European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2456

13.9.2024

 (*1)

CINNEADH (CBES) 2024/2456 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Meán Fómhair 2024

lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

(2)

An 12 Márta 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/847 (2), agus ar an gcaoi sin rinne sí na bearta dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile.

(3)

An 21 agus an 22 Márta 2024, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí inar athdhearbhaigh sí, inter alia, na conclúidí uaithi roimhe sin maidir le tacaíocht leanúnach a thabhairt do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus inar athdhearbhaigh sí tiomantas daingean an Aontais tacaíocht leanúnach pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a chur ar fáil don Úcráin.

(4)

Fad a leanfaidh gníomhaíochtaí neamhdhleathacha Chónaidhm na Rúise de rialacha bunúsacha an dlí idirnáisiúnta a shárú, lena n-áirítear, go háirithe, an toirmeasc ar úsáid fornirt a chumhdaítear in Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe, nó rialacha an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a shárú, is iomchuí na bearta uile arna bhforchur ag an Aontas a choinneáil i bhfeidhm, agus bearta breise a dhéanamh, más gá sin. Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/145/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile.

(5)

Ar bhonn athbhreithniú ón gComhairle maidir leis na hainmniúcháin aonair a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES, ba cheart an fhaisnéis a bhaineann le 98 duine aonair agus 33 eintiteas a thabhairt cothrom le dáta. Ina theannta sin, ba cheart iontrálacha do chúigear éagtha agus do bheirt eile, chomh maith le hiontráil dhúblach, a scriosadh as an Iarscríbhinn sin.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 15 Márta 2025.’;

(2)

leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

BÓKA J.


(*1)  De bharr cúiseanna maidir le sonraí pearsanta agus/nó rúndacht a chosaint, ní nochtar roinnt faisnéise a bhí san eisiúint seo a thuilleadh, agus dá bhrí sin, foilsíodh leagan barántúil nua.

(1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).

(2)  Cinneadh (CBES) 2024/847 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 2024/847, 13.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/847/oj).


 (*1)

IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES mar a leanas:

(1)

scriostar na hiontrálacha a bhaineann leis na daoine éagtha seo a leanas:

803.

Vladimir Albertovich LEBEDEV (Владимир Альбертович ЛЕБЕДЕВ);

982.

Maria Vladimirovna PIROGOVA (Мария Владимировна ПИРОГОВА / Марiя Володимирiвна ПIРОГОВА);

1022.

Mikhail Valerievich ZHUKOV (Михаил Валерьевич ЖУКОВ / Михайло Валерiйович ЖУКОВ);

1073.

Mikhail Vasilyevich GOLUBOVICH (Михаил Васильевич ГОЛУБОВИЧ);

1504.

Valeriy Alexandrovich VOSTROTIN (Валерий Александрович ВОСТРОТИН);

(2)

scriostar na hiontrálacha a bhaineann leis na daoine seo a leanas:

223.

Violetta PRIGOZHINA (Виолетта ПРИГОЖИНА);

732.

Nikita Dmitrievich MAZEPIN (Никита Дмитриевич МАЗЕПИН);

(3)

scriostar an iontráil dhúbailte seo a leanas:

1525.

Sergei Yuryevich KUZOVLEV (Сергей Юрьевич КУЗОВЛЕВ);

(4)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis na daoine agus leis na heintitis a liostaítear thíos:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘23.

Sergey Yurievich GLAZYEV

(Сергей Юрьевич ГЛАЗЬЕВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 1.1.1961

Áit bhreithe: Zaporizhzhia, PSS na hÚcráine roimhe seo (an Úcráin anois)

IarChomhairleoir Uachtarán Chónaidhm na Rúise maidir leis an bhforbairt eacnamaíoch. D'iarr sé go poiblí go ndéanfaí ionghabháil ar an gCrimé agus tacaíonn sé leis an gcogadh i gcoinne na hÚcráine.

Ó mhí Dheireadh Fómhair 2019 i leith, Aire Lánpháirtíochta agus Maicreacnamaíochta sa Choimisiún Eacnamaíochta Eoráiseach.

21.3.2014

29.

Vladislav Yurievich SURKOV

(Владислав Юрьевич СУРКОВ)

Dáta breithe: 21.9.1964

Áit bhreithe: Solntsevo, réigiún Lipetsk, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

IarShainchabhróir Uachtarán Chónaidhm na Rúise agus Céad-Leas-Cheann ar Riarachán na hUachtaránachta. Bhí sé ar dhuine de lucht eagraithe an phróisis sa Chrimé lenar slógadh pobail áitiúla Crimé chun deireadh a chur le gníomhaíochtaí a bhain an bonn d’údaráis na hÚcráine sa Chrimé.

21.3.2014

36.

Oleg Genrikhovich SAVELYEV

(Олег Генрихович САВЕЛЬЕВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 27.10.1965

Áit bhreithe: Leningrad, APSS roimhe seo (Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise anois)

IarAire Ghnóthaí na Crimé. Freagrach as lánpháirtiú Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach, i gCónaidhm na Rúise.

Iarleas-Cheann Foirne Rialtas na Rúise, atá freagrach as obair an Choimisiúin Rialtais ar fhorbairt shocheacnamaíoch “Poblacht na Crimé”, mar a ghairtear di, a eagrú.

An t-iarCheann Foirne i Seomra Cuntas Chónaidhm na Rúise agus an t-iarIniúchóir i Seomra Cuntas Chónaidhm na Rúise.

An 20 Bealtaine 2024, ainmníodh é don phost mar Leas-Aire Cosanta agus Ceann Foirne in Aireacht Chosanta Chónaidhm na Rúise.

29.4.2014

74.

Nikolai Platonovich PATRUSHEV

(Николай Платонович ПАТРУШЕВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 11.7.1951

Áit bhreithe: Leningrad, APSS roimhe seo (Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise anois)

IarChomhalta agus Rúnaí Chomhairle Slándála Chónaidhm na Rúise. Mar chomhalta den Chomhairle Slándála, a chuireann comhairle ar fáil maidir le gnóthaí slándála náisiúnta agus a chomhordaíonn na gnóthaí sin, bhí baint aige le beartas Rialtas na Rúise a mhúnlú, ar bagairt é ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine.

Is sainchabhróir é faoi láthair a thugann cuidiú don uachtaránacht i dtaca le ceisteanna longthógála.

Thacaigh sé go poiblí le neamhspleáchas Donetsk agus Luhansk. Tá Patrushev ar dhuine de na daoine is mó a thacaíonn le cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tugann sé údar poiblí leis an ionradh agus cuireann sé aidhmeanna an chogaidh chun cinn.

25.7.2014

77.

Boris Vyacheslavovich GRYZLOV

(Борис Вячеславович ГРЫЗЛОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 15.12.1950

Áit bhreithe: Vladivostok, Cónaidhm na Rúise

Iarbhuanchomhalta de Chomhairle Slándála Chónaidhm na Rúise. Mar chomhalta den Chomhairle Slándála, a chuireann comhairle ar fáil maidir le gnóthaí slándála náisiúnta agus a chomhordaíonn na gnóthaí sin, bhí baint aige le beartas Rialtas na Rúise a mhúnlú, ar bagairt é ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine.

Tá sé ina chathaoirleach fós ar Ard-Chomhairle an pháirtí, United Russia, agus ina ionadaí lánchumhachtach ag Cónaidhm na Rúise sa Ghrúpa Teagmhála maidir leis an staid san Úcráin a réiteach.

Cathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí an fhiontair Tactical Missiles Corporation JSC, fiontar ar leis an Stát é.

Tá an post mar Ambasadóir aige i gcór taidhleoireachta Chónaidhm na Rúise. Tá sé ag feidhmiú mar Ambasadóir sa Bhealarúis faoi láthair.

Tacaíonn sé go poiblí le cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

25.7.2014

79.

Mikhail Vladimirovich DEGTYARYOV / DEGTYAREV

(Михаил Владимирович ДЕГТЯРËВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 10.7.1981

Áit bhreithe: Kuibyshev (Samara), Cónaidhm na Rúise

IarChomhalta den Dúma Stáit.

Mar chomhalta den Dúma, d’fhógair sé oscailt fhoirmiúil “ambasáid de facto”“Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di, nach n-aithnítear, i Moscó, agus cuidíonn sé leis an mbonn a bhaint d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó cuidíonn sé leis an mbagairt orthu sin.

IarChathaoirleach ar Choiste Dhúma Stáit na Rúise um Chorpoideachas, Spórt agus Gnóthaí Óige.

Aire Spóirt Chónaidhm na Rúise faoi láthair.

IarGhobharnóir Krasnodar Krai.

Ón 6 Feabhra 2021 i leith, Comhordaitheoir ar bhrainse réigiúnach Pháirtí Daonlathach Liobrálach na Rúise.

Ón 15 Samhain 2021, comhalta de Chomhairle Stáit Chónaidhm na Rúise, le Foraithne ó Uachtarán Putin.

25.7.2014

115.

Nikolai Vladimirovich LEVICHEV

(Николай Владимирович ЛЕВИЧЕВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 28.5.1953

Áit bhreithe: Pushkin, Cónaidhm na Rúise

IarChomhalta den Dúma Stáit. IarLeas-Spéicéir, an Dúma Stáit.

Cathaoirleach ar Coimisiún Lárnach Toghchán (CEC) Chónaidhm na Rúise ó 2016 i leith.

An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar dréacht Dlí Bunreachtúil Cónaidhme “maidir le ‘Poblacht na Crimé’ a ghlacadh isteach i gCónaidhm na Rúise agus eintitis nua cónaidhme –‘Poblacht na Crimé’ agus Cathair Stádais Cónaidhme Sevastopol a bhunú laistigh de Chónaidhm na Rúise”.

12.9.2014

140.

Sergey Yurevich KUZOVLEV

(ar a dtugtar freisin IGNATOV, TAMBOV)

(Сергей Юрьевич КУЗОВЛЕВ

(ar a dtugtar freisin Сергей; ИГНАТОВ, ТAMБOB))

Dáta breithe: 7.1.1967

Áit bhreithe: Michurinsk, réigiún Tambov, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

IarArd-Cheannasaí, mar a ghairtear de, ar Dhaon-Mhílíste “Daon-Phoblacht Luhansk”.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

IarCheannasaí an 8ú Arm de chuid Fhórsa Armtha na Rúise. Iarcheann Foirne agus iarChéad-Leas-Cheannasaí agus Ceannasaí Cheantar Míleata Dheisceart na Rúise. Tá sé ina Cheannasaí Cheantar Míleata Mhoscó ó mhí Bealtaine 2024.

16.2.2015

147.

Anatoly Ivanovich ANTONOV

(Анатолий Иванович АНТОНОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 15.5.1955

Áit bhreithe: Omsk, Cónaidhm na Rúise

IarLeas-Aire Cosanta agus, sa cháil sin, ag tacú le trúpaí na Rúise a imscaradh san Úcráin.

De réir struchtúr Aireacht Chosanta na Rúise atá ann faoi láthair, ghlac sé páirt sa cháil sin i mbeartas Rialtas na Rúise a mhúnlú agus a chur chun feidhme. Cuirtear iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine i mbaol leis na beartais sin.

IarLeas-Aire Gnóthaí Eachtracha.

Tá post aige mar Ambasadóir i gcór taidhleoireachta Chónaidhm na Rúise. Tá sé ag feidhmiú mar Ambasadóir sna Stáit Aontaithe faoi láthair.

16.2.2015

193.

Mikhail Nikolayevich BELOUSOV

(Михаил Николаевич БЕЛОУСОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 26.11.1964

Áit bhreithe: An Rúis

Náisiúntacht: Úcránach, Rúiseach (ní aithníonn an tAontas pasanna arna n-eisiúint ag Cónaidhm na Rúise sa Chrimé)

Seoladh: 117 Balaklavs’ka St, App 48, Simferopol, an Chrimé, an Úcráin

Breitheamh i gCúirt Dúiche Kievskiy in Simferopol.

Rinne sé an iliomad cinntí i bhfabhar na Rúise sna cásanna arb í an pholaitíocht is siocair leo ina gcoinne siúd atá in aghaidh ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol. Ar an gcaoi sin, thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad ar an méid sin.

11.10.2021

194.

Andrey Nikolayevich DOLGOPOLOV

(Андрей Николаевич ДОЛГОПОЛОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 15.2.1959

Áit bhreithe: an Chirgeastáin

Náisiúntacht: Úcránach, Rúiseach (ní aithníonn an tAontas pasanna arna n-eisiúint ag Cónaidhm na Rúise sa Chrimé)

Seoladh: 82 Peremohy Ave, App 343, Simferopol, an Chrimé, an Úcráin

Cathaoirleach ar Chúirt Dúiche Kievskiy in Simferopol.

Rinne sé an iliomad cinntí i bhfabhar na Rúise sna cásanna arb í an pholaitíocht is siocair leo ina gcoinne siúd atá in aghaidh ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol. Ar an gcaoi sin, thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad ar an méid sin.

11.10.2021

196.

Magomed Farmanovich MAGOMEDOV

(Магомед Фарманович МАГОМЕДОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 5.2.1981

Imscrúdaitheoir cásanna speisialta ag Roinn an Chéad Fhiosrúcháin, an Ard-Stiúrthóireacht chun Cásanna a bhfuil Tábhacht Faoi Leith ag gabháil leo a Fhiosrú i Roinn an Phríomh-Fhiosrúcháin i gCoiste Fiosrúcháin na Rúise do Phoblacht na Crimé agus do chathair Sevastopol.

Bhí sé rannpháirteach sna himscrúduithe coiriúla arb í an pholaitíocht is siocair leo i gcoinne ceannairí na Mejlis de chuid phobal Tatarach na Crimé a ionchúisíodh toisc gur chuir siad go gníomhach i gcoinne ionghabháil neamhdhleathach Leithinis na Crimé. Ar an gcaoi sin, thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

11.10.2021

198.

Viktor Anatolyevich MOZHELIANSKIY (Виктор Анатольевич МОЖЕЛЯНСКИЙ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 10.5.1964

Áit bhreithe: Kharkiv, an Úcráin

Náisiúntacht: Úcránach, Rúiseach (ní aithníonn an tAontas pasanna arna n-eisiúint ag Cónaidhm na Rúise sa Chrimé)

Seoladh: 35 Marshala Zhukova St, App. 53, Simferopol, an Chrimé, an Úcráin nó Anhars’ka St, 8 Simferopol, an Chrimé, an Úcráin

Leaschathaoirleach ar an gCúirt Dúiche Lárnach in Simferopol agus iarbhreitheamh i gCúirt Dúiche Kievskiy in Simferopol.

Rinne sé an iliomad cinntí i bhfabhar na Rúise sna cásanna arb í an pholaitíocht is siocair leo ina gcoinne siúd atá in aghaidh ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol. Ar an gcaoi sin, thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

11.10.2021

199.

Galina Vladimirovna REDKO

(Галина Владимировна РЕДЬКО)

Inscne: baineann

Dáta breithe: 22.3.1974

Áit bhreithe: Romany, réigiún Poltava, an Úcráin

Náisiúntacht: Úcránach, Rúiseach (ní aithníonn an tAontas pasanna arna n-eisiúint ag Cónaidhm na Rúise sa Chrimé)

Breitheamh de Chúirt Uachtarach Phoblacht na Crimé.

Rinne sí an iliomad cinntí i bhfabhar na Rúise sna cásanna arb í an pholaitíocht is siocair leo ina gcoinne siúd atá in aghaidh ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol. Ar an gcaoi sin, thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sí beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

11.10.2021

200.

Vladimir Nikolayevich TERENTEV

(Владимир Николаевич ТЕРЕНТЬЕВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 11.11.1977

Áit bhreithe: Voronezh, an Rúis

Náisiúntacht: Rúiseach

Pasuimhir, uimhir aitheantais náisiúnta, uimhreacha doiciméad aitheantais eile: 03 01 118013

Ceann Roinn an Phríomh-Fhiosrúcháin i gCoiste Fiosrúcháin na Rúise do Phoblacht na Crimé agus do chathair Sevastopol.

Rinne sé maoirseacht ar ghníomhaíochtaí an Choiste sna cásanna arb í an pholaitíocht is siocair leo i gcoinne na ngníomhaithe ar son na hÚcráine a ndearnadh géarleanúint orthu as a gcuid gníomhaíochtaí a bhí dírithe ar chur in aghaidh na hionghabhála neamhdhleathaí agus iomláine chríochach na hÚcráine a athbhunú.

Bhí sé i gceannas ar obair na n-imscrúdaitheoirí coiriúla, agus dá bharr sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad ar an méid sin.

11.10.2021

204.

Aleksei Yurievich CHERNIAK

(ar a dtugtar freisin Alexey Yurievich CHERNYAK)

(Алексей Юрьевич ЧЕРНЯК)

Dáta breithe: 27.8.1973

Áit bhreithe: Alma Ata, PPS na Casacstáine roimhe seo, (an Chasacstáin anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

IarChomhalta de Dhúma Stáit Chónaidhm na Rúise, a bhí in oifig go dtí an 3 Meán Fómhair 2022. Tofa ó Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé, a ionghabhadh go neamhdhleathach, i “toghcheantar Simferopol”, mar a ghairtear de.

Comhalta den pháirtí rialaithe United Russia.

Ag gníomhú dó sa cháil sin a ghlac sé air féin, d’oibrigh sé chun “Poblacht na Crimé”, mar a ghairtear de, a lánpháirtiú a thuilleadh i gCónaidhm na Rúise. Agus é mar chomhalta den Dúma Stáit, an 15 Feabhra 2022, vótáil sé i bhfabhar rún Uimh. 58243-8 “Maidir leis an achainí ó Dhúma Stáit Thionól Cónaidhme Chónaidhm na Rúise chuig Uachtarán Chónaidhm na Rúise V.V.Putin maidir leis an ngá aitheantas a thabhairt do Dhaon-Phoblacht Donetsk agus do Dhaon-Phoblacht Luhansk”. Dá bhrí sin, thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais i bhfeidhm a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

21.2.2022

212.

Sergei Kuzhugetovich SHOIGU

(Сергей Кужугетович ШОЙГУ)

Dáta breithe: 21.5.1955

Áit bhreithe: Chadan, Poblacht Tuva, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Feidhm: iarAire Cosanta Chónaidhm na Rúise

Inscne: fireann

Is é Sergei Shoigu iarAire Cosanta Chónaidhm na Rúise. Chuir sé a thuairimí in iúl go poiblí faoin gCrimé a bheith ina cuid den Rúis agus fanacht de bheith ina cuid den Rúis. Faoina cheannas agus faoina orduithe, chuir trúpaí na Rúise druileanna míleata ar bun sa Chrimé, a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus sheol siad ionradh míleata iomlán ar an Úcráin. Ina cháil mar iarAire Cosanta, is é a bhí freagrach, faoi dheoidh, as an ngníomhaíocht mhíleata i gcoinne na hÚcráine, ar cuireadh tús léi an 24 Feabhra 2022. Is é Sergei Shoigu atá mar Rúnaí Chomhairle Slándála Chónaidhm na Rúise anois.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht agus slándáil na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, agus tá sé freagrach freisin as na gníomhaíochtaí agus na beartais sin a chur chun feidhme.

23.2.2022

217.

Nikolay Anatolyevich YEVMENOV

(ar a dtugtar freisin Nikolai YEVMENOV)

(Николай Анатольевич ЕВМЕНОВ)

Dáta breithe: 2.4.1962

Áit bhreithe: Moscó, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: iarArd-Cheannasaí ar Chabhlach na Rúise

Grád: Aimiréil

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Nikolay Yevmenov iarArd-Cheannasaí Chabhlach na Rúise, a bhí in oifig go dtí an 19 Márta 2024. Dá réir sin, bhí sé freagrach as gach oibríocht mhuirí a rinne cabhlach na Rúise i gcoinne na hÚcráine le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacaíocht ghníomhach a thabhairt do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus de chobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine.

23.2.2022

220.

Oleg Leonydovych SALYUKOV

(Олег Леонидович САЛЮКОВ)

Dáta breithe: 21.5.1955

Áit bhreithe: Saratov, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Ard-Cheannasaí ar Fhórsaí Talún na Rúise

Grád: Airm-Ghinearál

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Bhí an tAirm-Ghinearál, Oleg Salyukov, ina Ard-Cheannasaí Fhórsaí Talún na Rúise ó 2014 i leith, agus bhí sé ina Leas-Cheannasaí Ghrúpa Comhpháirteach Fhórsaí na Rúise ón 11 Eanáir 2023. Mar sin, tá sé freagrach as oibríochtaí talún na Rúise san Úcráin nó chuig an Úcráin. Tá baint aige freisin le himeachtaí tírghrá a eagrú arb é is aidhm dóibh an tacaíocht d’arm na Rúise a chothú.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine, agus atá ina mbagairt orthu, agus tá sé freagrach freisin as na gníomhaíochtaí agus na beartais sin a chur chun feidhme.

23.2.2022

221.

Sergei Vladimirovich SUROVIKIN

(Cергей Владимирович СУРОВИКИН)

Dáta breithe: 11.10.1966

Áit bhreithe: Novosibirsk, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: iarArd-Cheannasaí ar Fhórsaí Aeraspáis na Rúise

Grád: Airm-Ghinearál

Eintitis chomhlachaithe: Russian Aerospace Forces [Fórsaí Aeraspáis na Rúise] – Aireacht Chosanta

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Ba é an tAirm-Ghinearál, Sergei Surovikin, Ard-Cheannasaí Fhórsaí Aeraspáis na Rúise ón 31 Deireadh Fómhair 2017 go dtí samhradh na bliana 2023. Mar sin, ba é a bhí freagrach as oibríochtaí aeir san Úcráin nó chuig an Úcráin. Bhí sé ina cheannasaí ar fhórsaí uile na Rúise in ionradh na Rúise i gcoinne na hÚcráine ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 go dtí mí Eanáir 2023. Le linn na tréimhse sin, rinne fórsaí na Rúise ionsaithe móra ar spriocanna sibhialtacha, lena n-áirítear bonneagar fuinnimh na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht agus slándáil na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, agus tá sé freagrach freisin as na gníomhaíochtaí agus na beartais sin a chur chun feidhme.

23.2.2022

226.

Andrei Leonidovich KOSTIN

(Андрей Леонидович КОСТИН)

Dáta breithe: 21.9.1956

Áit bhreithe: Moscó, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Uachtarán Bhord Bainistíochta VTB Bank; cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí United Shipbuilding Corporation

Daoine comhlachaithe: Tamara Mikhailovna Kostina (máthair); Leonid Alekseevich Kostin (athair)

Eintitis chomhlachaithe: VTB Bank; JSC United Shipbuilding Corporation

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Andrei Leonidovich Kostin uachtarán-chathaoirleach Vneshtorbank (VTB) – ceann de na príomhbhainc sa Rúis atá faoi úinéireacht stáit. Tá sé ina chathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí United Shipbuilding Corporation ón 25 Lúnasa 2023 agus is comhalta d’Ard-Chomhairle an pháirtí pholaitiúil “United Russia” é.

