do na ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009.

(8)

Ba cheart bunú LSIF i ngach Ballstát, agus dá bhrí sin incháilitheacht na ranníocaíochta ón Aontas, a fhíorú trí úsáid a bhaint as tuarascálacha cur chun feidhme arna dtarraingt suas ag na Ballstáit maidir leis na gníomhaíochtaí iarbhír a dhéantar a bhfuil bunú oibríochtúil LSIF mar thoradh orthu. D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí iarbhír a dhéantar a bheith éagsúil leis na gníomhaíochtaí a bhí beartaithe ar dtús i gcás inar cuireadh gníomhaíochtaí malartacha ábhartha ina n-ionad.

(9)

Chun dlús a chur leis an tiontú chuig LSIF, ba cheart réamh-mhaoiniú a sholáthar do na Ballstáit roimh an 31 Nollaig 2024.

(10)

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún, ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (3), ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus ag an gCúirt Iniúchóirí a n-inniúlachtaí féin a fheidhmiú, lena n-áirítear iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus imscrúduithe a dhéanamh ar úsáid na ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas dá bhforáiltear faoin Rialachán seo.

(11)

Chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit togra a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina leagfar amach méid na ranníocaíochtaí cnapshuime a iarradh a luaithe is féidir, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An buiséad atá ar fáil agus an leithdháileadh uasta airgeadais in aghaidh an Bhallstáit

1.   Is é EUR 50 milliún a bheidh sa mhéid iomlán a sholáthróidh an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), faoi chaiteachas bainistíochta dírí dá dtagraítear in Airteagal 5(3), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), chun na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 a mhaoiniú in 2024.

2.   Na ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009, leithdháiltear iad ar na Ballstáit mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus beidh siad teoranta do na méideanna dá bhforáiltear inti.

Airteagal 2

Cnapshuimeanna aonair

Na ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009, is ranníocaíochtaí cnapshuime aonair a bheidh iontu lena gcumhdófar costais incháilithe a bhaineann leis an Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (LSIF) a bhunú sna Ballstáit, dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, agus ní rachaidh siad thar an uasmhéid in aghaidh an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo.

Airteagal 3

Gníomhaíochtaí incháilithe agus costais incháilithe

1.   Leis na ranníocaíochtaí cnapshuime dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo, féadfar costais incháilithe a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí gníomhaíochta seo a leanas a chumhdach:

(a)

córas ríomhairithe na mBallstát um bailiú sonraí, seiceáil sonraí, próiseáil sonraí agus tuairisciú sonraí a fhorbairt chun ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 a chomhlíonadh agus beidh an córas sin oibríochtúil faoin 31 Nollaig 2027;

(b)

acmhainneacht na mBallstát a fhorbairt maidir leis na foinsí sonraí a úsáid agus maidir leis na tacair sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus in Airteagal 4a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 faoi seach a nascadh, lena n-áirítear costais a bhaineann leis an gcomhar idir gníomhaireachtaí idirchaidrimh;

(c)

modheolaíochtaí agus cineálacha cur chuige nuálacha a fhorbairt, lena n-áirítear réitigh atá bunaithe ar an digitiú, chun córas ríomhairithe na mBallstát um bailiú sonraí, seiceáil sonraí, próiseáil sonraí agus tuairisciú sonraí, lena soláthraítear tuarascálacha aiseolais agus seirbhísí tagarmhairc d’fheirmeoirí, a oiriúnú do cheanglais Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009;

(d)

saineolaithe a earcú agus oiliúint a chur orthu, go háirithe sna gníomhaireachtaí idirchaidrimh, chun acmhainneacht na n-acmhainní daonna a ailíniú le héilimh mhéadaithe LSIF, lena n-áirítear liúntais taistil agus chothaithe;

(e)

feirmeoirí a dhreasú chun páirt a ghlacadh in LSIF, lena n-áirítear trína bhfeasacht a mhúscailt maidir leis na tairbhí a bhaineann le páirt a ghlacadh sa líonra sonraí.

2.   Ní rachaidh an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas in aghaidh an Bhallstáit thar 95 % de na costais incháilithe a mheasfaidh an Ballstát.

3.   Féadfar costais dhíreacha agus costais indíreacha araon a áireamh leis na costais incháilithe.

4.   Ríomhfar costais indíreacha trí uasráta comhréidh 7 % de na costais dhíreacha incháilithe iomlána a chur i bhfeidhm, seachas na costais fochonraitheoireachta.

5.   Tá costais tuarastail phearsanra na riarachán náisiúnta incháilithe, a mhéid a bhaineann siad le costas na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, ar gníomhaíochtaí iad nach ndéanfadh an t-údarás poiblí ábhartha mura ndéanfaí LSIF a bhunú.

6.   Níl costais a chistítear faoi ghníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais incháilithe.

Airteagal 4

Nós imeachta chun na ranníocaíochtaí cnapshuime a bhunú

1.   Cuirfidh gach Ballstát togra faoi bhráid an Choimisiúin ina leagfar amach an méid ranníocaíochta cnapshuime a iarradh bunaithe ar a mbuiséad measta a bhfuil gá leis chun LSIF a bhunú. Áireofar sa togra miondealú ar na costais mheasta lena léireofar an sciar in aghaidh na catagóire gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(1). Tabharfar tuairisc sa togra freisin ar na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le gach catagóir agus ar na hacmhainní gaolmhara.

