|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2395 |
9.9.2024 |
MOLADH (AE) 2024/2395 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Meán Fómhair 2024
lena leagtar síos treoirlínte maidir le léirmhíniú Airteagal 26 de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le soláthar téimh agus fuaraithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) tugadh isteach ceanglas chun an phríomhsprioc coigilteas fuinnimh 32,5 % ar a laghad ar leibhéal an Aontais a bhaint amach faoi 2030. |
|
(2) |
I nDoiciméad Inmheánach Oibre SWD(2013)0449 an 6 Samhain 2013 de chuid an Choimisiúin (2) chuir sé treoir ar fáil do na Ballstáit chun Airteagal 14 de Threoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht i dtéamh agus i bhfuarú a chur chun cinn a thrasuí agus a chur chun feidhme. Shoiléirigh an Coimisiún na forálacha maidir le measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar an acmhainneacht comhghiniúint ardéifeachtach agus téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil a chur i bhfeidhm, an anailís costais is tairbhe ar leibhéal suiteála agus nósanna imeachta um údarú agus nósanna imeachta um cheadú coibhéiseacha le haghaidh suiteálacha atá faoi réir anailísí costais is tairbhe. Cuireadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/826 ón gCoimisiún (3) in ionad Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Treoir 2012/27/AE maidir le measúnú a dhéanamh ar an acmhainneacht éifeachtúlachta i dtéamh agus fuarú. Míníodh na ceanglais nua a thuilleadh i Moladh (AE) 2019/1659 ón gCoimisiún (4). |
|
(3) |
Glacadh Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) an 13 Meán Fómhair 2023. Rinneadh Treoir 2012/27/AE a athmhúnlú léi, agus cuid dá forálacha a choinneáil gan athrú agus, an tráth céanna, ceanglais nua a thabhairt isteach. Go háirithe, ardaíodh go mór léi an leibhéal uaillmhéine le haghaidh 2030 i dtéarmaí éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i soláthar téimh agus fuaraithe. |
|
(4) |
Le comhghiniúint ardéifeachtach agus téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil, is féidir coigilteas fuinnimh phríomhúil nach beag a sholáthar san Aontas mar aon le tairbhí don aeráid. Dá bhrí sin, le Treoir (AE) 2023/1791 méadaíodh na ceanglais maidir le comhghiniúint ardéifeachtach agus téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil. Trí cheanglais phleanála bhreise, ceanglaítear ar oibreoirí na gcóras téimh agus fuaraithe ceantair a bhfuil aschur iomlán acu os cionn 5 MW plean a bheith acu chun a gcórais a thiontú ina gcórais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil. |
|
(5) |
Foinse eile coigiltis fuinnimh nach mbaintear leas forleathan aisti is ea comhtháthú níos leithne an chórais fuinnimh. Leis an anailís costais is tairbhe ar sholáthar teasa agus fuachta de thionscnamh dramhtheasa nó dramhfhuachta arna scaoileadh ag úsáideoirí móra breosla agus leictreachais, cuidítear le réitigh nua a shainaithint chun éileamh teasa nó fuachta a chumhdach go háitiúil nó i líonraí téimh nó fuaraithe ceantair. Le húsáid níos leithne an dramhtheasa i líonraí téimh agus fuaraithe ceantair, cuidítear le ceanglais Threoir (AE) 2023/1791 maidir le córais téimh ceantair a chomhlíonadh. |
|
(6) |
Is de chineál teicniúil iad roinnt forálacha de Threoir (AE) 2023/1791 maidir le soláthar téimh agus fuaraithe, go háirithe brí na bparaiméadar teicniúil. Ba cheart soiléiriú breise a thabhairt maidir lena n-ábhar a léirmhíniú. Chun cur chuige níos comhchuibhithe a áirithiú sna Ballstáit, ba cheart na gnéithe teicniúla a bhaineann le hAirteagal 26 a chur chun feidhme a chur in iúl mar aon leis na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann. |
|
(7) |
