![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2497 |
27.9.2024 |
Ní bhíonn éifeacht dhlíthiúil ach ag téacsanna bunaidh NA/ECE faoin dlí poiblí idirnáisiúnta. Ba cheart stádas agus dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a sheiceáil sa leagan is déanaí de dhoiciméad stádais TRANS/WP.29/343 NA/ECE, doiciméad atá le fáil ag: https://unece.org/status-1958-agreement-and-annexed-regulations
Rialachán Uimh. 152 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú mótarfheithiclí a mhéid a bhaineann leis an Ardchórais Coscánaithe Éigeandála (AEBS) le haghaidh feithiclí M1 agus N1 [2024/2497]
Ina n-ionchorpraítear an téacs bailí go léir suas go dtí:
Forlíonadh 3 ar shraith leasuithe 02 – Dáta teacht i bhfeidhm: An 24 Meán Fómhair 2023
Is áis doiciméadúcháin amháin é an doiciméad seo. Is iad seo a leanas na téacsanna atá barántúil agus ceangailteach de réir dlí:
ECE/TRANS/WP.29/2020/69
ECE/TRANS/WP.29/2021/16
ECE/TRANS/WP.29/2021/18
ECE/TRANS/WP.29/2021/142
ECE/TRANS/WP.29/2022/20 (arna leasú le mír 81 de thuarascáil ECE/TRANS/WP.29/1164)
ECE/TRANS/WP.29/2023/16 (arna leasú le mír 90 de thuarascáil ECE/TRANS/WP.29/1171)
CLÁR
Rialachán
1. |
Raon feidhme |
2. |
Sainmhínithe |
3. |
Iarratas ar cheadú |
4. |
Ceadú |
5. |
Sonraíochtaí |
6. |
Nós imeachta tástála |
7. |
Modhnú ar chineál feithicle agus síneadh leis an gceadú |
8. |
Comhréireacht táirgeachta |
9. |
Pionóis mar gheall ar neamh-chomhréireacht táirgeachta |
10. |
Scor cinntitheach den táirgeadh |
11. |
Ainmneacha agus seoltaí na Seirbhísí Teicniúla atá freagrach as tástálacha ceadaithe a dhéanamh, agus ainmneacha agus seoltaí na nÚdarás Cineálcheadaithe |
12. |
Forálacha idirthréimhseacha |
Iarscríbhinní
1 |
Teachtaireacht |
2 |
Leagan amach marcanna ceadaithe |
3 |
Ceanglais speisialta atá le cur i bhfeidhm ar ghnéithe sábháilteachta a bhaineann le córais leictreonacha rialaithe |
Iarscríbhinn 1 - Foirm shamplach mheasúnaithe le haghaidh córais leictreonacha
Iarscríbhinn 2 - Cásanna Frithghnímh Bhréagaigh
Réamhrá
Is é is rún don Rialachán seo forálacha aonfhoirmeacha a bhunú d’Ardchórais Coscánaithe Éigeandála (AEBS) atá feistithe ar mhótarfheithiclí de Chatagóir M1 agus N1 a úsáidtear go príomha i ndálaí tiomána uirbeacha.
Leis an gcóras, déanfar imbhualadh tosaigh atá ar tí tarlú a bhrath go huathoibríoch, cuirfear rabhadh iomchuí in iúl don tiománaí agus déanfar córas coscánaithe na feithicle a ghníomhachtú chun luas na feithicle a laghdú d’fhonn imbhualadh a sheachaint nó déine an imbhuailte a mhaolú sa chás nach bhfreagródh an tiománaí don rabhadh.
I gcás teip sa chóras, ní chuirfear oibriú sábháilte na feithicle i mbaol.
Le linn aon ghníomhaíochta arna déanamh tríd an gcóras, is féidir leis an tiománaí, tráth ar bith trí ghníomhaíocht chomhfhiosach a dhéanamh, e.g. trí ghníomhaíocht stiúrtha nó cic síos ar an luasaire, smacht a fháil agus an córas a shárú.
Ní féidir gach dála tráchta agus gné bonneagair sa phróiseas cineálcheadaithe a chumhdach leis an Rialachán seo; aithnítear leis an Rialachán seo nach féidir na feidhmíochtaí a éilítear sa Rialachán seo a bhaint amach i ngach dála (d’fhéadfadh staid na feithicle, greamaitheacht bóthair, dálaí aimsire, bonneagar bóthair atá imithe in olcas agus cásanna tráchta etc. difear a dhéanamh d’fheidhmíochtaí an chórais). Níor cheart rabhaidh bhréagacha nó coscánú bréagach a bheith mar thoradh ar dhálaí agus gnéithe iarbhír sa saol réadúil a mhéid go spreagfaí an tiománaí leo an córas a chasadh as. Leis an Rialachán, cuirtear ar fáil na ceanglais i leith ceadú le haghaidh AEBS a cheaptar chun imbhualadh a sheachaint, bíodh sin le gluaisteáin nó le coisithe nó le gluaisteáin agus coisithe.
Is rialachán ‘i gcás feistithe’ é an Rialachán seo. Ní chuirfear cosc leis ar pháirtithe conarthacha sainordú a thabhairt maidir le feistiú AEBS a cheaptar chun imbhualadh a sheachaint, bíodh sin le gluaisteáin nó le coisithe nó le gluaisteáin agus coisithe, arna cheadú i gcomhréir leis an Rialachán seo.
1. Raon feidhme
Baineann an Rialachán seo le ceadú feithiclí de Chatagóir M1 agus N1 (1) (2) maidir le córas ar bord chun
(a) |
Imbhualadh deiridh i lána le gluaisteán paisinéirí a sheachaint nó a mhaolú, |
(b) |
Imbhualadh le coisí a sheachaint nó déine an imbhuailte a mhaolú. * Leis an Rialachán seo, cuirtear sraith ceanglas ar fáil freisin maidir le feithiclí de Chatagóir M2, agus maidir le feithiclí de Chatagóirí M3/N2 a bhfuil meáchan uasta acu atá faoi bhun 8 dtona nó cothrom leis agus a bhfuil coscánú hiodrálach acu, atá mar mhalairt ar na ceanglais atá i Rialachán Uimh. 131 ó na Náisiúin Aontaithe. I gcás na bhfeithiclí a dtugtar tuairisc orthu thuas, aithníonn Páirtithe Conarthacha a chuireann Rialachán Uimh. 131 ó na Náisiúin Aontaithe agus an Rialachán seo i bhfeidhm go bhfuil na ceaduithe maidir le haon ceann de na Rialacháin chomh bailí céanna. |
2. Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo:
2.1. |
Ciallaíonn ‘Ardchóras Coscánaithe Éigeandála (AEBS)’ córas lenar féidir imbhualadh tosaigh atá ar tí tarlú a bhrath go huathoibríoch agus lenar féidir córas coscánaithe na feithicle a ghníomhachtú chun luas na feithicle a laghdú d’fhonn imbhualadh a sheachaint nó a mhaolú. |
2.2. |
Ciallaíonn ‘Coscánú Éigeandála’ éileamh coscánaithe a chuireann AEBS amach chuig córas príomhchoscánaithe na feithicle. |
2.3. |
Ciallaíonn ‘Rabhadh Imbhuailte’ rabhadh a chuireann AEBS amach chuig an tiománaí sa chás gur bhraith AEBS imbhualadh tosaigh atá ar tí tarlú. |
2.4. |
Ciallaíonn ‘Cineál Feithicle maidir lena hArdchóras Coscánaithe Éigeandála’
catagóir feithiclí nach bhfuil éagsúil óna chéile i leith gnéithe fíor-riachtanacha amhail iad seo a leanas:
|
2.5. |
Ciallaíonn ‘Feithicil is Ábhar’ an fheithicil atá á tástáil. |
2.6. |
Ciallaíonn ‘Sprioc Bhog’ sprioc a mbainfidh díobháil íosta di agus a dhéanfaidh díobháil íosta don fheithicil is ábhar i gcás imbhuailte. |
2.7. |
Ciallaíonn ‘Sprioc Feithicle’ sprioc a sheasann d’fheithicil |
2.8. |
Ciallaíonn ‘Sprioc Coisí’ sprioc bhog a sheasann do choisí |
2.9. |
Ciallaíonn ‘Sprioc Rothair’ sprioc bhog a sheasann do rothar agus rothaí |
2.10. |
Ciallaíonn ‘Spás Coiteann’ áit inar féidir dhá cheann nó níos mó d’fheidhmeanna faisnéise (e.g. siombail) a thaispeáint, ach ní ag an am céanna. |
2.11. |
Ciallaíonn ‘Féinseiceáil’ feidhm chomhtháite lena ndéantar seiceáil ar theip sa chóras ar bhonn leanúnach le linn don chóras a bheith gníomhach ar a laghad. |
2.12. |
Ciallaíonn ‘Am go dtí Imbhualadh (TTC)’ an t-am a fhaightear tríd an achar fadama (i dtreo taistil na feithicle is ábhar) idir an fheithicil is ábhar agus an sprioc a roinnt ar luas coibhneasta fadama na feithicle is ábhar agus na sprice, tráth ar bith. |
2.13. |
Ciallaíonn ‘Bóthar tirim ar a bhfuil greamaitheacht mhaith’
bóthar ag a bhfuil Comhéifeacht Bhuaic-Choscánaithe (PBC) ainmniúil leordhóthanach lena gceadódh na nithe seo a leanas:
|
2.14. |
Ciallaíonn ‘Comhéifeacht Bhuaic-Choscánaithe (PBC) ainmniúil leordhóthanach’
comhéifeacht frithchuimilte dromchla bóthair de na méideanna seo a leanas:
|
2.15. |
Ciallaíonn ‘túsú’ an próiseas chun an oibríocht a chur ar bun ar an gcóras tar éis an fheithicil a chasadh AIR go dtí go bhfuil sí ag feidhmiú go hiomlán. |
2.16. |
Ciallaíonn ‘mais na feithicle in ord reatha’ mais feithicle gan ualach le cabhalra, lena n-áirítear fuartháin, olaí, 90 faoin gcéad de bhreosla ar a laghad, 100 faoin gcéad de leachtanna eile, tiománaí (75 kg) ach gan uiscí úsáidte, uirlisí, roth spártha. |
2.17. |
Ciallaíonn ‘uasmhais’ an uasmhais arna sonrú ag monaróir na feithicle a bheith incheadaithe go teicniúil (féadfaidh an uasmhais sin a bheith níos airde ná an ‘uasmhais incheadaithe’ arna leagan síos ag an riarachán náisiúnta). |
2.18. |
Déanfar ‘an meán-luasmhoilliú lánfhorbartha (dm)’
a ríomh mar an luasmhoilliú meánaithe maidir le hachar thar an eatramh vb go ve, de réir na foirmle seo a leanas:
I gcás inarb amhlaidh:
Cinnfear an luas agus an t-achar trí úsáid a bhaint as ionstraimíocht a mbeidh cruinneas ±1 faoin gcéad léi ar an luas forordaithe don tástáil. Féadfar an dm a chinneadh trí mhodhanna eile seachas luas agus achar a thomhas; sa chás sin, beidh cruinneas an dm laistigh de ± 3 faoin gcéad. |
3. Iarratas ar cheadú
3.1. |
Is é monaróir na feithicle nó a ionadaí údaraithe a chuirfidh isteach an t-iarratas ar chineálcheadú feithicle maidir le AEBS. |
3.2. |
Beidh trí chóip de na doiciméid a luaitear thíos ag gabháil leis: |
3.2.1. |
Tuairisc ar chineál na feithicle i ndáil leis na hítimí a luaitear i mír 2.4., in éineacht le pacáiste doiciméadachta lena dtugtar rochtain ar bhundearadh AEBS agus ar na modhanna trína nasctar é le córais eile feithicle nó trína ndéanann sé athróga aschuir a rialú go díreach. Sonrófar na huimhreacha agus/nó na siombailí lena sainaithnítear an cineál feithicle. |
3.3. |
Déanfar feithicil, atá ionadaíoch don chineál feithicle atá le ceadú, a chur faoi bhráid na Seirbhíse Teicniúla a dhéanann na tástálacha ceadaithe. |
4. Ceadú
4.1. |
An cineál feithicle a chuirtear isteach lena chineálcheadú de bhun an Rialacháin seo, má chomhlíonann sé ceanglais mhír 5 thíos, deonófar ceadú don fheithicil sin. |
4.2. |
Sannfar uimhir ceadaithe do gach cineál feithicle a cheadófar; leis an gcéad dá dhigit (00 faoi láthair, rud a chomhfhreagraíonn do shraith leasuithe 00) sonrófar an tsraith leasuithe ina n-ionchorpraítear na mórleasuithe teicniúla is déanaí dá ndearnadh ar an Rialachán tráth eisiúna an cheadaithe. Ní dhéanfaidh an Páirtí Conarthach céanna an uimhir chéanna a shannadh don chineál céanna feithicle ina bhfuil cineál eile AEBS feistithe, nó do chineál eile feithicle. |