2.   Sa mheastachán mionsonraithe ar chostais in aghaidh na catagóire dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní áireofar ach na costais seo a leanas:

(a)

costais a thabhaítear idir an 1 Eanáir 2024 agus an 31 Nollaig 2027;

(b)

costais a bhfuil gá leo maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1);

(c)

costais atá i gcomhréir le gnáthchleachtais an Bhallstáit maidir le costais;

(d)

costais a chomhlíonann an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cánacha, saothar agus slándáil shóisialta;

(e)

costais a chomhlíonann prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, go háirithe maidir le barainneacht agus éifeachtúlacht.

3.   Déanfar na costais incháilithe mheasta a mhiondealú de réir na gcatagóirí buiséid seo a leanas:

(a)

costais phearsanra;

(b)

costais fochonraitheoireachta;

(c)

costais cheannaigh;

(d)

catagóirí costais eile;

(e)

costais indíreacha.

4.   Dréachtóidh na Ballstáit a dtogra trí úsáid a bhaint as an teimpléad ábhartha a sholáthróidh an Coimisiún agus tíolacfaidh siad é laistigh d’aon mhí amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus in aon chás tráth nach déanaí ná an 4 Samhain 2024, cibé acu is túisce a tharlóidh.

5.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an mbuiséad measta atá molta ag na Ballstáit in aghaidh na ngníomhaíochtaí atá molta acu. Bainfear costais neamh-incháilithe agus féadfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht ón Aontas a choigeartú de réir mar a mheastar a bheith iomchuí.

Airteagal 5

Tuarascálacha cur chun feidhme

1.   Cuirfidh na Ballstáit na tuarascálacha cur chun feidhme seo a leanas ar fáil don Choimisiún:

(a)

tuarascáil eatramhach a thíolacfar tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2026;

(b)

tuarascáil chríochnaitheach a thíolacfar tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2028.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh an Ghearmáin na tuarascálacha cur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 15 seachtaine tar éis na sprioc-amanna faoi seach dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   Sna tuarascálacha cur chun feidhme beidh tuairisc ar na gníomhaíochtaí, dá dtagraítear in Airteagal 3(1), a dhéanfar:

(a)

ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2025, i gcás na tuarascála eatramhaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a);

(b)

ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027, i gcás na tuarascála críochnaithí dá dtagraítear i mír 1, pointe (b).

Léireofar sa tuarascáil chríochnaitheach a luaitear i mír (1), pointe (b), bunú oibríochtúil LSIF, agus tabharfar aghaidh ar an gcaoi ar rannchuidigh na gníomhaíochtaí a dtugtar tuairisc orthu sa togra, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), nó aon ghníomhaíocht mhalartach ábhartha, le LSIF a bhunú.

3.   Tíolacfaidh na Ballstáit a dtuarascálacha cur chun feidhme trí úsáid a bhaint as an teimpléad ábhartha a sholáthróidh an Coimisiún.

Airteagal 6

Íocaíochtaí

1.   Nuair a fhormheasfaidh an Coimisiún togra an Bhallstáit, íocfar íocaíocht réamh-mhaoinithe 100 % den ranníocaíocht chnapshuime aonair fhormheasta leis an mBallstát.

2.   Ní dhéanfar an íocaíocht réamh-mhaoinithe a imréiteach tráth na híocaíochta deiridh ach amháin má tá an Coimisiún sásta gur bhunaigh an Ballstát LSIF go hoibríochtúil agus má fhormheasann sé an tuarascáil chríochnaitheach ar chur chun feidhme lena léirítear bunú oibríochtúil LSIF.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, tráth na híocaíochta deiridh nó ina dhiaidh sin, an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh Ballstáit a laghdú má sháróidh an Ballstát a oibleagáidí faoin Rialachán seo, lena n-áirítear cineál míchuí cur chun feidhme, neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta, faisnéis bhréagach a thíolacadh, mainneachtain an fhaisnéis is gá a sholáthar, earráidí substaintiúla, neamhrialtachtaí nó calaois.

4.   Beidh méid an laghdaithe comhréireach le tromchúis agus fad na n-earráidí, na neamhrialtachtaí nó na calaoise nó an tsáraithe ar oibleagáidí, trí ráta laghdaithe aonair a chur i bhfeidhm ar an ranníocaíocht airgeadais fhormheasta ón Aontas. Coimeádann an Coimisiún an ceart aige féin chun aon mhéid a íocadh go míchuí a aisghabháil.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 328, 15.12.2009, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1217/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2023/2674 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme a thiontú ina Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (IO L, 2023/2674, 29.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2674/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj).


IARSCRÍBHINN

Leithdháiltí uasta na mBallstát chun an Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme dá dtagraítear in Airteagal 1 a bhunú

 

EUR (praghsanna reatha)

AN BHEILG

1 056 000

AN BHULGÁIR

1 092 568

AN tSEICIA

1 033 904

AN DANMHAIRG

1 196 202

AN GHEARMÁIN

4 513 608

AN EASTÓIN

655 304

ÉIRE

1 143 549

AN GHRÉIG

2 188 568

AN SPÁINN

4 979 273

AN FHRAINC

5 963 231

AN CHRÓIT

995 604

AN IODÁIL

5 034 307

AN CHIPIR

663 014

AN LAITVIA

786 887

AN LIOTUÁIN

951 572

LUCSAMBURG

611 660

AN UNGÁIR

1 436 663

MÁLTA

607 896

AN ÍSILTÍR

2 178 215

AN OSTAIR

1 138 913

AN PHOLAINN

4 269 601

AN PHORTAINGÉIL

1 567 936

AN RÓMÁIN

2 577 741

AN tSLÓIVÉIN

801 960

AN tSLÓVAIC

762 344

AN FHIONLAINN

854 106

AN tSUALAINN

939 374


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2499/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)