European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2407

16.9.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2407 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Meán Fómhair 2024

lena n-oibrítear asbhaintí ó chuótaí iascaireachta atá ar fáil le haghaidh stoic áirithe in 2024 de dheasca na ró-iascaireachta sna blianta roimhe sin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008 agus (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 105(1), (2) agus (3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Na cuótaí iascaireachta le haghaidh 2023, leagtar síos iad le Rialacháin (AE) 2022/2090 (2), (AE) 2023/194 (3) agus (AE) 2023/195 (4) ón gComhairle.

(2)

Na cuótaí iascaireachta le haghaidh 2024, leagtar síos iad le Rialacháin (AE) 2023/194, (AE) 2023/2638 (5), (AE) 2024/257 (6) agus (AE) 2024/259 ón gComhairle (7).

(3)

De bhun Airteagal 105(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, i gcás ina bhfuil sé suite ag an gCoimisiún go bhfuil Ballstát tar éis na cuótaí iascaireachta a cionroinneadh air a shárú, tá an Coimisiún le hasbhaintí a oibriú ó chuótaí iascaireachta a bheidh ag an mBallstát sin amach anseo.

(4)

Foráiltear le hAirteagal 105(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 go bhfuil na hasbhaintí sin le hoibriú an bhliain dár gcionn nó sna blianta dár gcionn trí na fachtóirí iolraithe ábhartha a chur i bhfeidhm mar a leagtar amach ann.

(5)

Sháraigh Ballstáit áirithe a gcuótaí iascaireachta le haghaidh 2023. Dá bhrí sin, ba cheart asbhaintí a oibriú ó na cuótaí iascaireachta a chionroinntear orthu in 2024 agus, i gcás inarb ábhartha, sna blianta ina dhiaidh sin, maidir leis na stoic a ndearnadh ró-iascaireacht orthu.

(6)

Le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1661 ón gCoimisiún (8) agus (AE) 2023/2480 ón gCoimisiún (9), leagadh amach asbhaintí ó chuótaí iascaireachta maidir le Ballstáit áirithe agus speicis áirithe le haghaidh 2023. I gcás Ballstáit áirithe, áfach, b’airde na hasbhaintí a bhí le cur i bhfeidhm maidir le roinnt speiceas ná na cuótaí ábhartha a bhain leis na speicis chéanna a bhí ar fáil in 2023 agus dá bhrí sin, ní fhéadfaí iad a oibriú ina n-iomláine sa bhliain sin. De bhun phointe 2 de Theachtaireacht ón gCoimisiún maidir le treoirlínte i ndáil le cuótaí a asbhaint faoi Airteagal 105(1), (2) agus (5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 (10) (‘na Treoirlínte’) agus chun a áirithiú sna cásanna sin go n-asbhainfear méid iomlán na stoc ábhartha, ba cheart na cainníochtaí atá fágtha a chur san áireamh agus asbhaintí á leagan síos le haghaidh 2024 agus, i gcás inarb iomchuí, ó chuótaí ina dhiaidh sin.

(7)

Dearbhaítear i bpointe 1 de na Treoirlínte go bhfuil an amlíne le haghaidh asbhaintí i gcás ró-iascaireacht cuóta maidir le stoic atá á mbainistiú ag eagraíochtaí réigiúnacha iascaigh le cur in oiriúint, i gcás inarb infheidhme, don amlíne le haghaidh asbhaintí atá socraithe sna eagraíochtaí réigiúnacha iascaigh lena mbaineann maidir leis na stoic sin. Le Moladh 21-01 ón gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT) maidir le clár ilbhliantúil um chaomhnú agus bainistiú le haghaidh tuinníní trópaiceacha (11), chomh maith le Moladh 22-03 ó ICCAT maidir le caomhnú cholgán an Atlantaigh Thuaidh (12), foráiltear go ndéanfar aon bharrachas sa chuóta coigeartaithe bliantúil sa bhliain 2022 a asbhaint ón gcuóta/teorainn ghabhála le haghaidh 2024. Ar an mbonn sin, na hasbhaintí a leagadh síos in 2022 mar gheall ar ró-iascaireacht, lena n-áirítear asbhaintí a eascraíonn as fachtóirí iolraithe is infheidhme, i gcás an stoic tuinníní mórshúileacha san Aigéan Atlantach (BET/ATLANT) agus i gcás an stoic colgán san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T (SWO/AN05N), stoic a mbainistíonn ICCAT iad araon, ba cheart na hasbhaintí sin a chur i bhfeidhm in 2024. Dá bhrí sin, na hasbhaintí a leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1661 mar gheall ar an ró-iascaireacht a rinne an Phortaingéil in 2022 maidir lena cuótaí le haghaidh BET/ATLANT agus SWO/AN05N, ba cheart na hasbhaintí sin a oibriú ar bhonn a cuótaí le haghaidh 2024, faoi seach. An fhoráil a leagtar síos le Moladh 22-03, tá sí infheidhme freisin maidir le sárú na dteorainneacha gabhála bliantúla le haghaidh SWO/AN05N in 2023, sárú atá le hasbhaint ó na teorainneacha gabhála bliantúla le haghaidh 2025.