4.3. |
Cuirfear fógra maidir le ceadú, maidir le diúltú nó maidir le haistarraingt ceadaithe de bhun an Rialacháin seo in iúl do na Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm trí bhíthin foirm atá i gcomhréir leis an tsamhail in Iarscríbhinn 1 agus maidir leis na doiciméid a sholáthróidh an t-iarratasóir, beidh siad i bhformáid nach mó ná A4 (210 × 297mm), nó fillfear iad chun go mbeidh siad san fhormáid sin, agus beidh siad ar scála iomchuí nó i bhformáid leictreonach. |
4.4. |
Gach feithicil atá i gcomhréir le cineál feithicle a cheadaítear faoin Rialachán seo, greamófar marc ceadaithe idirnáisiúnta atá i gcomhréir leis an sampla a dtugtar tuairisc uirthi in Iarscríbhinn 2 di, a bheidh le feiceáil go soiléir, a bheidh in áit a bhféadfar teacht air go héasca, áit a sonrófar ar an bhfoirm cheadaithe, agus beidh an méid seo a leanas ann: |
4.4.1. |
Ciorcal timpeall ar an litir ‘E’ agus ina dhiaidh sin, sainuimhir na tíre a dheonaigh an ceadú; (3) |
4.4.2. |
Ar thaobh na láimhe deise den chiorcal a fhorordaítear i mír 4.4.1. thuas, uimhir an Rialacháin seo, agus ina dhiaidh sin, an Litir ‘R’, dais, agus an uimhir ceadaithe. |
4.5. |
Má tá an fheithicil i gcomhréir, sa tír a dheonaigh ceadú faoin Rialachán seo, le cineál feithicle atá ceadaithe faoi cheann amháin nó níos mó de na Rialacháin eile atá i gceangal leis an gComhaontú, ní gá an tsiombail a fhorordaítear i mír 4.4.1. thuas, a chur ar fáil arís; i gcás den sórt sin, cuirfear an Rialachán agus na huimhreacha ceaduithe agus na siombailí breise i gcolúin ingearacha ar thaobh na láimhe deise den tsiombail a fhorordaítear i mír 4.4.1. thuas. |
4.6. |
Beidh an marc ceadaithe soléite agus doscriosta. |
4.7. |
Cuirfear an marc ceadaithe ar phláta sonraí na feithicle nó gar dó. |
5. Sonraíochtaí
5.1. |
Ceanglais ghinearálta |
5.1.1. |
Maidir le feithicil ar bith atá feistithe le AEBS a chomhlíonann an sainmhíniú i mír 2.4 thuas, nuair a dhéantar é a ghníomhachtú agus a oibriú laistigh den raon luais forordaithe, déanfaidh sí na ceanglais feidhmíochta seo a leanas a chomhlíonadh: |
5.1.1.1. |
ceanglais feidhmíochta mhír 5.1. agus mhíreanna 5.3. go 5.6. den Rialachán seo le haghaidh gach feithicle; |
5.1.1.2. |
ceanglais feidhmíochta mhír 5.2.1. den Rialachán seo le haghaidh feithiclí a chuirfear isteach lena gceadú maidir le cás gluaisteáin go gluaisteán; |
5.1.1.3. |
ceanglais feidhmíochta mhír 5.2.2. den Rialachán seo le haghaidh feithiclí a chuirfear isteach lena gceadú maidir le cás gluaisteáin go coisí. |
5.1.1.4. |
ceanglais feidhmíochta mhír 5.2.3. den Rialachán seo le haghaidh feithiclí a chuirfear isteach lena gceadú maidir le cás gluaisteáin go rothar. |
5.1.2. |
Ní dhéanfaidh réimsí maighnéadacha ná leictreacha dochar d’éifeachtach AEBS. Léireofar é sin trí na ceanglais theicniúla a chomhlíonadh agus trí chloí le forálacha idirthréimhseacha shraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 10 ó na Náisiúin Aontaithe. |
5.1.3. |
Léireofar comhréireacht leis na gnéithe sábháilteachta a bhaineann le córais rialaithe leictreonacha trí cheangail Iarscríbhinn 3 a chomhlíonadh. |
5.1.4. |
Rabhaidh agus faisnéis
Mar aon leis na rabhaidh imbhuailte a thuairiscítear i míreanna 5.2.1.1. agus 5.2.2.1., cuirfear rabhadh (nó rabhaidh) iomchuí ar fáil don tiománaí leis an gcóras, mar atá thíos: |
5.1.4.1. |
Rabhadh teipe nuair a tharlaíonn teip in AEBS a fhágann nach féidir ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Beidh an rabhadh mar a shonraítear i mír 5.5.4. |
5.1.4.1.1. |
Ní bheidh eatramh ama suntasach idir gach féin-seiceáil AEBS, agus dá bhrí sin ní bheidh moill maidir leis an gcomhartha rabhaidh a shoilsiú, i gcás teip is féidir a bhrath go leictreach. |
5.1.4.1.2. |
Nuair a bhraitear aon choinníoll teipe neamhleictreach (e.g. daille braiteora nó mí-ailíniú braiteora), soilseofar an comhartha rabhaidh a shainmhínítear i mír 5.1.4.1. |
5.1.4.2. |
Mura túsaíodh an córas tar éis am tiomána carnach 15 soicind os cionn luas 10 km/h, cuirfear faisnéis maidir leis an stádas seo in iúl don tiománaí. Beidh an fhaisnéis sin ann go dtí go dtúsófar an córas. |
5.1.4.3. |
Tabharfar rabhadh díghníomhachtaithe nuair a dhéanfar an córas a díghníomhachtú, má tá modh chun AEBS a dhíghníomhachtú feistithe san fheithicil. Beidh an rabhadh seo mar a shonraítear i mír 5.4.3. |
5.1.5. |
Coscánú éigeandála
Faoi réir fhorálacha mhíreanna 5.3.1. agus 5.3.2., cuirfear idirghabhálacha coscánaithe éigeandála ar fáil leis an gcóras mar a thuairiscítear i míreanna 5.2.1.2., 5.2.2.2. agus 5.2.3.2., agus é mar aidhm leo laghdú suntasach a chur ar luas na feithicle is ábhar. |
5.1.6. |
Frithghníomhartha Bréagacha a sheachaint
Leagfar amach an córas chun giniúint comharthaí rabhaidh imbhuailte a laghdú agus chun ardchoscánú éigeandála a sheachaint i gcásanna nach bhfuil aon gharbaol ann go dtarlódh imbhualadh. Léireofar é sin sa mheasúnú a dhéanfar faoi Iarscríbhinn 3, agus áireofar sa mheasúnú sin go háirithe cásanna a liostaítear i bhFoscríbhinn 2 a ghabhann le hIarscríbhinn 3. |
5.1.7. |
Comhlíonfaidh aon fheithicil atá feistithe le AEBS ceanglais fheidhmíochta Rialachán Uimh. 13-H ó na Náisiúin Aontaithe i sraith leasuithe 01 atá aige le haghaidh feithiclí de Chatagóir M1 agus N1 nó Rialachán Uimh. 13 i sraith leasuithe 11 atá aige le haghaidh feithiclí de Chatagóir N1 agus beidh sí feistithe le feidhm choscánaithe frithghlasála i gcomhréir le ceanglais fheidhmíochta Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán Uimh. 13-H ó na Náisiúin Aontaithe i sraith leasuithe 01 atá aige nó ceanglais fheidhmíochta Iarscríbhinn 13 a ghabhann le Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe i sraith leasuithe 11 atá aige. |
5.2. |
Ceanglais Shonracha |
5.2.1. |
Cás gluaisteáin go gluaisteán |
5.2.1.1. |
Rabhadh imbhuailte
Nuair a bhraitear imbhualadh atá ar tí tarlú sa lána céanna le feithicil de Chatagóir M1 atá roimh an bhfeithicil is ábhar, a bhfuil luas coibhneasta aici atá os cionn an luais dá bhfuil an fheithicil is ábhar in ann an t-imbhualadh a sheachaint (laistigh de na coinníollacha a shonraítear i mír 5.2.1.4.), tabharfar rabhadh imbhuailte mar a shonraítear i mír 5.5.1., agus cuirfear ar siúl é 0,8 soicind roimh thús an choscánaithe éigeandála ar a dhéanaí. Mar sin féin, i gcás nach féidir an t-imbhualadh a thuar in am chun rabhadh imbhuailte a thabhairt 0,8 soicind roimh choscánú éigeandála, tabharfar rabhadh imbhuailte mar a shonraítear i mír 5.5.1., agus tabharfar é tráth nach déanaí ná tús na hidirghabhála coscánaithe éigeandála. D’fhéadfadh sé go gcuirfí stop leis an rabhadh imbhuailte sa chás nach ann do na coinníollacha a bhíonn ann roimh imbhualadh a thuilleadh. Déanfar é seo a thástáil de réir mhíreanna 6.4. agus 6.5. |
5.2.1.2. |
Coscánú éigeandála
Nuair a bhraithfidh an córas an seans go mbeadh imbhualadh ar tí tarlú, beidh éileamh coscánaithe 5,0 m/s2 ar a laghad i gceist chuig córas príomhchoscánaithe na feithicle. Ní chuirtear cosc leis seo ar luachanna éilimh luasmhoillithe atá níos airde ná 5 m/s2 le linn an rabhaidh imbhuailte ar feadh tréimhsí an-ghearr, e.g. mar rabhadh haptach chun aird an tiománaí a tharraingt. D’fhéadfadh sé go gcuirfí stop leis an gcoscánú éigeandála nó d’fhéadfadh sé go laghdófaí an t-éileamh luasmhoillithe faoi bhun na tairsí thuas (de réir mar is ábhartha), sa chás nach ann do na coinníollacha a bhíonn ann roimh imbhualadh a thuilleadh nó sa chás go bhfuil an baol imbhuailte laghdaithe. Déanfar é seo a thástáil i gcomhréir le míreanna 6.4 agus 6.5 den Rialachán seo. |
5.2.1.3. |
Raon luais
Beidh an córas gníomhach laistigh de raon luais na feithicle idir 10 km/h agus 60 km/h ar a laghad agus beidh sé gníomhach cibé cén staid ina bhfuil an fheithicil ó thaobh ualaigh de, mura rud é go ndéantar é a dhíghníomhachtú de réir mhír 5.4. |
5.2.1.4. |
Laghdú luais trí éileamh coscánaithe
In éagmais ionchur an tiománaí a mbeadh idirbhriseadh mar thoradh air de réir mhír 5.3.2., beifear in ann le AEBS luas coibhneasta tuairte a bhaint amach a bheidh faoi bhun an uasluais choibhneasta tuairte nó cothrom leis, mar a léirítear sa tábla seo a leanas, ar choinníoll na nithe seo a leanas:
|
5.2.2. |
Cás gluaisteáin go coisí |
5.2.2.1. |
Rabhadh Imbhuailte
Nuair a bhraithfidh AEBS an seans go dtarlódh imbhualadh le coisí atá ag trasnú an bhóthair ar luas seasta 5 km/h (laistigh de na coinníollacha a shonraítear i mír 5.2.2.4), tabharfar rabhadh imbhuailte mar a shonraítear i mír 5.5.1., agus tabharfar é tráth nach déanaí ná tús na hidirghabhála coscánaithe éigeandála. D’fhéadfadh sé go gcuirfí stop leis an rabhadh imbhuailte sa chás nach ann do na coinníollacha a bhíonn ann roimh imbhualadh a thuilleadh. |
5.2.2.2. |
Coscánú Éigeandála
Nuair a bhraithfidh an córas an seans go bhfuil imbhualadh ar tí tarlú, beidh éileamh coscánaithe 5,0 m/s2 ar a laghad i gceist chuig córas príomhchoscánaithe na feithicle. Ní chuirtear cosc leis seo ar luachanna éilimh luasmhoillithe atá níos airde ná 5 m/s2 le linn an rabhaidh imbhuailtear feadh tréimhsí an-ghearr, e.g. mar rabhadh haptach chun aird an tiománaí a tharraingt. D’fhéadfadh sé go gcuirfí stop leis an gcoscánú éigeandála nó d’fhéadfadh sé go laghdófaí an t-éileamh luasmhoillithe faoi bhun na tairsí thuas (de réir mar is ábhartha), sa chás nach ann do na coinníollacha a bhíonn ann roimh imbhualadh a thuilleadh nó sa chás go bhfuil an baol imbhuailte laghdaithe. Déanfar é seo a thástáil i gcomhréir le mír 6.6 den Rialachán seo. |
5.2.2.3. |
Raon luais
Beidh an córas gníomhach laistigh de raon luais na feithicle idir 20 km/h agus 60 km/h ar a laghad agus beidh sé gníomhach cibé cén staid ina bhfuil an fheithicil ó thaobh ualaigh de, mura rud é go ndéantar é a dhíghníomhachtú de réir mhír 5.4. |