Ina Chinneadh 2008/952/CE ón gCoimisiún (6), bhunaigh an Coimisiún treoirlínte mionsonraithe chun Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2004/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear míniú ar ríomh an leictreachais ó chomhghiniúint. Ós rud é nach bhfuil Treoir 2004/8/CE i bhfeidhm a thuilleadh, tá Iarscríbhinn II a ghabhann léi anois ina hIarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791, ach tá an treoirdhoiciméad de bhun Chinneadh 2008/952/CE fós bailí. |
|
(8) |
Tá na Ballstáit leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin lena dtrasuitear Airteagal 26 de Threoir (AE) 2023/1791 a thabhairt i bhfeidhm faoin 11 Deireadh Fómhair 2025, seachas mír 3 de a bhfuil sprioc-am trasuí níos luaithe aici. |
|
(9) |
Is féidir leis na Ballstáit a rogha bealaigh a roghnú chun na ceanglais maidir le héifeachtúlacht i soláthar téimh agus fuaraithe a thrasuí agus a chur chun feidhme, arb é an bealach is fearr a oireann dá n-imthosca náisiúnta é. Sa chomhthéacs sin, mholfaí forálacha ábhartha de Threoir (AE) 2023/1791 a léirmhíniú ar bhealach comhsheasmhach a rannchuideodh le tuiscint chomhleanúnach ar Threoir (AE) 2023/1791 ó Bhallstát go chéile agus iad ag ullmhú a mbeart trasuite. |
|
(10) |
Thairis sin, ba cheart treoir a thabhairt sa Mholadh seo maidir le léirmhíniú na bhforálacha sin de Threoir (AE) 2023/1791 a leasaíodh i gcomparáid le Treoir 2012/27/AE. Ba cheart, dá bhrí sin, é a léamh in éineacht leis na treoirlínte mionsonraithe arna mbunú le Cinneadh 2008/952/CE, Doiciméad Inmheánach Oibre SWD(2013)0449 agus iad a chomhlánú, |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
Ba cheart do na Ballstáit na treoirlínte léirmhínitheacha atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo a leanúint agus Airteagal 26 de Threoir (AE) 2023/1791 á thrasuí ina ndlí náisiúnta.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Kadri SIMSON
Comhalta den Choimisiún
(1) Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/27/oj).
(2) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2013) 0449 final, 6.11.2013, ‘Nóta treorach i dtaca le Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/CE, agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE Airteagal 14: Éifeachtúlacht i dtéamh agus fuarú a chur chun cinn’; https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=CELEX:52013SC0449.
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/826 ón gCoimisiún an 4 Márta 2019 lena leasaítear Iarscríbhinní VIII agus IX a ghabhann le Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hábhar measúnuithe cuimsitheacha ar an acmhainneacht le haghaidh téamh agus fuarú éifeachtúil (IO L 137, 23.5.2019, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/826/oj).
(4) Moladh (AE) 2019/1659 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2019 maidir le hábhar an mheasúnaithe chuimsithigh ar an acmhainneacht le haghaidh téamh agus fuarú éifeachtúil faoi Airteagal 14 de Threoir 2012/27/AE (IO L 275, 28.10.2019, lch. 94, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2019/1659/oj).
(5) Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/1791/oj).
(6) Cinneadh ón gCoimisiún 2008/952/EC an 19 Samhain 2008 lena mbunaítear treoirlínte mionsonraithe chun Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2004/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm (IO L 338, 17.12.2008, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/952/oj).
(7) Treoir 2004/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhghiniúint a chur chun cinn bunaithe ar éileamh teasa úsáidigh sa mhargadh inmheánach fuinnimh agus lena leasaítear Treoir 92/42/CEE (IO L 52, 21.2.2004, lch. 50, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2004/8/oj).