(8)

Ar an gcaoi chéanna, foráiltear le Moladh 19-05 ó ICCAT lena mbunaítear clár atógála le haghaidh mairlíní gorma (13) go ndéanfar aon bharrachas de na teorainneacha bliantúla maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír arna socrú le haghaidh 2023 a asbhaint ó na teorainneacha maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír le linn 2025. Dá bhrí sin, níor cheart asbhaintí de dheasca ró-iascaireachta in 2023 le haghaidh an stoic mairlíní gorma san Aigéan Atlantach (BUM/ATLANT) a chur i bhfeidhm ach amháin in 2025.

(9)

Ar bhonn na sonraí a tharchuir an Fhrainc, dealraíonn sé gur sáraíodh cuóta comhroinnte 2023 de 129,840 tona, cuóta a cionroinneadh ar ‘Bhallstáit eile’ – an Fhrainc ina measc– go heisiach le haghaidh foghabhálacha colgán san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T (SWO/AN05N_AMS) mar a leagadh síos le Rialachán (AE) 2023/194. Ós rud é gur thuairiscigh an Fhrainc gabhálacha de 161,053 tona faoin gcuóta ‘Ballstáit eile’ sin, ba cheart asbhaint mar gheall ar an ró-iascaireacht sin a dhéanamh ó chuóta na Fraince. Níor cheart an asbhaint sin a chur i bhfeidhm ach in 2025 amháin i gcomhréir le Moladh 22-03 ó ICCAT.

(10)

Féadfar tuilleadh nuashonruithe nó ceartúchán a dhéanamh fós i ndiaidh earráidí, easnaimh nó míthuairisciú a bhrath, i gcás an chleachtaidh asbhainte atá ann faoi láthair nó an chleachtaidh asbhainte roimhe seo, sna figiúirí gabhála arna ndearbhú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

(11)

Ós rud é go sloinntear cuótaí i dtonaí, níor cheart ró-iascaireacht de chainníochtaí is lú ná aon tona a chur san áireamh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Laghdófar na cuótaí iascaireachta a shocraítear le haghaidh 2024 i Rialacháin (AE) 2023/194, (AE) 2023/2638, (AE) 2024/257 agus (AE) 2024/259 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 343, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1224/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2022/2090 ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2022 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L 281, 31.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2090/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/194/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2023/195 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/110 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh le haghaidh 2022 (IO L 28, 31.1.2023, lch. 220, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/195/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2023/2638 ón gComhairle an 20 Samhain 2023 lena socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L, 2023/2638, 22.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2638/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 (IO L, 2024/257, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/257/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2024/259 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L, 2024/259, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/259/oj).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1661 ón gCoimisiún an 24 Lúnasa 2023 lena ndéantar asbhaintí ó chuótaí iascaireachta atá ar fáil le haghaidh stoic áirithe in 2023 de dheasca na ró-iascaireachta sna blianta roimhe sin (IO L 210, 25.8.2023, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1661/oj).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2480 ón gCoimisiún an 10 Samhain 2023 lena ndéantar asbhaintí ó chuótaí iascaireachta atá ar fáil le haghaidh stoic áirithe in 2023 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle de dheasca na ró-iascaireachta sna blianta roimhe sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1661 ón gCoimisiún, (IO L 2023/2480, 13.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2480/oj).

(10)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le treoirlínte i ndáil le hasbhaint cuótaí faoi Airteagal 105(1), (2) agus (5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus a chuirtear in ionad Theachtaireacht 2012/C 72/07 (2022/C 369/03) (IO C 369, 27.9.2022, lch. 3).

(11)  Moladh 21-01 ó ICCAT a chuirtear in ionad Mholadh 19-02 a chuirtear in ionad Mholadh 16-01 maidir le clár ilbhliantúil um chaomhnú agus bainistiú le haghaidh tuinníní trópaiceacha (https://www.iccat.int/Documents/Recs/compendiopdf-e/2022-01-e.pdf).