5.2.2.4. |
Laghdú Luais trí Éileamh Coscánaithe
In éagmais ionchur an tiománaí a mbeadh idirbhriseadh mar thoradh air de réir mhír 5.3.2., beifear in ann le AEBS luas tuairte a bhaint amach a bheidh faoi bhun an uasluais choibhneasta tuairte nó cothrom leis, mar a léirítear sa tábla seo a leanas, ar choinníoll na nithe seo a leanas:
I gcás na gcoinníollacha a bheith difriúil ó na coinníollacha sin a liostaítear thuas, ní dhíghníomhachtófar an córas ná ní athrófar an straitéis rialaithe go míréasúnta leis. Léireoidh an monaróir é sin i gcomhréir le hIarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Rialachán seo agus, má mheastar údar cuí a bheith leis, d’fhéadfadh sé go leanfaí é le tastáil ón tSeirbhís Theicniúla ar choinníollacha atá difriúil ó na coinníollacha sin a liostaítear thuas i mír 6. Cuirfear an réasúnaíocht atá leis an tástáil fíoraithe seo agus na torthaí a bhaineann léi i gceangal leis an tuarascáil tástála. Uasluas Tuairte (km/h) le haghaidh feithicilí M1 (6)
Uasluas Tuairte (km/h) le haghaidh feithiclí N1 (7)
|
5.2.3. |
Cás gluaisteáin go rothar |
5.2.3.1. |
Rabhadh imbhuailte
Nuair a bhraithfidh AEBS an seans go dtarlódh imbhualadh le rothar atá ag trasnú an bhóthair ar luas seasta 15 km/h (laistigh de na coinníollacha a shonraítear i mír 5.2.3.4), tabharfar rabhadh imbhuailte mar a shonraítear i mír 5.5.1., agus tabharfar é tráth nach déanaí ná tús na hidirghabhála coscánaithe éigeandála. D’fhéadfadh sé go gcuirfí stop leis an rabhadh imbhuailte sa chás nach ann do na coinníollacha a bhíonn ann roimh imbhualadh a thuilleadh. |
5.2.3.2. |
Coscánú éigeandála
Nuair a bhraithfidh an córas an seans go bhfuil imbhualadh ar tí tarlú, beidh éileamh coscánaithe 5,0 m/s2 ar a laghad i gceist chuig córas príomhchoscánaithe na feithicle. Ní chuirtear cosc leis seo ar luachanna éilimh luasmhoillithe atá níos airde ná 5 m/s2 le linn an rabhaidh imbhuailte ar feadh tréimhsí an-ghearr, e.g. mar rabhadh haptach chun aird an tiománaí a tharraingt. D’fhéadfadh sé go gcuirfí stop leis an gcoscánú éigeandála nó d’fhéadfadh sé go laghdófaí an t-éileamh luasmhoillithe faoi bhun na tairsí thuas (de réir mar is ábhartha), sa chás nach ann do na coinníollacha a bhíonn ann roimh imbhualadh a thuilleadh nó sa chás go bhfuil an baol imbhuailte laghdaithe. Déanfar é seo a thástáil i gcomhréir le mír 6.7 den Rialachán seo. |
5.2.3.3. |
Raon luais
Beidh an córas gníomhach laistigh de raon luais na feithicle idir 20 km/h agus 60 km/h ar a laghad agus beidh sé gníomhach cibé cén staid ina bhfuil an fheithicil ó thaobh ualaigh de, mura rud é go ndéantar é a dhíghníomhachtú de réir mhír 5.4. |
5.2.3.4. |
Laghdú luais trí éileamh coscánaithe
In éagmais ionchur an tiománaí a mbeadh idirbhriseadh mar thoradh air de réir mhír 5.3.2., beifear in ann le AEBS luas tuairte a bhaint amach a bheidh faoi bhun an uasluais choibhneasta tuairte nó cothrom leis, mar a léirítear sa tábla seo a leanas, ar choinníoll:
I gcás na gcoinníollacha a bheith difriúil ó na coinníollacha sin a liostaítear thuas, ní dhíghníomhachtófar an córas ná ní athrófar an straitéis rialaithe go míréasúnta leis. Léireoidh an monaróir é sin i gcomhréir le hIarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Rialachán seo agus, má mheastar údar cuí a bheith leis, d’fhéadfadh sé go leanfaí é le tastáil ón tSeirbhís Theicniúla ar choinníollacha atá difriúil ó na coinníollacha sin a liostaítear thuas i mír 6. Cuirfear an réasúnaíocht atá leis an tástáil fíoraithe seo agus na torthaí a bhaineann léi i gceangal leis an tuarascáil tástála. Uasluas Tuairte (km/h) do M1 (8)
Uasluas Tuairte (km/h) le haghaidh N1 (9)
|
5.3. |
Idirbhriseadh ag an Tiománaí |
5.3.1. |
Le AEBS, cuirfear ar fáil don tiománaí an modh chun cur isteach ar an rabhadh imbhuailte agus ar an gcoscánú éigeandála. |
5.3.2. |
Sa dá chás thuas, féadfar an t-idirbhriseadh seo a thionscnamh le gníomh dearfach ar bith (e.g. cic síos, rialaitheoir an treotháscaire a oibriú) lena dtugtar le fios go bhfuil an tiománaí ar an eolas faoin gcás éigeandála. Cuirfidh monaróir na feithicle liosta de na gníomhartha dearfacha seo ar fáil don tseirbhís theicniúil tráth an chineálcheadaithe agus cuirfear i gceangal leis an tuarascáil tástála é. |
5.4. |
Díghníomhachtú |
5.4.1. |
I gcás feithicil a bheith feistithe le modh chun feidhm AEBS a dhíghníomhachtú de láimh, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas, de réir mar is iomchuí: |
5.4.1.1 |
Déanfar feidhm AEBS a athbhunú go huathoibríoch gach uair a dtosaítear an t-inneall as an nua (nó ag tús gach timthrialla reatha nua, de réir mar is ábhartha).
Ní bhíonn feidhm ag an gceanglas seo nuair is go huathoibríoch a thosaíonn an t-inneall as an nua (nó a thosaíonn timthrialla reatha nua, de réir mar is ábhartha), e.g. oibriú córais stoptha/tosaithe. |
5.4.1.2. |
Déanfar rialaitheoir AEBS a dhearadh ar bhealach nach mbeifear in ann díghníomhachtú de láimh a dhéanamh gan dhá ghníomh thomhaiste ar a laghad a dhéanamh. |
5.4.1.3. |
Déanfar rialaitheoir AEBS a shuiteáil ar bhealach lena gcomhlíonfar ceanglais ábhartha agus forálacha idirthréimhseacha Rialachán Uimh. 121 ó na Náisiúin Aontaithe i sraith leasuithe 01 atá aige nó in aon sraith leasuithe a bhí ann i ndiaidh sin. |
5.4.1.4. |
Ní bheifear in ann AEBS a dhíghníomhachtú ar luas os cionn 10 km/h. |
5.4.2. |
I gcás feithicil a bheith feistithe le modh chun feidhm AEBS a dhíghníomhachtú go huathoibríoch, mar shampla i gcásanna amhail úsáid eisbhóthair, an fheithicil á tarrraingt, an fheithicil a bheith á hoibriú ar dhinimiméadar, an fheithicil a bheith á hoibriú i ngléasra níocháin, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas, de réir mar is iomchuí: |
5.4.2.1. |
Cuirfidh monaróir na feithicle liosta de chásanna agus de chritéir chomhfhreagracha ina ndéantar feidhm AEBS a dhíghníomhachtú go huathoibríoch ar fáil don tseirbhís theicniúil tráth an chineálcheadaithe agus cuirfear i gceangal leis an tuarascáil tástála é. |
5.4.2.2. |
Déanfar feidhm AEBS a athghníomhachtú go huathoibríoch a luaithe nach ann a thuilleadh do na coinníollacha a raibh an díghníomhachtú uathoibríoch mar thoradh air. |
5.4.2.3. |
Sa chás go dtarlaíonn díghníomhachtú uathoibríoch fheidhm AEBS mar thoradh ar an tiománaí ag casadh as feidhm ESC na feithicle, éileofar dhá ghníomh thomhaiste ar a laghad ón tiománaí chun díghníomhachtú seo AEBS a dhéanamh. |
5.4.3. |
Cuirfear in iúl don tiománaí le comhartha rabhaidh optúil leanúnach gur díghníomhachtaíodh feidhm AEBS. Féadfar an comhartha rabhaidh buí a shonraítear i bpointe 5.5.4. thíos a úsáid chun na críche sin. |
5.4.4. |
Fad a bhíonn fadrialú feithicle ag feidhmeanna tiomána uathoibrithe (e.g. nuair a bhíonn ALKS gníomhach), d’fhéadfadh sé go ndéanfaí feidhm AEBS a chur ar fionraí nó go ndéanaí straitéise rialaithe na feidhme (i.e. an t-éileamh coscánaithe, comhuainiú rabhaidh) a oiriúnú gan sin a chur in iúl don tiománaí, fad is go n-áirithítear i gcónaí go gcuirtear na cumais chéanna maidir le seachaint imbhuailte ar fáil leis an bhfeithicil agus a chuirtear ar fáil le feidhm AEBS le linn di a bheith á oibriú de láimh. |
5.5. |
Táscaire Rabhaidh |
5.5.1. |
Cuirfear an rabhadh imbhuailte dá dtagraítear i míreanna 5.2.1.1., 5.2.2.1. agus 5.2.3.1. ar fáil le dhá mhód ar a laghad, arna roghnú as an mód éisteachta, an mód haptach nó an mód optúil. |
5.5.2. |
Soláthróidh monaróir na feithicle tuairisc ar an táscaire rabhaidh agus ar an seicheamh ina gcuirtear na comharthaí rabhaidh imbhuailte i láthair an tiománaí tráth an chineálcheadaithe agus déanfar iad a thaifeadadh sa tuarascáil tástála. |
5.5.3. |
I gcás ina n-úsáidtear modh optúil mar chuid den rabhadh imbhuailte, d’fhéadfadh sé gurbh é splancadh an chomhartha rabhaidh teipe a shonraítear i mír 5.5.4. an chomhartha optúil. |
5.5.4. |
Comhartha rabhaidh optúil leanúnach buí a bheidh sa rabhadh teipe dá dtagraítear i mír 5.1.4.1. |
5.5.5. |
Gníomhachtófar gach comhartha rabhaidh AEBS tráth a chastar an lasc adhainte (tosaigh) chuig an suíomh ‘air’ (cuir ar siúl) nó tráth a bheidh an lasc adhainte (tosaigh) i suíomh idir an suíomh ‘air’ (cuir ar siúl) agus an suíomh ‘tosaigh’ a ainmníonn an monaróir mar shuíomh seiceála (córas tosaigh (cas ar siúl)). Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le comharthaí rabhaidh a léirítear i spás coiteann. |
5.5.6. |
Beidh na comharthaí rabhaidh optúla infheicthe fiú i solas an lae; bail shásúil a bheith ar na comharthaí, ní mór an tiománaí a bheith in ann sin a dheimhniú go héasca agus é ina shuí i suíochán an tiománaí. |
5.5.7. |
Nuair a chuirtear comhartha rabhaidh optúil in iúl don tiománaí le tabhairt le fios nach bhfuil AEBS ar fáil go sealadach, mar gheall ar dhálaí aimsire anróiteacha, mar shampla, beidh an comhartha sin leanúnach. Féadfar an comhartha rabhaidh buí a shonraítear i bpointe 5.5.4. thuas a úsáid chun na críche sin. |
5.6. |
Forálacha maidir leis an Iniúchadh Teicniúil Tréimhsiúil |
5.6.1. |
Ag Iniúchadh Teicniúil Tréimhsiúil, beifear in ann stádas ceart oibríochtúil AEBS a dheimhniú trí bhreathnú ar stádas an chomhartha rabhaidh teipe tar éis é a chasadh air agus aon sheiceáil bolgáin a dhéanamh.
I gcás an comhartha rabhaidh teipe a bheith i spás coiteann, ní mór a sheiceáil ar dtús go bhfuil an spás coiteann feidhmiúil sula seiceáiltear stádas an chomhartha rabhaidh teipe. |
5.6.2. |
Tráth an chineálcheadaithe, tabharfar cuntas rúnda ar an modh chun cosaint a thabhairt i gcoinne modhnú simplí neamhúdaraithe ar oibriú an chomhartha rabhaidh teipe a roghnaigh an monaróir.