IARSCRÍBHINN
1. RÉAMHRÁ
Leis na treoirlínte seo tugtar treoir do na Ballstáit maidir le conas Airteagal 26 de Threoir (AE) 2023/1791 a léirmhíniú agus é á thrasuí ina reachtaíocht náisiúnta. Is chun Treoir (AE) 2023/1791 a thrasuí agus a chur chun feidhme, agus chun na críche sin amháin, atá siad beartaithe, agus ní chuirtear léirmhíniú ar fáil leo i gcomhthéacs gníomhartha dlíthiúla eile. Cuirtear Airteagal 26 de Threoir (AE) 2023/1791 in ionad Airteagal 14 de Threoir 2012/27/AE. Le hAirteagal 26 de Threoir (AE) 2023/1791, tugtar aghaidh ar sholáthar téimh agus fuaraithe (‘T&F’) agus ar éifeachtúlacht an téimh agus an fhuaraithe ceantair (‘TFC’).
Mar sin féin, baineann an léirmhíniú ceangailteach ar reachtaíocht an Aontais le hinniúlacht eisiach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
2. COMHTHÉACS DLÍTHIÚIL AGUS BEARTAIS
Le hAirteagal 26 de Threoir (AE) 2023/1791, spreagtar an tiontú i dtreo soláthar téimh agus fuaraithe atá glan agus neodrach ó thaobh carbóin de. Chun spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach, ní mór tomhaltas fuinnimh agus úsáid breoslaí iontaise san earnáil téimh agus fuaraithe a laghdú go géar mar, in 2022, níor tháinig ach 24,9 % den fhuinneamh a úsáidtear le haghaidh T&F ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh (FIF) (1).
Tá dlúthnasc idir Airteagal 26 de Threoir (AE) 2023/1791 agus cuid de na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha dlí seo a leanas de chuid an Aontais:
|
— |
Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (‘an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite’ nó ‘RED’) – i ndáil leis na forálacha maidir le téamh agus fuarú ceantair, tá Airteagail 23 agus 24 den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite ábhartha. Sa Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite, leagtar síos spriocanna maidir le sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh agus dramhtheasa agus dramhfhuachta. Ceanglaítear ar na Ballstáit oibreoirí TFC a spreagadh chun tríú páirtithe a nascadh. Ceanglaítear ar na Ballstáit freisin creat comhordúcháin a chur i bhfeidhm chun úsáid dramhtheasa agus dramhfhuachta a éascú. Comhlánú tábhachtach ar an athbhreithniú ar na forálacha maidir le téamh agus fuarú ceantair sa Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite is ea an t-athbhreithniú ar an sainmhíniú ar TFC éifeachtúil faoi Threoir 2012/27/AE. Sonraítear sa Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite coinníollacha maidir le díolúintí ar dhícheangal, rochtain líonra agus an ceanglas maidir le méadú táscach ar sciar an fhuinnimh in-athnuaite ar leibhéal na mBallstát, agus ní dhírítear i dTreoir (AE) 2023/1791 ach ar an sciar d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh ar leibhéal córais TFC aonair; |
|
— |
Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) – tá Airteagal 8 den Treoir sin ábhartha maidir leis an nós imeachta um údarú dá dtagraítear in Airteagal 26(9) de Threoir (AE) 2023/1791; |
|
— |
Treoir (AE) 2024/1275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (‘an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh’ nó ‘an Treoir maidir le FFF’) – le haghaidh TFC, is iad forálacha na Treorach maidir le FFF a bhaineann le grianfhuinneamh a chomhtháthú i bhfoirgnimh (Airteagal 10) agus ceanglais maidir le foirgnimh astaíochtaí nialasacha (Airteagal 11) na cinn is ábhartha. Le soláthar téimh nó fuaraithe ó TFC éifeachtúil, is féidir úsáid fuinnimh phríomhúil bliantúil iomlán foirgnimh nua nó foirgnimh athchóirithe atá saor ó astaíochtaí a chumhdach; |
|
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2402 ón gCoimisiún (5) – Soláthraítear luachanna tagartha chun coigilteas fuinnimh phríomhúil ó chomhghiniúint ardéifeachtach a ríomh, dá dtagraítear in Airteagal 26(13) de Threoir (AE) 2023/1791. |
Thairis sin, bíonn tionchar ag Airteagal 26 de Threoir (AE) 2023/1791, agus go sonrach ag an mbealach a rialaítear TFC éifeachtúil agus comhghiniúint ardéifeachtach, ar ghníomhartha dlí agus ar threoirlínte eile ar leibhéal an Aontais. Baineann na gníomhartha dlí agus na treoirlínte sin le hincháilitheacht tionscadal agus suiteálacha le haghaidh cistiú poiblí, toisc go bhféadfar na suiteálacha sin nach gcomhlíonann Airteagal 26 de Threoir (AE) 2023/1791 a eisiamh faoi choinníollacha áirithe. Baineann sé sin le gníomhartha amhail Treoirlínte maidir le Státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh (6), Rialachán 2023/1315 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (7) (‘An Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine’), Treoir 2003/96/CE ón gComhairle (8) agus reachtaíocht lena rialaítear úsáid cistí comhtháthaithe agus na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.
Maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, d’fhoilsigh an Coimisiún an ‘ Guiding template: District heating/cooling generation and distribution infrastructure ’ [Teimpléad treorach: Giniúint téimh/fuaraithe ceantair agus bonneagar tarchuir] (9). Sonraítear ann ‘nach ndeonófar státchabhair ach amháin le haghaidh infheistíochtaí i dtógáil, síneadh nó uasghrádú córas téimh agus/nó fuaraithe ceantair atá tíosach ar fhuinneamh nó a bheidh tíosach ar fhuinneamh’ (mír 54) mar a rialaítear i dTreoir (AE) 2023/1791.
Tacaítear freisin le soláthar téimh nó fuaraithe ó TFC éifeachtúil ó chistí comhtháthaithe. Déantar foráil in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) (‘Rialachán na bhForálacha Coiteanna’) maidir le cóid shonracha le haghaidh na gcineálacha idirghabhála i dtaca le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste um Aistriú Cóir. I Rialachán na bhForálacha Coiteanna, tá dhá chód idirghabhála infheidhme maidir le tionscadail téimh ceantair: cód ‘054’ i gcás téamh agus fuarú ceantair, agus cód ‘055’ i gcás TFC éifeachtúil lena mbaineann astaíochtaí saolré ísle. Tá an dara cód nasctha le comhéifeacht níos airde chun an tacaíocht do chuspóirí maidir leis an athrú aeráide a ríomh, agus dá bhrí sin, cuireann sé níos mó le hoibleagáidí na mBallstát maidir le díriú aeráide a leagtar síos i Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Mar sin féin, i raon feidhme teoranta an bheartais comhtháthaithe mar a chuirtear in iúl i Rialachán na bhForálacha Coiteanna, leis an sainiú ar chód idirghabhála ‘055’, atá infheidhme chun comhéifeacht aeráide níos airde a fháil, táthar fós ag tagairt don sainmhíniú ar TFC éifeachtúil atá in Airteagal 2(41) de Threoir 2012/27/AE.