(12)  Moladh 22-03 ó ICCAT a chuirtear in ionad mholadh forlíontach 21-02 lena leathnaítear agus lena leasaítear Moladh 17-02 maidir le caomhnú cholgán an Atlantaigh Thuaidh (https://www.iccat.int/Documents/Recs/compendiopdf-e/2022-03-e.pdf).

(13)  Moladh 19-05 ó ICCAT cláir atógála a bhunú le haghaidh mairlíní gorma agus mairlíní geala/mairlíní cruinnghainneacha (https://www.iccat.int/Documents/Recs/compendiopdf-e/2019-05-e.pdf).


IARSCRÍBHINN

ASBHAINTÍ Ó CHUÓTAÍ IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH 2024 I LEITH STOIC A nDEARNADH RÓ-IASCAIREACHT ORTHU

Ballstát

Cód speicis

Cód limistéir

Ainm an speicis

Ainm an limistéir

Cuóta tosaigh 2023 (i dtonaí)

Tabhairt i dtír gabhálacha arna ceadú 2023 (Cainníocht iomlán arna hoiriúnú i dtonaí) (1)

Gabhálacha iomlána 2023 (cainníocht ina tonaí)

Ídiú cuóta a bhaineann le tabhairt i dtír gabhálacha ceadaithe

Ró-iascaireacht a bhaineann le tabhairt i dtír gabhálacha ceadaithe (cainníocht ina tonaí)

Fachtóir iolraithe (2)

Fachtóir iolraithe breise (3) ,  (4)

Asbhaintí nach ndearnadh ó bhliain ná ó bhlianta roimhe (5)(cainníocht ina tonaí)

Asbhaintí le cur i bhfeidhm in 2024 (cainníocht ina tonaí)

DE

OTH

1N2AB.

Speicis eile

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

89,000

89,000

90,320

101,48  %

1,320

/

/

19,997

21,317

DK

HAD

03A-C

An Chadóg

Uiscí an Aontais in 3a (coinníoll speisialta maidir le HAD/5BC6A.)

249,500

271,800

325,598

119,79  %

53,798

1,00

C

/

80,697

DK

HAD

03A.

An Chadóg

3a

2 892,000

2 682,402

2 732,065

101,85  %

49,663

/

C (6)

/

49,663

DK

POK

1N2AB.

An Glasán

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

/

4,288

Ní bhaineann le hábhar

4,288

1,00

/

/

4,288

DK

WHB

1X14

An Faoitín Gorm

Uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8a, 8b, 8d, 8e, 12 agus 14

61 646,000

77 238,647

82 097,607

106,29  %

4 858,960

/

/

/

4 858,960

ES

ALB

MED

Tuinnín Colgach na Meánmhara

An Mheánmhuir

103,030

133,030

135,312

101,72  %

2,282

/

/

/

2,282

ES

BUM

ATLANT

An Mairlín Gorm Atlantach

An tAigéan Atlantach

22,770

49,770

55,108

110,72  %

5,338  (7)

1,00

/

/

Ní bhaineann le hábhar (7)

ES

COD

1N2AB.

An Trosc

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

2 321,000

2 562,590

2 562,586

100,00  %

–0,004  (8)

/

/

60,063

60,063

ES

GHL

N3LMNO

An Haileabó Graonlannach

NAFO 3LMNO

4 162,000

4 607,124

4 666,576

101,29  %

59,452

/

/

/

59,452

ES

HAD

1N2AB.

An Chadóg

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

2,636

86,058

3 264,72  %

83,422

1,00

A

/

125,133

ES

OTH

1N2AB.

Speicis eile

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

/

78,129

Ní bhaineann le hábhar

78,129

1,00

A

/

117,194

ES

POK

1N2AB.

An Glasán

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

/

14,306

Ní bhaineann le hábhar

14,306

1,00

/

/

14,306

ES

RJU

8-C.

An Roc Dústríoctha

Uiscí an Aontais in 8

10,000

10,000

12,138

121,38  %

2,138

1,00

/

/

2,138

ES

RJU

9-C.

An Roc Dústríoctha

Uiscí an Aontais in 9

15,000

20,000

24,008

120,04  %

4,008

1,00

/

1,348

5,356

ES

SOL

7HJK.

An Sól Coiteann

7h, 7j agus 7k

/

2,500

15,458

618,32  %

12,958

1,00

C

/

19,437

ES

SOL

8AB.

An Sól Coiteann

8a agus 8b

6,000

7,000

19,988

285,54  %

12,988

1,00

C

/

19,482

FR

GHL

1N2AB.