De rogha air sin, comhlíonfar an ceanglas cosanta sin nuair a bheidh modh tánaisteach chun stádas ceart oibriúcháin an AEBS a sheiceáil ar fáil. |
6. Nós imeachta tástála
6.1. |
Coinníollacha Tástála |
6.1.1. |
Dromchla tástála |
6.1.1.1. |
Déanfar an tástáil ar bhóthar réidh, tirim, coincréit nó asfalt, ar a bhfuil greamaitheacht mhaith. |
6.1.1.2. |
Ba cheart claonadh seasta a bheith ar an dromchla tástála idir bheith cothrom agus 1 faoin gcéad. |
6.1.2. |
Beidh an teocht chomhthimpeallach idir 0°C agus 45°C. |
6.1.3. |
Beidh an sprioc infheicthe le linn na tástála de réir an fhadraoin infheictheachta. |
6.1.4 |
Déanfar na tástálacha i gcás nach mbeidh aon ghaoth ann a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar na torthaí. |
6.1.5. |
Ní mór soilsiú comhthimpeallach nádúrtha a bheith aonchineálach i réimse na tástála agus os cionn 1 000 lux i gcás cás gluaisteáin go gluaisteán mar a shonraítear i mír 5.2.1. agus os cionn 2 000 lux i gcás cás gluaisteáin go coisí mar a shonraítear i mír 5.2.2. agus os cionn 2 000 lux i gcás cás gluaisteáin go rothar mar a shonraítear i mír 5.2.3. Ba cheart a áirithiú nach ndéantar tástáil fad a bhfuiltear ag tiomáint i dtreo na gréine, nó uaithi, agus í ag uillinn íseal. |
6.1.6. |
Arna iarraidh sin don mhonaróir agus le comhaontú ón tSeirbhís Theicniúil, féadfar tástálacha a dhéanamh faoi choinníollacha tástála diallta (coinníollacha fo-optamacha, e.g. ar dhromchla nach dromchla tirim é; faoi bhun na teochta comhthimpeallaí íosta sonraithe), ach bíonn na ceanglais fheidhmíochta le comhlíonadh fós. |
6.2. |
Coinníollacha na Feithicle |
6.2.1. |
Mais tástála
Déanfar an fheithicil a thástáil:
Beidh an dáileadh ualaigh de réir mholadh an mhonaróra agus beidh sé i gceangal leis an tuarascáil tástála. Ní dhéanfar aon athrú tar éis tús a chur leis an nós imeachta tástála. Le linn na sraithe tástálacha, d’fhéadfadh sé go laghdódh leibhéal an bhreosla ach ní thitfidh sé faoi bhun 50 faoin gcéad riamh. |
6.2.2. |
Cóiriú Réamhthástála |
6.2.2.1. |
Arna iarraidh sin do mhonaróir na feithicle:
|
6.2.2.2. |
Déanfar sonraí maidir le straitéis coinníollacha réamhthástála arna hiarraidh ag monaróir na feithicle a shainaithint agus a thaifeadadh sa doiciméadacht ar chineálcheadú feithicle. |
6.2.3. |
Déanfar na boinn suite a shainaithint agus a thaifeadadh sa doiciméadacht ar chineálcheadú feithicle. |
6.2.4. |
Féadfaidh an fheithicil a bheith feistithe le trealamh cosanta nach ndéantar difear do thorthaí na tástála leis. |
6.3. |
Spriocanna Tástála |
6.3.1. |
Gluaisteán paisinéirí rialta sraith-tháirgthe ardtoirte de Chatagóir M1 a bheidh sa sprioc a úsáidfear le haghaidh na dtástálacha braite feithiclí, nó mar mhalairt air sin, ‘sprioc bhog’ atá ionadaíoch ar fheithicil paisinéirí ó thaobh na saintréithe aitheantais atá aici is infheidhme maidir le córas braite AEBS atá faoi thástáil de réir ISO 19206-3:2021. An pointe is faide siar ar lárlíne na feithicle a bheidh sa phointe tagartha do shuíomh na feithicle. |
6.3.2. |
‘Sprioc bhog altach’ linbh a bheidh sa sprioc a úsáidfear le haghaidh na dtástálacha braite coisithe agus beidh sí ionadaíoch ar na tréithe daonna is infheidhme maidir le córas braite AEBS atá faoi thástáil de réir ISO 19206-2:2018. |
6.3.3. |
‘Sprioc bhog’ a bheidh sna spriocanna a úsáidfear le haghaidh na dtástálacha braite rothar agus beidh sí ionadaíoch ar an rothar ar a bhfuil rothaí fásta is infheidhme maidir le córas braite AEBS atá faoi thástáil de réir ISO 19206-4:2020. |
6.3.4. |
Déanfar sonraí lenar féidir an sprioc (nó na sprioceanna) a shainaithint agus a atáirgeadh go sonrach a thaifeadadh sa doiciméadacht ar chineálcheadú feithicle. |
6.4. |
Tástáil Rabhaidh agus Gníomhachtaithe le Sprioc Feithicle ina Stad
Tiocfaidh an fheithicil is ábhar i dtreo na sprice ina stad i líne díreach ar feadh 2 shoicind ar a laghad roimh an gcuid fheidhmiúil den tástáil le seach-chur feithicle is ábhar go lárlíne sprice nach mó ná 0,2 m é. Déanfar tástálacha le feithicil atá ag taisteal ar luasanna a léirítear i dtáblaí thíos le haghaidh Chatagóirí M1 agus N1 faoi seach. Má mheastar údar a bheith leis seo, féadfaidh an tseirbhís theicniúil tástáil a dhéanamh ar aon luas eile a liostaítear sna táblaí i míreanna 5.2.1.4. agus laistigh den raon luais forordaithe mar a shainmhínítear i mír 5.2.1.3. Luas tástála na feithicle is ábhar le haghaidh chatagóir M1 i gcás sprioc ina stad
Luas tástála na feithicle is ábhar le haghaidh chatagóir N1 i gcás sprioc ina stad
Tosóidh an chuid fheidhmiúil den tástáil mar seo a leanas:
Déanfar na lamháltais a urramú idir tús na coda feidhmiúla den tástáil agus idirghabháil an chórais. |
6.5. |
Tástáil Rabhaidh agus Gníomhachtaithe le Sprioc Feithicle atá ag Bogadh
Taistealóidh an fheithicil is ábhar agus an sprioc atá ag bogadh i líne díreach, sa treo céanna, ar feadh 2 shoicind ar a laghad roimh an gcuid fheidhmiúil den tástáil, le seach-chur feithicle is ábhar go lárlíne sprice nach mó ná 0,2 m é. Déanfar tástálacha le feithicil atá ag taisteal ar luasanna a léirítear i dtáblaí thíos le haghaidh Chatagóirí M1 agus N1 faoi seach agus le sprioc atá ag taisteal ag 20 km/h (le lamháltas +0/-2 km/h le haghaidh na bhfeithiclí sprice). Má mheastar údar a bheith leis seo, féadfaidh an tSeirbhís Theicniúil tástáil a dhéanamh ar aon luas eile don fheithicil is ábhar agus don fheithicil is sprioc laistigh den raon luais mar a shainmhínítear i mír 5.2.1.3. Luas tástála na feithicle is ábhar le haghaidh chatagóir M1 i gcás sprioc atá ag bogadh
Luas tástála na feithicle is ábhar le haghaidh chatagóir N1 i gcás sprioc atá ag bogadh
Tosóidh an chuid fheidhmiúil den tástáil mar seo a leanas:
Déanfar na lamháltais a urramú idir tús na coda feidhmiúla den tástáil agus idirghabháil an chórais. |
6.6. |
Tástáil Rabhaidh agus Gníomhachtaithe le Sprioc Coisí |
6.6.1. |
Tiocfaidh an fheithicil is ábhar i dtreo na sprice coisí i líne díreach ar feadh 2 shoicind ar a laghad roimh an gcuid fheidhmiúil den tástáil le seach-chur tuartha feithicle is ábhar go lárlíne pointe tuairte nach mó ná 0,1 m é.
Tosóidh an chuid fheidhmiúil den tástáil mar seo a leanas:
Déanfar na lamháltais a urramú idir tús na coda feidhmiúla den tástáil agus idirghabháil an chórais. Taistealóidh an coisí i líne díreach atá ingearach le treo taistil na feithicle is ábhar ar luas seasta 5 km/h ± 0,2 km/h, gan tosú sula gcuirtear tús leis an gcuid fheidhmiúil den tástáil. Comhordófar suíomh na sprice coisí leis an bhfeithicil is ábhar ar bhealach go mbeidh pointe tuairte na sprice coisí ar éadan na feithicle is ábhar ar fhad-lárlíne na feithicle is ábhar, le lamháltas nach mó ná 0,1m, sa chás go bhfanfadh an fheithicil is ábhar ag an luas tástála forordaithe le linn na coda feidhmiúla den tástáil agus nach ndéanfadh sí coscánú. Déanfar tástálacha le feithicil atá ag taisteal ar luasanna a léirítear i dtáblaí thíos le haghaidh chatagóirí M1 agus N1 faoi seach. Má mheastar údar a bheith leis seo, féadfaidh an tSeirbhís Theicniúil tástáil a dhéanamh ar aon luas eile a liostaítear sa tábla i mír 5.2.2.4. agus laistigh den raon luais forordaithe mar a shainmhínítear i mír 5.2.2.3. Luas tástála na feithicle is ábhar le haghaidh chatagóir M1 i gcás sprioc coisí
Luas tástála na feithicle is ábhar le haghaidh chatagóir N1 i gcás sprioc coisí
Déanfar an tástáil a leagtar síos thuas le ‘sprioc bhog’ ar coisí linbh í mar a shainmhínítear in 6.3.2. |
6.6.2. |
Bunófar an measúnú ar an luas tuairte ar an bpointe iarbhír teagmhála idir an sprioc agus an fheithicil, agus cruth na feithicle gan trealamh cosanta breise mar a cheadaítear de réir mhír 6.2.4 á chur san áireamh. |
6.7. |
Tástáil Rabhaidh agus Gníomhachtaithe le Sprioc Rothair |
6.7.1. |
Tiocfaidh an fheithicil is ábhar i dtreo na pointe tuairte leis an sprioc rothair i líne díreach ar feadh 2 shoicind ar a laghad roimh an gcuid fheidhmiúil den tástáil le seach-chur tuartha feithicle is ábhar go lárlíne pointe tuairte chromfhearsaid an rothair nach mó ná 0,1 m é.