Ina theannta sin, tá Airteagal 26 idirnasctha le forálacha eile de Threoir (AE) 2023/1791, is iad sin na cinn seo a leanas:
|
— |
Airteagal 2: féach na sainmhínithe a phléitear i gCaibidil 3 den Iarscríbhinn seo. |
|
— |
Airteagal 11: Tá sé de rogha ag na Ballstáit a cheangal sna hiniúchtaí fuinnimh go ndéanfaí measúnú ar indéantacht theicniúil agus eacnamaíoch an naisc le líonra téimh nó fuaraithe ceantair atá ann cheana nó atá beartaithe; |
|
— |
Airteagal 25: oibleagáid ar na Ballstáit fógra a thabhairt faoi mheasúnú cuimsitheach ar théamh agus ar fhuarú mar chuid dá bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus na nuashonruithe air; |
|
— |
Airteagal 30: oibleagáid ar na Ballstáit bunú scéimeanna tacaíochta airgeadais a chur chun cinn chun glacadh beart feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú chun athchóiriú substaintiúil a dhéanamh ar chórais téimh agus fuaraithe ceantair. |
Tá Airteagal 26 de Threoir (AE) 2023/1791 comhdhéanta de na príomhfhorálacha seo a leanas:
|
— |
nuashonrú ar na critéir atá le comhlíonadh ag TFC éifeachtúil (‘Téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil’ nó TFCÉ), lena mbunaítear cur chuige soiléir céim ar chéim chun an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus soláthar teasa agus fuachta a dhícharbónú (Airteagal 26(1)); |
|
— |
cur chuige malartach maidir leis na critéir TFCÉ a bhaint amach a leagtar síos le hAirteagal 26(1) a chomhlíonadh, a d’fhéadfadh na Ballstáit a roghnú, cur chuige lena n-úsáidtear critéir feidhmíochta inbhuanaitheachta atá bunaithe ar mhéid na n-astaíochtaí GCT ó TFC in aghaidh an aonaid teasa nó fuachta arna sheachadadh chuig na custaiméirí (Airteagal 26(2) agus (3)) (11); |
|
— |
coinníollacha breise maidir le cás ina dtógtar TFCÉ nó ina dtiontaítear TFC atá ann cheana ina TFCÉ (Airteagal 26(4)); |
|
— |
pleananna claochlaithe sainordaitheacha ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh le haghaidh TFC atá ann cheana nach gcomhlíonann na ceanglais TFCÉ, chun tomhaltas níos éifeachtúla fuinnimh phríomhúil a áirithiú, caillteanais dáileacháin a laghdú agus sciar an fhuinnimh in-athnuaite i soláthar T&F a mhéadú (Airteagal 26(5)); |
|
— |
oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú go n-úsáidfidh lárionaid sonraí a bhfuil ionchur fuinnimh rátaithe iomlán os cionn 1 MW acu an dramhtheas nó feidhmeanna eile aisghabhála dramhtheasa ach amháin mura bhfuil sé indéanta go teicniúil nó go heacnamaíoch (Airteagal 26(6)); |
|
— |
ceanglais maidir le hanailís costais is tairbhe ar leibhéal suiteála a dhéanamh i gcás ina bhfuil suiteálacha nua nó athchóirithe substaintiúla beartaithe chun measúnú a dhéanamh ar indéantacht eacnamaíoch éifeachtúlacht fuinnimh an tsoláthair T&F a mhéadú (Airteagal 26(7)); |
|
— |
deis a bheith ag na Ballstáit suiteálacha sonracha a dhíolmhú ón anailís shainordaitheach costais is tairbhe freisin (Airteagal 26(8)). |
Níor tháinig athrú ar na forálacha in Airteagal 26(9) go (14) de Threoir (AE) 2023/1791 i gcomparáid le hAirteagal 14 de Threoir 2012/27/AE, seachas Airteagal 26(12) maidir leis an bhfaisnéis a bhailiú faoi na hanailísí costais is tairbhe a rinneadh.