Tá ráitis phoiblí déanta aige ina dtacaítear le hionghabháil na Crimé agus ina spreagtar saoránaigh na Rúise dul ar saoire go dtí an Chrimé. Tá baint aige freisin le fíonlann agus de réir tuairiscí sna meáin, is é úinéir fíonlainne agus óstáin atá thar a bheith galánta sa Chrimé.

Dá bhrí sin, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí agus le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach na hÚcráine agus tá sé ag baint tairbhe as ionghabháil na Crimé.

23.2.2022

227.

Igor Ivanovich SHUVALOV

(Игорь Иванович ШУВАЛОВ)

Dáta breithe: 4.1.1967

Áit bhreithe: Bilibino, Cónaidhm na Rúise

Inscne: fireann

Is é Igor Ivanovich Shuvalov cathaoirleach State Development Corporation VEB.RF, a oibríonn i réigiúin san Úcráin atá faoi fhorghabháil agus faoi smacht na Rúise, agus tá baint aige le tionscadail arna gcur chun feidhme nó arna gcothú ag Rialtas na Rúise. Ba Chéad Leas-Phríomh-Aire ar an Rúis é roimhe seo agus comhalta de Chomhairle an Choimisiúin Eacnamaíoch Eoráiseach. Ina cháil mar Chéad Leas-Phríomh-Aire, dúirt sé go n-athródh an Rúis rialacha buiséid chun daonra breise dhá mhilliún a léiriú tar éis do Chónaidhm na Rúise an Chrimé a ionghabháil go neamhdhleathach.

Dá bhrí sin, tacaíonn sé le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

23.2.2022

231.

Konstantin Sergeyevich KNYRIK

(Константин Сергеевич КНЫРИК)

Dáta breithe: 14.8.1989

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is gníomhaí ar son na Rúise é Konstantin Knyrik a bhfuil MediaGroup News Front Ltd á reáchtáil aige, suíomh nuachta atá cláraithe i leithinis na Crimé, a ionghabhadh go neamhdhleathach. Tá sé ina cheannaire ar rannán na Crimé de Pháirtí Rodina, páirtí atá ar son na Creimile sa Rúis. Tacaíonn sé go poiblí le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus tá sé gníomhach i mbréagaisnéis faoin gcogadh a scaipeadh.

Fuair Konstantin Knyrik an bonn “as an gCrimé a thabhairt ar ais”.

Dá bhrí sin, thacaigh sé go gníomhach le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme.

23.2.2022

233.

Pyotr Olegovych TOLSTOY

(ar a dtugtar freisin Petr Olegovich TOLSTOY; Pyotr Olegovich TOLSTOY)

(Пётр Олегович ТОЛСТОЙ)

Dáta breithe: 20.6.1969

Áit bhreithe: Moscó, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Iriseoir, léiritheoir, láithreoir agus polaiteoir Rúiseach; Leas-Spéicéir an Dúma Stáit ó 2016 i leith; Leas-Chathaoirleach ar Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa agus ceann thoscaireacht na Rúise i dTionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa go dtí an 25 Feabhra 2022

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is comhalta den Dúma Stáit agus Leas-Spéicéir den Dúma Stáit é Pyotr Tolstoy agus ba é ceann thoscaireacht na Rúise i dTionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa (PACE) go dtí an 25 Feabhra 2022. Chuir sé an clár teilifíse “Vremya Pokazhet” i láthair freisin. Duine lárnach sa bholscaireacht rialtais, is minic a ghlacann sé seasamh i bhfabhar ionghabháil na Crimé. Tacaíonn sé go poiblí le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as a bheith ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

23.2.2022

644.

Dmitry Anatolyevich MEDVEDEV

(Дмитрий Анатольевич МЕДВЕДЕВ)

Dáta breithe: 14.9.1965

Áit bhreithe: Leningrad, APSS roimhe seo (Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

Leas-Chathaoirleach ar an gComhairle Náisiúnta Slándála. Mar chomhalta de Chomhairle Slándála Chónaidhm na Rúise, thacaigh sé leis an Rúis nuair a thug sí aitheantas láithreach don dá phoblacht fhéinfhógartha.

25.2.2022

645.

Mikhail Vladimirovich MISHUSTIN

(Михаил Владимирович МИШУСТИН)

Dáta breithe: 3.5.1966

Áit bhreithe: Lobnya, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

Príomh-Aire Chónaidhm na Rúise. Mar chomhalta de Chomhairle Slándála Chónaidhm na Rúise, thacaigh sé leis an Rúis nuair a thug sí aitheantas láithreach don dá phoblacht fhéinfhógartha.

25.2.2022

646.

Vladimir Alexandrovich KOLOKOLTSEV

(Владимир Александрович КОЛОКОЛЬЦЕВ)

Dáta breithe: 11.5.1961

Áit bhreithe: Nizhny Lomov, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

Aire Gnóthaí Baile Chónaidhm na Rúise. Mar chomhalta de Chomhairle Slándála Chónaidhm na Rúise, thacaigh sé leis an Rúis nuair a thug sí aitheantas láithreach don dá phoblacht fhéinfhógartha.

25.2.2022

647.

Sergei Borisovich IVANOV

(Сергей Борисович ИВАНОВ)

Dáta breithe: 31.1.1953

Áit bhreithe: Leningrad, APSS roimhe seo (Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

Ionadaí Speisialta Uachtarán Chónaidhm na Rúise ar cheisteanna a bhaineann le Gníomhaíochtaí Comhshaoil, Éiceolaíocht agus Iompar. Mar chomhalta de Chomhairle Slándála Chónaidhm na Rúise, thacaigh sé leis an Rúis nuair a thug sí aitheantas láithreach don dá phoblacht fhéinfhógartha.

25.2.2022

648.

Igor Olegovich SHCHYOGOLEV

(Игорь Олегович ЩЁГОЛЕВ)

Dáta breithe: 10.11.1965

Áit bhreithe: Vinnytsia, APSS roimhe seo (an Úcráin anois)

Inscne: fireann

Ionadaí Uachtarán Chónaidhm na Rúise sa Lár-Cheantar Cónaidhme, Comhairleoir Stáit Iomláin Chónaidhm na Rúise. Mar chomhalta de Chomhairle Slándála Chónaidhm na Rúise, thacaigh sé leis an Rúis nuair a thug sí aitheantas láithreach don dá phoblacht fhéinfhógartha.

25.2.2022

652.

Aleksandr Nikolayevich PASHKEVICH

(Александр Николаевич ПАШКЕВИЧ)

Dáta breithe: 14.7.1977

Feidhm: Ceann Foirne ar aonad míleata 65408/aerpháirc Luninets

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Inscne: fireann

Is é Aleksandr Pashkevich Ceann Foirne aonad Bealarúiseach 65408/aerpháirc Luninets. Sa cháil sin, ghlac sé páirt i dtóstal míleata na Rúise ag aerpháirc Luninets, a bhí ina chuid den ullmhúcháin don fhogha míleata a rinneadh an 24 Feabhra 2022 agus ar éascaíodh an fogha sin leis. Is comhalta d’arm na Bealarúise é, a thug tacaíocht do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus tacaíonn sé go gníomhach leis na gníomhaíochtaí sin.

25.2.2022

653.

Andrei Yulyanovich LUKYANOVICH

(Андрей Юльянович ЛУКЬЯНОВИЧ)

Dáta breithe: 29.9.1970

Feidhm: píolóta míleata, Maor-Ghinearál, Ceannasaí Aerfhórsa agus na bhFórsaí Aerchosanta – Príomhoifigeach Eitlíochta na Bealarúise, Ceannasaí aonad míleata 06752/ aerpháirc Machulishchi

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Inscne: fireann

Is píolóta míleata é an Maor-Ghinearál Andrei Lukyanovich, Ceannasaí Aerfhórsa agus Fhórsaí Aerchosanta na Bealarúise/Príomhoifigeach Eitlíochta na Bealarúise, Ceannasaí aonad míleata 06752/aerpháirc Machulishchi. Sa cháil sin, ghlac sé páirt i bhfreachnaimh mhíleata chomhpháirteacha na Rúise agus na Bealarúise roimh an tóstal míleata ag teorainn na hÚcráine a réitigh an fogha míleata a tugadh faoin Úcráin an 24 Feabhra 2022. Is comhalta d’arm na Bealarúise é, a thug tacaíocht do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus tacaíonn sé go gníomhach leis na gníomhaíochtaí sin.

25.2.2022

654.

Aleksandr Sergeyevich KRIVETS

(Александр Сергеевич КРИВЕЦ)

Dáta breithe: 7.7.1974

Feidhm: Ceannasaí an 116th Guards Assault Aviation Radomskaya Red Banner Base/aerpháirc Lida

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Inscne: fireann

Is é Aleksandr Krivets Ceannasaí an 116th Guards Assault Aviation Radomskaya Red Banner Base de chuid na Bealarúise/aerpháirc Lida. Is comhalta d'arm na Bealarúise é, a thug tacaíocht don fhogha míleata a thug an Rúis. Sa cháil sin, ghlac sé páirt i dtóstal míleata na Rúise ag aerpháirc Lida sular thug an Rúis an fogha míleata an 24 Feabhra 2022.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus tacaíonn sé go gníomhach leis na gníomhaíochtaí sin.

25.2.2022

655.

Yuri Nikolayevich PYZHIK

(Юрий Николаевич ПЫЖИК)

Dáta breithe: 2.3.1970

Áit bhreithe: Novoye Selo, APSS roimhe seo (an Bhealarúis anois)

Feidhm: píolóta míleata, Coirnéal, Ceannasaí aonaid mhíleata 54804, Ceannasaí an 61st Fighter Air Base/aerpháirc Baranovichi

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Inscne: fireann

Is píolóta míleata é an Coirnéal Yuri Pyzhik agus is é Ceannasaí an 61st Fighter Air Base de chuid na Bealarúise/aerpháirc Baranovichi. Is comhalta d'arm na Bealarúise é, a thug tacaíocht don fhogha míleata a thug an Rúis faoin Úcráin. Sa cháil sin, ghlac sé páirt i bhfreachnaimh mhíleata chomhpháirteacha na Rúise agus na Bealarúise roimh an tóstal míleata ag teorainn na hÚcráine a réitigh an fogha míleata a thug an Rúis an 24 Feabhra 2022.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus tacaíonn sé go gníomhach leis na gníomhaíochtaí sin.

25.2.2022

656.

Vladimir Nikolaevich KUPRIYANYUK

(Владимир Николаевич КУПРИЯНЮК)

Dáta breithe: 11.7.1972

Áit bhreithe: baile Kamenyuki, ceantar Kamenetsky, réigiún Brest, APSS roimhe seo (an Bhealarúis anois)

Feidhm: Ceann Phríomh-Stiúrthóireachta na Faisnéise – Leas-Cheann Foirne Ghinearálta na bhFórsaí Armtha; iarLeas-Cheannasaí Cheannasaíocht Oibríochta an Iarthair sa Bhealarúis

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Inscne: fireann

Is é Vladimir Kupriyanyuk Ceann Phríomh-Stiúrthóireacht na Faisnéise – Leas-Cheann Foirne Ghinearálta na bhFórsaí Armtha agus is é an Chéad Leas-Cheannasaí ar Cheannasaíocht Oibríochta an Iarthair sa Bhealarúis é. Is comhalta d’arm na Bealarúise é, a thug tacaíocht do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Sa phost sin, tá sé freagrach as rannpháirtíocht na dtrúpaí atá faoina cheannas i bhfreachnaimh mhíleata chomhpháirteacha na Bealarúise agus na Rúise roimh an tóstal míleata ag teorainn na hÚcráine lenar réitíodh agus lenar éascaíodh an fogha míleata a tugadh faoin Úcráin an 24 Feabhra 2022.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus tacaíonn sé go gníomhach leis na gníomhaíochtaí sin.

25.2.2022

657.

Andrei Konstantinovich NEKRASHEVICH

(Андрей Константинович НЕКРАШЕВИЧ)

Dáta breithe: 1.1.1968

Áit bhreithe: Réigiún Gomel, APSS roimhe seo (an Bhealarúis anois)

Feidhm: iarCheannaire ar Phríomh-Stiúrthóireacht Traenála Comhraic na bhFórsaí Armtha; Cathaoirleach Lár-Chomhairle Chumann Deonach Cúnaimh don Arm, don Aerfhórsa agus don Chabhlach (DOSAAF) de Phoblacht na Bealarúise

Grád: Maor-Ghinearál (cúltaca)

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Inscne: fireann

Bhí Andrei Konstantinovich Nekrashevich ina cheannaire ar Phríomh-Stiúrthóireacht Traenála Comhraic na bhFórsaí Armtha i bPoblacht na Bealarúise go dtí an 21 Nollaig 2022. Ó mhí Dheireadh Fómhair 2023 tá sé ina Chathaoirleach ar Lár-Chomhairle an chumainn stáit-poiblí phoblachtaigh, an Cumann Deonach Cúnaimh don Arm, don Aerfhórsa agus don Chabhlach (DOSAAF) de Phoblacht na Bealarúise. Ba chomhalta d‘arm na Bealarúise é, a thug tacaíocht don fhogha míleata a thug an Rúis faoin Úcráin an 24 Feabhra 2022. Sa phost sin, bhí sé freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar thraenáil comhraic chomhpháirteach Fhórsaí Armtha na Bealarúise agus fórsaí armtha stát eachtrach. Mhol sé go poiblí freachnaimh mhíleata chomhpháirteacha na Bealarúise agus na Rúise, lenar réitíodh agus lenar éascaíodh an fogha míleata a tugadh faoin Úcráin an 24 Feabhra 2022.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus tacaíonn sé go gníomhach leis na gníomhaíochtaí sin.

25.2.2022

659.

Aleksandr Grigoryevich VOLFOVICH

(Александр Григорьевич ВОЛЬФОВИЧ)

Dáta breithe: 28.6.1967

Áit bhreithe: Kazan, APSS roimhe seo (dá ngairtear Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Státrúnaí na Comhairle Slándála

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Inscne: fireann

Is é Aleksandr Grigoryevich Volfovich Státrúnaí na Comhairle Slándála i bPoblacht na Bealarúise, agus de réir foinsí míleata áitiúla tá maoirseacht á déanamh aige ar an bhfreachnamh míleata “Allied Resolve 2022”, lenar réitíodh agus lenar éascaíodh an fogha míleata a thug an Rúis faoin Úcráin an 24 Feabhra 2022.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus tacaíonn sé go gníomhach leis na gníomhaíochtaí sin.

25.2.2022

660.

Andrey Vladimirovich ZHUK

(Андрей Владимирович ЖУК)

Dáta breithe: 6.8.1969

Áit bhreithe: Gorki, APSS roimhe seo (an Bhealarúis anois)

Feidhm: Leas-Aire Cosanta na Bealarúise, an Maorghinearál

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Inscne: fireann

Is é Andrey Zhuk Leas-Aire Cosanta Phoblacht na Bealarúise. Sa cháil sin, ghlac sé páirt i bhfreachnaimh mhíleata chomhpháirteacha na Rúise agus na Bealarúise roimh an tóstal míleata ag teorainn na hÚcráine lenar réitíodh agus lenar éascaíodh an fogha míleata a thug an Rúis an 24 Feabhra 2022.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus tacaíonn sé go gníomhach leis na gníomhaíochtaí sin.

25.2.2022

673.

Alisher Burkhanovich USMANOV

(Rúisis: Алишер Бурханович УСМАНОВ)

(Úisbéiceastáinis: Alisher Burkhanovich USMONOV)

Dáta breithe: 9.9.1953

Áit bhreithe: Chust, APSS roimhe seo (an Úisbéiceastáin anois)

Pas: Pas Rúiseach uimh. 55 0314316, bailí ón 6.12.2019 go dtí an 6.12.2029

Feidhm: mórphearsa ghnó Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Alisher Usmanov ar dhuine de na príomhphearsana gnó a bhfuil leasanna aige i gcuideachtaí amhiarainn agus cruach, na meán, teileachumarsáide agus idirlín. Is le Usmanov an sciar is mó ina ghabháltas USM, ilchuideachta dhomhanda miotal agus mianadóireachta, teileachumarsáide agus cuideachtaí teicneolaíochta lena n-áirítear Metalloinvest, Udokan Copper, Akkerman Cement, MegaFon agus sócmhainní eile. Tá sócmhainní i bpríomhearnálacha gheilleagar na Rúise faoi úinéireacht agus faoi rialú Usmanov, go díreach nó trí USM. Is é an gabháltas is mó atá aige an mhórchuideachta cruach Metalloinvest, atá, mar aon le cuideachtaí eile, ag feidhmiú san earnáil mianraí, ag soláthar foinse shuntasach ioncaim do Rialtas na Rúise. Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

Tá dlúthnaisc ag Alisher Usmanov le hUachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin. Tagraíodh dó mar cheann de na mórphearsana gnó is ansa le Vladimir Putin. Meastar go bhfuil sé ar dhuine d’oifigigh ghnó na Rúise, ar cuireadh de chúram orthu freastal ar shreabha airgeadais ach is ar thoil an Uachtaráin a bhraitheann a bpoist. Deirtear gur ghníomhaigh Usmanov thar ceann Uachtarán Chónaidhm na Rúise i roinnt socruithe gnó a bhfuil tábhacht pholaitiúil agus straitéiseach ag baint leo. Tá dlúthbhaint aige freisin le Dmitry Medvedev, Leas-Chathaoirleach Chomhairle Slándála Chónaidhm na Rúise agus iarUachtarán agus iarPhríomh-Aire na Rúise, a bhain tairbhe as úsáid phearsanta tithe cónaithe sómasacha faoi rialú Usmanov.

Dá bhrí sin, thacaigh sé go gníomhach, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, agus bhain sé tairbhe as cinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé nó as díchobhsú na hÚcráine.

Ina theannta sin is é Usmanov úinéir eisiach an nuachtáin laethúil gnó Kommersant. Nuair a ghlac sé ceannas ar “Kommersant”, nuachtán laethúil gnó, cuireadh srian ar shaoirse na foirne eagarthóireachta agus ghlac an nuachtán seasamh follasach ar son na Creimile. D’fhoilsigh Kommersant, faoi úinéireacht Usmanov, alt bolscaireachta frith-Úcráine le Dmitry Medvedev, inar áitigh iarUachtarán na Rúise nach raibh aon chiall le páirt a ghlacadh i gcainteanna le húdaráis reatha na hÚcráine, a bhí, dar leis, faoi rialú díreach coigríche.

Dá bhrí sin, thacaigh sé go gníomhach le beartais rialtas na Rúise maidir le díchobhsú na hÚcráine.

28.2.2022

674.

Petr Olegovich AVEN

(Пëтр Олегович АВЕН)

Dáta breithe: 16.3.1955

Áit bhreithe: Moscó, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: mórphearsa gnó a bhfuil dlúthcheangal aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin; duine de phríomh-scairshealbhóirí Alfa Group

Inscne: fireann

Daoine aonair comhlachaithe: Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin; Mikhail Fridman; German Borisovich Khan; Alexey Kuzmichev

Eintitis chomhlachaithe: JSC Voentorg

Is fear gnó Rúiseach é Petr Aven a bhfuil dlúthnaisc aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin, ag dul siar go luath sna 1990í. Tá scairsheilbh shuntasach aige in ABH Holding, ar a n-áirítear banc mór de chuid na Rúise, Alfa Bank. D‘fhéadfaí aistriú a scaireanna in A1, atá mar chuid den Alfa Group, a mheas mar aistriú samhailteach. Is scairshealbhóir é freisin sa ghnólacht infheistíochta, LetterOne.

Is duine amháin é as measc 50 duine saibhir gnó ón Rúis a bhuaileann go rialta le hUachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin, sa Chreimil. Ghlac sé treoracha ó Uachtarán na Rúise agus chuir sé a chlár oibre beartais eachtraigh chun feidhme. Bhí Petr Aven agus a chomhpháirtí gnó Mikhail Fridman i mbun iarrachtaí na Creimile deireadh a chur le smachtbhannaí an Iarthair a eisíodh chun beartas foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chomhrac.

An 24 Feabhra 2022, tar éis na gcéimeanna tosaigh de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, bhuail Petr Aven, mar aon le 36 dhuine gnó eile leis an Uachtarán Vladimir Putin agus comhaltaí eile de rialtas na Rúise chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh tar éis smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo, léirítear go bhfuil sé an-ghar do Vladimir Putin. Léiríonn an cuireadh speisialta seo go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin.

Bhain Aven tairbhe as a naisc rialtais. Rinne sé garanna d’Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin mar chúiteamh ar thacaíocht pholaitiúil dá ghnó agus ar mhaithe le gnóthachain airgeadais.

Thug Vladimir Putin luach saothair do Alfa Group Consortium as a dhílseacht d’údaráis na Rúise trí chabhair pholaitiúil a thabhairt do phleananna infheistíochta eachtracha Alfa Group Consortium.

Soláthraíonn an chuideachta árachais AlfaStrakhovanie, fochuideachta den Alfa Group Consortium, árachas d’fheithiclí Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia), a n-oibríonn a n-aonaid sna réigiúin atá faoi fhorghabháil san Úcráin atá faoi rialú na Rúise, chomh maith le feithiclí a úsáideann gardaí cosanta Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Thairis sin, comhoibríonn X5 Retail Group, fochuideachta eile de Alfa Group Consortium, le JSC Voentorg, eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a sholáthraíonn seirbhísí lónadóireachta agus níocháin, chomh maith le héidí míleata d’fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise agus a ndíolann a bhfochuideachta t-léinte a bhfuil an tsiombail mhíleata “Z” orthu atá in úsáid ag lucht bolscaireachta na Rúise chun cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chur chun cinn.

Dá bhrí sin, tá sé ar dhuine de na príomhdhaoine gnó atá rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch a thugann foinse shuntasach ioncaim do rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Thacaigh sé go gníomhach, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, agus bhain sé tairbhe as cinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé nó as díchobhsú na hÚcráine. Thacaigh sé freisin le gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

28.2.2022

675.

Mikhail Maratovich FRIDMAN

(Михаил Маратович ФРИДМАН)

Dáta breithe: 21.4.1964

Áit bhreithe: Lviv, APSS roimhe seo (an Úcráin anois)

Inscne: fireann

Daoine aonair comhlachaithe: Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin; Petr Aven; German Borisovich Khan; Alexey Kuzmichev

Eintitis chomhlachaithe: JSC Voentorg

Is pearsa ghnó Rúiseach é Mikhail Fridman. Tá sé ar cheann de phríomh-scairshealbhóir ABH Holding, ar a n-áirítear banc mór de chuid na Rúise, Alfa Bank. D‘fhéadfaí aistriú a scaireanna in A1, atá mar chuid den Alfa Group, a mheas mar aistriú samhailteach.