Tosóidh an chuid fheidhmiúil den tástáil nuair a bheidh an fheithicil is ábhar ag taisteal ar luas seasta agus nuair a bheidh sí ag achar a chomhfhreagraíonn do TTC de 4 soicind ar a laghad ón bpointe imbhuailte. Taistealóidh an coisí i líne díreach atá ingearach le treo taistil na feithicle is ábhar ar luas seasta 15 km/h +0/-1 km/h, gan tosú sula gcuirtear tús leis an gcuid fheidhmiúil den tástáil. Le linn chéim luasghéaraithe an rothair roimh an gcuid fheidhmiúil den tástáil, beidh an sprioc rothair blocáilte le constaic. Comhordófar suíomh na sprice rothair leis an bhfeithicil is ábhar ar bhealach go mbeidh pointe tuairte na sprice rothair ar éadan na feithicle is ábhar ar fhad-lárlíne na feithicle is ábhar, le lamháltas nach mó ná 0,1m, sa chás go bhfanfadh an fheithicil is ábhar ag an luas tástála forordaithe i rith na coda feidhmiúla den tástáil agus nach ndéanfadh sí coscánú. Déanfar tástálacha le feithicil atá ag taisteal ar luasanna a léirítear i dtáblaí thíos le haghaidh Chatagóirí M1 agus N1 faoi seach. Má mheastar údar a bheith leis seo, féadfaidh an tSeirbhís Theicniúil tástáil a dhéanamh ar aon luas eile a liostaítear sa tábla i mír 5.2.3.4. agus laistigh den raon luais forordaithe mar a shainmhínítear i mír 5.2.3.3. Luas tástála na feithicle is ábhar le haghaidh chatagóir M1 i gcás sprioc rothair
Luas tástála na feithicle is ábhar le haghaidh chatagóir N1 i gcás sprioc rothair
Tosóidh an chuid fheidhmiúil den tástáil mar seo a leanas:
Déanfar na lamháltais a urramú idir tús na coda feidhmiúla den tástáil agus idirghabháil an chórais. |
6.7.2. |
Bunófar an measúnú ar an luas tuairte ar an bpointe iarbhír teagmhála idir an sprioc agus an fheithicil, agus cruth na feithicle á chur san áireamh. |
6.8. |
Tástáil Braite Teipthe |
6.8.1. |
Teip leictreach a ionsamhlú, mar shampla, tríd an bhfoinse cumhachta chuig aon chomhpháirt AEBS a dhícheangal nó trí aon nasc leictreach idir comhpháirteanna AEBS a dhícheangal. Agus teip AEBS á ionsamhlú, ní dhícheanglófar naisc leictreacha an chomhartha rabhaidh tiománaí a luaitear i mír 5.5.4 thuas ná an rialaitheoir roghnach lena ndíghníomhachtaítear AEBS de láimh a luaitear i mír 5.4.1. |
6.8.2. |
Gníomhachtófar an comhartha rabhaidh teipe a luaitear i mír 5.5.4. thuas agus fanfaidh sé gníomhachtaithe tráth nach déanaí ná 10 s tar éis an fheithicil a bheith á tiomáint ar luas níos airde ná 10 km/h agus déanfar é a athghníomhachtú láithreach tar éis timthrialla ina dhiaidh sin ina gcastar ‘as’ an adhaint agus ina gcastar ‘air’ an adhaint leis an bhfeithicil ina stad fad is gur ann don teip ionsamhlaithe. |
6.9. |
Tástáil Díghníomhachtaithe |
6.9.1. |
I gcás feithiclí atá feistithe le modh chun AEBS a dhíghníomhachtú de láimh, cas an lasc adhainte (tosaigh) chuig an suíomh ‘air’ (cuir ar siúl) agus déan AEBS a dhíghníomhachtú. Gníomhachtófar an comhartha rabhaidh a luaitear i mír 5.4.3 thuas. Cas an lasc adhainte (tosaigh) chuig an suíomh ‘as’. Arís, cas an lasc adhainte (tosaigh) chuig an suíomh ‘air’ (cuir ar siúl) agus fíoraigh nach n-athghníomhachtaítear an comhartha rabhaidh a gníomhachtaíodh roimhe sin, lena dtugtar le fios gur athbhunaíodh AEBS mar a shonraítear i mír 5.4.1. thuas. Sa chás go ngníomhachtaítear an córas adhainte trí bhíthin ‘eochair’, comhlíonfar an ceanglas thuas gan an eochair a bhaint. |
6.10. |
Stóinseacht an chórais |
6.10.1. |
Maidir le ceann ar bith de na cásanna tástála thuas, i gcás ina mbaineann cás le socrú tástála amháin ar luas feithicle is ábhar amháin ag coinníoll ualaigh amháin de chatagóir amháin (Gluaisteán go Gluaisteán, Gluaisteán go Coisí, Gluaisteáin go Rothar), déanfar faoi dhó é. Mura gcomhlíontar an fheidhmíocht is gá le linn ceann den dá thástáil, féadfar an tástáil a athdhéanamh uair amháin. Measfar an cás tástála a bheith rathúil sa chás go gcomhlíonfar an fheidhmíocht is gá in dá thástáil. Ní shárófar leis an líon tástálacha nár éirigh leo laistigh d’aon chatagóir amháin na pointí seo a leanas:
|
6.10.2. |
Déanfar anailís ar bhunchúis aon tástála nár éirigh léi in éineacht leis an tSeirbhís Theicniúil agus cuirfear i gceangal leis an tuarascáil tástála í. Murar féidir an bhunchúis a nascadh le diall i socrú na tástála, féadfaidh an tseirbhís theicniúil tástáil a dhéanamh ar aon luasanna eile laistigh den raon luais a shainmhínítear i míreanna 5.2.1.3., 5.2.1.4., 5.2.2.3., 5.2.2.4., 5.2.3.3. nó 5.2.3.4. de réir mar is ábhartha. |
6.10.3. |
Le linn an mheasúnaithe de réir Iarscríbhinn 3, léireoidh an monaróir, le doiciméadacht iomchuí, go bhfuil an córas in ann na feidhmíochtaí is gá a chur ar fáil go hiontaofa. |
7. Modhnú ar chineál feithicle agus síneadh leis an gceadú
7.1. |
Déanfar gach modhnú ar chineál feithicle mar a shainmhínítear i mír 2.4 thuas a chur in iúl don Údarás Cineálcheadaithe a cheadaigh an cineál feithicle. Ina dhiaidh sin, féadfaidh an tÚdarás Cineálcheadaithe ceann díobh seo a leanas a dhéanamh: |
7.1.1. |
A mheas nach bhfuil aon éifeacht dhíobhálach ag na modhnuithe arna ndéanamh ar na coinníollacha a bhaineann le deonú an cheadaithe, agus síneadh leis an gceadú a dheonú; |
7.1.2. |
A mheas go ndéanann na modhnuithe arna ndéanamh difear do na coinníollacha a bhaineann leis an gceadú a dheonú agus go bhfuil gá le níos mó tástálacha nó seiceálacha breise sula ndeonófar síneadh ar an gceadú. |
7.2. |
Dearbhú nó diúltú ceadaithe, rud lena sonrófar na modhnuithe, is de réir an nós imeachta a shonraítear i mír 4.3 thuas a dhéanfar é a chur in iúl do na Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm. |
7.3. |
Cuirfidh an tÚdarás Cineálcheadaithe na Páirtithe Conarthacha eile ar an eolas faoin síneadh trí bhíthin na foirme cumarsáide atá in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo. Sannfaidh sé sraithuimhir maidir le gach síneadh, uimhir ar a dtabharfar an uimhir fadaithe. |
8. Comhréireacht táirgeachta
8.1. |
Maidir le nósanna imeachta um comhréireacht táirgeachta, comhlíonfar leo na nósanna imeachta sin a leagtar amach i gComhaontú 1958, Sceideal 1 (E/ECE/TRANS/505/Rev.3) agus sásófar leo na ceanglais seo a leanas: |
8.2. |
Feithicil arna ceadú de bhun an Rialacháin seo, déanfar í a mhonarú ar shlí go mbeidh sí i gcomhréir leis an gcineál a ceadaíodh trí cheanglais mhír 5 thuas a chomhlíonadh; |
8.3. |
Féadfaidh an tÚdarás Cineálcheadaithe a dheonaigh cineálcheadú na modhanna rialaithe comhréireachta is infheidhme maidir le gach aon aonad táirgthe a fhíorú tráth ar bith. Uair amháin gach 2 bhliain a bheidh i ngnáthmhinicíocht na gcigireachtaí sin. |
9. Pionóis mar gheall ar neamh-chomhréireacht táirgeachta
9.1. |
Féadfar an ceadú a deonaíodh maidir le cineál feithicle de bhun an Rialacháin seo a tharraingt siar mura gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i mír 8. |
9.2. |
Má dhéanann Páirtí Conarthach ceadú a dheonaigh sé roimhe sin a tharraingt siar, tabharfaidh sé fógra ina leith sin láithreach do na Páirtithe Conarthacha eile a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, rud a dhéanfaidh sé trí fhoirm fógra a sheoladh a bheidh i gcomhréir leis an sampla atá in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo. |
10. Scor cinntitheach den táirgeadh
Má scoireann sealbhóir an cheadaithe go buan de bheith ag monarú cineál feithicle arna cheadú i gcomhréir leis an Rialachán seo, tabharfaidh sé fógra maidir leis sin don Údarás Cineálcheadaithe a dheonaigh an ceadú, agus tabharfaidh an tÚdarás fógra ina dhiaidh sin do na Páirtithe Conarthacha eile sa Chomhaontú a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, trí bhíthin foirm fógra a bheidh i gcomhréir leis an tsamhail in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo.
11. Ainmneacha agus seoltaí na Seirbhísí Teicniúla atá freagrach as tástálacha ceadaithe a dhéanamh, agus ainmneacha agus seoltaí na nÚdarás Cineálcheadaithe
Na Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, cuirfidh siad in iúl do Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe (10) ainmneacha agus seoltaí na Seirbhísí Teicniúla atá freagrach as tástálacha ceadaithe a dhéanamh, mar aon le hainmneacha agus seoltaí na nÚdarás Cineálcheadaithe a dheonaíonn ceadú, údaráis ar chucu atá foirmeacha le cur lena ndearbhaítear ceadú nó síneadh, nó lena ndiúltaítear nó lena n-aistarraingítear ceadú.
12. Forálacha idirthréimhseacha
12.1. |
Forálacha idirthréimhseacha is infheidhme maidir le sraith leasuithe 01 |
12.1.1. |
Ón dáta oifigiúil a thiocfaidh sraith leasuithe 01 i bhfeidhm, na Páirtithe Conarthacha ar fad a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, ní dhiúltóidh siad cineálcheaduithe a dheonú ná glacadh leo faoin Rialachán seo arna leasú le sraith leasuithe 01. |
12.1.2. |
Ón 1 Bealtaine 2024, Páirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, ní bheidh sé d’oibleagáid orthu glacadh le cineálcheaduithe faoin leagan bunaidh den Rialachán seo, cineálcheaduithe a eisíodh den chéad uair tar éis an 1 Bealtaine 2024. |
12.1.3. |
Go dtí an 1 Bealtaine 2026, Páirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, glacfaidh siad le cineálcheaduithe faoin leagan bunaidh den Rialachán seo, cineálcheaduithe a eisíodh den chéad uair roimh an 1 Bealtaine 2024. |
12.1.4. |
Ón 1 Bealtaine 2026, Páirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, ní bheidh sé d’oibleagáid orthu glacadh le cineálcheaduithe faoin leagan bunaidh den Rialachán seo. |
12.1.5. |
D’ainneoin mhír 12.1.4., Páirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, glacfaidh siad i gcónaí le cineálcheaduithe a deonaíodh de réir an leagain bunaidh den Rialachán seo, le haghaidh feithiclí nach ndéantar difear dóibh leis na hathruithe a tugadh isteach le sraith leasuithe 01. |
12.2. |
Forálacha idirthréimhseacha is infheidhme maidir le sraith leasuithe 02 |
12.2.1. |
Ón dáta oifigiúil a thiocfaidh sraith leasuithe 02 i bhfeidhm, na Páirtithe Conarthacha ar fad a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, ní dhiúltóidh siad cineálcheaduithe a dheonú ná glacadh leo faoin Rialachán seo arna leasú le sraith leasuithe 02. |
12.2.2. |
Ón 1 Bealtaine 2024, Páirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, ní bheidh sé d’oibleagáid orthu glacadh le cineálcheaduithe faoin tsraith leasuithe a bhí ann roimhe sin ar an Rialachán seo, cineálcheaduithe a eisíodh den chéad uair tar éis an 1 Bealtaine 2024. |
12.2.3. |
Go dtí an 1 Iúil 2026, Páirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, glacfaidh siad le cineálcheaduithe faoin tsraith a bhí ann roimhe sin ar an Rialachán seo cineálcheaduithe a eisíodh den chéad uair roimh an 1 Bealtaine 2024. |
12.2.4. |
Ón 1 Iúil 2026, Páirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, ní bheidh sé d’oibleagáid orthu glacadh le cineálcheaduithe faoin tsraith a bhí ann roimhe sin ar an Rialachán seo. |
12.2.5. |
D’ainneoin mhír 12.2.4., Páirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, glacfaidh siad i gcónaí le cineálcheaduithe a deonaíodh de réir na sraithe leasuithe a bhí ann roimhe sin ar an Rialachán seo, le haghaidh feithiclí nach ndéantar difear dóibh leis na hathruithe a tugadh isteach le sraith leasuithe 02 (i.e. ní dhéantar difear do cheaduithe gluaisteáin go gluaisteán agus/ná ceaduithe gluaisteáin go coisí leis sraith nua 02 seo). |
12.3. |
Forálacha ginearálta idirthréimhseach |
12.3.1. |
Féadfaidh Páirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm cineálcheaduithe a dheonú i gcomhréir le haon sraith leasuithe a bhí ann roimhe sin ar an Rialachán seo nó i gcomhréir le haon síneadh leis. |
12.3.2. |
Leanfaidh Páirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm le síntí a dheonú ar cheaduithe atá ann cheana faoi aon sraith leasuithe a bhí ann roimhe sin ar an Rialachán seo. |
(1) Mar a shainmhínítear sa Rialachán Comhdhlúite maidir le Déanmhas Feithiclí (R.E.3.), doiciméad ECE/TRANS/WP.29/78/Rev.6, mír 2 - https://unece.org/transport/standards/transport/vehicle-regulations-wp29/resolutions.
(2) Leis an Rialachán seo, cuirtear sraith ceanglas ar fáil freisin maidir le feithiclí de Chatagóir M2, agus maidir le feithiclí de Chatagóirí M3/N2 a bhfuil meáchan uasta acu atá faoi bhun 8 dtona nó cothrom leis agus a bhfuil coscánú hiodrálach acu, atá mar mhalairt ar na ceanglais atá i Rialachán Uimh. 131 ó na Náisiúin Aontaithe.