Ó thaobh ord croineolaíoch de, tá na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 26 de Threoir (AE) 2023/1791 le cur i bhfeidhm nó le comhlánú mar a leanas:
Tábla 1
Sprioc-amanna maidir le ceanglais Threoir (AE) 2023/1791 a thrasuí
|
Mír |
Ceanglas |
Sprioc-am |
|
Airteagal 26(1) |
Úsáidfidh TFCÉ 50 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite, 50 % de dhramhtheas, 75 % de theas comhghinte nó 50 % de theaglaim d’fhuinneamh agus teas den sórt sin. |
Go dtí an 31 Nollaig 2027 |
|
Úsáidfidh TFCÉ 50 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite, 50 % de dhramhtheas, 50 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus dramhtheas, 80 % de theas ardéifeachtúlachta comhghinte nó ar a laghad teaglaim d’fhuinneamh teirmeach den sórt sin a théann isteach sa líonra ina bhfuil sciar an fhuinnimh in-athnuaite 5 % ar a laghad agus sciar iomlán an fhuinnimh in-athnuaite, an dramhtheasa nó an teasa ardéifeachtúlachta comhghinte 50 % ar a laghad |
Ón 1 Eanáir 2028 |
|
|
Úsáidfidh TFCÉ 50 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite, 50 % de dhramhtheas nó 50 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas, nó córas ina bhfuil sciar iomlán an fhuinnimh in-athnuaite, an dramhtheasa nó an teasa chomhghinte ardéifeachtúlachta 80 % ar a laghad agus, ina theannta sin, sciar iomlán an fhuinnimh in-athnuaite nó an dramhtheasa a bheith 35 % ar a laghad |
Ón 1 Eanáir 2035 |
|
|
Úsáidfidh TFCÉ 75 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite, 75 % de dhramhtheas nó 75 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas, nó córas ina n-úsáidtear 95 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite, de dramhtheas nó teas comhghinte ardéifeachtúlachta agus, ina theannta sin, sciar iomlán an fhuinnimh in-athnuaite nó an dramhtheasa a bheith 35 % ar a laghad |
Ón 1 Eanáir 2040 |
|
|
Úsáidfidh TFCÉ 75 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite, 75 % de dhramhtheas nó 75 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas |
Ón 1 Eanáir 2045 |
|
|
Córas nach n-úsáideann ach fuinneamh in-athnuaite, dramhtheas amháin, nó teaglaim d’fhuinneamh in-athnuaite agus dramhtheas amháin. |
Ón 1 Eanáir 2050 |
|
|
Airteagal 26(2) |
Fógra chuig an gCoimisiún maidir le critéir feidhmíochta inbhuanaitheachta a úsáid chun TFCÉ a shainiú |
An 11 Eanáir 2024 |
|
Uasmhéid GCT/aonaid: 200 gram/kWh |
Go dtí an 31 Nollaig 2025 |
|
|
Fógra chuig an gCoimisiún maidir le critéir feidhmíochta inbhuanaitheachta a úsáid chun TFCÉ a shainiú |
An 30 Meitheamh 2025 |
|
|
Uasmhéid GCT/aonaid: 150 gram/kWh |
Ón 1 Eanáir 2026 |
|
|
Fógra chuig an gCoimisiún maidir le critéir feidhmíochta inbhuanaitheachta a úsáid chun TFCÉ a shainiú |
An 30 Meitheamh 2034 |
|
|
Uasmhéid GCT/aonaid: 100 gram/kWh |
Ón 1 Eanáir 2035 |
|
|
Fógra chuig an gCoimisiún maidir le critéir feidhmíochta inbhuanaitheachta a úsáid chun TFCÉ a shainiú |
An 30 Meitheamh 2044 |
|
|
Uasmhéid GCT/aonaid: 50 gram/kWh |
Ón 1 Eanáir 2045 |
|
|
Fógra chuig an gCoimisiún maidir le critéir feidhmíochta inbhuanaitheachta a úsáid chun TFCÉ a shainiú |
An 30 Meitheamh 2049 |
|
|
Uasmhéid GCT/aonaid: 0 gram/kWh |
Ón 1 Eanáir 2050 |
|
|
Airteagal 26(5) |
Pleanáil chun a bheith ina TFCÉ |
Ón 1 Eanáir 2025 |
|
Airteagal 26(8) |
Fógra a thabhairt faoi na díolúintí arna nglacadh faoi mhír 8 |
Nuair a ghlactar díolúintí |
|
Airteagal 26(10) |