Is scairshealbhóir é freisin sa ghnólacht infheistíochta, LetterOne.

D’éirigh leis naisc láidir a chothú le rialtas Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin, agus tagraíodh dó mar dhuine den ha hairgeadaithe is mó sa Rúis agus mar áisitheoir dhlúthchiorcal Putin. D’éirigh leis sócmhainní stáit a fháil trí naisc rialtais. Rinne sé garanna d’Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin mar chúiteamh ar thacaíocht pholaitiúil dá ghnó agus ar mhaithe le gnóthachain airgeadais. Thug Vladimir Putin luach saothair do dhílseacht Alfa Group Consortium d’údaráis na Rúise trí chabhair pholaitiúil a thabhairt do phleananna infheistíochta coigríche Alfa Group Consortium.

Soláthraíonn an chuideachta árachais AlfaStrakhovanie, fochuideachta den Alfa Group Consortium, árachas d’fheithiclí Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia), a n-oibríonn a n-aonaid sna réigiúin atá faoi fhorghabháil san Úcráin atá faoi rialú na Rúise, chomh maith le feithiclí a úsáideann gardaí cosanta Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Thairis sin, comhoibríonn X5 Retail Group, fochuideachta eile de Alfa Group Consortium, le JSC Voentorg, eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a sholáthraíonn seirbhísí lónadóireachta agus níocháin, chomh maith le héidí míleata d’fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise agus a ndíolann a bhfochuideachta t-léinte a bhfuil an tsiombail mhíleata “Z” orthu atá in úsáid ag lucht bolscaireachta na Rúise chun cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chur chun cinn. Bhí Fridman agus a chomhpháirtí gnó Petr Aven ag gabháil d’iarrachtaí na Creimile deireadh a chur le smachtbhannaí an Iarthair a eisíodh chun dul i ngleic le beartas ionsaitheach na Rúise ar an Úcráin.

Tá scairsheilbh shuntasach ag Fridman in Rosvodokanal , ar cuideachta eile é de chuid Alfa Group agus ceann de na príomhoibreoirí príobháideacha fóntas uisce sa Rúis é Fridman freisin.

Dá bhrí sin, is príomhphearsa ghnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Thacaigh sé go gníomhach, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, agus bhain sé tairbhe as cinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé nó as díchobhsú na hÚcráine. Thacaigh sé freisin le gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

28.2.2022

684.

Alexander PONOMARENKO

(Алексaндр Анатольевич ПОНОМАРEНКО)

Dáta breithe: 27.10.1964

Áit bhreithe: Bilohirsk, PSS na hÚcráine roimhe seo (Úcráin anois)

Feidhm: Olagarc Rúiseach, Cathaoirleach Bhord Aerfort Idirnáisiúnta Sheremetyevo

Inscne: fireann

Olagarc Rúiseach é Alexander Ponomarenko agus is iarChathaoirleach Bhord Aerfort Idirnáisiúnta Sheremetyevo é, a bhfuil naisc aige leis i gcónaí mar scairshealbhóir dá chuid. Tá baint aige le maoiniú ionad an pháláis gar do Gelendzhik, a úsáideann an tUachtarán Putin go pearsanta.

Dá bhrí sin, tacaíonn sé le cinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine agus baineann sé tairbhe astu.

28.2.2022

690.

Sergei Mikhailovich PINCHUK

(Сергей Михайлович ПИНЧУК)

Dáta breithe: 26.7.1971

Áit bhreithe: Sevastopol, PSS na hÚcráine roimhe seo (Úcráin anois)

Feidhm: Leas-Aimiréal, Ardcheannasaí ar Chabhlach na Mara Duibhe

Inscne: fireann

Is Leas-Aimiréal agus Ard-Cheannasaí ar Chabhlach na Mara Duibhe, atá faoi réir Dhúiche Mhíleata an Deiscirt de chuid Fhórsaí Armtha na Rúise, é Sergey Pinchuk, agus bhí baint aige le gníomhaíochtaí míleata i gcoinne na hÚcráine.

Ó lár mhí Dheireadh Fómhair 2021, chuir fórsaí míleata na Rúise tús le méadú míleata nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar theorainn na hÚcráine nó gar di agus laistigh de réigiún na Crimé atá faoi fhorghabháil san Úcráin. I ndáil leis sin, tá a lán breathnóirí agus lucht déanta beartas tar éis a n-imní a chur in iúl faoi ionradh nua nó gníomhaíochtaí foghacha eile a d’fhéadfadh an Rúis a dhéanamh ar an Úcráin. Ghlac fórsaí Chabhlach na Mara Duibhe páirt i ndruileanna míleata ar mórscála gar do theorainn na hÚcráine agus laistigh di.

Tar éis chinneadh Vladimir Putin aitheantas a thabhairt do “Daon-Phoblacht Donetsk” agus “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear díobh, chuaigh saighdiúirí Dhúiche Mhíleata an Deiscirt isteach i gcríoch an dá phoblacht fhéinfhógartha sin. Nuair a sheol an Rúis ionradh míleata iomlán ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022, rinne trúpaí de chuid na Rúise ó Chabhlach na Mara Duibhe oibríochtaí tuirlingthe in Mariupol agus Odessa.

Dá bhrí sin, tá Sergei Pinchuk freagrach as a bheith ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin.

28.2.2022

692.

Rustam Usmanovich MURADOV

(Рустам Усманович МУРАДОВ)

Dáta breithe: 21.3.1973

Áit bhreithe: Dagestan, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise)

Feidhm: Coirnéal-Ginearál, iarCheannasaí Dhúiche Mhíleata an Oirthir, iarLeas-Cheannasaí ar Dhúiche Míleata an Deiscirt

Inscne: fireann

Tá Rustam Muradov ina Choirnéal-Ginearál agus ina iarCheannasaí ar Dhúiche Mhíleata an Oirthir. Ba leas-cheannasaí ar Dhúiche Mhíleata an Deiscirt é roimhe sin, a bhí páirteach i ngníomhaíochtaí míleata i gcoinne na hÚcráine. I mí Iúil 2022 ainmníodh é mar cheannasaí ar ghrúpa fórsaí na Rúise “Vostok” atá ag feidhmiú san Úcráin.

Le déanaí tá Dúiche Mhíleata an Deiscirt tar éis díriú go príomha ar an Úcráin. Mar gheall air sin, bunaíodh an 8ú Arm nua agus cuireadh le láithreacht an dúiche ar chríoch leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Ó lár mhí Dheireadh Fómhair 2021, chuir fórsaí míleata na Rúise tús le méadú míleata nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar theorainn na hÚcráine nó gar di agus laistigh de réigiún na Crimé atá faoi fhorghabháil san Úcráin. I ndáil leis sin, tá a lán breathnóirí agus lucht déanta beartas tar éis a n-imní a chur in iúl faoi ionradh nua nó gníomhaíochtaí foghacha eile a d’fhéadfadh an Rúis a dhéanamh ar an Úcráin. Rinne trúpaí ó Dhúiche Mhíleata an Deiscirt druileanna míleata i gceantair timpeall ar an Úcráin agus bhog siad grúpaí oirbheartaíochta airtléire agus cathláin isteach i leithinis na Crimé. Rinne Dúiche Mhíleata an Deiscirt maoirseacht freisin ar chleachtaí míleata fhórsaí armtha “poblachtaí” scarúnaíocha. Tar éis chinneadh Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin aitheantas a thabhairt do “Daon-Phoblacht Donetsk” agus “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear díobh, chuaigh saighdiúirí Dhúiche Mhíleata an Deiscirt isteach i gcríoch an dá phoblacht fhéinfhógartha sin. An 24 Feabhra 2022 sheol an Rúis ionradh míleata iomlán ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá Rustam Muradov freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin.

28.2.2022

695.

Alexey Alexandrovits MORDASCHOV

(Алексей Александрович МОРДАШОВ)

Dáta breithe: 26.9.1965

Áit bhreithe: Cherepovets, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Cathaoirleach Severstal agus Severgroup

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Comhlaigh: Yuriy Kovalchuk; Nikolay Shamalov

Is pearsa ghnó Rúiseach é Alexey Mordashov a bhfuil dlúthnaisc aige le Rialtas na Rúise. An 24 Feabhra 2022, tar éis na gcéimeanna tosaigh de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, bhuail Alexey Mordashov, mar aon le 36 phearsa ghnó eile, le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus comhaltaí eile de rialtas na Rúise chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh tar éis smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo, is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin. Ina theannta sin, bhí sé ar dhuine de mhórphearsana gnó na Rúise a ghlac páirt i gcomhdháil Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair i mí an Mhárta 2023, áit ar thug Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin óráid, óráid inar thathantaigh sé ar lucht an ollrachmais “an tírghrá a chur roimh an mbrabús”. Is é Alexey Mordashov an cathaoirleach agus an scairshealbhóir is mó ar an gcuideachta Severgroup, cuideachta infheistíochta príobháideach a n-oibríonn a fhochuideachta, Severstal, san earnáil cruach agus mianadóireachta agus a sholáthraíonn táirgí cruach speisialta don tionscal míleata, lena n-áirítear cruach treisithe.

Dá bhrí sin, is príomhphearsa ghnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus tá baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

Thairis sin, tacaíonn Alexey Mordashov le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

28.2.2022

701.

Ivan Josephovich BOGUSLAVSKY

(Rúisis: Иван Иосифович БОГУСЛАВСКИЙ;

Belarúisis: Iван Iосiфавiч БАГУСЛАЎСКI)

Dáta breithe: 4.8.1968

Áit bhreithe: Kalivaria, PSS na Bealarúise roimhe seo (an Bhealarúis anois)

Feidhm: Maor-Ghinearál ar scor, an Ceann ar Phríomhchigireacht Mhíleata na bhFórsaí Armtha in Aireacht Chosanta na Bealarúise, arna athshannadh do na fórsaí cúltaca

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Inscne: fireann

Tá Ivan Boguslavsky ina Cheann ar Phríomhchigireacht Mhíleata na bhFórsaí Armtha in Aireacht Chosanta na Bealarúise. Faoi láthair, tá sé á athshannadh do na fórsaí cúltaca.

Tá an Bhealarúis rannpháirteach san fhogha míleata faoin Úcráin atá ar bun ag an Rúis trí chead a thabhairt don Rúis diúracáin bhalaistíocha a scaoileadh ón mBealarúis isteach san Úcráin, trí iompar pearsanra míleata agus airm throma, tancanna agus iompróirí míleata de chuid na Rúise a chumasú sa Bhealarúis (iompar bóthair agus iarnróid) go dtí an Úcráin, trí chead a thabhairt d’aerárthaí míleata na Rúise eitilt os cionn aerspás na Bealarúise isteach san Úcráin, trí phointí athbhreoslaithe a chur ar fáil sa Bhealarúis d’aerárthaí míleata na Rúise atá i mbun gníomhaíochtaí i gcoinne na hÚcráine, agus trí airm agus trealamh míleata de chuid na Rúise a stóráil sa Bhealarúis.

Mar chomhalta ardchéime d’fhórsaí armtha na Bealarúise, bhí Ivan Boguslavsky rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Bealarúise atá ag tacú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

2.3.2022

703.

Anatoly Anatolyevich BULAVKO

(Rúisis: Анатолий Анатольевич БУЛАВКО;

Bealarúisis: Анатоль Анатольевiч БУЛАЎКА)

Áit bhreithe: Kalinkovichi, PSS na Bealarúise roimhe seo (an Bhealarúis anois)

Feidhm: comhalta i dTeach na nIonadaithe de chuid Thionól Náisiúnta na Bealarúise; Coirnéal; iar-leascheannasaí um obair idé-eolaíoch agus ceannaire um obair idé-eolaíoch de chuid Aerfhórsa agus Fórsaí Aerchosanta na Bealarúise

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Inscne: fireann

Is comhalta é Anatoliy Bulavko i dTeach na nIonadaithe de chuid Thionól Náisiúnta na Bealarúise. Is iar-leascheannasaí um obair idé-eolaíoch agus ceannaire um obair idé-eolaíoch de chuid Aerfhórsa agus Fórsaí Aerchosanta na Bealarúise é.

Tá an Bhealarúis rannpháirteach san fhogha míleata faoin Úcráin atá ar bun ag an Rúis trí chead a thabhairt don Rúis diúracáin bhalaistíocha a scaoileadh ón mBealarúis isteach san Úcráin, trí iompar pearsanra míleata agus airm throma, tancanna agus iompróirí míleata de chuid na Rúise a chumasú sa Bhealarúis (iompar bóthair agus iarnróid) go dtí an Úcráin, trí chead a thabhairt d’aerárthaí míleata na Rúise eitilt os cionn aerspás na Bealarúise isteach san Úcráin, trí phointí athbhreoslaithe a chur ar fáil sa Bhealarúis d’aerárthaí míleata na Rúise atá i mbun gníomhaíochtaí i gcoinne na hÚcráine, agus trí airm agus trealamh míleata de chuid na Rúise a stóráil sa Bhealarúis.

Mar chomhalta ardchéime d’fhórsaí armtha na Bealarúise, tá Anatoly Bulavko rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Bealarúise atá ag tacú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

2.3.2022

708.

Vitaly Fridrikhovich KILCHEVSKY

(Rúisis: Виталий Фридрихович КИЛЬЧЕВСКИЙ)

Dáta breithe: 31.10.1978

Áit bhreithe: sráidbhaile Patashnya, PSS na Bealarúise roimhe seo (an Bhealarúis anois)

Feidhm: Ceannaire ar Stiúrthóireacht na bhFeithiclí Armúrtha san Aireachta Cosanta, iarLeas-Cheannasaí Armálacha agus iarCheann Armálacha, Coirnéal

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Inscne: fireann

Is é Vitaly Fridrikhovich Kilchevsky Ceann Stiúrthóireachta na bhFeithiclí Armúrtha san Aireachta Cosanta. Bhí sé ina Leas-Cheannasaí Armálacha agus ina iarCheann le haghaidh Armálacha na Bealarúise roimhe seo.

Tá an Bhealarúis rannpháirteach san fhogha míleata faoin Úcráin atá ar bun ag an Rúis trí chead a thabhairt don Rúis diúracáin bhalaistíocha a scaoileadh ón mBealarúis isteach san Úcráin, trí iompar pearsanra míleata agus airm throma, tancanna agus iompróirí míleata de chuid na Rúise a chumasú sa Bhealarúis (iompar bóthair agus iarnróid) go dtí an Úcráin, trí chead a thabhairt d’aerárthaí míleata na Rúise eitilt os cionn aerspás na Bealarúise isteach san Úcráin, trí phointí athbhreoslaithe a chur ar fáil sa Bhealarúis d’aerárthaí míleata na Rúise atá i mbun gníomhaíochtaí i gcoinne na hÚcráine, agus trí airm agus trealamh míleata de chuid na Rúise a stóráil sa Bhealarúis.

Mar chomhalta ardchéime d’fhórsaí armtha na Bealarúise, tá Vitaly Fridrikhovich Kilchevsky rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Bealarúise atá ag tacú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

2.3.2022

712.

Vladimir Vladimirovich KULAZHIN

(Rúisis: Владимир Владимирович КУЛАЖИН)

Feidhm: Leas-Cheannasaí (ar scor) ar Thrúpaí Cheannasaíocht Oibríochta Iar-Thuaisceart na Bealarúise, Maor-Ghinearál, arna athshannadh do na fórsaí cúltaca

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Inscne: fireann

Tá Vladimir Vladimirovich Kulazhin ina Leas-Cheannasaí ar Thrúpaí Cheannasaíocht Oibríochta Iar-Thuaisceart na Bealarúise. Faoi láthair, tá sé á athshannadh do na fórsaí cúltaca.

Tá an Bhealarúis rannpháirteach san fhogha míleata faoin Úcráin atá ar bun ag an Rúis trí chead a thabhairt don Rúis diúracáin bhalaistíocha a scaoileadh ón mBealarúis isteach san Úcráin, trí iompar pearsanra míleata agus airm throma, tancanna agus iompróirí míleata de chuid na Rúise a chumasú sa Bhealarúis (iompar bóthair agus iarnróid) go dtí an Úcráin, trí chead a thabhairt d’aerárthaí míleata na Rúise eitilt os cionn aerspás na Bealarúise isteach san Úcráin, trí phointí athbhreoslaithe a chur ar fáil sa Bhealarúis d’aerárthaí míleata na Rúise atá i mbun gníomhaíochtaí i gcoinne na hÚcráine, agus trí airm agus trealamh míleata de chuid na Rúise a stóráil sa Bhealarúis.

Mar chomhalta ardchéime d’fhórsaí armtha na Bealarúise, tá Vladimir Vladimirovich Kulazhin rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Bealarúise atá ag tacú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

2.3.2022

 (*2)

 (*2)

 (*2)

 (*2)

 (*2)

720.

Alexander Semenovich VINOKUROV

(Александр Семёнович ВИНОКУРОВ)

Dáta breithe: 12.10.1982

Áit bhreithe: Moscó, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: duine gnó, Comhpháirtí Bainistíochta agus Uachtarán Ghrúpa Maraton; iarChomhalta Bhord Stiúrthóirí Magnit

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is duine de lucht gnó na Rúise é Alexander Vinokurov a bhfuil leasanna aige sa mhiondíol bia, sa chógaisíochta, sa talmhaíocht agus sa bhonneagar. Tá post ceannaireachta aige in Maraton Group, ar cuideachta infheistíochta é. Tríd an gcuideachta sin, tá cuid shuntasach de chaipiteal Magnit ina sheilbh aige, arb é an miondíoltóir bia is mó é sa Rúis agus atá gníomhach freisin i ndíol táirgí cógaisíochta. Go dtí Lúnasa 2023 bhí scaireanna aige freisin in Demetra Holding, atá ar cheann de na cuideachtaí trádála gráin is mó sa Rúis atá gníomhach san onnmhairiú gráin, agus is í an Rúis an t-onnmhaireoir cruithneachta is mó ar domhan. Tá sé pósta ar Ekaterina Vinokurova, iníon Sergey Lavrov, Aire Gnóthaí Eachtracha Chónaidhm na Rúise. Is é Semen Vinokurov a athair, a bhfuil cáil air mar gheall ar a ghníomhaíocht i dtionscal cógaisíochta na Rúise.

Tá dlúthbhaint ag Alexander Vinokurov, dá bhrí sin, le Rialtas Chónaidhm na Rúise agus is mórphearsa ghnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis chomh maith le fear gnó a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim don rialtas sin, atá freagrach as an gCrimé a ionghabháil agus as an Úcráin a dhíchobhsú.

An 24 Feabhra 2022, tar éis na gcéimeanna tosaigh de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, bhuail Alexander Vinokurov, mar aon le 36 phearsa ghnó eile, le hUachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin, agus comhaltaí eile de rialtas na Rúise chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh tar éis smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó ag cur gníomhaíochtaí nó beartais chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, mar aon leis an gcobhsaíocht agus leis an slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin. Léiríonn sé sin freisin gur príomhphearsa ghnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Comhthacaítear leis sin a thuilleadh de bharr an dhlúthcheangail phearsanta atá ag Alexander Vinokurov leis an Aire Gnóthaí Eachtracha Sergey Lavrov atá freagrach as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus as beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas an stáit sin nó ar bagairt iad na beartais sin ar an méid sin.

9.3.2022

721.

Andrey Igorevich MELNICHENKO

(Андрей Игоревич МЕЛЬНИЧЕНКО)

Dáta breithe: 8.3.1972

Áit bhreithe: Gomel, APSS roimhe seo (an Bhealarúis anois)

Feidhm: iarstiúrthóir neamhfheidhmiúcháin JSC SUEK, iarchomhalta de Bhord EuroChem Group

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is tionsclaí Rúiseach é Andrey Melnichenko a rialaíonn fós an mórtháirgeoir leasacháin EuroChem Group agus an chuideachta ghuail SUEK. Ón 9 Márta 2022, d’aistrigh Melnichenko a chuid leasanna in SUEK agus Eurochem Group chuig a chéile, Aleksandra Melnichenko. Leanann sé de bheith ag baint tairbhe as an saibhreas a d’aistrigh sé chuig a bhean chéile. In 2024, tá sé ar na fir ghnó is saibhre sa Rúis.

Baineann Andrey Melnichenko leis an gciorcal is mó tionchar de lucht gnó na Rúise a bhfuil dlúthnaisc acu le rialtas na Rúise, mar is léir ón mbaint atá aige le comhdháil Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair, áit a bhfuil sé ina chomhalta de Bhiúró an Bhoird agus ina chathaoirleach ar an gCoiste um Polasaí Aeráide agus Rialáil Carbóin. An 24 Feabhra 2022, tar éis na gcéimeanna tosaigh de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, bhuail Andrey Melnichenko, mar aon le 36 phearsa ghnó eile, le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus le comhaltaí eile de rialtas na Rúise chun plé a dhéanamh ar thionchar na gníomhaíochta a rinneadh i ndiaidh don Iarthar smachtbhannaí a fhorchur, rud a léirigh a thábhacht mar phríomhphearsa gnó sa Rúis. Ina theannta sin bhí sé ar na daoine gnó Rúiseacha a ghlac páirt i gcomhdháil Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair i mí an Mhárta 2023, áit ar thug Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin óráid inar iarr sé ar lucht an ollrachmais “an tírghrá a chur roimh an mbrabús”. I mí Aibreáin 2024, ghlac Melnichenko páirt freisin i gcomhdháil Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair, nuair a thug Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin, óráid inar phléigh sé an comhar idir stát na Rúise agus príomhchuideachtaí na tíre.

Léirítear leis sin freisin go bhfuil sé ar dhuine de na mórphearsana gnó a bhfuil baint acu le hearnálacha eacnamaíocha a chuireann foinse shuntasach ioncaim ar fáil do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as an gCrimé a ionghabháil agus as an Úcráin a dhíchobhsú.

9.3.2022

722.

Dmitry Alexandrovich PUMPYANSKY

(ar a dtugtar freisin Dmitry A. PUMPIANSKY)

(Дмитрий Алekcандрович ПУМПЯНСКИЙ)

Dáta breithe: 22.3.1964

Áit bhreithe: Ulan-Ude, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Uachtarán ar Aontas réigiúnach lucht tionscail agus fiontair Sverdlovsk; iarLeas-Uachtarán de Bhiúró Bhord Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair; Comhchathaoirleach ar an gCoiste um Beartas Tionsclaíoch agus Rialáil Theicniúil de chuid an Aontais sin

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Dmitry Pumpyansky ar dhuine de mhórphearsana gnó na Rúise a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis. Tá sé ina Chomhchathaoirleach ar an gCoiste um Beartas Tionsclaíoch agus Rialáil Theicniúil de chuid RSPP. Tá sé ina Uachtarán ar Aontas réigiúnach lucht tionscail agus fiontair Sverdlovsk.