An Haileabó Graonlannach

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

16,600

20,889

125,84  %

4,289

1,00

/

/

4,289

FR

HAD

1N2AB.

An Chadóg

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

150,000

171,060

179,080

104,69  %

8,020

/

/

/

8,020

FR

OTH

1N2AB.

Speicis eile

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

36,000

36,000

44,547

123,74  %

8,547

1,00

/

/

8,547

FR

RJE

7FG.

An Roc Mionsúileach

7f agus 7g

24,000

10,701

23,296

217,70  %

12,595

1,00

/

/

12,595

FR

SWO

AN05N_AMS

An Colgán

An tAigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T

129,840  (9)

129,840  (9)

161,053

124,03  %

31,213  (7)

1,00

/

/

Ní bhaineann le hábhar (7)

IT

ARA

GF19-21

An Séacla Gorm agus Dearg

FLGanna 19-20-21 (an Mhuir Iónach)

250,000

250,000

259,823

103,93  %

9,823

/

/

/

9,823

NL

POK

1N2AB.

An Glasán

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

21,593

34,653

160,48  %

13,060

1,00

/

/

13,060

PL

MAC

2A34-N

An Ronnach

Uiscí an Aontais in 3a, 3b, 3c agus 3d; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a; uiscí an Aontais agus uiscí na Ríochta Aontaithe in 4; uiscí na hIorua in 2a agus 4a

/

/

254,490

Ní bhaineann le hábhar

254,490

2,00

A

/

636,275

PT

BET

ATLANT

An Tuinnín Mórshúileach

An tAigéan Atlantach

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

184,048

184,048

PT

GHL

1N2AB.

An Haileabó Graonlannach

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

/

64,738

Ní bhaineann le hábhar

64,738

1,00

/

/

64,738

PT

JAX

08C.

An Bolmán

8c

188,000

100,000

101,605

101,60  %

1,605

/

/

/

1,605

PT

OTH

1N2AB.

Speicis eile

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

/

/

18,012

Ní bhaineann le hábhar

18,012

1,00

/

/

18,012

PT

SWO

AN05N

An Colgán

An tAigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

50,792

50,792

PT

SWO

AN05N

An Colgán

An tAigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T

1 155,830

1 930,090

1 966,680

101,90  %

36,590  (7)

/

/

/

Ní bhaineann le hábhar (7)

PT

SRX

89-C.

Sciataí agus Roic

Uiscí an Aontais in 8 agus 9

1 696,000

1 551,000

1 573,265

101,44  %

22,265

/

/

/

22,265


(1)  Cuótaí atá ar fáil do Bhallstát de bhun na Rialachán ábhartha maidir le deiseanna iascaireachta tar éis malartuithe deiseanna iascaireachta a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1380/oj), aistrithe cuótaí ó 2022 go 2023 i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar coinníollacha breise isteach le haghaidh bhainistíocht TACanna agus cuótaí ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/847/oj) agus le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó athdháileadh agus asbhaint deiseanna iascaireachta i gcomhréir le hAirteagail 37 agus 105 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

(2)  De réir mar a leagtar amach in Airteagal 105(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Beidh feidhm ag asbhaint atá cothrom leis an ró-iascaireacht * 1,00 sna cásanna uile ina bhfuil an ró-iascaireacht cothrom le 100 tona nó níos lú ná sin.

(3)  De réir mar a leagtar amach in Airteagal 105(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus ar choinníoll go sáraíonn méid na ró-iascaireachta 10 %.

(4)  Léiríonn an litir ‘A’ gur cuireadh fachtóir iolraithe breise 1,5 i bhfeidhm toisc go ndearnadh ró-iascaireacht sna blianta 2021, 2022 agus 2023 as a chéile. Léiríonn an litir ‘C’ gur cuireadh fachtóir iolraithe breise 1,5 i bhfeidhm toisc go bhfuil an stoc faoi réir plean ilbhliantúil.

(5)  Cainníochtaí atá fágtha ón mbliain roimhe nó ó bhlianta roimhe.

(6)  Níl an fachtóir iolraithe breise infheidhme mar nach mó ná 10 % an ró-iascaireacht.

(7)  Le hasbhaint in 2025 i gcomhréir leis an Moladh ábhartha ó ICCAT.

(8)  Ós rud é nach bhfuil feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir leis an stoc seo, ní féidir úsáid a bhaint as an gcainníocht sin, is é sin, an chainníocht nár úsáideadh, chun an asbhaint atá dlite in 2024 a laghdú.

(9)  An cuóta foghabhála atá ar fáil do ‘Bhallstáit eile’, an Fhrainc ina measc.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2407/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)