I gcás na bhfeithiclí a dtugtar tuairisc orthu thuas, aithníonn Páirtithe Conarthacha a chuireann Rialachán Uimh. 131 ó na Náisiúin Aontaithe agus an Rialachán seo i bhfeidhm go bhfuil na ceaduithe maidir le haon ceann de na Rialacháin chomh bailí céanna.
(3) Atáirgtear sainuimhreacha na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú 1958 in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Réiteach Comhdhlúite maidir le Déanamh Feithiclí (R.E.3), doiciméad ECE/TRANS/WP.29/78/Rev.6, Iarscríbhinn 3 - https://unece.org/transport/standards/transport/vehicle-regulations-wp29/resolutions.
(4) I gcás luasanna coibhneasta idir na luachanna a liostaítear (e.g. 53 km/h), beidh feidhm ag an uasluas coibhneasta tuairte (i.e. 30/30 km/h) a shanntar don chéad luas coibhneasta níos airde eile (i.e. 55 km/h).
I gcás maiseanna os cionn na maise in ord reatha, beidh feidhm ag an uasluas coibhneasta tuairte a shanntar don uasmhais.
(5) I gcás luasanna coibhneasta idir na luachanna a liostaítear (e.g. 53 km/h), beidh feidhm ag an uasluas coibhneasta tuairte (i.e. 35/30 km/h) a shanntar don chéad luas coibhneasta níos airde eile (i.e. 55 km/h).
I gcás maiseanna os cionn na maise in ord reatha, beidh feidhm ag an uasluas coibhneasta tuairte a shanntar don uasmhais.
(6) I gcás luasanna coibhneasta idir na luachanna a liostaítear (e.g. 53 km/h), beidh feidhm ag an uasluas coibhneasta tuairte (i.e. 30/30 km/h) a shanntar don chéad luas coibhneasta níos airde eile (i.e. 55 km/h).
I gcás maiseanna os cionn na maise in ord reatha, beidh feidhm ag an uasluas coibhneasta tuairte a shanntar don uasmhais.
(7) I gcás luasanna feithiclí is ábhar idir na luachanna a liostaítear (e.g. 53 km/h), beidh feidhm ag an uasluas tuairte (i.e. 35/30 km/h) a shanntar don chéad luas feithicle is ábhar níos airde eile (i.e. 55 km/h).
I gcás maiseanna os cionn na maise in ord reatha, beidh feidhm ag an uasluas coibhneasta tuairte a shanntar don uasmhais.
(8) I gcás luasanna feithiclí is ábhar idir na luachanna a liostaítear (e.g. 53 km/h), beidh feidhm ag an uasluas coibhneasta tuairte (i.e. 35/35 km/h) a shanntar don chéad luas coibhneasta níos airde eile (i.e. 55 km/h).
I gcás maiseanna os cionn na maise in ord reatha, beidh feidhm ag an uasluas coibhneasta tuairte a shanntar don uasmhais.
(9) I gcás luasanna feithiclí is ábhar idir na luachanna a liostaítear (e.g. 53 km/h), beidh feidhm ag an uasluas coibhneasta tuairte (i.e. 40/35 km/h) a shanntar don chéad luas coibhneasta níos airde eile (i.e. 55 km/h).
I gcás maiseanna os cionn na maise in ord reatha, beidh feidhm ag an uasluas coibhneasta tuairte a shanntar don uasmhais.
(10) Cuireann rúnaíochtaí UNECE an t-ardán ar líne (‘343 Application’) ar fáil chun faisnéis den sórt sin a mhalartú leis an rúnaíocht: https://www.unece.org/trans/main/wp29/datasharing.html.
Iarscríbhinn 1
Teachtaireacht
(Formáid uasta: A4 (210 x 297 mm)
|
arna eisiúint ag: |
(Ainm an údaráis riaracháin) … … … |
Maidir le: (2) |
Ceadú deonaithe Síneadh le ceadú Ceadú diúltaithe Ceadú aistarraingthe Scor cinntitheach den táirgeadh |
de chineál feithicle maidir leis an ardchóras coscánaithe éigeandála de bhun Rialachán Uimh. 152 ó na Náisiúin Aontaithe
Uimhir Ceadaithe.:…
1. |
Trádmharc: … |
2. |
Cineál agus trádainm/trádainmneacha: … |
3. |
Ainm agus seoladh an mhonaróra: … |
4. |
Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra, más infheidhme: … |
5. |
Tuairisc ghairid ar an bhfeithicil: … |
6. |
An dáta a cuireadh an fheithicil isteach lena ceadú: … |
7. |
An tSeirbhís Theicniúil a dhéanann na tástálacha um cheadú: … |
8. |
Dáta na tuarascála a d’eisigh an tseirbhís sin: … |
9. |
Uimhir na tuarascála a d’eisigh an tseirbhís sin: … |
10. |
Ceadú |
10.1. |
do chás gluaisteáin go gluaisteán deonaithe/diúltaithe/sínithe/aistarraingthe:2 |
10.2. |
do chás gluaisteáin go coisí deonaithe/diúltaithe/sínithe/aistarraingthe:2 |
10.3. |
do chás gluaisteáin go rothar deonaithe/diúltaithe/sínithe/aistarraingthe:2 |
11. |
Áit: … |
12. |
Dáta: … |
13. |
Síniú: … |
14. |
Is iad seo a leanas na doiciméid atá ceangailte leis an teachtaireacht seo, ar a bhfuil an uimhir ceadaithe a léirítear thuas: … |
15. |
Aon bharúil: … |
(1) Sainuimhir na tíre a rinne ceadú a dheonú/a shíniú/a dhiúltú/a aistarraingt (féach na forálacha ceadaithe sa Rialachán).
(2) Scrios amach an méid nach mbaineann le hábhar.
IARSCRÍBHINN 2
Leagan amach marcanna ceadaithe
(féach míreanna 4.4. go 4.4.2. den Rialachán seo)
a = 8 mm ar a laghad
Taispeántar sa mharc ceadaithe thuas atá greamaithe le feithicil gur ceadaíodh an cineál feithicle lena mbaineann sa Bheilg (E 6) i ndáil leis na hArdchórais Coscánaithe Éigeandála (AEBS) de bhun Rialachán Uimh. 152 ó na Náisiúin Aontaithe (agus é marcáilte le C le haghaidh Gluaisteáin go Gluaisteán. P haghaidh Gluaisteáin go Coisí. B haghaidh Gluaisteáin go Rothar.) Léirítear leis an gcéad dá dhigit den uimhir cheadaithe gur deonaíodh an ceadú de réir cheanglais Rialachán na Náisiún Aontaithe Uimh. 152 arna leasú le sraith leasuithe 02.
IARSCRÍBHINN 3
Ceanglais speisialta atá le cur i bhfeidhm ar ghnéithe sábháilteachta a bhaineann le córais leictreonacha rialaithe
1. Ginearálta
Sainítear san Iarscríbhinn seo na ceanglais speisialta maidir le doiciméadacht, straitéis lochtanna agus deimhniú i ndáil le gnéithe sábháilteachta na gCóras Casta Leictreonach Rialaithe Feithiclí (mír 2.4. thíos) a mhéid a bhaineann leis an Rialachán seo.
Beidh feidhm leis an Iarscríbhinn seo freisin maidir le feidhmeanna a bhaineann le sábháilteacht a shainaithnítear sa Rialachán seo a rialaítear le córas leictreonach (córais leictreonacha) (mír 2.3.) a mhéid a bhaineann leis an Rialachán seo.
Ní shonraítear san Iarscríbhinn seo na critéir feidhmíochta le haghaidh ‘An Chórais’, ach cumhdaítear inti an mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm ar an bpróiseas deartha agus an fhaisnéis nach mór a nochtadh don tSeirbhís Theicniúil, chun críoch cineálcheadaithe.
Leis an bhfaisnéis sin léireofar go n-urramaíonn ‘An Córas’, faoi dhálaí neamhfhabht agus faoi dhálaí fabht, na ceanglais feidhmíochta uile is iomchuí a shonraítear in áit eile sa Rialachán, agus gur ceapadh é ionas go n-oibreoidh sé sa tslí nach gcothóidh sé rioscaí criticiúla sábháilteachta.
2. Sainmhínithe
Chun críocha na hIarscríbhinne seo,
2.1. |
Ciallaíonn ‘An Córas’ córas rialaithe leictreonach nó córas rialaithe leictreonach casta lena gcuirtear ar fáil an traiseoladh faoi rialú d’fheidhm a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo ina leith nó a bhfuil mar chuid den traiseoladh faoi rialú sin. Áirítear air seo freisin aon chóras eile a chumhdaítear i raon feidhme an Rialacháin seo, mar aon le naisc traiseolta chuig córais eile, nó uathu, atá lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo, a ghníomhaíonn ar fheidhm a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo ina leith. |
2.2. |
Is éard atá i gceist le ‘Coincheap Sábháilteachta’ ná cur síos ar na bearta a dearadh isteach sa chóras, laistigh de na haonaid leictreonacha mar shampla, chun aghaidh a thabhairt ar shláine an chórais agus ar an dóigh sin oibriú sábháilte a áirithiú faoi dhálaí neamhfhabht agus faoi dhálaí fabht, lena n-áirítear i gcás teip leictreachais. D’fhéadfadh sé gur cuid de choincheap na sábháilteachta é go mbeadh féidearthacht tacachumais ann dul i muinín feidhmiú páirteach nó go fiú i muinín córas cúltaca i gcás feidhmeanna ríthábhachtacha feithicle. |
2.3. |
Ciallaíonn ‘Córas Rialaithe Leictreonach’ comhcheangal aonad atá ceaptha chun dul i gcomhar le chéile agus feidhm rialaithe na feithicle sonraithe á táirgeadh trí phróiseáil leictreonach sonraí. Tógtar córais den sórt sin, a rialaítear go minic le bogearraí, ó chomhpháirteanna feidhmiúla scoite amhail braiteoirí, aonaid rialaithe leictreonacha agus gníomhróirí agus bíonn siad nasctha le naisc traiseolta. D’fhéadfadh eilimintí meicniúla, leictrea-neomatacha nó leictrea-hiodrálacha a bheith iontu. |
2.4. |
Is éard is ‘Córais Chasta Leictreonacha Rialaithe Feithicle’ ann na córais rialaithe leictreonacha sin ina bhféadfadh córas/feidhm rialaithe leictreonach níos airde feidhm arna rialú le córas leictreonach nó ag an tiománaí a shárú. Déantar cuid den chóras casta d’fheidhm a sháraítear, chomh maith le haon chóras/feidhm sháraitheach faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Déanfar na naisc traiseolta chuig na córais sáraitheacha/an bhfeidhm sháraitheach lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo agus uathu a áireamh freisin. |
2.5. |
Is éard is córais/feidhmeanna ‘Rialaithe Ardleibhéil Leictreonacha’ ann córais/feidhmeanna a úsáideann forálacha breise próiseála agus/nó braite chun iompar feithicle a mhodhnú trí athruithe a ordú i bhfeidhm (nó i bhfeidhmeanna) chóras rialaithe na feithicle. Cuireann sé sin ar chumas na gcóras casta a gcuspóirí a athrú go huathoibríoch le tosaíocht a bhraitheann ar na cúinsí braite. |
2.6. |
Ciallaíonn ‘aonaid’ na rannáin is lú de chomhpháirteanna an chórais a chuirfear san áireamh san iarscríbhinn seo, ós rud é go ndéileálfar leis na comhcheangail sin de chomhpháirteanna mar eintitis aonair chun críche sainaitheanta, anailíse nó athsholáthair. |
2.7. |
Ciallaíonn ‘naisc traiseolta’ an modh a úsáidtear chun aonaid dáilte a idirnascadh chun críche comharthaí, sonraí oibriúcháin nó soláthar fuinnimh a chur in iúl. Is trealamh leictreach a bhíonn i gceist leis sin de ghnáth ach d’fhéadfadh sé a bheith meicniúil, neomatach nó hiodrálach, i bpáirt éigin. |
2.8. |
Ciallaíonn ‘raon rialaithe’ athróg aschuir agus sainítear leis an raon thar ar dócha a fheidhmeoidh an córas rialú. |
2.9. |
Sainítear le ‘teorainn oibríochta feidhmiúla’ teorainneacha na dteorainneacha fisiceacha seachtracha ina bhfuil an córas ábalta smacht a choinneáil. |
2.10. |
Ciallaíonn ‘Feidhm a Bhaineann le Sábháilteacht’ feidhm ‘An Chórais’ atá in ann iompar dinimiciúil na feithicle a athrú. D’fhéadfadh go mbeadh ‘An Córas’ in ann níos mó ná aon fheidhm amháin a bhaineann le sábháilteacht a dhéanamh. |
3. Doiciméadacht
3.1. |
Ceanglais
Soláthróidh an monaróir pacáiste doiciméadachta ina mbeidh rochtain ar bhundhearadh ‘An Chórais’ agus ar na modhanna trína nasctar é le córais eile feithicle nó trína ndéanann sé athróga aschuir a rialú go díreach. Míneofar feidhm (nó feidhmeanna) ‘An Chórais’ agus an coincheap sábháilteachta, arna leagan síos ag an monaróir. Beidh an doiciméadacht gonta, ach mar sin féin beidh fianaise ann go raibh sé de bhuntáiste ag an dearadh agus ag an bhforbairt go raibh saineolas ann ó na réimsí córais ar fad lena mbaineann. Maidir le tástálacha tréimhsiúla teicniúla, tabharfar tuairisc sa doiciméadacht ar an gcaoi ar féidir stádas oibriúcháin reatha ‘An Chórais’ a sheiceáil. Déanfaidh an tSeirbhís Theicniúil measúnú ar an bpacáiste doiciméadachta chun na nithe seo a leanas a thaispeáint:
|
3.1.1. |
Cuirfear an doiciméadacht ar fáil ina dhá cuid:
|
3.2. |
Tuairisc ar fheidhmeanna ‘An Chórais’
Cuirfear tuairisc ar fáil ina dtabharfar míniú simplí ar fheidhmeanna rialaithe uile ‘An Chórais’ agus na modhanna a úsáidtear chun na cuspóirí a bhaint amach. Cuimseofar sa tuairisc sin ráiteas maidir leis an meicníocht (nó na meicníochtaí) trína bhfeidhmítear an rialú. Aon fheidhm dá dtuairiscítear is féidir a shárú, aithneofar sin agus tabharfar tuairisc bhreise ar an réasúnaíocht athraithe atá le hoibriú na feidhme. |
3.2.1. |
Soláthrófar liosta de na hathróga ionchuir agus braite go léir agus saineofar raon oibre na n-athróg sin. |
3.2.2. |
Soláthrófar liosta de na hathróga aschuir go léir atá faoi rialú ‘An Chórais’ agus tabharfar le fios, i ngach cás, cé acu an rialú díreach atá i gceist nó rialú trí chóras eile feithicle. Saineofar an raon rialaithe (mír 2.8.) a fheidhmeofar ar gach athróg den sórt sin. |
3.2.3. |
Teorainneacha lena sainítear teorainneacha oibríochta feidhmiúla (mír 2.9.), luafar iad sin i gcás inarb iomchuí ó thaobh fheidhmíocht an chórais de. |
3.3. |
Leagan amach an chórais agus scéimléaráid de |
3.3.1. |
Fardal na gcomhpháirteanna.