Bhí poist shinsearacha aige i bhfiontair mhiotalóireachta mhóra de chuid na Rúise. iarChathaoirleach ar bhord stiúrthóirí TMK PAO, agus iarUachtarán agus comhalta boird Sinara Group é. Sa dá cháil sin, thacaigh sé le húdaráis Chónaidhm na Rúise agus fiontair atá faoi úinéireacht Stáit, iarnróid na Rúise, Gazprom, Rosneft san áireamh, agus bhain sé tairbhe as comhar leo. Dá bhrí sin, tá sé rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

Faoi láthair tá DRV Invest, ar JSC é agus a bhíonn i mbun infheistíochta, faoina úinéireacht agus faoina rialú.

An 24 Feabhra 2022, tar éis na gcéimeanna tosaigh de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, bhuail Dmitry Pumpyansky agus 36 dhuine gnó eile le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus comhaltaí eile de rialtas na Rúise chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh tar éis smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó ag cur gníomhaíochtaí nó beartais chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, mar aon leis an gcobhsaíocht agus leis an slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin.

Ina theannta sin, bronnadh Ord Fiúntais air don Athartha, céim IV, Ord na hOnóra. Bhí sé ar na daoine gnó Rúiseacha a ghlac páirt i gcomhdháil Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair i mí an Mhárta 2023, áit ar thug Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin óráid inar iarr sé ar lucht an ollrachmais “an tírghrá a chur roimh an mbrabús”.

Léiríonn sé sin freisin gur príomhphearsa ghnó é a oibríonn sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

9.3.2022

724.

Galina Evgenyevna PUMPYANSKAYA

(Галина Евгеньевна ПУМПЯНСКАЯ)

Dáta breithe: 10.2.1966

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Is í Galina Pumpyanskaya céile Dmitry Pumpyansky, mórphearsa ghnó Rúiseach agus Uachtarán Aontas réigiúnach Lucht Tionscail agus Fiontair Sverdlovsk (SOSPP).

Is iarchomhalta de Chomhairle an Chomhaltais Tráchtála agus Tionscail (CCI) Chónaidhm na Rúise, iarLeas-Uachtarán de Bhiúró Bhord Aontas na Rúise de Lucht Tionscail agus Fiontair (RSPP) agus Comhchathaoirleach ar an gCoiste um Beartas Tionsclaíoch agus Rialáil Theicniúil de chuid an Aontais sin é a fear chéile freisin. Is iarChathaoirleach ar bhord stiúrthóirí PJSC Pipe Metallurgic Company é freisin, agus is iarUachtarán agus iarchomhalta boird Sinara Group é. Tacaíonn an dá chuideachta le húdaráis Chónaidhm na Rúise agus fiontair atá faoi úinéireacht Stáit, iarnróid na Rúise, Gazprom agus Rosneft san áireamh, agus baineann siad tairbhe as comhar leo.

Dá bhrí sin, is garghaol Galina Pumpyanskaya a bhaineann tairbhe as a fear céile Dmitry Pumpyansky.

9.3.2022

731.

Dmitry Vladimirovich KONOV

(Дмитрий Владимирович КОНОВ)

Dáta breithe: 2.9.1970

Áit bhreithe: Moscó, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: iarChathaoirleach Bhord PJSC SIBUR Holding; comhalta de Bhord Maoirseachta Alrosa PAO agus den Choiste Pleanála Straitéise; comhalta d’Aontas na Rúise Fhiontair agus Eagraíochtaí an Choimpléasc Cheimicigh (Ruschemunion);

Tá Dmitry Konov ina iarChathaoirleach ar bhord bainistíochta PJSC SIBUR Holding, agus sa cháil sin rinne sé maoirseacht ar ghníomhaíochtaí na cuideachta. Is é SIBUR Holding an chuideachta peitriceimiceach chomhtháite is mó sa Rúis agus tá sé ar cheann de na cuideachtaí is mó fás sa tionscal peitriceimiceach domhanda. Is grúpa peitriceimiceach ar thús cadhnaíochta agus an táirgeoir peitriceimiceach is mó i margadh fuinnimh na Rúise é SIBUR. Tá tromlach geallta SIBUR faoi úinéireacht mórphearsana gnó ag a bhfuil dlúthchaidreamh le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin, eadhon Leonid Mikhelson agus Gennady Timchenko. Idir 2017 agus 2020, bhí Dmitry Konov i measc an 200 duine ba shaibhre sa Rúis.

Tá dlúthcheangal ag SIBUR Holding le rialtas na Rúise agus is foinse thábhachtach ioncaim é an t-ioncam a ghineann sé do rialtas na Rúise, dá bhrí sin. Tá Dmitry Konov infheistithe go pearsanta sa tionscadal Formula of Good Deeds, a thugann na tionscadail charthanacha agus pháirturraithe go léir de chuid SIBUR le chéile.

9.3.2022

 

 

d’oibrigh sé i Roinn an Státchiste de OAO NK YUKOS; bhí poist éagsúla aige le AKB Trust agus Investment Bank, lena n-áirítear Leas-Uachtarán – Ceannaire roinn na baincéireachta infheistíochta agus Stiúrthóir Bainistíochta de Roinn an Airgeadais Chorparáidigh; iarchomhalta é de bhord stiúrthóirí OAO Gazprom neftekhim Salavat agus OAO Gazprombank

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá naisc ag Dmitry Konov leis an tionscal ceimiceach ag eascairt as a bhallraíocht roimhe seo in Aontas na Rúise Fhiontair agus Eagraíochtaí an Choimpléasc Cheimicigh (Ruschemunion), eagraíocht atá ag comhoibriú le húdaráis na Rúise chun leasanna thionscal ceimiceach na Rúise a chosaint agus é a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos táirgiúla. Tá tionscal ceimiceach na Rúise faoi cheannas roinnt geallsealbhóirí a bhfuil dlúthcheangal acu leis an gCreimil.

Tá Dmitriy Konov ina chomhalta de Bhord Maoirseachta agus de Choiste Pleanála Straitéisí Alrosa. Is cuideachta faoi úinéireacht an stáit é Alrosa atá ag feidhmiú sa tionscal diamant agus téann a bhrabúis go díreach chuig an gCreimil. Trína róil in Alrosa, rannchuidíonn Dmitriy Konov le maoiniú ghníomhaíochtaí Rialtas na Rúise a bhaineann inter alia le díchobhsú na hÚcráine.

An 24 Feabhra 2022, d’fhreastail sé ar chruinniú mórphearsa gnó le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin sa Chreimil chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh i ndiaidh smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú sin, ba léir gur chomhalta é de dhlúthchiorcal na mórphearsa gnó a bhfuil dlúthchaidreamh acu le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Putin.

D’ainmnigh an tUachtarán Putin i mí Eanáir 2023 é mar chomhalta de bhord maoirseachta Fhondúireacht Eolaíochta na Rúise.

Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó Dmitriy Konov a oibríonn sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

 

852.

Oleg Polikarpovich TKACH

(Олег Поликарпович ТКАЧ)

Dáta breithe: 23.9.1967

Inscne: fireann

IarChomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le “Conarthaí Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Donetsk’ agus idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Luhansk’”. Tá sé ina stiúrthóir agus ina bhunaitheoir ar theach foilsitheoireachta OLMA. Tacaíonn Oleg Tkach, dá bhrí sin, le gníomhaíochtaí nó beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme.

9.3.2022

880.

German Borisovich KHAN

(Rúisis: Герман Борисович ХАН)

Dáta breithe: 24.10.1961

Áit bhreithe: Cív, APSS roimhe seo (an Úcráin anois)

Feidhm: mórphearsa ghnó a bhfuil dlúthcheangal aige le Vladimir Putin; duine de phríomh-scairshealbhóirí Alfa Group

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Daoine aonair comhlachaithe: Vladimir Putin, Mikhail Fridman, Petr Aven, Alexey Kuzmichev

Eintitis chomhlachaithe: Alfa Group, Alfa Bank

Is duine gnó Rúiseach é German Khan a bhfuil dlúthchaidreamh aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin, cosúil lena chomhpháirtithe gnó, Mikhail Fridman, Petr Aven agus Alexey Kuzmichev. I mí an Mhárta 2022, d’aistrigh sé a chuid scaireanna in ABH Holdings, a rialaíonn banc mór de chuid na Rúise, Alfa Bank, chuig a chomhpháirtí gnó fadtéarmach, Andrei Kosogov. Dhearbhaigh Banc Náisiúnta na hÚcráine go raibh an t-aistriú sin ar neamhní go hiomlán.

Ina theannta sin, d'fhéadfaí aistriú a scaireanna in A1, atá mar chuid de Alfa Group, a mheas mar aistriú samhailteach.

Bhí sé ina scairshealbhóir den ghnólacht infheistíochta LetterOne freisin.

Lean sé de shócmhainní Alfa Group atá bunaithe sa Rúis a bhainistiú. Creidtear gur duine de na daoine is mó tionchar sa Rúis é. Rinne sé garanna d’Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin mar chúiteamh ar thacaíocht pholaitiúil dá ghnó agus ar mhaithe le gnóthachain airgeadais. Thug Vladimir Putin cúiteamh do dhílseacht Alfa Group Consortium d’údaráis na Rúise trí chabhair pholaitiúil a thabhairt do phleananna infheistíochta coigríche Alfa Group Consortium. Thairis sin, bhí sé ar na daoine gnó Rúiseacha a ghlac páirt i gcomhdháil Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair i mí an Mhárta 2023, áit ar thug Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin óráid inar iarr sé ar lucht an ollrachmais “an tírghrá a chur roimh an mbrabús”.

Soláthraíonn an chuideachta árachais AlfaStrakhovanie, fochuideachta den Alfa Group Consortium, árachas d’fheithiclí Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia), a n-oibríonn a n-aonaid sna réigiúin atá faoi fhorghabháil san Úcráin atá faoi rialú na Rúise, chomh maith le feithiclí a úsáideann gardaí cosanta Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Thairis sin, comhoibríonn X5 Retail Group, fochuideachta eile de Alfa Group Consortium, le JSC Voentorg, eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a sholáthraíonn seirbhísí lónadóireachta agus níocháin, chomh maith le héidí míleata d’fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise agus a ndíolann a bhfochuideachta t-léinte a bhfuil an tsiombail mhíleata “Z” orthu atá in úsáid ag lucht bolscaireachta na Rúise chun cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chur chun cinn. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, le cinnteoirí na Rúise, an dream céanna a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé nó díchobhsú na hÚcráine, agus tairbhíonn sé de.

Tá scairsheilbh shuntasach ag Khan in Rosvodokanal , ar cuideachta eile é de chuid Alfa Group agus ceann de na príomhoibreoirí príobháideacha fóntas uisce sa Rúis é Fridman freisin.

Is duine mór gnó Rúiseach é chomh maith atá ag feidhmiú sa Rúis agus atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

15.3.2022

882.

Alexey Viktorovich KUZMICHEV

(ar a dtugtar freisin Alexey Viktorovich KUZMICHOV)

(Rúisis: Алексей Викторович КУЗЬМИЧЁВ)

Feidhm: mórphearsa ghnó; duine de phríomh-scairshealbhóirí Alfa Group.

Dáta breithe: 15.10.1962

Áit bhreithe: Kirov, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Daoine aonair comhlachaithe: Mikhail Fridman, Petr Aven, German Khan

Eintitis chomhlachaithe: Alfa Group, Alfa Bank

Is scairshealbhóir mór de Alfa Group consortium é Alexey Kuzmichev. Tá sé i measc na ndaoine is mó tionchar sa Rúis. Thug Vladimir Putin cúiteamh do dhílseacht Alfa Group d’údaráis na Rúise trí chabhair pholaitiúil a thabhairt do phleananna infheistíochta coigríche Alfa Group.

Soláthraíonn an chuideachta árachais AlfaStrakhovanie, fochuideachta den Alfa Group Consortium, árachas d’fheithiclí Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia), a n-oibríonn a n-aonaid sna réigiúin atá faoi fhorghabháil san Úcráin atá faoi rialú na Rúise, chomh maith le feithiclí a úsáideann gardaí cosanta Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin.

Chuir AlfaStrakhovanie árachas ar fáil do chuideachtaí amhail JSC Kalashnikov Concern agus Central Scientific – Research Institute for Precision Machine Engineering (TsNIITochMash), a bhfuil a n-airm á n úsáid go forleathan ag míleata na Rúise san Úcráin, lena n-áirítear le linn na n-ainghníomhartha in Bucha.

Thairis sin, comhoibríonn X5 Retail Group, fochuideachta eile de Alfa Group Consortium, le JSC Voentorg, eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a sholáthraíonn seirbhísí lónadóireachta agus níocháin, chomh maith le héidí míleata d’fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise agus a ndíolann a bhfochuideachta t-léinte a bhfuil an tsiombail mhíleata “Z” orthu atá in úsáid ag lucht bolscaireachta na Rúise chun cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chur chun cinn. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, le cinnteoirí na Rúise, an dream céanna a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé nó díchobhsú na hÚcráine, agus tairbhíonn sé de.

Tá scairsheilbh shuntasach ag Kuzmichev in Rosvodokanal freisin, ar cuideachta eile é de chuid Alfa Group agus ceann de na príomhoibreoirí príobháideacha fóntas uisce sa Rúis é Fridman freisin.

Is duine mór gnó Rúiseach é chomh maith atá ag feidhmiú sa Rúis agus atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

15.3.2022

893.

Vladimir Valerievich RASHEVSKY / Vladimir Valeryevich RASHEVSKIY

(Rúisis: Владимир Валерьевич РАШЕВСКИЙ)

Dáta breithe: 29.9.1973

Áit bhreithe: Moscó, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Iarphríomhoifigeach Feidhmiúcháin agus Stiúrthóir ag EuroChem Group AG; comhalta de bhord maoirseachta Chomhairle an Mhargaidh Comhlachais

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Vladimir Rashevsky ina chomhalta de bhord maoirseachta Chomhairle an Mhargaidh Comhlachais agus de bhord Aontas na Rúise de Lucht Tionscail agus Fiontair (RSPP), ina chathaoirleach ar Choiste RSPP um Beartas Cánach agus ar Choimisiún RSPP um Mianadóireacht, ina leaschathaoirleach ar an gCoiste um Beartas Aeráide agus um Rialáil Carbóin, agus ina cheann ar an gComhairle Comhordúcháin do Cheantar na Sibéire. Is é iar-phríomhoifigeach feidhmiúcháin agus Stiúrthóir EuroChem Group AG ceann de na táirgeoirí leasacháin mianraí is mó ar domhan. Roimhe seo (idir 2004 agus 2020), bhí sé ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar chuideachta guail JSC SUEK.

Coinníonn RSPP dlúthnaisc le réimeas na Rúise agus tá sé ag cur le forbairt eacnamaíoch stát na Rúise. Oibríonn sé i gcomhar le Rialtas Chónaidhm na Rúise maidir le beartas cánach. Mhol ceann RSPP, Alexander Shokhin, bearta do gheilleagar na Rúise chun déileáil le hiarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Thug RSPP cuireadh do Vladimir Putin teacht chuig a chomhdháil bhliantúil in 2023.

An 24 Feabhra 2022, d’fhreastail Rashevsky ar chruinniú olagarc sa Chreimil leis an Uachtarán Vladimir Putin chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh i ndiaidh smachtbhannaí an Iarthair.

Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus tá baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

Tacaíonn sé freisin, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus tacaíonn sé le gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

15.3.2022

896.

Viatcheslav Moshe KANTOR

(Вячеслав Моше Кантор)

(ar a dtugtar freisin Viatcheslav Vladimirovich KANTOR)

(ar a dtugtar freisin Вячеслав Владимирович Кантор)

Dáta breithe: 8.9.1953

Áit bhreithe: Moscó, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: úinéir tairbhiúil ar Acron Group, a thrádáiltear go poiblí, ar ceann de na táirgeoirí leasacháin is mó sa Rúis é

Náisiúntacht: Rúiseach, Iosraelach agus Briotanach

Inscne: fireann

Mórphearsa ghnó Rúiseach is ea Viatcheslav Kantor agus is úinéir tairbheach é den Acron Group, a liostaítear go poiblí, ar ceann de na táirgeoirí leasacháin is mó sa Rúis é. Tá dlúthcheangal aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. A bhuí leis an gceangal sin le hUachtarán na Rúise bhí sé in ann a mhaoin nach beag a choimeád. Is iomaí uair a dhearbhaigh sé go poiblí a thacaíocht d’Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin chomh maith lena chairdeas leis, agus tá dea-chaidreamh aige leis an gCreimil.

Dá bhrí sin, thairbhigh sé de chinnteoirí Rúiseacha a bhí freagrach as an ionghabháil neamhdhleathach a rinne Cónaidhm na Rúise ar Leithinis na Crimé nó as díchobhsú na hÚcráine. Tá sé ar dhuine de phríomhdhaoine gnó Rúiseacha chomh maith atá ag feidhmiú sa Rúis agus is duine gnó é a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha lena gcuirtear foinse shuntasach ioncaim ar fáil do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as an ionghabháil neamhdhleathach a rinne Cónaidhm na Rúise ar Leithinis na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

8.4.2022

908.

Kirill Nikolayevich SHAMALOV

(Кирилл Николаевич ШАМАЛОВ)

Dáta breithe: 22.3.1982

Áit bhreithe: Leningrad, APSS roimhe seo (Cathair Pheadair anois, Cónaidhm na Rúise)

Feidhm: Leas-Chathaoirleach bhord bainistíochta Sibur Holding PJSC; comhalta Chomhairle Phoiblí Rossotrudnichestvo (an Ghníomhaireacht Chónaidhme um Chomhlathas na Stát Neamhspleách, Comhthírigh a bhFuil Cónaí Orthu Thar Lear, agus an Comhar Daonnúil Idirnáisiúnta)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Kirill Shamalov ina Leas-Chathaoirleach ar an mBord Bainistíochta agus tá sé freagrach as forbairt inbhuanaithe laistigh de Choiste Bainistíochta Sibur Holding PJSC, an chuideachta peitriceimiceach comhtháite is mó sa Rúis. Tá sé ag fanacht ina scairshealbhóir de Sibur Holding agus tá post bainistíochta á choinneáil aige sa chuideachta. Ina theannta sin, tá sé ag baint tairbhe as a naisc phearsanta leis an gCreimil agus bhí poist shinsearacha aige in go leor cuideachtaí móra Rúiseacha.

Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus tá baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

Tá sé ina Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Phoiblí Rossotrudnichestvo (an Ghníomhaireacht Chónaidhme um Chomhlathas na Stát Neamhspleách, Comhthírigh a bhFuil Cónaí Orthu Thar Lear, agus an Comhar Daonnúil Idirnáisiúnta) a bhunaigh, ar a thionscnamh-sa, coimisiún le haghaidh idirghníomhaíocht leis an bpobal gnó.

8.4.2022

921.

Igor Arkadyevich ROTENBERG

(Игорь Аркадьевич РОТЕНБЕРГ)

Dáta breithe: 9.5.1973

Áit bhreithe: Leningrad, APSS roimhe seo (Cathair Pheadair anois, Cónaidhm na Rúise)

Daoine aonair comhlachaithe: Arkady Rotenberg (athair), Boris Rotenberg (uncail)

Eintitis chomhlachaithe: SGM (Stroygazmontazh) group, Gazprom Drilling, NPV Engineering Group

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is mórphearsa ghnó Rúiseach é Igor Rotenberg, is é mac is sine agus oidhre Arkady Rotenberg, mórphearsa ghnó Rúiseach agus iar-chomh-úinéir SGM (Stroygazmontazh) Group. Tá sé ina iar-úinéir ar Gazprom Drilling agus ina iar-scairshealbhóir i gcóras Platon Electronic Toll Collection. Tá dlúthbhaint ag muintir Rotenberg le hUachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin. Mar gheall ar na poist atá agus a bhí aige i bpríomhfhiontair na Rúise, a bhfuil conarthaí móra stáit faighte acu, agus a dhlúthnaisc le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin, leanann Igor Rotenberg de bheith ag baint tairbhe as cinnteoirí na Rúise agus as Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Ina theannta sin, is duine nádúrtha é a bhfuil baint aige le Arkady Rotenberg agus le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin, atá siad beirt liostaithe faoi bhearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

8.4.2022

923.

Anastasia IGNATOVA

(Анастасия ИГНАТОВА)

Dáta breithe: 15.2.1988

Daoine aonair comhlachaithe: Sergei Chemezov (leasathair)

Ekaterina Ignatova (máthair)

Lyudmila Rukavishnikova (seanmháthair)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Is í Anastasia Ignatova leasiníon Sergei Chemezov, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin chorparáid stáit na Rúise, Rostec (an Chorparáid Stáit um Fhorbairt, Táirgeadh agus Onnmhairiú Táirgí Tionscail Ardteicneolaíochta a chur chun cinn).

Mar leasiníon Sergei Chemezov, tá sócmhainní móra aici atá nasctha leis trí chuideachtaí eischósta. D’fhéadfadh an luamh 85 m “Valerie”, ar fiú USD 140 milliún (níos mó ná RUB 10 mbilliún) é, leanúint de bheith faoi úinéireacht Anastasia Ignatova trí chuideachta ar Ógh-Oileáin na Breataine darbh ainm Delima Services Limited, d’fhonn díolachán samhailteach féideartha a dhéanamh. Ina theannta sin, is tairbhí í de chuideachtaí eischósta a bhfuil na céadta milliún dollar i sócmhainní acu.

Is garghaol Anastasia Ignatova a bhaineann tairbhe as a leasathair Sergei Chemezov.

8.4.2022

929.

Oleg Vladimirovich DERIPASKA

(Олег Владимирович ДЕРИПАСКА)

Dáta breithe: 2.1.1968

Áit bhreithe: Dzerzhinsk, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Mórphearsa ghnó Rúiseach; uinéir Russian Machines, Military Industrial Company agus Arzamas Machine-Building Plant

Eintitis chomhlachaithe: Russian Machines, Military Industrial Company agus Arzamas Machine-Building Plant

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Oleg Deripaska ar dhuine de na príomhdhaoine gnó, is é úinéir Rusal, atá ar cheann de na cuideachta is mó ar domhan sa tionscal alúmanaim domhanda. I mí an Mhárta 2023, d’fhreastail sé ar Fhóram Eacnamaíoch Krasnoyarsk, ceann de phríomhchomhdhálacha eacnamaíocha na Rúise a dhíríonn ar fhorbairt réigiúnach. Tá sé ina úinéir tairbhiúil freisin ar GAZ Group, ilchuideachta mótarfheithiclí Rúiseach, lena n-áirítear an Military Industrial Company LLC, soláthraí mór arm agus trealaimh mhíleata chuig fórsaí armtha na Rúise. Is cuid de Military Industrial Company LLC é Arzamas Machine-Building Plant, a mhonaraíonn na hiompróirí armúrtha pearsanra amfaibiach BTR-80, a d’úsáid an Rúis sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

Is príomhphearsa ghnó Oleg Deripaska a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Ina theannta sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó de chobhsaíocht nó de shlándáil san Úcráin nó ar bagairt iad ar an méid sin.