Soláthrófar liosta ina gcomhordófar gach aonad den ‘Chóras’ agus ina luafar na córais eile feithicle is gá chun an fheidhm rialaithe atá i gceist a bhaint amach. Soláthrófar scéimléaráid imlíne ina léireofar na haonaid sin i dteannta a chéile, scéimléaráid ina soiléireofar idir an dáileachán trealaimh agus na hidirnaisc. |
3.3.2. |
Feidhmeanna na n-aonad
Déanfar feidhm gach aonaid den ‘Chóras’ a leagan amach agus taispeánfar na comharthaí a nascann iad le haonaid eile nó le córais eile feithicle. Féadfar é sin a chur ar fáil le blocléaráid lipéadaithe nó le scéimléaráid eile, nó le tuairisc agus léaráid den sórt sin ina cúnamh aici. |
3.3.3. |
Idirnaisc
Idirnaisc laistigh den ‘Chóras’, is le léaráid chiorcaid a léireofar iad i gcás na nasc traiseolta leictreach, is le léaráid phíobánra a léireofar iad i gcás trealamh tras-seolta neomatach, agus is le leagan amach simplithe léaráideach a léireofar iad i gcás nascálacha meicniúla. Léireofar freisin na naisc traiseolta chuig córais eile agus ó chórais eile. |
3.3.4. |
Sreabhadh comharthaí, sonraí oibriúcháin agus tosaíochtaí
Beidh comhfhreagras soiléir idir na naisc traiseolta seo agus na comharthaí agus/nó sonraí oibriúcháin a iomprófar idir aonaid. Tosaíochtaí comharthaí agus/nó sonraí oibriúcháin ar chonairí sonraí ilphléacsaithe, sonrófar iad sin i gcás inarbh fhéidir gur saincheist í an tosaíocht a dhéanfadh difear don fheidhmíocht nó don tsábháilteacht a mhéid a bhaineann leis an Rialachán seo. |
3.3.5. |
Aonaid a shainaithint
Beidh gach aonad inaitheanta go soiléir agus gan débhrí (e.g. trí mharcáil le haghaidh crua-earraí agus trí mharcáil nó aschur bogearraí le haghaidh inneachar bogearraí) ionas go mbeidh na crua-earraí agus an doiciméadacht comhfhreagrach dá chéile. I gcás ina gcuirtear feidhmeanna le chéile laistigh d’aonad amháin nó go deimhin laistigh de ríomhaire amháin, ach go dtaispeántar iad i mbloic iomadúla sa bhlocléaráid ar mhaithe le soiléireacht agus éascaíocht a mínithe, ní úsáidfear ach aon mharcáil aitheantais crua-earraí amháin. Dearbhóidh an monaróir, tríd an aitheantas sin a úsáid, go bhfuil an trealamh a sholáthraítear i gcomhréir leis an doiciméad comhfhreagrach. |
3.3.5.1. |
Leis an aitheantas déantar an leagan crua-earraí agus bogearraí a shainiú agus, i gcás ina dtagann athrú ar an leagan bogearraí sa tslí go n-athraítear feidhm an aonaid a mhéid a bhaineann leis an Rialachán seo, athrófar an t-aitheantas sin freisin. |
3.4. |
Coincheap sábháilteachta an mhonaróra |
3.4.1. |
An straitéis arna roghnú chun cuspóirí ‘An Chórais’ a bhaint amach, soláthróidh an Monaróir ráiteas lena ndearbhófar nach ndéanfaidh an straitéis sin dochar d’oibriú sábháilte na feithicle faoi dhálaí neamhfhabht. |
3.4.2. |
I ndáil le bogearraí a úsáidtear sa ‘Chóras’, míneofar an ailtireacht imlíne agus sainaithneofar na modhanna agus na huirlisí deartha a úsáideadh. Taispeánfaidh an monaróir fianaise maidir leis na bealaí ar chinn siad réadú loighic an chórais le linn an phróisis deartha agus forbartha. |
3.4.3. |
Soláthróidh an Monaróir míniú don tSeirbhís Theicniúil ar na forálacha deartha is cuid den‘Chóras’ ionas go nginfear oibriú sábháilte faoi dhálaí fabht. Is forálacha deartha iad seo a leanas, mar shampla, a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh teip sa ‘Chóras’:
I gcás teipe, tabharfar rabhadh don tiománaí, mar shampla, trí chomhartha rabhaidh nó trí theachtaireacht a thaispeáint. I gcás nach ndéanfaidh an tiománaí an córas a dhíghníomhachtú, e.g. tríd an lasc adhainte a chasadh chuig ‘as’, nó tríd an bhfeidhm áirithe sin a mhúchadh má bhíonn lasc speisialta ar fáil chun na críche sin, mairfidh an rabhadh a fhad a mhairfidh an fabht. |
3.4.3.1. |
An fhoráil a roghnófar, más modh oibríochta feidhmíochta páirtí faoi dhálaí fabht ar leith a roghnaítear léi sin, sonrófar cad iad na dálaí atá i gceist agus saineofar na teorannacha a bheidh leis an éifeachtacht dá bharr. |
3.4.3.2. |
An fhoráil a roghnófar, má roghnaítear modh eile (cúltaca) léi chun cuspóir an chórais rialaithe feithicle a bhaint amach, déanfar prionsabail na meicníochta athraithe, loighic aon ghné cúltaca seiceála is cuid den chóras, agus leibhéal iomarcaíochta na ngnéithe sin a shainiú, agus saineofar na teorannacha a bheidh leis an éifeachtacht chúltaca dá bharr. |
3.4.3.3. |
An fhoráil a roghnófar, más é an Fheidhm Ardleibhéil a bhaint a roghnaítear léi, cuirfear cosc ar na comharthaí rialaithe aschuir ar fad a bhaineann leis an bhfeidhm sin, rud a dhéanfar sa tslí go gcuirfear srian leis an suaitheadh aistrithe. |
3.4.4. |
Mar thaca leis an doiciméadacht, beidh anailís lena léireofar, i dtéarmaí foriomlána, mar a bheidh iompar ‘an Chórais’ i gcás guais nó fabht ar leith, a mbeidh tionchar aige sin ar fheidhmíocht nó sábháilteacht rialaithe feithicle.
An modh (nó na modhanna) anailíse a roghnófar, déanfaidh an Monaróir iad a bhunú agus a choinneáil ar bun, agus osclófar iad lena n-iniúchadh ag an tSeirbhís Theicniúil tráth an chineálcheadaithe. Déanfaidh an tSeirbhís Theicniúil measúnú ar chur i bhfeidhm an chur chuige (nó na cineálacha cur chuige) anailísigh. Áireofar ar an iniúchadh:
Is éard a bheidh sa mheasúnú seiceálacha ar ghuaiseacha agus fabhtanna arna roghnú ag an tSeirbhís Theicniúil ar mhaithe lena shuíomh gur loighciúil intuigthe míniú an mhonaróra ar an gcoincheap sábháilteachta, agus gurb oiriúnach na pleananna bailíochtaithe, agus gur cuireadh i gcrích iad. Féadfaidh an tSeirbhís Theicniúil tástálacha a dhéanamh nó a éileamh go ndéanfar tástálacha faoi mar a shonraítear i mír 4 chun coincheap na sábháilteachta a fhíorú. |
3.4.4.1. |
Tabharfar tuairisc sa doiciméadacht sin ar na paraiméadair a bhfuil faireachán á déanamh orthu agus leagfar amach inti, i gcás gach dála fabht a shainítear i mír 3.4.4. den Iarscríbhinn seo, an comhartha rabhaidh atá le tabhairt don tiománaí agus/nó don phearsanra seirbhíse/iniúchta teicniúla. |
3.4.4.2. |
Tabharfar tuairisc sa doiciméadacht sin ar na bearta atá i bhfeidhm chun a áirithiú nach ndéanfaidh ‘An Córas’ dochar d’oibriú sábháilte na feithicle i gcás ina bhfuil tionchar ag dálaí timpeallachta ar fheidhmíocht ‘An Chórais’, e.g. dálaí aeráide, teocht, deannach a dhul isteach, uisce a dhul isteach, pacáil oighir. |
4. Deimhniú agus tástáil
4.1. |
Déanfar oibríocht fheidhmiúil ‘An Chórais’, a leagtar amach sna doiciméid a éilítear i mír 3, a thástáil mar a leanas: |
4.1.1. |
Deimhniú fheidhm ‘An Chórais’
Fíoróidh an tSeirbhís Theicniúil ‘An Córas’ faoi dhálaí neamhfhabht trí roinnt feidhmeanna roghnaithe a thástáil as na cinn a dhearbhaíonn an monaróir i mír 3.2. thuas. Maidir le córais leictreonacha chasta, cuimseofar sna tástálacha sin cásanna ina sárófar feidhm shonraithe. |
4.1.2. |
Fíorú choincheap na sábháilteachta a ghabhann le mír 3.4.
Déanfar freagairt ‘An Chórais’ a sheiceáil faoi thionchar teipe in aon aonad aonair trí chomharthaí aschuir comhfhreagracha a chur i bhfeidhm ar aonaid leictreacha nó ar eilimintí meicniúla chun éifeachtaí fabhtanna inmheánacha laistigh den aonad a ionsamhlú. Déanfaidh an tSeirbhís Theicniúil an tseiceáil sin i gcás aonaid aonair amháin ar a laghad, ach ní sheiceálfaidh sí freagairt ‘An Chórais’ ar iliomad teipeanna comhuaineacha de chuid aonad aonair. Fíoróidh an tSeirbhís Theicniúil go gcuimsítear sna tástálacha sin gnéithe a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar inrialaitheacht feithicle agus ar fhaisnéis an úsáideora (gnéithe a bhaineann le comhéadan duine le meaisín). |
4.1.2.1. |
Tiocfaidh torthaí an fhíorúcháin leis an achoimre dhoiciméadaithe ar an anailís teipe, go leibhéal éifeachta foriomláine ionas go ndearbhófar go bhfuil an coincheap sábháilteachta agus an forghníomhú leordhóthanach. |
5. Tuairisciú ón tSeirbhís Theicniúil
Déanfaidh an tSeirbhís Theicniúil an measúnú a thuairisciú sa tslí go mbeidh inrianaitheacht ann, e.g. déanfar leaganacha de na doiciméid a ndéanfar iniúchadh orthu a chódú agus a liostú i dtaifid na Seirbhíse Teicniúla.
Tugtar sampla i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo de leagan amach a d’fhéadfadh a bheith ar fhoirm mheasúnaithe na Seirbhíse Teicniúla don Údarás Cineálcheadaithe.
Iarscríbhinn 3 - Foscríbhinn 1
Foirm shamplach mheasúnaithe le haghaidh córais leictreonacha
Uimh. na tuarascála tástála: …
1.
Sainaithint
1.1.
Déanamh na feithicle: …
1.2.
Cineál: …
1.3.
Modh sainaitheantais an chineáil, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil: …
1.4.
Suíomh na marcála sin: …
1.5.
Ainm agus seoladh an mhonaróra: …
1.6.
Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra, más infheidhme: …
1.7.
Pacáiste doiciméadachta foirmiúla an mhonaróra:Uimhir tagartha na doiciméadachta: …
Dáta na heisiúna bunaidh: …
Dáta an nuashonraithe is déanaí: …
2.
Tuairisc ar an bhfeithicil (nó na feithiclí) tástála/ar an gcóras (nó na córais) atáthar a thástáil
2.1.
Tuairisc ghinearálta: …
2.2.
Tuairisc ar fheidhmeanna rialaithe uile ‘An Chórais’ agus ar na modhanna oibríochta: …
2.3.
Tuairisc ar na comhpháirteanna agus léaráidí de na hidirnaisc laistigh den ‘Chóras’: …
3.
Coincheap sábháilteachta an mhonaróra
3.1.
Tuairisc ar shreabhadh comharthaí agus ar shonraí oibriúcháin agus ar na tosaíochtaí a bhaineann leo: …
3.2.
Dearbhú an mhonaróra:Dearbhaíonn an monaróir (nó na monaróirí) …nach ndéanfaidh an straitéis arna roghnú chun cuspóirí ‘An Chórais’ a bhaint amach dochar d’oibriú sábháilte na feithicle faoi dhálaí neamhfhabht.
3.3.
Ailtireacht imlíne bogearraí agus na modhanna agus uirlisí deartha a úsáideadh: …
3.4.
Míniú ar fhorálacha dearaidh is cuid den ‘Chóras’ faoi dhálaí fabht: …
3.5.
Anailísí doiciméadaithe ar iompraíocht ‘an Chórais’ faoi dhálaí guaise nó fabht ar leith: …
3.6.
Tuairisc ar na bearta atá i bhfeidhm maidir le dálaí timpeallacht: …
3.7.
Forálacha maidir le hiniúchadh teicniúil tréimhsiúil a dhéanamh ar ‘an gCóras’: …
3.8.
Torthaí na tástála fíoraithe ar ‘an gCóras’, de réir mhír 4.1.1. d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Rialachán Uimh. 152 ó na Náisiúin Aontaithe: …
3.9.
Torthaí na tástála fíoraithe ar choincheap na sábháilteachta, de réir mhír 4.1.2. d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Rialachán Uimh. 152 ó na Náisiúin Aontaithe: …
3.10.
Dáta na tástála: …
3.11.
Rinneadh an tástáil seo agus tuairiscíodh na torthaí i gcomhréir le … a ghabhann le Rialachán Uimh. 152 ó na Náisiúin Aontaithe, arna leasú go deireanach le sraith leasuithe.An tSeirbhís Theicniúil (1) atá i mbun na tástála
Sínithe: … |
Dáta: … |
3.12.
An tÚdarás Cineálcheadaithe1
Sínithe: … |
Dáta: … |
3.13.
Nótaí: …
(1) Le síniú ag daoine éagsúla fiú nuair is ionann an tSeirbhís Theicniúil agus an tÚdarás Cineálcheadaithe nó mar mhalairt air sin, eisítear údarú ar leith ón Údarás Cineálcheadaithe leis an tuarascáil.
Iarscríbhinn 3 - Foscríbhinn 2
Cásanna Frithghnímh Bhréagaigh
Bainfear úsáid as na cásanna seo a leanas chun measúnú a dhéanamh ar straitéisí an chórais a chuirtear chun feidhme chun giniúint frithghníomhartha bréagacha a laghdú. I gcás gach cineál cáis, míneoidh monaróir na feithicle na príomhstraitéisí a chuirtear chun feidhme chun sábháilteacht a áirithiú.
Cuirfidh an monaróir fianaise ar fáil (e.g. torthaí ionsamhlúcháin, fíorshonraí tástála, sonraí tástála raoin) maidir le hiompar an chórais sna cineálacha cásanna a thuairiscítear. Úsáidfear na paraméadair a thuairiscítear i bhfomhír 2 de gach cás mar threoir má mheasann an tSeirbhís Theicniúil gur gá léiriú a dhéanamh ar an gcás.
(a) |
Sainmhíniú ar chóimheas forluí idir an fheithicil is ábhar agus an fheithicil ghaolmhar Déantar an cóimheas forluí idir an fheithicil is ábhar agus an fheithicil ghaolmhar a ríomh de réir na foirmle seo a leanas. Rforluí = Lforluí / Wfeithicil* 100 I gcás inarb amhlaidh:
|
(b) |
Sainmhíniú ar chóimheas seach-chuir idir an fheithicil is ábhar agus an réad atá ina stad Déantar an cóimheas seach-chuir idir an fheithicil is ábhar agus an réad atá ina stad a ríomh de réir na foirmle seo a leanas. Rforluí = Lforluí / (0,5*Wfeithicil ) * 100
|
Cás 1
Casadh ar Chlé nó casadh ar Dheis ag an gcrosbhealach
1.1. |
Sa chás seo, téann an fheithicil is ábhar thar bráid casadh ar chlé nó casadh ar dheis os comhair feithicil atá ag teacht ina treo atá stoptha chun casadh ar chlé nó casadh ar dheis a dhéanamh ag crosbhealach. |
1.2. |
Sampla den chás mionsonraithe:
Tiomáintear an fheithicil is ábhar ar luas 30 km/h (le lamháltas de +0/-2 km/h) i dtreo an chrosbhealaigh, agus luasmhoillítear í trí coscánú a dhéanamh go luas nach lú ná 16 km/h ag pointe ag a dtosaítear an fheithicil is ábhar a stiúradh ar chlé / ar dheis, agus ní mó ná 2,8 soicind an tAm go dtí Imbhualadh (TTC) leis an fheithicil atá ag teacht sa treo. Nuair a chasann an fheithicil is ábhar ar chlé nó ar dheis ag an gcrosbhealach, laghdaítear an luas go luas nach lú ná 10 km/h, agus tiomáintear í ag luas seasta ansin. Ní mó ná 1,7 soicind an TTC leis an bhfeithicil atá ag teacht sa treo nuair a shroicheann an chóimheas forluí idir an fheithicil is ábhar agus an fheithicil atá ag teacht sa treo 0 faoin gcéad. |
Figiúr 1
Casadh ar chlé nó casadh ar dheis ag an gcrosbhealach
(A) Ag tiomáint ar thaobh na láimhe deise den bhóthar
(B) Ag tiomáint ar thaobh na láimhe clé den bhóthar
Cás 2
Feithicil tosaigh ag casadh ar dheis nó ag casadh ar chlé
2.1. |
Sa chás seo, leanann an fheithicil is ábhar feithicil tosaigh. Ina dhiaidh sin, casann an fheithicil tosaigh ar dheis nó ar chlé ag coirnéal, agus leanann an fheithicil is ábhar díreach ar aghaidh. |
2.2. |
Sampla den chás mionsonraithe:
Tiomáintear an fheithicil tosaigh agus an fheithicil is ábhar ar luas 40 km/h araon (le lamháltas de +0/-2 km/h) ar an mbóthar díreach. Luasmhoillítear an fheithicil tosaigh trí choscánú a dhéanamh go luas 10 km/h (le lamháltas de +0/-2 km/h) chun casadh ar dheis nó ar chlé ag an gcoirnéal, agus luasmhoillítear an fheithicil is ábhar freisin trí choscánú a dhéanamh chun achar iomchuí a choinneáil idir í féin an fheithicil tosaigh. Nuair a thosaíonn an fheithicil tosaigh ag casadh ar dheis nó ar chlé, ní lú ná 26 km/h luas na feithicle is ábhar níos agus ní mó ná 4,7 soicind an TTC leis an bhfeithicil thosaigh. Ina dhiaidh sin, luasmhoillítear an fheithicil is ábhar go luas nach lú ná 20 km/h, agus tiomáintear ansin í ag luas comhsheasmhach. Ní mó ná 2,5 soicind an TTC leis an bhfeithicil tosaigh nuair a shroicheann an chóimheas forluí idir an fheithicil is ábhar agus an fheithicil tosaigh 0 faoin gcéad. |
Figiúr 2
Feithicil tosaigh ag casadh ar dheis nó ag casadh ar chlé
(A) Ag tiomáint ar thaobh na láimhe deise den bhóthar
(B) Ag tiomáint ar thaobh na láimhe clé den bhóthar
Cás 3
Bóthar cuartha ar a bhfuil sciathphiopaí agus réad atá ina stad
3.1. |
Sa chás seo, tiomáintear an fheithicil is ábhar ar bhóthar cuartha le ga beag ar a bhfuil sciathphiopaí tógtha ar an taobh amuigh, agus tá feithicil (de chatagóir M1) ina stad, sprioc coisí ina stad nó sprioc rothair ina stad díreach taobh amuigh de na sciathphiopaí agus ar an síneadh le lár an lána. |
3.2. |
Sampla den chás mionsonraithe:
Tiomáintear an fheithicil is ábhar ar luas 30 km/h (le lamháltas de +0/-2 km/h) i dtreo an chuair, cuar nach bhfuil a ga níos mó ná 25 m ag an taobh amuigh den bhóthar, agus luasmhoillítear í trí choscánú a dhéanamh go luas nach lú ná 22 km/h ag pointe ag a dtéann an fheithicil is ábhar isteach sa chuar. Ní mó ná 1,6 soicind an TTC go dtí an réad ina stad tráth a thosaítear an fheithicil is ábhar a chasadh sa chuar. Sa chuar, tiomáintear an fheithicil is ábhar sa lána amuigh seachas i lár an bhóthair. Ina dhiaidh sin, leanann an fheithicil is ábhar de bheith ag casadh sa chuar ar luas seasta nach lú ná 21 km/h. Ní mó ná 1,1 soicind an TTC go dtí an réad ina stad nuair a shroicheann an chóimheas forluí idir an fheithicil is ábhar agus an fheithicil ina stad 0 faoin gcéad, nó nuair a shroicheann an chóimheas seach-chuir idir an fheithicil is ábhar agus an sprioc coisí ina stad nó an sprioc rothair ina stad -100 faoin gcéad. |
Figiúr 3
Bóthar cuartha ar a bhfuil sciathphiopaí agus réad atá ina stad
(A) Ag tiomáint ar thaobh na láimhe deise den bhóthar
(B) Ag tiomáint ar thaobh na láimhe clé den bhóthar
Cás 4
Athrú lána de bharr tógáil bóthair
4.1. |
Sa chás seo, athraíonn an fheithicil is ábhar go lána eile os comhair an chláir comharthaí atá suite i lár an lána agus lena gcuirtear in iúl don tiománaí go bhfuil an lána laghdaithe. |
4.2. |
Sampla den chás mionsonraithe:
Tiomáintear an fheithicil is ábhar ar bhóthar díreach ar luas 40 km/h (le lamháltas de +0/-2 km/h) agus tosaítear den fheithicil a stiúradh chun lána a athrú os comhair an chláir comharthaí lena gcuirtear in iúl go bhfuil an lána laghdaithe. Ní thagann aon fheithicil eile i dtreo na feithicle is ábhar. Ní mó ná 4,2 soicind an TTC go dtí an clár comharthaí tráth a thosaítear an fheithicil is ábhar a stiúradh. Le linn di a bheith ag athrú lána, tá luas na feithicle is ábhar seasta, agus ní mó ná 3,3 soicind an TTC go dtí an clár comharthaí nuair a shroicheann an chóimheas seach-chuir idir an fheithicil is ábhar agus lár an chláir comharthaí -100 faoin gcéad. |
Figiúr 4
Athrú lána de bharr tógáil bóthair
(A) Ag tiomáint ar thaobh na láimhe deise den bhóthar
(B) Ag tiomáint ar thaobh na láimhe clé den bhóthar
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2497/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)