8.4.2022

960.

Evgeny Anatolievich KATSAVALOV

(Евгений Анатольевич КАЦАВАЛОВ)

Dáta breithe: 11.2.1972

Inscne: fireann

Bhí sé ina “Aire Cásanna Éigeandála agus Bainistithe Tubaistí”, mar a ghairtear de, i “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

8.4.2022

962.

Andrey Yurievich LUSTENKO

(Андрей Юрьевич ЛУСТЕНКО)

Dáta breithe: 16.6.1975

Inscne: fireann

Bhí sé ina “Aire Oideachais agus Eolaíochta”, mar a ghairtear de, i “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

8.4.2022

963.

Svetlana Anatolievna MALAKHOVA

(Светлана Анатольевна МАЛАХОВА)

Dáta breithe: 27.8.1964

Inscne: baineann

“Leas-Chathaoirleach ar an Rialtas”, mar a ghairtear de, agus iar“Aire Saothair agus Beartais Shóisialta” i “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear di. Agus í ag glacadh na cáile sin chuici agus ag gníomhú di dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aici d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

8.4.2022

968.

Svetlana Nikolaevna PODLIPAEVA

(Светлана Николаевна ПОДЛИПАЕВА)

Dáta breithe: 16.9.1968

Inscne: baineann

“Leas-Chathaoirleach ar an Rialtas”, mar a ghairtear de, agus iar“Aire Saothair agus Beartais Shóisialta” i “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear di. Agus í ag glacadh na cáile sin chuici agus ag gníomhú di dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aici d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

8.4.2022

975.

Vitaly Vladimirovich KRAVETS

(Виталий Владимирович КРАВЕЦ/Вiталiй Володимирович КРАВЕЦЬ)

Dáta breithe: 7.4.1975

Inscne: fireann

Iarchomhalta den “Daon-Chomhairle”, mar a ghairtear di, de “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di. Dá bhrí sin, thacaigh sé le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme.

8.4.2022

976.

Yaroslav Gennadievich ANIKA

(Ярослав Геннадьевич АНИКА/Ярослав Геннадiйович АНIКА)

Dáta breithe: 26.6.1990

Inscne: fireann

Iarchomhalta den “Daon-Chomhairle”, mar a ghairtear di, de “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di. Dá bhrí sin, thacaigh sé le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme.

8.4.2022

980.

Vladislav Leonidovich BERDICHEVSKY

(Владислав Леонидович БЕРДИЧЕВСКИЙ/Владiслав Леонiдович БЕРДIЧЕВСЬКИЙ)

Dáta breithe: 10.9.1967

Inscne: fireann

Iarchomhalta den “Daon-Chomhairle”, mar a ghairtear di, de “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di. Dá bhrí sin, thacaigh sé le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme.

8.4.2022

988.

Igor Yurevich MARTYNOV

(Игорь Юрьевич МАРТЫНОВ/Iгор Юрiйович МАРТИНОВ)

Dáta breithe: 25.3.1991

Inscne: fireann

Aire Óige, Spóirt agus Turasóireachta, mar a ghairtear de, de “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di, agus iarChomhalta den “Daon-Chomhairle”, mar a ghairtear di, de “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di. Dá bhrí sin, thacaigh sé le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme.

8.4.2022

1110.

Gulbakhor ISMAILOVA

(ar a dtugtar freisin Ismailova GULBAKHOR)

Гульбахор ИСМАИЛОВА

Dáta breithe: 22.12.1959

Áit bhreithe: APSS roimhe seo (an Úisbéiceastáin anois)

Seoladh: Apartment 81-83, 79 Ustabayeva Street 1000187 Tashkent, an Úisbéiceastáin

Duine aonair comhlachaithe: Alisher Usmanov, deartháir

Náisiúntacht: Rúiseach

Pasuimhir: 71 3059195 (Rúiseach)

Inscne: baineann

Is deirfiúr le Alisher Usmanov, mórphearsa ghnó atá liostaithe faoi Chinneadh 2014/145/CBES, í Gulbakhor Ismailova. Léirigh imscrúduithe a rinne an German Federal Criminal Police Office (Bundeskriminalamt) gur aistrigh Alisher Usmanov sócmhainní go hindíreach chuig a dheirfiúr Gulbakhor Ismailova. Go háirithe, is é úinéir an luaimh “Dilbar” Navis Marine Ltd. (Oileáin Cayman) arb é Almenor Holdings Ltd. (an Chipir) a scairshealbhóir. Tá na scaireanna uile sa chuideachta sealbhaíochta sin á sealbhú ag Pomerol Capital SA (an Eilvéis) ar iontaobhas ar mhaithe le “The Sisters Trust”. Ó 2017 i leith, níl Alisher Usmanov ina scairshealbhóir den chuideachta iontaobhais sin a thuilleadh, rud a fhágann gurb í a dheirfiúr, Gulbakhor Ismailova, an t-aon úinéir tairbhiúil ar leis an luamh “Dilbar”.

Tá nasc aici freisin le só-réadmhaoin san Iodáil agus sa Laitvia, só-réadmhaoin is féidir a nascadh lena deartháir Alisher Usmanov. Braitheann sí ar líonra cuideachtaí caocha chun saibhreas a deartháir a cheilt. Dá bhrí sin, is garghaol í a bhaineann tairbhe as a deartháir Alisher Usmanov.

8.4.2022

1183.

Sharip Sultanovich DELIMKHANOV

(Шарип Султанович ДЕЛИМХАНОВ)

Dáta breithe: 23.4.1980

Áit bhreithe: Dzhalka, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Leifteanant-Ghinearál, Ceannasaí ar bhrainse Seisniach Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise. Freagrach as bheith i gceannas ar fhórsaí na Seisnia le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear i réigiúin Chív agus Donbas. Bronnadh an teideal “Laoch Phoblacht na Seisnia” air as a chuid gníomhaíochtaí i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Tá sé freagrach, sa cháil sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022

1190.

Alexey Mikhailovich KUZMENKOV

(Алексей Михайлович КУЗЬМЕНКОВ)

Dáta breithe: 10.6.1971

Áit bhreithe: Horlivka, APSS roimhe seo (an Úcráin anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Alexey Kuzmenkov ina leas-cheann ar Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise agus ina iarLeas-Aire Cosanta um lóistíocht. Bhí sé tráth ina Leas-Stiúrthóir ar Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia) - leas-Ardcheannasaí Rosgvardia.

Seoladh aonaid Rosgvardia chuig na ceantair atá faoi smacht údaráis na Rúise, amhail Kherson, Henichesk, Berdyansk agus limistéir áirithe de Mariupol, chun agóidí an phobail áitiúil a chur faoi chois. Ghlac siad páirt freisin i marú, éigniú agus céasadh sibhialtach in Bucha na hÚcráine. Tá comhaltaí de Rosgvardia tar éis saoránaigh ar son na hÚcráine a ghabháil agus tá riarachán míleata-póilíní curtha ar bun acu.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, sa cháil a bhí aige agus sa cháil atá aige faoi láthair, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022

1207.

Andrey Removich BELOUSOV

ar a dtugtar freisin Andrei Removich BELOUSOV

(Андрей Рэмович БЕЛОУСОВ)

Dáta breithe: 17.3.1959

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Áit bhreithe: Moscó, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise

Tá Andrey Removich Belousov ina Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise ón 14 Bealtaine 2024 i leith. Mar Aire Cosanta, ar deireadh thiar tá sé freagrach as aon ghníomhaíocht mhíleata i gcoinne na hÚcráine.

Go dtí mí na Bealtaine 2024, bhí sé ina Chéad Leas-Phríomh-Aire ar Chónaidhm na Rúise. Meastar go bhfuil sé ina chomhalta de dhlúthchiorcal Putin le blianta fada anuas. Bhí ról tábhachtach aige i Rialtas Chónaidhm na Rúise, lena n-áirítear ó seoladh ionradh míleata iomlán ar an Úcráin i mí Feabhra 2022. Tá beartas eacnamaíoch Rialtas na Rúise curtha chun feidhme ag Belousov agus tá sé freagrach as fás eacnamaíoch na Rúise agus as cobhsú mhargaí na Rúise. An 25 Feabhra 2022, d’fhreastail sé ar an gcruinniú sa Chreimil agus d’iarr sé ar na holagairc a bhí cruinnithe ann leanúint de bheith ag obair le bainc a bhfuil smachtbhannaí orthu. I mí an Mhárta 2022, dhearbhaigh Belousov go rialófaí go ndearna na cuideachtaí eachtracha, a bhfuil a gcuid oibríochtaí á scor acu agus atá ag scaoileadh lena bhfoireann sa tír, féimheacht d’aon ghnó, gníomh lena ngabhann dliteanas riaracháin, agus dliteanas coiriúil, b’fhéidir, faoi dhlíthe dócmhainneachta na Rúise. Thacaigh sé le hionghabháil na Crimé in 2014.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

21.7.2022

1221.

Dmitryi Vladimirovich KHOLIN

(Дмитрий Владимирович ХОЛИН)

Dáta breithe: 25.9.1977

Áit bhreithe: Kuybyshev, APSS roimhe seo, Cónaidhm na Rúise anois

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is comhalta de Dhúma Chúige Samara é Dmitryi Kholin, áit a raibh sé ina Chathaoirleach ar an gCoiste Rialachán. Is Leas-Ghobharnóir Réigiún Samara agus Ceann Riaracháin do Ghobharnóir an Réigiúin é faoi láthair. Ó 2020 go 2021 bhí sé ina cheann ar Choiste Feidhmiúcháin Bhrainse Réigiúnach Samara den pháirtí rialaithe atá ailínithe leis an gCreimil, “United Russia”. Is comhalta é freisin den Bhrainse Réigiúnach Samara den eagraíocht phoiblí uile-Rúise “Combat Brotherhood” [Bráithreachas na gComhraiceoirí] (eagraíocht d’iarthrodaithe).

Trína chainéil ar na meáin sóisialta, agallaimh phoiblí agus léachtaí, tugann Dmitryi Kholin údar, cosaint agus tacaíocht oscailte do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Cuireann sé in iúl go hoscailte go tacaíonn sé go daingean le hUachtarán Putin, agus mar thoradh air sin tá patrún de ghríosú poiblí córasach uaidh a thacaíonn le hoibríochtaí míleata na Rúise.

Go sonrach, tá ról lárnach ag Kholin maidir leis an scéal ar son na Rúise a scaipeadh i measc daoine óga agus daltaí óga arm. Fágann sé sin go bhfuil sé freagrach as bolscaireacht agus bréagaisnéis a scaipeadh ar son na Rúise maidir leis an gcogadh i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le ról gníomhach a imirt maidir le tacaíocht intíre a ghnóthú d’fheachtas míleata na Rúise. Bunaithe ar na gníomhaíochtaí sin, tá Vladimirovich Kholin freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

21.7.2022

1237.

Anton Robertovich TITSKIY

(Антон Робертович ТИЦКИЙ)

Dáta breithe: 12.2.1990

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe: Rialtas Chónaidhm na Rúise

Cheap rialtas Chónaidhm na Rúise é ina “Aire Bheartas na hÓige de Réigiún Zaporizhzhia”, mar a ghairtear de, an 18 Iúil 2022, ó mhí Eanáir 2024 i leith, is é “An Chéad Leas-Ghobharnóir de Réigiún Zaporizhzhia”, mar a ghairtear de. Dá réir sin, tá sé mar chuid de rialtas Réigiún Zaporizhzhia, mar a ghairtear de, atá freagrach as reifreann neamhdhleathach a ullmhú chun réigiún de chuid Cónaidhm na Rúise a dhéanamh de Zaporizhzhia.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1241.

Vitaliy Pavlovich KHOTSENKO

(Витaлий Пaвлович ХОЦЕНКО)

Dáta breithe: 18.3.1986

Áit bhreithe: Dnepropetrovsk, APSS roimhe seo (an Úcráin anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Seoladh: Donetsk, an Úcráin

IarPhríomh-Aire “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di, post inar ceapadh é an 8 Meitheamh 2022 agus ina raibh sé freagrach as gníomhaíochtaí “rialtasacha” scarúnaíocha de chuid “rialtas”, mar a ghairtear de, ar “Daon-Phoblacht Donetsk” mar a ghairtear di.

Ceapadh é ina Ghobharnóir ar Réigiún Omsk ón 29 Meán Fómhair 2023.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1253.

Timur Vadimovich IVANOV

(Тимур Вадимович ИВАНОВ)

Dáta breithe: 15.8.1975

Áit bhreithe: Moscó, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

An t-iarLeas-Aire Cosanta. Sa phost seo, bhí sé freagrach as earraí míleata a sholáthar agus as saoráidí míleata a thógáil. Bhí sé sa deichiú háit in ordlathas foriomlán cheannaireacht mhíleata na Rúise. Mar gheall ar a ról lárnach i bhfiontar míleata Chónaidhm na Rúise, is é atá freagrach as iarracht cogaidh na Rúise i gcoitinne. Le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, thug sé cuairteanna éagsúla ar “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear di, agus ar “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di, chun iniúchadh a dhéanamh ar shaoráidí atá á dtógáil ag fórsaí forghabhála na Rúise. Ina theannta sin, thug sé dámhachtainí stáit éagsúla do phearsanra míleata na Rúise a gortaíodh i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Léiríonn na gníomhaíochtaí sin go dtugann sé tacaíocht, údar agus cosaint ghníomhach don chogadh i gcoinne na hÚcráine.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

6.10.2022

1379.

Boris Yurievich KOVALCHUK

(Борис Юрьевич КОВАЛЬЧУК)

Dáta breithe: 1.12.1977

Áit bhreithe: Leningrad, APSS roimhe seo (Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Boris Yurievich Kovalchuk ina iarArd-Stiúrthóir agus ina Chathaoirleach ar Bhord Bainistíochta PJSC Inter RAO, ceann de na cuideachtaí fuinnimh poiblí is mó sa Rúis. Áirítear eintitis faoi úinéireacht stáit (e.g. Rozneftegaz) ar scairshealbhóirí móra PJSC Inter RAO. Ceapadh é ina leas-cheann ar Stiúrthóireacht Rialaithe an Uachtaráin i mí an Mhárta 2024. Tá dlúthbhaint ag Boris Kovalchuk lena athair Yuri Kovalchuk, a bhfuil seanaithne aige ar an Uachtarán Vladimir Putin. Líomhnaítear go bhfuil comhúinéireacht acu ar shó-shócmhainní trí na cuideachtaí “LLC Invest” agus “Prime”, ar féidir iad a nascadh le Putin, lena n-áirítear maoin ar a dtugtar “Fishermen’s hut”. Dá bhrí sin, is duine de phríomhdhaoine gnó é Boris Kovalchuk atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

16.12.2022

1425.

Vladimir Ivanovich BULAVIN

(Владимир Иванович БУЛАВИН)

Dáta breithe: 11.2.1953

Áit bhreithe: Ploskim, APSS roimhe seo (Stanovoye, Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Vladimir Bulavin an t-iarCheann ar Sheirbhís Chónaidhme Custaim Chónaidhm na Rúise agus is Cathaoirleach Choiste Cosanta agus Slándála na Comhairle Cónaidhme é. Mar Chathaoirleach Choiste Cosanta agus Slándála na Comhairle Cónaidhme, tá Vladimir Bulavin ina cheannaire ar an gCoiste atá freagrach as tacaíocht dhlíthiúil a thabhairt do pholaitíocht chosanta na Rúise. Ina ról mar Cheann ar an tSeirbhís Chónaidhme Custaim, rinne Vladimir Bulavin maoirseacht ar iarrachtaí allmhairí comhthreomhara isteach sa Rúis a dhaingniú chun an bonn a bhaint de shrianta trádála agus custaim agus d’údaraigh sé oifigí a oscailt agus údarás díreach a fheidhmiú ar phróisis chustaim i gcríocha Donetsk, Luhansk, Kherson agus Zaporizhzhia a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus cód custaim na Rúise a fhorchur ar na críocha sin.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

25.2.2023

1437.

Kirill Alekseevich LYSOGORSKY

(Кирилл Алексеевич ЛЫСОГОРСКИЙ)

Feidhm: An Leas-Aire Tionscail agus Trádála (ó 2022)

Dáta breithe: 19.4.1986

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Kirill Lysogorsky ina Leas-Aire san Aireacht Tionscail agus Trádála ó mhí Dheireadh Fómhair 2022. Is í an Aireacht Tionscail agus Trádála an comhlacht feidhmiúcháin cónaidhme atá freagrach as beartas stáit agus rialáil dlí a fhorbairt i réimse, inter alia, an choimpléasc thionsclaíoch mhíleata, gníomhaíochtaí spáis agus fhorbairt na teicneolaíochta eitlíochta. Déanann an Aireacht maoirseacht ar thionscal arm agus cosanta na Rúise, agus tá ról ríthábhachtach aici ó thaobh an trealamh míleata a úsáidtear i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a sholáthar. Ina cháil mar Leas-Aire san Aireacht Tionscail agus Trádála, tá sé freagrach as gníomhartha agus as gníomhaíochtaí de chuid na hAireachta a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhartha agus na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus is duine nádúrtha é a thacaíonn le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

25.2.2023

1440.

Ekaterina Gennadievna PRIEZZHEVA

(Екатерина Геннадьевна ПРИЕЗЖЕВА)

Dáta breithe: 6.1.1967

Áit bhreithe: Gusev, réigiún Kaliningrad, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: An Leas-Aire Tionscail agus Trádála (ó 2023)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Tá Ekaterina Priezzheva ina Leas-Aire sa Aireacht Tionscail agus Trádála ó 2023 i leith. Is í an Aireacht Tionscail agus Trádála an comhlacht feidhmiúcháin cónaidhme atá freagrach as beartas stáit agus rialáil dlí a fhorbairt i réimse, inter alia, an choimpléasc thionsclaíoch mhíleata, gníomhaíochtaí spáis agus fhorbairt na teicneolaíochta eitlíochta. Déanann an Aireacht maoirseacht ar thionscal arm agus cosanta na Rúise, agus tá ról ríthábhachtach aici ó thaobh an trealamh míleata a úsáidtear i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a sholáthar. Ina cáil mar Leas-Aire san Aireacht Tionscail agus Trádála, tá Ekaterina Priezzheva freagrach as gníomhartha agus as gníomhaíochtaí de chuid na hAireachta a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus ar bagairt iad a gníomhartha agus na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus is duine nádúrtha í a thacaíonn leis an Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

25.2.2023

1444.

Mikhail Igorjevich IVANOV

(Михаил Игоревич ИВАНОВ)

Dáta breithe: 16.1.1981

Áit bhreithe: Moscó, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Feidhm: An Leas-Aire Tionscail agus Trádála

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Mikhail Ivanov ina Leas-Aire san Aireacht Tionscail agus Trádála ó 2020 i leith. Is í an Aireacht Tionscail agus Trádála an comhlacht feidhmiúcháin cónaidhme atá freagrach as beartas stáit agus rialáil dlí a fhorbairt i réimse, inter alia, an choimpléasc thionsclaíoch mhíleata, gníomhaíochtaí spáis agus fhorbairt na teicneolaíochta eitlíochta. Déanann an Aireacht maoirseacht ar thionscal arm agus cosanta na Rúise, agus tá ról ríthábhachtach aici ó thaobh an trealamh míleata a úsáidtear i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a sholáthar. Ina cháil mar Leas-Aire san Aireacht Tionscail agus Trádála, tá sé freagrach as gníomhartha agus as gníomhaíochtaí de chuid na hAireachta a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhartha agus na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus is duine nádúrtha é a thacaíonn le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

25.2.2023

1452.

Dmitriy Sergeevich VAKHRUKOV

(Дмитрий Сергеевич ВАХРУКОВ)

Feidhm: Leas-Aire in Aireacht Forbartha Eacnamaíche na Rúise

Dáta breithe: 23.11.1983

Áit bhreithe: APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe: Aireacht Forbartha Eacnamaíche na Rúise

Tá Dmitriy Vakhrukov ina Leas-Aire in Aireacht Forbartha Eacnamaíche na Rúise. Ó cuireadh tús lena thréimhse riaracháin, tá baint ag an Aireacht Forbartha Eacnamaíche le gníomhaíochtaí chun an bonn a bhaint d’iomláine chríochach na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin, lena n-áirítear bearta chun acmhainneacht eacnamaíoch réigiúin ionghafa na hÚcráine a fhiosrú (Kherson, Zaporizhzhia, “Daon-Phoblacht Donetsk,” agus “Daon-Phoblacht Luhansk” mar a thugtar orthu), chomh maith le gníomhaíochtaí chun tacú le bearta geilleagair cogaidh de chuid rialtas na Rúise.

Dá bhrí sin, tá Dmitri Vakhrukov freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach na hÚcráine, agus ar bagairt iad ar an méid sin, agus is duine nádúrtha é a thacaíonn le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

25.2.2023

1453.

Murat Anatolyevich KEREFOV

(Мурат Анатольевич КЕРЕФОВ)

Feidhm: Leas-Aire in Aireacht Forbartha Eacnamaíche na Rúise

Dáta breithe: 21.6.1978

Áit bhreithe: Nalchik, Kabardino-Balkaria, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe: Aireacht Forbartha Eacnamaíche na Rúise

Tá Murat Kerefov ina Leas-Aire in Aireacht Forbartha Eacnamaíche na Rúise. Ó cuireadh tús lena thréimhse riaracháin, tá baint ag an Aireacht Forbartha Eacnamaíche le gníomhaíochtaí chun an bonn a bhaint d’iomláine chríochach na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin, lena n-áirítear bearta chun acmhainneacht eacnamaíoch réigiúin ionghafa na hÚcráine a fhiosrú (Kherson, Zaporizhzhia, “Daon-Phoblacht Donetsk,” agus “Daon-Phoblacht Luhansk” mar a thugtar orthu), chomh maith le gníomhaíochtaí chun tacú le bearta geilleagair cogaidh de chuid rialtas na Rúise.

Dá bhrí sin, tá Murat Kerefov freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach na hÚcráine, agus ar bagairt iad ar an méid sin, agus is duine nádúrtha é a thacaíonn le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

25.2.2023

1454.

Maxim Andreevich KOLESNIKOV

(Максим Андреевич КОЛЕСНИКОВ)

Feidhm: Leas-Aire in Aireacht Forbartha Eacnamaíche na Rúise

Dáta breithe: 3.7.1987

Áit bhreithe: APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe: Aireacht Forbartha Eacnamaíche na Rúise

Tá Maxim Kolesnikov ina Leas-Aire in Aireacht Forbartha Eacnamaíche na Rúise. Ó cuireadh tús lena thréimhse riaracháin, tá baint ag an Aireacht Forbartha Eacnamaíche le gníomhaíochtaí chun an bonn a bhaint d’iomláine chríochach na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin, lena n-áirítear bearta chun acmhainneacht eacnamaíoch réigiúin ionghafa na hÚcráine a fhiosrú (Kherson, Zaporizhzhia, “Daon-Phoblacht Donetsk,” agus “Daon-Phoblacht Luhansk” mar a thugtar orthu), chomh maith le gníomhaíochtaí chun tacú le bearta geilleagair cogaidh de chuid rialtas na Rúise.

Dá bhrí sin, tá Maxsim Kolesnikov freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach na hÚcráine, agus ar bagairt iad ar an méid sin, agus is duine nádúrtha é a thacaíonn le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

25.2.2023

1456.

Sergey Yurievich TOLMACHEV

(Сергей Юрьевич ТОЛМАЧЕВ)

Feidhm: Leas-Cheann an Riaracháin Mhíleata-Shibhialta ar “réigiún Zaporizhzhia”, a ionghabhadh go neamhdhleathach; Iar “Leas-Ghobharnóir” tráth ar “réigiún Zaporizhzhia”, a ionghabhadh go neamhdhleathach; iar “Leas-Ghobharnóir” tráth ar chathair Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach

Dáta breithe: 1972

Áit bhreithe: Krasnoyarsk, APSS roimhe seo, (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Daoine aonair comhlachaithe: An tUachtarán Vladimir Putin

Is é Sergey Tolmachev Leas-Cheann, mar a ghairtear de, an Riaracháin Mhíleata-Shibhialta ar “réigiún Zaporizhzhia”. Bhí sé tráth “Leas-Ghobharnóir an réigiúin Zaporizhzhia”, mar a ghairtear de, agus bhí sé ina leas-ghobharnóir roimhe seo ar Chathair Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach. Sna róil sin, bhí Sergey Tolmachev páirteach in ullmhú agus in eagrú “toghchán” áitiúil agus parlaiminte sa réigiún áirithe seo de chuid na hÚcráine a ionghabhadh go neamhdhleathach. Bhí baint ag Sergey Tolmachev freisin leis na reifrinn neamhdhleathacha a reáchtáladh i mí Mheán Fómhair 2022 i réigiún Zaporizhzhia na hÚcráine a ionghabhadh go neamhdhleathach, a eagrú. Sna cáileanna sin, tá Sergey Tolmachev freagrach as beartais stáit a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear an t-aitheantas neamhdhleathach do “réigiún Zaporizhzhia”. Sa cháil sin, agus trína ghníomhaíochtaí, tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

25.2.2023

1467.

Mikhail Yuryevich TEPLINSKIY

(Михаил Юрьевич ТЕПЛИНСКИЙ)

Feidhm: Ceannaire míleata Rúiseach – Coirnéal Ginearál

Ceann Ghrúpa Dnipro d’Fhórsaí Chónaidhm na Rúise

iarCheannasaí ar Fhórsaí Aerbheirthe d’Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise

Dáta breithe: 9.1.1969

Áit bhreithe: Mospino, réigiún Donetsk, PSS na hÚcráine roimhe seo (an Úcráin anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe: Aireacht Chosanta Chónaidhm na Rúise

Is ceannaire míleata Rúiseach agus Ceannasaí ar Ghrúpa Dnipro d’Fhórsaí Chónaidhm na Rúise é Mikhail Teplinskiy. Tá ionsaithe míleata á ndéanamh ag Grúpa Dnipro d’Fhórsaí Chónaidhm na Rúise i ndeisceart na hÚcráine. Dá bhrí sin tá baint ghníomhach ag Mikhail Teplinskiy le feachtas míleata fhórsaí na Rúise i ndeisceart na hÚcráine a mhúnlú agus a chur chun feidhme.

Is iarCheannasaí ar Fhórsaí Aerbheirthe d’Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise é Mikhail Teplinskiy. Ghlac Fhórsaí Aerbheirthe d’Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise páirt sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine agus bhí ar an láthair ar ar scaoileadh daoine in Bucha. Mar iarCheann Fhórsaí Aerbheirthe d’Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise, bhí Mikhail Teplinskiy freagrach as na gníomhaíochtaí a rinne an t-aonad sin.

Tá Mikhail Teplinskiy freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

25.2.2023

1470.

Ramil Rakhmatulovich IBATULLIN

(Рамиль Рахматуллович ИБАТУЛЛИН)

Feidhm: Ceannaire míleata Rúiseach – Maor-Ghinearál; IarCheannasaí ar an 90th Guards Tank Division

Dáta breithe: 22.10.1976

Áit bhreithe: Bagishevo, ceantar Apastovsky, Tatarstan, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe: Aireacht Chosanta Chónaidhm na Rúise

Is ceannaire míleata Rúiseach agus Ceannasaí ar an 2nd Guards Combined Arms Red Banner Army é Ramil Ibatullin.

Is iarCheannasaí ar an 90th Guards Tank Division é Ramil Ibatullin. Ghlac an 90th Guards Tank Division páirt sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. Mar iarCheannasaí ar an 90th Guards Tank Division, tá sé freagrach as na gníomhaíochtaí a rinne an t-aonad seo.

Tá Ramil Ibatullin freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

25.2.2023

1476.

Hayk Arsenovich GASPARYAN

ar a dtugtar freisin Ayk Arsenovich GASPARYAN

ar a dtugtar freisin “Abrek”

(Айк Арсенович ГАСПАРЯН)

Dáta breithe: 20.7.1991

Náisiúntacht: Airméanach

Inscne: fireann

Feidhm: Ceannasaí fhórsaí ionsaitheacha de chuid an Ghrúpa Wagner le linn chath Soledar san Úcráin; Ceannasaí chathlán “ArBat”

Is é Hayk Gasparyan, ar a dtugtar “Abrek”, ceannasaí fhórsaí ionsaitheacha de chuid an Ghrúpa Wagner san Úcráin agus ceannasaí chathlán “ArBat”.

Bhí sé ina cheannasaí ar na fórsaí le linn chath Soledar, i réigiún Donetsk na hÚcráine, i mí Eanáir 2023 agus bhronn Uachtarán Chónaidhm na Rúise Gradam Crógachta as crógacht ar an láthair chatha air as páirt a ghlacadh san iarracht chogaidh san Úcráin an 31 Nollaig 2022. Sa phost sin dó, tá sé freagrach go díreach as oibríochtaí a chomhordú agus a phleanáil mar chuid de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

25.2.2023

1483.

Marina Magomednebiyevna AKHMEDOVA

(Марина Магомеднебиевна АХМЕДОВА)

Feidhm: scríbhneoir agus iriseoir; comhfhreagraí speisialta do roinn tuarascálacha speisialta na hirise, Expert; príomheagarthóir an eagráin ar líne de Regnum; leas-phríomheagarthóir na hirise, Russkiy Reporter; is comhalta í den Chomhairle Uachtaránachta maidir leis an tSochaí Shibhialta agus Cearta an Duine

Is scríbhneoir Rúiseach í Marina Akhmedova. Is comhalta í den Chomhairle Uachtaránachta maidir leis an tSochaí Shibhialta agus Cearta an Duine, agus is ball í den mheitheal maidir leis an “oibríocht mhíleata speisialta” (cogadh foghach) san Úcráin, mar a ghairtear di.

Ó thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá tacaíocht tugtha aici don ionradh a rinne an Rúis, agus scaip sí bolscaireacht agus bréagaisnéis Rúiseach faoin gcogadh.

Dá bhrí sin, tá sí freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

25.2.2023

1527.

Aleksandr Pavlovich LAPIN

(Александр Павлович ЛАПИН)

Feidhm: iarCheann Foirne Fhórsaí Talún na Rúise; Ceannaire ar Cheantar Míleata Leningrad; Coirnéal Ginearál

Dáta breithe: 1.1.1964

Áit bhreithe: Kazan, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir phas nó uimhir aitheantais: sraith 1808 Uimh. 233282

Uimhir aitheantais chánach: 344407793386

Tá an Coirnéal Ginearál Aleksandr Lapin ina iarCheann Foirne ar Fhórsaí Talún na Rúise. Sa cháil sin, bhí sé ina Ardcheannasaí ar thrúpaí talún na Rúise a ghlac páirt dhíreach i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Bhí sé ina Cheannasaí Dhúiche Mhíleata Lár Chónaidhm na Rúise roimhe seo, lena n-áirítear le linn chogadh na Rúise ar an Úcráin. Mar sin, is é d’ordaigh ionsaithe na Rúise 2022 i dtreo Chernihiv agus Sumy.

I mí na Bealtaine 2024, ceapadh an Coirnéal Ginearál Aleksandr Lapin ina Cheann ar Dhúiche Mhíleata Leningrad.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an Coirnéal Ginearál Aleksandr Lapin freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

23.6.2023

1528.

Tatyana Viktorovna SHEVTSOVA

(Татьяна Викторовна ШЕВЦОВА)

Feidhm: iarLeas-Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise

Dáta breithe: 22.7.1969

Áit bhreithe: Kozelsk, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Is iarLeas-Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise í Tatyana Shevtsova, a bhí freagrach as buiséad na hAireachta agus as gníomhaíochtaí airgeadais na hAireachta. Rinne sí maoirseacht ar láimhseáil acmhainní agus tá sí freagrach as íocaíochtaí a thabhairt do shaighdiúirí slógtha atá ag troid i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Bhí airgeadaithe míleata a bhí faoina smacht ag stiúradh acmhainní chuig críocha na hÚcráine a ionghabhadh go neamhdhleathach.

Agus í ag glacadh na cáile sin chuici agus ag gníomhú di dá réir, bhí Tatyana Shevtsova freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

23.6.2023

1600.

Boris Viktorovich OBNOSOV

(Boris Viktorovič OBNOSOV)

(Борис Викторович ОБНОСОВ)

Feidhm: Ard-Stiúrthóir JSC Tactical Missiles Corporation

Dáta breithe: 26.1.1953

Áit bhreithe: Moscó, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Seoladh: 7 Ilyicha Street, Korolov, Moskovskaya Oblast, Cónaidhm na Rúise

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe eile: TCS Group Holding PLC – scairshealbhóir

Tá Boris Obnosov ina Ard-Stiúrthóir ar JSC Tactical Missiles Corporation. Déanann Tactical Missiles Corporation armchórais straitéiseacha oirbheartaíocha eitlíochta ardbheachtais aer go dromchla agus aer go haer agus armchórais aontaithe mhuirí a fhorbairt, a mhonarú, a nuachóiriú, a dheisiú agus a chothabháil le haghaidh Fhórsaí Armtha na Rúise. Tá úsáid á baint ag an Rúis as armáin arna monarú ag Tactical Missiles Corporation sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. Buaileann Boris Obnosov le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin go rialta chun é a chur ar an eolas maidir le stádas gnó de Tactical Missiles Corporation. In 2021, bronnadh an teideal oinigh is airde, “Laoch de Chónaidhm na Rúise”, air. I mí Eanáir 2022, mí roimh an gcogadh, bhí cruinniú duine le duine ag Obnosov le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. I mí Aibreáin 2022, bronnadh an duais “Marascal an Aontais Shóivéadaigh Georgy Zhukov” air i réimse na n-armálacha agus an trealaimh mhíleata.

Dá bhrí sin, tacaíonn Boris Obnosov le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’ iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. Anuas air sin, tacaíonn sé le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as. Is mórphearsa ghnó é freisin a fheidhmíonn sa Rúis agus a bhfuil baint aige le JSC Tactical Missiles Corporation.

18.12. 2023

1633.

Ivan Ivanovich ZIMA

(Иван Иванович ЗИМА)

Feidhm: Ard-Stiúrthóir LLC “Osnova Bezopasnosti”; iarArd-Stiúrthóir Miranda Media LCC agus Krymtelecom JSC

Dáta breithe: 26.8.1971

Áit bhreithe: Sráidbhaile Tiksi, ceantar Bulunsky, Yakut, APSS roimhe seo (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Seoladh: Cónaidhm na Rúise, Moscow region, Bronnitsy, Gorka, 4, apt. 6

Uimhir Aitheantais Chánach: 143300547912

Tá Ivan Zima ina Ard-Stiúrthóir ar LLC “Osnova Bezopasnosti”, a mhonaraíonn trealamh a bhaineann le faireachas agus slándáil, lena n-áirítear cumarsáid speisialta agus aerárthaí gan foireann.

Tá Ivan Zima ina iarArd-Stiúrthóir ar Miranda Media LLC agus Krymtelecom JSC, a sholáthraíonn seirbhísí teileachumarsáide i ndeisceart agus in oirthear na hÚcráine in áiteanna atá faoi fhorghabháil na Rúise. Tá ceadúnaithe ó údaráis na Rúise (Roskomnadzor) ag na cuideachtaí a bhí Ivan Zima i gceannas orthu chun seirbhísí teileachumarsáide éagsúla a sholáthar i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach. Ina theannta sin, tá ról tábhachtach ag na cuideachtaí sin maidir le srianta a fhorchur ar shuíomhanna gréasáin áirithe agus maidir le cinsireacht a dhéanamh ar fhaisnéis dhlisteanach le haghaidh mhuintir na hÚcráine sna críocha atá faoi fhorghabháil. Cuireann Ivan Zima go mór le hiarrachtaí Rialtas na Rúise srian a chur le rochtain ar fhoinsí dlisteanacha faisnéise agus bearta cinsireachta a chur chun feidhme san Úcráin.

Dá bhrí sin, tacaíonn Ivan Zima le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin. Anuas air sin, baineann sé tairbhe as Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

18.12.2023

1740.

Olga VOLKOVA

(Ольга ВОЛКОВА)

Feidhm: Ceann na heagraíochta neamhrialtasacha “Delfini”

Dáta breithe: 9.10.1974

Uimhir Aitheantais Chánach: 2731019589

Inscne: baineann

Is í Olga Volkova Ceann na heagraíochta neamhrialtasaí “Delfini”. Sa ról sin, bhí sí freagrach as leanaí Úcránacha a dhíbirt go neamhdhleathach ó chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil chuig Poblacht na Bealarúise. Tá Olga Volkova ar dhuine de na daoine is mó a bhfuil baint acu le leanaí a dhíbirt le forneart go dtí an Bhealarúis ionas go ndéanfadh teaghlaigh Rúiseacha agus Bhealarúiseacha iad a uchtú go neamhdhleathach ina dhiaidh sin. D’eagraigh agus d’éascaigh Olga Volkova gluaiseacht leanaí Úcránacha go dtí an Bhealarúis agus chomhordaigh sí le baill de réimeas na Bealarúise chun gluaiseacht leanaí ón Úcráin go dtí an Rúis a éascú sular tugadh go dtí an Bhealarúis iad. Faoi cheannaireacht Olga Volkova, déantar dianteagasc idé-eolaíoch a chur ar leanaí Úcránacha . Tugtar ar na leanaí freastal ar chláir oideachais atá ag tacú go gníomhach le bolscaireacht stáit na Rúise agus a chuireann chun cinn an tuairim gur cheart don Úcráin a bheith mar dhlúthchuid den Rúis. Sáraíonn a cuid gníomhaíochtaí cearta leanaí Úcránacha agus sáraíonn siad dlí agus ord riaracháin na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá Olga Volkova ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sí chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

23.2.2024

1819.

Aleksandr Ivanovich MOROZ

(Александр Иванович МОРОЗ)

Feidhm: Stiúrthóir Ginearálta Belarusian Optical-Mechanical Association “BelOMO”

Dáta breithe: 15.6.1975

Áit bhreithe: Sráidbhaile Tretyaki, ceantar Berestovitsky, réigiún Grodno, an Bhealarúis

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Inscne: fireann

Seoladh: Niomanskaya street, 61, ap. 10, Mionsc, an Bhealarúis

Uimhir Aitheantais: 3150675A015PB3

Uimhir Aitheantais Chánach: IDI3858983

Is é Aleksandr Moroz Stiúrthóir Ginearálta Belarusian Optical-Mechanical Association “BelOMO”. Is é an tUachtarán Lukashenko a cheap é. Is cuideachta faoi úinéireacht stáit é BelOMO a oibríonn in earnáil na cosanta sa Bhealarúis, a tháirgeann agus a dhíolann treoir shúile do mhionairm, lena n-áirítear treoracha teileascópacha agus treoir shúile a bhfuil mioneangacha soilsithe ag gabháil leo.

Feidhmíonn BelOMO mar chuideachta bainistíochta do roinnt eintiteas eile in earnáil na cosanta.

Is fiontar eile de chuid ghabháltas BelOMO é OJSC “Minsk Mechanical Plant named after S.I Vavilov” a dhéanann sainchúram do threalamh optúil chun críoch míleata. Chóimeáil sé, an gléas coinneála tiomána rothlach PVKU-210. Is mar chuid de threoir lánléargais an PVKU-210 a úsáidtear le haghaidh samhlacha forbartha do thancanna nua-aimseartha. Soláthraítear an táirge do JSC Peleng, ar eintiteas é atá faoi réir bearta sriantacha, a sholáthraíonn treoir mhíleata don mhonarcha tanc catha Rúiseach, Uralvagonzavod.

Is fiontar eile de chuid ghabháltas BelOMO é JSC “Zenit-BelOMO”, Vileyka, a dhéanann sainchúram do threalamh optúil chun críoch míleata. Monaraíonn sé treoir mhíleata, lena n-áirítear treoir mhoirtéil PM-10 agus PM-25, treoir optúil PGO-7V3 le haghaidh lansaire gránáide, treoir optúil PSO-1M2 Sniper. Úsáidtear na táirgí sin go forleathan agus, tá siad comhoiriúnach le harmra míleata a úsáideann an Rúis.

Tá JSC BelOMO LEMT EMT mar chuid den gabháltas BelOMO freisin. Déanann sé sainchúram do thaighde agus forbairt, táirgeadh, agus nuachóiriú feistí optaileictreonacha agus léasair le haghaidh aerfheithiclí gan foireann, córais léasair-optúla le haghaidh córais aerchosanta, agus córais chomhtháite slándála agus cosanta teorann. Táirgeann BelOMO LEMT EMT freisin treoir optúla agus córais le haghaidh armáil éadrom, raonaimsitheoirí léasair, modúil raon-aimsithe atá bunaithe ar léasair dé-óid, agus córais rialaithe lámhaigh léasair, lena n-áirítear go sonrach le haghaidh airm na Rúise. Onnmhairíonn BelOMO LEMT EMT chuig an Rúis freisin agus tá sé ag forbairt airm léasair nua i dteannta na Rúise.

Dá bhrí sin, tá Aleksandr Moroz, ina cháil mar Stiúrthóir Ginearálta BelOMO, freagrach as tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

24.6.2024’.

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘41.

“State Unitary Enterprise of the Crimean Republic ‘Crimean Sea Ports’”

(“Государственное унитарное предприятие Республики Крым ‘Крымские морские порты’”), lena n-áirítear na brainsí seo a leanas:

Feodosia Commercial Port,

Kerch Ferry,

Kerch Commercial Port

Seoladh: 28 Tereshkova embankment, Evpatoriya

Suíomh gréasáin: https://crimeaports.ru

ríomhphost: info@crimeaport.ru

Uimhir chlárúcháin stáit: 1149102012620

Uimhir chlárúcháin chánach: 9111000450

Teileafón: +7(36561)-3-93-10, 3-93-19; +7(36561)-3-95-16

Bunaithe: 6.6.2014

Ghlac “Parlaimint na Crimé” Rún Uimh. 1757-6/14 an 17 Márta 2014 maidir le “Náisiúnú roinnt cuideachtaí de chuid Aireachtaí Bonneagair nó Talmhaíochta na hÚcráine” agus Rún Uimh. 1865-6/14 an 26 Márta 2014 maidir le “‘Crimean Sea Ports’ – fiontar ar leis an Stát é” (“О Государственном предприятии ‘Крымские морские порты’”) inar dearbhaíodh go rabhthas tar éis sócmhainní de chuid roinnt fiontar Stáit a rinneadh a chumasc in “State Unitary Enterprise of the Crimean Republic ‘Crimean Sea Ports’” a ghabháil thar ceann “Poblacht na Crimé”. Bhí “údaráis” na Crimé, más ea, tar éis na fiontair sin a choigistiú a mhórán nó a bheagán, agus bhain “Crimean Sea Ports” tairbhe as aistriú neamhdhleathach a n-úinéireachta.

16.9.2017

54.

PROMSVYAZBANK

(ПАО “Промсвязьбанк”)

In 1995 a bunaíodh é

Seoladh: Smirnosvkaya st. 10, Moscó, Cónaidhm na Rúise

Suíomh gréasáin: psbank.ru

Daoine aonair comhlachaithe: Petr Fradkov, príomhoifigeach feidhmiúcháin

Teileafón: 8 (800) 333 0303, +7 495 787 33 33

OGRN:1027739019142

INN: 7744000912

Is banc faoi úinéireacht Stát na Rúise é PROMSVYAZBANK, a chuireann tacaíocht airgeadais ar fáil d’earnáil cosanta na Rúise agus d’fhórsaí míleata na Rúise, atá freagrach as imscaradh ollmhór trúpaí Rúiseacha feadh na teorann leis an Úcráin agus as trúpaí Rúiseacha a bheith i láthair i leithinis na Crimé.

Tugann Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin, treoir dhíreach do PROMSVYAZBANK agus, dá bhrí sin, cuireann sé tacaíocht airgeadais agus ábhartha ar fáil do chinnteoirí na Rúise atá freagrach as díchobhsú oirthear na hÚcráine agus as ionghabháil neamhdhleathach na Crimé.

Oibríonn PROMSVYAZBANK i leithinis na Crimé agus i gcríocha eile san Úcráin atá faoi fhorghabháil ag an Rúis. In 2023, rinne PROMSVYAZBANK dhá bhanc a cheannach ar le Daon-Phoblachtaí Donetsk agus Luhansk iad. Dá bhrí sin tá idirbhearta á ndéanamh aige leis na grúpaí scarúnaíocha i réigiún Donbas na hÚcráine.

23.2.2022

55.

VEB.RF

(ar a dtugtar freisin Vnesheconombank; VEB)

Bunaíodh é in 1922 mar bhanc agus in 2007 mar institiúid forbartha

Seoladh: st. Vozdvizhenka, 10, Moscó, Cónaidhm na Rúise

Suíomh gréasáin: veb.ru

Daoine aonair comhlachaithe: Igor Shuvalov, Cathaoirleach

Teileafón: Teileafón: + 7 (495) 604-63

Is institiúid mhór forbartha airgeadais é VEB.RF a gceapann Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin, a cathaoirleach go díreach agus a ghlacann treoracha go díreach uaidh. Cruthaíonn VEB.RF foinse thábhachtach ioncaim do Rialtas na Rúise agus bainistíonn sé a chistí pinsean Stáit. Oibríonn VEB.RF i réigiúin na hÚcráine atá faoi fhorghabháil agus faoi smacht na Rúise, agus tá baint aige le tionscadail arna gcur chun feidhme nó arna gcothú ag Rialtas na Rúise.

Tá ról gníomhach ag VEB.RF in éagsúlú earnáil cosanta Chónaidhm na Rúise agus tá tionscadail aige le cuideachtaí an tionscail cosanta, lena n-áirítear Rostec, a thacaíonn le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

Dheonaigh VEB.RF iasachtaí d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide sa Chrimé agus measann sé gur “réigiún tosaíochta” é agus tá comhpháirtíochtaí aige le Roinn Gnóthaí na Crimé, atá freagrach as “Poblacht na Crimé” Féinrialaitheach a ionghabhadh a chomhtháthú le Cónaidhm na Rúise.

Sa cháil sin, tugann VEB.RF tacaíocht ábhartha nó airgeadais, go gníomhach, do chinnteoirí na Rúise, an dream céanna a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé nó díchobhsú oirthear na hÚcráine, nó a bhaineann tairbhe as an méid sin.

23.2.2022

117.

JSC A.N. Ganichev Scientific and Production Association “SPLAV”

(Rúisis: АО “Научно-производственное объединение ‘СПЛАВ’ имени А. Н. Ганичева”)

ailias: JSC NPO “Splav”

(Rúisis: АО НПО “Сплав”)

Seoladh: Shcheglovskaya zaseka Str. 33, Tula, 300004 Cónaidhm na Rúise

Teileafón: + 7 (4872) 46-44-09

Suíomh gréasáin: www.splav.org, www.splavtula.ru, сплав.рф

Rphost: mail@splavtula.ru

Daoine aonair comhlachaithe: AleksanderVladimirovich Smirnov Sergey Yurevich Alekseev Boris Andreevich Belobragin Vladimir Nikolaevich Kondaurov Denis Nikolaevich Kochetkov Maksim Grigorevich Rapota Oleg Veniaminovich Stolyarov Viktor Ivanovich Tregubov Olga Olegovna Yakunina

Eintitis chomhlachaithe: JSC Research and Industrial Concern “Machine Engineering Technologies” - JSC RIC TECMASH

Monaróir armán Rúiseach é, a chuireann armáin ar fáil d’Fhórsaí Armtha na Rúise.

Tháirg sé il-lainseálaithe roicéad BM-27 Uragan agus BM-30 Smerch a d’úsáid Fórsaí Armtha na Rúise le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. D’úsáid Fórsaí Armtha na Rúise il-lainseálaithe roicéad BM-27 Uragan agus BM-30 Smerch in ionsaithe cnuasmhuinisean i gcoinne spriocanna sibhialtacha san Úcráin, rud ba chúis le taismigh iomadúla.

Dá bhrí sin, tá NPO Splav freagrach as tacú, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

6.10.2022

128.

United Russia

(Rúisis: Единая Россия)

Seoladh: 39th Building, Kutuzovsky Prospekt, Moscó 121170, Cónaidhm na Rúise

Teileafón: (495) 786-82-89

Suíomh gréasáin: https://er.ru

Ríomhphost: post@edinros.ru

OGRN: 1037739350934

INN: 7702330228

Is páirtí polaitíochta é United Russia atá ailínithe leis an gCreimil. Dmitry Medvedev, iarUachtarán na Rúise, atá ina chathaoireach air. Thacaigh sé leis an gcogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, agus thacaigh sé freisin leis an ionghabháil neamhdhleathach neamhaitheanta a rinne an Rúis ar réigiúin Donetsk, Luhansk, Zaporizhzhia agus Kherson na hÚcráine.

Dá bhrí sin, bhí tá sé freagrach as tacaíocht a thabhairt go hábharach do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

16.12.2022

129.

The Federal Service for Supervision of Communications, Information Technologies and Mass Media, Roskomnadzor

(Rúisis: Федеральная служба по надзору в сфере связи, информационных технологий и массовых коммуникаций (Роскомнадзор))

Seoladh: Kitaygorodsky Ave 7 / 2, Moscó 109992, Cónaidhm na Rúise

Teileafón: +7 (495) 983-33-93

Ríomhphost: rsoc_in@rkn.gov.ru

Suíomh gréasáin: https://rkn.gov.ru/

OGRN: 1087746736296

INN: 7705846236

Is é Roskomnadzor gníomhaireacht stáit na Rúise atá freagrach as cumarsáid, teicneolaíocht faisnéise agus na meáin ollchumarsáide. Tá beartas stáit na cinsireachta curtha chun feidhme aige i leith eagraíochtaí neamhspleácha meán. Tar éis thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chuir sé teorainn shuntasach leis an rochtain a bhí ag sochaí na Rúise ar fhaisnéis, thug tús áite do bholscaireacht ar son an chogaidh agus thug isteach cinsireacht chogaidh chun an easaontas frith-chogaíochta a chur ina dtost.

D’ordaigh sé d’eagraíochtaí meán na Rúise gan ach an fhaisnéis agus na sonraí a chuir foinsí oifigiúla an rialtais ar fáil a úsáid agus iad ag tuairisciú faoin gcogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. Chuir sé cosc ar úsáid na bhfocal “ionradh” nó “cogadh” agus d’ordaigh sé go n-úsáidfí an téarma “oibríocht speisialta” ina n-ionad. Chuir sé cosc ar thuairisciú faoi thaismigh iomadúla i measc phearsanra míleata na Rúise agus dhaonra sibhialta na hÚcráine. Thug sé rabhadh do na meáin gan an t-agallamh a thug Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky, a fhoilsiú. Dhún sé na suíomhanna gréasáin nár lean a orduithe, agus d’iarr sé ar na cúirteanna pionós a ghearradh ar na heagraíochtaí meán neamhchomhlíontacha. Ina theannta sin, bhlocáil sé an rochtain ar na hardáin meán sóisialta, Facebook agus Twitter (“X” anois), chun cosc a chur orthu faisnéis a scaipeadh faoin gcogadh.

Dá bhrí sin, bhí tá sé freagrach as tacaíocht a thabhairt go hábharach do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

16.12.2022

130.

New People

(Rúisis: Новые люди)

Seoladh: Bolshoy Trekhgornyy Pereulok, building 11, entrance 2, Moscó 123022, Cónaidhm na Rúise

Teileafón: +7 (800) 550-10-39

Suíomh gréasáin: https://newpeople.ru/

Ríomhphost: info@newpeople.ru

OGRN: 1207700135972

INN: 9706005582

Is páirtí polaitiúil Rúiseach é New People. Thacaigh sé le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus thacaigh sé freisin leis an ionghabháil neamhdhleathach neamhaitheanta a rinne an Rúis ar réigiúin Donetsk, Luhansk, Zaporizhzhia agus Kherson na hÚcráine. Bhunaigh sé freisin brainse réigiúnach i “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di.

Dá bhrí sin, bhí tá sé freagrach as tacaíocht a thabhairt go hábharach do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

16.12.2022

131.

Liberal Democratic Party of Russia

(Rúisis: Либерально-демократическая партия России)

Seoladh: 1st Basmanny Lane, building 3, entrance 1, Moscó 107045, Cónaidhm na Rúise

Teileafón: +7 (495) 530-62-62

Suíomh gréasáin: https://ldpr.ru/

Ríomhphost: office@ldpr.ru

OGRN: 1027739646550

INN: 7708192743

Is páirtí polaitiúil Rúiseach é an Liberal Democratic Party of Russia. Thacaigh sé le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus thacaigh sé freisin leis an ionghabháil neamhdhleathach neamhaitheanta a rinne an Rúis ar réigiúin Donetsk, Luhansk, Zaporizhzhia agus Kherson na hÚcráine. Tá go leor brainsí réigiúnacha curtha ar bun aige freisin i gcríocha faoi fhorghabháil na hÚcráine.

Dá bhrí sin, bhí tá sé freagrach as tacaíocht a thabhairt go hábharach do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

16.12.2022

132.

Just Russia – Patriots – For Truth

(Rúisis: “Справедливая Россия – Патриоты – За правду”)

Seoladh: Seoladh dlíthiúil: 29 Bolshaya Tatarskaya St. Moscó 115184, Cónaidhm na Rúise

Seoladh poist: 14 Akademika Pilugina str., entr. 2, 117393, Moscó, Cónaidhm na Rúise

Teileafón: +7 495 787 85 15

Suíomh gréasáin: https://spravedlivo.ru/main

Ríomhphost: info@spravedlivo.ru

OGRN: 1027746003438

INN: 7703367439

Is páirtí polaitiúil Rúiseach é Just Russia – Patriots – For Truth. Thacaigh sé le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus thacaigh sé freisin leis an ionghabháil neamhdhleathach neamhaitheanta a rinne an Rúis ar réigiúin Donetsk, Luhansk, Zaporizhzhia agus Kherson na hÚcráine. Tá go leor brainsí réigiúnacha curtha ar bun aige freisin i gcríocha faoi fhorghabháil na hÚcráine.

Dá bhrí sin, bhí tá sé freagrach as tacaíocht a thabhairt go hábharach do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

16.12.2022

133.

Communist Party of the Russian Federation

(Rúisis: Коммунистическая партия Российской Федерации)

Seoladh: 3 Maly Sukharevsky Pereulok, bldg. 1, Moscó, 103051, Cónaidhm na Rúise

Teileafón: + 7-495-692-7646

Suíomh gréasáin: https://kprf.ru/

Ríomhphost: inter@kprf.ru

OGRN: 1027739165640

INN: 7704116332

Is páirtí polaitiúil Rúiseach é Communist Party of the Russian Federation [Páirtí Cumannach Chónaidhm na Rúise]. Thacaigh sé le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus thacaigh sé freisin leis an ionghabháil neamhdhleathach neamhaitheanta a rinne an Rúis ar réigiúin Donetsk, Luhansk, Zaporizhzhia agus Kherson na hÚcráine.

Tá go leor brainsí réigiúnacha curtha ar bun aige freisin i gcríocha faoi fhorghabháil na hÚcráine.

Dá bhrí sin, bhí tá sé freagrach as tacaíocht a thabhairt go hábharach do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

16.12.2022

134.

JSC CENTRAL RESEARCH INSTITUTE “BUREVESTNIK”

(Rúisis: АО ЦЕНТРАЛЬНЫЙ НАУЧНО-ИССЛЕДОВАТЕЛЬСКИЙ ИНСТИТУТ “БУРЕВЕСТНИК”)

Seoladh: Sormovskoe highway 1a, city of Nizhny Novgorod, Nizhny Novgorod region, Cónaidhm na Rúise (HQ)

Suíomh gréasáin: https://www.burevestnik.com/products_engl/history.html

Teileafón: +7 (831) 241-12-42

Ríomhphost: mail@burevestnik.com

An cineál eintitis: cuideachta comhstoic

Is cuideachta Rúiseach i dtionscal na n-arm í JSC CENTRAL RESEARCH INSTITUTE “BUREVESTNIK”. Ó bunaíodh í (in 1970) tá thart ar 400 cineál éagsúla arm agus trealamh míleata forbartha ag an gcuideachta. Is fearr aithne uirthi as na hairm seo a leanas a tháirgeadh: suiteálacha airtléire le haghaidh airtléire cabhlaigh AK-176, A-190; Moirtéir shoghluaiste (cineálacha 2B11, 2K32, 2C12, 2B25), habhatsar 2C35 agus eile.

Soláthraíonn JSC CENTRAL RESEARCH INSTITUTE “BUREVESTNIK” moirtéir de chineálacha éagsúla d’Fhórsaí Armtha na Rúise, moirtéir atá á n-úsáid sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá JSC CENTRAL RESEARCH INSTITUTE “BUREVESTNIK” freagrach as tacaíocht ábharach a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

16.12.2022

137.

JSC MACHINE BUILDING COMPANY “VITYAZ”

(Rúisis: AO “МАШИНОСТРОИИТЕЛЬНАЯ КОМПААНИЯ ‘ВИИТЯЗЬ’”)

Seoladh: 2 Industrialnoe sh., Ishimbai city, Republic of Bashkortostan, Cónaidhm na Rúise (HQ)

Cláruimhir: 1050202782277

Teileafón: + 7 (347) 942-47-87

Ríomhphost: vityaz@bolotohod.ru

An cineál eintitis: cuideachta comhstoic

Is cuideachta Rúiseach í “JSC MACHINE BUILDING COMPANY ‘VITYAZ’” (nó JSC VITYAZ) atá bainteach le forbairt, táirgeadh, oibriú agus deisiú feithiclí míleata armtha. Is táirgeoir paitinnithe an DT-30 “Vityaz” í. Soláthraíonn agus monaraíonn JSC VITYAZ feithiclí dhá-nasc uile-thír-raoin DT-30 “Vityaz” le crios boinn d’Fhórsaí Armtha na Rúise, a mbaintear úsáid astu sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá JSC VITYAZ freagrach as tacaíocht ábharach a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

16.12.2022

138.

JSC KAZAN PLANT OPTICAL AGUS MECHANICAL (JSC KOMZ)

(Rúisis: АО КАЗАНСКИЙ ОПТИКО-МЕХАНИЧЕСКИЙ ЗАВОД (AO КОМЗ))

Seoladh: st. Lipatova, 37, Kazan, Poblacht na Tatarstáine, Cónaidhm na Rúise

Cláruimhir: 1021603617188

Teileafón: +7 (843) 235-80-35

Suíomh gréasáin: https://komzrt.ru/

Seoladh Ríomhphoist: Info@komzrt.ru

An cineál eintitis: cuideachta comhstoic

Is fiontar éagsúlaithe Rúiseach é JSC KOMZ atá speisialaithe i bhforbairt agus táirgeadh feistí optúla agus trealaimh leictreonaigh cogaíochta (lena n-áirítear radair, déshúiligh, etc).

Táirgeann JSC KOMZ an trealamh leictreonach cogaíochta, Moscow-1 (Москва-1), Rychag-AV (Рычаг-АВ) agus Quicksilver-BM (Ртуть-БМ), atá á seachadadh d’Fhórsaí Armtha na Rúise agus a mbaintear úsáid astu i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá JSC KOMZ freagrach as tacaíocht ábharach a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin. Tairbhíonn JSC KOMZ de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine mar chuireann sé le soláthar córas leictreonach cogaíochta d’Fhórsaí Armtha na Rúise agus baineann, dá bhrí sin, tairbhe dhíreach as an ngá méadaitheach le hairm. Mar gheall ar an ngá méadaitheach seo le hairm, tá JSC KOMZ ag tairbhiú de Rialtas Chónaidhm na Rúise, arb é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

16.12.2022

141.

JSC IZHEVSK ELECTROMECHANICAL PLANT “KUPOL”

(Rúisis: ИЖЕВСКИЙ ЭЛЕКТРОМЕХАНИЧЕСКИЙ ЗАВОД “КУПОЛ”)

Seoladh: Pesochnaya str. Seoladh: Pesochnaya st. 3, city of Izhevsk, Poblacht na hUdmairt, Cónaidhm na Rúise (HQ)

Cláruimhir: 1021801143374

Teileafón: +7 (3412) 72-22-09

Ríomhphost: iemz@kupol.ru

An cineál eintitis: cuideachta comhstoic

Dáta clárúcháin: 23.4.2002

Príomhionad gnó: An Rúis

Is cuideachta Rúiseach í JSC IZHEVSK ELECTROMECHANICAL PLANT “KUPOL” (nó JSC IEMZ “KUPOL”) atá ag gabháil d’fhorbairt, táirgeadh, oibriú agus deisiú córas diúracán Tor, ar chóras diúracáin uile-aimsire, íseal go meánairde, gearr-raoin dromchla go haer iad, atá deartha chun eitleáin, héileacaptair, diúracáin chúrsála, etc., a scriosadh.

Soláthraíonn JSC IZHEVSK ELECTROMECHANICAL PLANT “KUPOL” córais diúracán Tor monaraithe d’Fhórsaí Armtha na Rúise, a mbaintear úsáid astu sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá JSC IZHEVSK ELECTROMECHANICAL PLANT “KUPOL” freagrach as tacaíocht ábharach a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

16.12.2022

144.

JSC A.E. NUDELMAN DESIGN BUREAU OF PRECISION MACHINE BUILDING (KB TOCHMASH)

(Rúisis: АО КОНСТРУКТОРСКОЕ БЮРО ТОЧНОГО МАШИНОСТРОЕНИЯ ИМ. А. Э. НУДЕЛЬМАНА (КБ ТОЧМАШ))

Seoladh: str. Vvedensky, 8, Moscó, Cónaidhm na Rúise (HQ)

Cláruimhir: 1037739692385

Suíomh gréasáin: http://www.kbtochmash.ru/

Teileafón: +7 (495) 333-01-65

Ríomhphost: mail@kbtochmash.ru

An cineál eintitis: cuideachta comhstoic

Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise

Tá KB TOCHMASH mar chuid den chuideachta faoi úinéireacht stát na Rúise, Almaz-Antey Concern, agus is forbróir arm Rúiseach é a mhonaraíonn réimse leathan de chórais chosanta frith-aerárthaí, MANPADS, diúracáin, lena n-áirítear airm bheachtais mhéadaithe.

Táirgeann KB TOCHMASH córais diúracán frith-aerárthaí Strela-10 agus Sosna-R, córais a raibh úsáid fhorleathan á baint astu le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine in 2022.

Dá bhrí sin, tá KB TOCHMASH freagrach as tacaíocht ábharach a thabhairt do ghníomhaíochtaí lenar baineadh an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bhagairt iad ar an méid sin. Tairbhíonn KB TOCHMASH de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine mar cuireann sé le soláthar córas diúracán frith-aerárthaí d’Fhórsaí Armtha na Rúise agus baineann, dá bhrí sin, tairbhe as an ngá méadaitheach le hairm. Dá bhrí sin tá KB TOCHMASH, ag baint tairbhe as Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

16.12.2022

146.

RESEARCH DESIGN BYURO “NOVATOR”

(Rúisis: ОПЫТНОЕ-КОНСТРУКТОРСКОЕ БЮРО “НОВАТОР”)

Seoladh: Prospekt Kosmonavtov, 18, Yekaterinburg, Sverdlovsk Oblast, Cónaidhm na Rúise (HQ)

Cláruimhir: 1026605611339

An cineál eintitis: cuideachta comhstoic

Príomhionad gnó: An Rúis

Is cuideachta Rúiseach í JSC RESEARCH DESIGN BYURO “NOVATOR” atá ag gabháil d’fhorbairt, táirgeadh, oibriú agus deisiú diúracán fadraoin frith-aerárthaí, diúracán cúrsála, diúracán frithbhailistíocha agus trealaimh cogaíochta eile. Soláthraíonn JSC “NOVATOR” diúracáin chúrsála 3M-54 Kalibr (dá ngairtear freisin 3M54-1 Kalibr agus 3M14 Biryuza) d’Fhórsaí Armtha na Rúise, a mbaintear úsáid astu sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá JSC RESEARCH DESIGN BYURO “NOVATOR” freagrach as tacaíocht ábharach a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

16.12.2022

148.

JSC Concern Radio-Electronic Technologies (KRET)

(Rúisis: АО “Концерн Радиоэлектронные технологии” (КРЭТ)

Seoladh: Goncharnaya st., 20/1, 109240, Moscó, Cónaidhm na Rúise

Cláruimhir: 1097746084666

Teileafón: +7 (495) 587-70-70

Suíomh gréasáin: https://www.kret.tech/

Ríomhphost: info@kret.com

Is é Concern Radio-Electronic Technologies príomhfhorbróir agus príomh-mhonaróir táirgí raidió-leictreonacha míleata na Rúise. Is fochuideachta de chuid Rostec é. Ba é a mhonaraigh na córais cogaíochta leictreonaí Krasucha-4 ar bhain Fórsaí Armtha na Rúise úsáid astu le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú, ar bhonn ábharach nó airgeadais le gníomhaíochtaí lenar baineadh an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bhagairt iad ar an méid sin.

16.12.2022

149.

JSC “RADIOAVIONIKA”

(Rúisis: АО “Радиоавионика”)

Seoladh: Troitskiy pr., 4, building B, Cathair Pheadair, 190005, Cónaidhm na Rúise

Cláruimhir: 1027810239555

Teileafón: +7 (812) 607-50-50

Suíomh gréasáin: http://www.radioavionica.ru

Ríomhphost: info@radioavionica.ru

Is cuideachta í Radioavionika d’earnáil teicneolaíochta na Rúise ar soláthraí arm í d’Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise.

D’fhorbair agus mhonaraigh Radioavionika na córais taiscéalaíochta, cheannais, rialuithe agus chumarsáide “Strelets-M” a d’úsáid Fórsaí Armtha na Rúise le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú, ar bhonn ábharach nó airgeadais le gníomhaíochtaí lenar baineadh an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bhagairt iad ar an méid sin.

16.12.2022

150.

JSC Technodinamika

(Rúisis: AO Технодинамика)

Seoladh: 35, Bolshaya Tatarskaya Str., Bldg. 5, 115184, Moscó, Cónaidhm na Rúise

Cláruimhir: 1037719005873

Teileafón: Teileafón: + 7 (495) 627-1099

Ríomhphost: info@tdhc.ru

Suíomh gréasáin: http://technodinamika.ru

Is monaróir arm, armlóin, torthaí ceimice agus eitleoireachta é Technodinamika ar sholáthraí míleata é d’Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise. Is cuideachta sealbhaíochta í a bhfuil níos mó ná 100 fiontar inti.

Mhonaraigh fochuideachtaí Technodinamika aerfheithiclí gan foireann KBLA-IVC, córais leagtha mianach ISDM Zemledeliye agus armlón do roicéid a úsáidtear in teilgeoirí BM-27 Uragan, diúracáin threoraithe aerárthaí Vikhr agus córais roicéad airtléire Tornado-S, a d’úsáid Fórsaí Armtha na Rúise le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, bhí tá sé freagrach as tacaíocht a thabhairt go hábharach do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Anuas air sin, tá tacaíocht ábharach á tabhairt aici do Rialtas Chónaidhm na Rúise, agus í ag tairbhiú de, arb é an rialtas sin atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

16.12.2022

151.

JSC “Ulan-Ude Aviation Plant”

(Rúisis: АО “УЛАН-УДЭНСКИЙ АВИАЦИОННЫЙ ЗАВОД”)

Seoladh: Khorinskaya Str. 1, 670009 Ulan-Ude, Republic of Buryatia, Cónaidhm na Rúise

Cláruimhir: 1020300887793

Teileafón: Teileafón: + 7 (301) 248-0392

Suíomh gréasáin: https://rabotauuaz.ru/o-predpriyatii#O_predpriyatii

Ríomhphost: uaz@uuaz.ru

Tá Ulan-Ude Aviation Plant faoi chonradh mar sholáthraí d’Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise.

Mhonaraigh sé na héileacaptair iompair mhíleata Mi-8AMTSh a d’úsáid Fórsaí Armtha na Rúise le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, bhí tá sé freagrach as tacaíocht a thabhairt go hábharach do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

16.12.2022

156.

JSC National Media Group

(Rúisis: AO “Национальная Медиа Группа” (НМГ))

Seoladh: Prechistenskaya embankment 13, building 1, 119034, Moscó, Cónaidhm na Rúise

Suíomh gréasáin: https://nmg.ru/

Teileafón: +7 (495) 988-11-12

Ríomhphost: pr@nmg.ru

An cineál eintitis: cuideachta comhstoic

Dáta clárúcháin: 1.2.2008

Cláruimhir: 1087746152207

Uimhir aitheantais cáiníocóra: 7704676655

Is cuideachta sealbhaíochta meán í National Media Group, a rialaíonn 28 fiontar meán sa Rúis, lena n-áirítear Channel One, Channel 5, REN TV agus STS, 78.ru, an nuachtán náisiúnta Izvestia, Delovoy Peterburg agus cinn eile. Tá sí faoi úinéireacht Bank Rossiya, arb é Yuriy Kovalchuk a phríomh-gheallsealbhóir. Is é Alina Kabaeva cathaoirleach boird NMG. Tá baint ag NMB dá bhrí sin le daoine agus le heintitis atá faoi bhearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

Tá bolscaireacht agus bréagaisnéis a bhaineann le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine á scaipeadh go gníomhach ag na meáin atá á rialú ag NMG. Dá bhrí sin, tá NMG ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

16.12.2022

158.

ANO TV-Novosti

(Rúisis: АНО “ТВ-новости”)

Seoladh: Autonomous non-profit organization (ANO) “TV-Novosti”, BOROVAYA ULITSA, D.3, K.1, Moscó, 111020, Cónaidhm na Rúise

Teileafón: +7(499)750-00-75, +7(495)926-28-30, +7(495)649-89-89

Suíomh gréasáin: https://partners.rt.com/contacts/

Ríomhphost: info@rttv.ru

Cláruimhir: 1057746595367

Uimhir aitheantais cáiníocóra: 7704552473

Is eagraíocht Rúiseach meán í TV-Novosti a bhfuil nasc aici le Rialtas na Rúise. Maoinítear é ó bhuiséad cónaidhmeach Chónaidhm na Rúise. Trína fomheáin, lena n-áirítear RT, scaip sí bolscaireacht agus bréagaisnéis arís agus arís eile a bhí fabhrach don Chreimil agus thacaigh sí le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tríd an ábhar a chuireann sé amach, scaipeann RT scéalta bréagacha faoi réimeas na Rúise chun an bonn a bhaint den Úcráin agus, ar an gcaoi sin, tá sé ag tacú le feachtas bréagaisnéise ar mórscála chun deireadh a chur leis an tacaíocht idirnáisiúnta don Úcráin.

Dá bhrí sin, thug sí tacaíocht ábharach nó airgeadais do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin. Anuas air sin, bhain sé tairbhe as Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

16.12.2022

168.

JSC “Zavolzhsky plant of caterpillar tractors” (“ZZGT”)

(Rúisis: ЗАО “Заволжский завод гусеничных тягачей” (ЗЗГТ))

Seoladh: 606522, Nizhny Novgorod region, Gorodetsky district, Zavolzhye, Zheleznodorozhnaya str., 1, Cónaidhm na Rúise

Cláruimhir: 1115248002110

Suíomh gréasáin: https://zzgt.ru/

Teileafón: +7 (831) 612-14-00

An cineál eintitis: cuideachta comhstoic

Dáta clárúcháin: 26.9.2011

Áit chlárúcháin: Réigiún Nizhny Novgorod, Cónaidhm na Rúise

Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise

Is fiontar tógála meaisíní Rúiseach é JSC “Zavolzhsky plant of caterpillar tractors”, a tháirgeann agus a sholáthraíonn feithiclí uile-thír-raoin le crios boinn GAZ-3344-20.

Soláthraíonn JSC “Zavolzhsky plant of caterpillar tractors” feithiclí GAZ-3344-20 d’Fhórsaí Armtha na Rúise, a mbaintear úsáid astu sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá JSC “Zavolzhsky plant of caterpillar tractors” freagrach as tacaíocht ábharach a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

16.12.2022

174.

SBK ART LLC

(Rúisis: ООО “СБК Арт”)

Seoladh: Leningradsky Prospekt D. 37A K. 4, Floor/Room 10/33 A73, Municipal District Of Khoroshevsky, Moscó, 125167, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: cuideachta faoi dhliteanas teoranta

Áit chlárúcháin: Pedestrian passage, home ownership 3. building 2, Moscó 125373, Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 10.12.2021

Cláruimhir: 1217700605209

Is cuideachta é SBK ART LLC i gCónaidhm na Rúise a bhfuil baint aige le Sberbank. Bunaíodh SBK ART LLC mar fhochuideachta de chuid Sberbank sular liostaíodh é, chun leasanna Sberbank i ngrúpa Fortenova a shealbhú. Coinníonn Sberbank smacht éifeachtach ar SBK ART LLC in ainneoin aistriú airbheartaithe a scaireanna chuig fear gnó in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.

Dá bhrí sin, tá baint ag SBK ART LLC le Sberbank, atá liostaithe mar eintiteas a thugann tacaíocht airgeadais do Rialtas Chónaidhm na Rúise agus mar eintiteas a bhfuil baint aige le hearnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim dó.

16.12.2022

198.

Alfa-Bank JSC

(Rúisis: Альфа-Банк)

Seoladh teagmhála: 11 Mashi Poryvayevoy str. Moscó, 107078, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: cuideachta comhstoic

Áit chlárúcháin: 27 Kalanchevskaya str. Moscó, 107078, Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 26.7.2022

Cláruimhir: 1027700067328

Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise

Daoine aonair comhlachaithe:

Petr Aven

German Khan, Mikhail Fridman

Andrey Borisovich Sokolov (Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta)

Oleg Nikolaievich Syusuev (Cathaoirleach an Bhord Stiúrthóirí)

Is é Alfa-Bank JSC an banc príobháideach is mó i gCónaidhm na Rúise. Chuir Banc Ceannais na Rúise Alfa-Bank san áireamh ar liosta na n-institiúidí creidmheasa a bhfuil tábhacht shistéamach leo. Oibríonn Alfa-Bank in earnáil seirbhísí airgeadais na Rúise agus, go sonrach, in earnáil na baincéireachta. In 2023, ba í earnáil na seirbhísí airgeadais an seachtú hearnáil ba mhó i ngeilleagar na Rúise de réir sciar de OTI, arbh ionann í agus 5,2  % de OTI Chónaidhm na Rúise. Ba mhéadú é sin ó 4,8  % in 2022. Ina theannta sin, is cuid shubstaintiúil d’earnáil airgeadais na Rúise í earnáil na baincéireachta, ós rud é gurb ionann í agus thart ar 87 % d’iomlán na sócmhainní san earnáil airgeadais. D’éirigh go maith leis an earnáil baincéireachta in 2023, le méaduithe suntasacha ar shócmhainní iomlána, iasachtaí corparáideacha agus iasachtaí miondíola, agus glanbhrabús 3,3 trilliún rúbal sna chéad 6 mhí amháin. Thairis sin, tacaíonn an earnáil baincéireachta le hearnálacha eile den gheilleagar, rud a ghineann ioncam do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

25.2.2023

 

 

Eintitis chomhlachaithe eile:

Alfa Capital Markets LTD (an Chipir)

Alfa-Direct (an Rúis)

Alfa-Forex LLC (an Rúis)

Alfa-Lizing OOO (an Rúis)

Amsterdam Trade Bank NV (an Ísiltír)

Subsidiary Bank Alfa-Bank JSC (an Chasacstáin)

ABH Holdings

Faisnéis eile: earnáil airgeadais, baincéireacht

Tá Alfa-Bank rannpháirteach, dá bhrí sin, in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim í do Rialtas Chónaidhm na Rúise, arb é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

 

199.

Public joint-stock company Rosbank

(Rúisis: Публичное акционерное общество Росбанк)

Seoladh: 9 ul. Bolshaya Yakimanka, Moscó, 119180, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: cuideachta comhstoic poiblí

Áit chlárúcháin: 107078, Moscó, Masha Poryvaeva str., 34, Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 2.3.1993

OGRN: 1027739460737

INN: 7730060164

Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise

Tá Rosbank ar ceann de na struchtúir airgeadais is mó sa Rúis agus tá sé ar ceann de phríomhiasachtóirí na tíre sin. Rinne Banc Ceannais na Rúise é a liostú mar institiúid creidmheasa a bhfuil tábhacht shistéamach leo. Ba iad a shócmhainní iomlána amhail ón gcéad ráithe de 2024 RUB 2 161,76  billiún agus ba é RUB 10,02 billiún a ghlanbhrabús.

Oibríonn Rosbank in earnáil seirbhísí airgeadais na Rúise agus, go sonrach, in earnáil na baincéireachta. In 2023, ba í earnáil na seirbhísí airgeadais an seachtú hearnáil ba mhó i ngeilleagar na Rúise de réir sciar de OTI, arbh ionann í agus 5,2  % de OTI Chónaidhm na Rúise. Ba mhéadú é sin ó 4,8  % in 2022. Ina theannta sin, is cuid shubstaintiúil d’earnáil airgeadais na Rúise í earnáil na baincéireachta, ós rud é gurb ionann í agus thart ar 87 % d’iomlán na sócmhainní san earnáil airgeadais. D’éirigh go maith leis an earnáil baincéireachta in 2023, le méaduithe suntasacha ar shócmhainní iomlána, iasachtaí corparáideacha agus iasachtaí miondíola, agus glanbhrabús 3,3  trilliún rúbal sna chéad 6 mhí amháin. Thairis sin, tacaíonn an earnáil baincéireachta le hearnálacha eile den gheilleagar, rud a ghineann ioncam do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

Dá bhrí sin, tá Rosbank rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a thugann foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

25.2.2023

200.

Tinkoff Bank JSC

(Rúisis: AO, “Тинькофф банк”)

Seoladh/Seoladh poist: Moscó, 127994, st. Khutorskaya 2nd, 38A, building 26; PO Box 23, Moscó, 102001, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: cuideachta comhstoic

Áit chlárúcháin: 127287, st. Khutorskaya 2nd, 38A, Moscó, Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 28.11.2002

Cláruimhir: 1027739642281

Tá Tinkoff Bank ar ceann de na trí bhanc is mó sa Rúis, bunaithe ar líon na gcliant gníomhach. Tá sé ar thús cadhnaíochta i réimse na dteicneolaíochtaí airgeadais, agus tá Banc Ceannais na Rúise tar éis Tinkoff Bank a chur san áireamh ar liosta na n-institiúidí creidmheasa a bhfuil tábhacht shistéamach leo.

Oibríonn Tinkoff Bank in earnáil sheirbhísí airgeadais na Rúise agus, go sonrach, in earnáil na baincéireachta.

25.2.2023

 

 

Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise

Daoine aonair comhlachaithe: Vladimir Potanin (scairshealbhóir)

Eintitis chomhlachaithe eile: TCS Group Holding PLC – scairshealbhóir

In 2023, ba í earnáil na seirbhísí airgeadais an seachtú hearnáil ba mhó i ngeilleagar na Rúise de réir sciar de OTI, arbh ionann í agus 5,2  % de OTI Chónaidhm na Rúise. Ba mhéadú é sin ó 4,8  % in 2022. Ina theannta sin, is cuid shubstaintiúil d’earnáil airgeadais na Rúise í earnáil na baincéireachta, ós rud é gurb ionann í agus thart ar 87 % d’iomlán na sócmhainní san earnáil airgeadais. D'éirigh go maith leis an earnáil baincéireachta in 2023, le méaduithe suntasacha ar shócmhainní iomlána, iasachtaí corparáideacha agus iasachtaí miondíola, agus glanbhrabús 3,3 trilliún rúbal sna chéad 6 mhí amháin. Thairis sin, tacaíonn an earnáil baincéireachta le hearnálacha eile den gheilleagar, rud a ghineann ioncam do Rialtas Chónaidhm na Rúise. Tá Tinkoff Bank rannpháirteach, dá bhrí sin, in earnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do Rialtas Chónaidhm na Rúise, arb é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

 

221.

JSC Plant Universalmash

(АО ЗАВОД УНИВЕРСАЛМАШ)

Seoladh: 198097, Cathair Pheadair, Stachek avenue, 47 LITERA C, office 6th office 2/1, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: cuideachta comhstoic neamhphoiblí

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 19.7.1995

Cláruimhir: Uimhir aitheantais chánach – 7805060220

INN – 7805060220

Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise

Is fochuideachta de PJSC “KIROVSKY ZAVOD” é JSC Plant Universalmash a sholáthraíonn an fearas tuirlingthe rianaithe aontaithe le haghaidh chóras diúracán frith-aeráthaí S-300V. Úsáidtear an cineál fearais tuirlingthe sin freisin le haghaidh aonaid airtléire féinghluaiste “Pion” agus aonaid aontaithe ar leithligh le tanc T-80 a úsáideann fórsaí na Rúise san Úcráin. Thairis sin, dúirt Sergey Serebryakov, atá i gceannas ar JSC Plant Universalmash, go bhfuil tascanna a bhaineann le horduithe cosanta stáit á gcomhlíonadh ag an gcuideachta.

Dá bhrí sin, tá JSC Plant Universalmash freagrach as tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus as tacú go hábhartha le Rialtas Chónaidhm na Rúise agus tairbhe a fháil ón rialtas sin, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

23.6.2023

234.

Positive Group PJSC

ar a dtugtar freisin Positive technologies

ar a dtugtar freisin Gruppa Pozitiva

ar a dtugtar freisin Gruppa Pozitiva (Группа Позитива)

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise (107241, Moscó, sh. Shchelkovskoe, 23A, pomeshch. V kom. 33.)

Dáta clárúcháin: 27.9.2017

Cláruimhir: 9718077239 (uimhir aitheantais chánach)

Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise

Is cuideachta sealbhaíochta ilchuideachta é Positive Group PJSC lena n-áirítear, AO Pozitiv Teknolodzhiz. Oibríonn AO Pozitiv Teknolodzhiz in earnáil TF na Rúise agus tá ceadúnas aige arna riaradh ag FSB. An Lárionad um Cheadúnú, Deimhniú agus Cosaint Rún Stáit. Dá bhrí sin, is cuideachta sealbhaíochta ilchuideachta é Positive Group PJSC ina bhfuil eintiteas a oibríonn in earnáil TF na Rúise agus a bhfuil ceadúnas aige arna riaradh ag FSB.

Dá bhrí sin, is eintiteas é Positive Group PJSC a oibríonn in earnáil TF na Rúise le ceadúnas arna riaradh ag Lárionad SSC um Cheadúnú, Deimhniú agus Cosaint Rún Stáit, Aireacht Tionscail agus Trádála na Rúise.

23.6.2023

246.

Structura National Technologies

ar a dtugtar freisin “Struktura”

(Rúisis: ООО “ГК СТРУКТУРА”)

Seoladh: Moscow municipal district Arbat per Bolshoy Kislovskii 1 building 2 premises/room. i/42

An cineál eintitis: cuideachta teicneolaíochta agus faisnéise

Áit chlárúcháin: An Rúis

Dáta clárúcháin: arna bunú in 2009

Cláruimhir: Uimhir aitheantais chánach: 7703438908

Príomhionad gnó: An Rúis

Is cuideachta TF Rúiseach é Structura National Technologies a bhfuil dlúthbhaint aige le cumhacht pholaitiúil na Rúise, a bhunaigh Nikolai Aleksandrovich Tupikin agus atá faoina cheannas. Ó 2022 i leith, tá an chuideachta rannpháirteach san fheachtas um bréagaisnéis dhigiteach faoi stiúir na Rúise – “RRN” (An Nuacht Iontaofa is Déanaí) – arb é is aidhm dó faisnéis a ionramháil agus bréagaisnéis a chomhroinnt chun tacú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Aithníodh gurb é Structura National Technologies príomhghníomhaí san fheachtas. Tá sé freagrach as suíomhanna gréasáin bréige a chruthú a dhéanann aithris orthu siúd atá ag eagraíochtaí rialtais agus ag na meáin dhlisteanacha san Eoraip (go príomha an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Úcráin agus an Ríocht Aontaithe) agus as borradh a chur faoin bhfeachtas ar son na Rúise “RRN” ar na meáin shóisialta. Dá bhrí sin, tá Structura National Technologies ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

28.7.2023

247.

ANO Dialog

AHO Диалог

Seoladh: 119021, st. Timura Frunze, d.11, p. 1, BC Demidov, Moscó

An cineál eintitis: eagraíocht neamhbhrabúis uathrialaitheach

Áit chlárúcháin: An Rúis

Dáta clárúcháin: 2019

Cláruimhir: Uimhir aitheantais chánach: 9709056472

Príomhionad gnó: An Rúis

Is eagraíocht neamhbhrabúis Rúiseach í ANO Dialog a chruthaigh Roinn Faisnéise agus Teicneolaíochta Mhoscó (DIT) in 2019 a bhfuil dlúthbhaint aige le riarachán na huachtaránachta. Is é Alexey Goreslavsky a bhí i gceannas air, iar-leas-cheann ar Roinn Tionscadal Poiblí (OPS) an Uachtaráin. Is é Vladimir Tabak an t-ardstiúrthóir ón 1 Nollaig 2021 i leith. Tá ANO Dialog ag scaipeadh bolscaireacht ar líne faoi na críocha a ionghabhadh go neamhdhleathach san Úcráin.

Tugann ANO Dialog treoracha don chainéal Telegram Readovka a fhoilsíonn bréagaisnéis faoin gcogadh foghach i gcoinne na hÚcráine chun tacú le bolscaireacht na Creimile. Tá ANO Dialog nasctha leis an gcuntas Telegram maidir le “seiceáil fíricí” agus fearainn eile maidir le “Bréaga a Chomhrac”, atá faoi stiúir Timofey Vasiliev, Ceann roinne ANO ar Fhorbairt Limistéir Straitéiseacha ANO Dialog, ina scaiptear bréagnuacht agus bolscaireacht faoi chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá ANO Dialog ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

28.7.2023

253.

Federal State Enterprise ANOSIT

ar a dtugtar freisin Federal State Enterprise Anozit

(Федеральное казенное предприятие “АНОЗИТ”)

Seoladh: Kuibyshev, Novosibirsk region, Cónaidhm na Rúise, Sadovoye Koltso str., 1

An cineál eintitis: fiontar stáit chónaidhme

Áit chlárúcháin: Kuibyshev, Novosibirsk region, Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 15.6.2006

Cláruimhir: 1065471010340

Príomhionad gnó: Kuibyshev, Cónaidhm na Rúise

Uimhir Aitheantais Chánach: 5452112527

Is táirgeoir Rúiseach substaintí ceimiceacha a úsáidtear i bpléascáin agus i mbreosla roicéad é Federal State Enterprise ANOSIT [Fiontar Stáit Chónaidhme Anosit]. Tá sé faoi úinéireacht stát na Rúise ach de réir fhoraithne Uachtarán Chónaidhm na Rúise, déanfar é a chlaochlú agus a aistriú chuig seilbh chorparáid an stáit Rostec. Dá bhrí sin, fanfaidh an Fiontar Stáit Cónaidhme Anosit faoi rialú Rialtas na Rúise.

Táirgeann an Fiontar Stáit Cónaidhme Anosit sárocsaíd hidrigine agus is é an t-aon táirgeoir sárchlóráit amóiniam sa Rúis. Is é sárchlóráit amóiniam an phríomh-chomhpháirt de bhreosla roicéid. Cuireadh an Fiontar Stáit Cónaidhme Anosit, le foraithne Uachtarán Chónaidhm na Rúise, san áireamh ar liosta na gcuideachtaí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo do Chónaidhm na Rúise. Tá an Fiontar Stáit Cónaidhme Anosit tábhachtach go straitéiseach do lucht míleata na Rúise agus dá fhórsaí roicéid, toisc gurb é an t-aon soláthraí breosla roicéid é.

Dá bhrí sin, tá an Fiontar Stáit Cónaidhme Anosit ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

18.12.2023

260.

JSC “Research and Production Enterprise ‘Topaz’”

ar a dtugtar freisin JSC “NPP ‘Topaz’”

(AO “Научно-Производственное Предприятие ‘Топаз’”

ar a dtugtar freisin АО “НПП “Топаз”)

Seoladh: Cónaidhm na Rúise, 129085, Moscó, Mira Ave., 105, bldg. 9

Seoladh roimhe seo: Cónaidhm na Rúise, Moscow region, Dolgoprudny, Pervomayskaya street, 21

Seoladh dlíthiúil roimhe seo: Cónaidhm na Rúise, 129626, Moscow city, ul. 3rd Mytishchinskaya, d. 16, p. 34, floor 2 pom III com 25

An cineál eintitis: cuideachta comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 17.1.2003

Cláruimhir: 1035001851125

Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise

Faisnéis bhreise: INN/KPP 5008011331/771701001

Tá JSC Research and Production Enterprise “Topaz” (JSC NPP “Topaz”) i mbun crua-earraí agus bogearraí a fhorbairt agus a tháirgeadh, ar crua-earraí agus bogearraí iad a úsáidtear chun tacaíocht rialaithe oibiachtúil a thabhairt d’aerárthaí ar talamh agus d’aerárthaí iompróir-bhunaithe le haghaidh eitlíocht mhíleata agus shibhialta. Soláthraíonn JSC NPP “Topaz” na bogearraí a úsáideann aerárthaí Fhórsaí Armtha na Rúise sa chogadh foghach leanúnach i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tacaíonn JSC “Topaz” go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

18.12.2023’


(*1)  De bharr cúiseanna maidir le sonraí pearsanta agus/nó rúndacht a chosaint, ní nochtar roinnt faisnéise a bhí san eisiúint seo a thuilleadh, agus dá bhrí sin, foilsíodh leagan barántúil nua.

(*2)  Tá an fhaisnéis scriosta nó ionadaithe laistigh den chreat maidir le sonraí pearsanta agus/nó rúndacht a chosaint.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2456/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)