Fógra maidir leis na díolúintí a deonaíodh do shuiteáil aonair a dhiúltaigh bearta a chur chun feidhme lena mbaineann toradh dearfach costais is tairbhe a sainaithníodh san anailís costais is tairbhe |
3 mhí tar éis dheonú na ndíolúintí |
|
Iarscríbhinn III |
Ní mór d’aonaid chomhghiniúna ardéifeachtaí (HECHP) atá nua nó athchóirithe go substaintiúil tairseach astaíochtaí GCT níos lú ná 270 gCO2/kWh a chomhlíonadh |
An 12 Deireadh Fómhair 2025 |
|
Ní mór do gach aonad HECHP tairseach astaíochtaí GCT níos lú ná 270 gCO2/kWh a chomhlíonadh |
Ón 1 Eanáir 2034 |
3. OIBLEAGÁIDÍ A BHAINEANN LE HÉIFEACHTÚLACHT FUINNIMH I DTÉAMH AGUS FUARÚ IN AIRTEAGAL 26 DE THREOIR (AE) 2023/1791
3.1. Critéir TFCÉ (cur chuige réamhshocraithe agus malartach): Airteagal 26(1) agus (2) de Threoir (AE) 2023/1791
3.1.1. Raon feidhme na gceanglas, na sainmhínithe agus na dtéarmaí ábhartha
Tá feidhm ag na hoibleagáidí a eascraíonn as Airteagal 26(1), (2) agus (3) de Threoir (AE) 2023/1791 maidir le córais téimh agus fuaraithe ceantair agus maidir lena n-oibreoirí. Tá roinnt de na téarmaí a úsáidtear in Airteagal 26 sainmhínithe go soiléir in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2023/1791, ach is gá soiléiriú breise a dhéanamh ar roinnt de na sainmhínithe amhail TFC, mar a leanas:
Comhghiniúint
Déantar ‘comhghiniúint’ (comhghiniúint teasa agus cumhachta, CHP), mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (36), de Threoir (AE) 2023/1791, in aonaid ar suiteálacha iad, i gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (43), atá in ann oibriú sa mhodh comhghiniúna. Tugann sé sin le tuiscint, i dtuairim an Choimisiúin, i suiteálacha ina n-úsáidtear gal go comhthreomhar le haghaidh ilphróisis lena n-áirítear CHP, nach féidir ach próiseas lena mbaineann giniúint chomhuaineach fuinnimh theirmigh agus fuinnimh leictrigh nó mheicniúil a mheas mar CHP.
Comhghiniúint ardéifeachtach
Leagtar amach in Airteagal 2, pointe (40), de Threoir (AE) 2023/1791 agus in Iarscríbhinn III a ghabhann léi an sainmhíniú ar ‘chomhghiniúint ardéifeachtach’ (HECHP). Chun CHP a cháiliú mar ghléasra HECHP, ní mór 10 % (12) d’fhuinneamh príomhúil a choigilt i gcomparáid le táirgeadh teasa agus leictreachais ar leithligh agus na critéir shonracha maidir le hastaíochtaí agus úsáid breosla in Iarscríbhinn III a chomhlíonadh.
Téamh agus fuarú ceantair
Sainmhínítear ‘téamh agus fuarú ceantair’ (TFC) leis an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (13) agus leis an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (14). Mar sin féin, moltar na prionsabail chéanna a úsáid chun TFC a shainmhíniú mar a leagtar amach i dtreoirlínte a tháinig níos luaithe maidir le cur chun feidhme Threoir 2012/27/AE. I gcomhréir leis na treoracha tuairiscithe maidir le teimpléad TFC a chomhlánú de bhun Airteagal 24(6) de Threoir 2012/27/AE arna sholáthar ag Eurostat (15), maidir le fuinneamh teirmeach atá le háireamh mar theas nó fuacht ó líonra TFC:
|
— |
ní mór é a tháirgeadh ar láithreán seachas an láithreán ina dtomhlaítear é; |
|
— |
ní mór é a dhíol le foirgnimh nó láithreáin den sórt seo a leanas (mar a thuairiscítear sa Cheistneoir Bliantúil Leictreachais agus Teasa):
|
Oibreoir TFC
Is é tuairim an Choimisiúin gur cheart ‘oibreoir TFC’ a thuiscint mar chuideachta phríobháideach nó phoiblí ar léi líonra agus córas dáileacháin TFC a sheachadann teas nó fuacht chuig na húsáideoirí deiridh, agus a oibríonn an líonra agus córas dáileacháin TFC sin.
Foirgneamh
Measann an Coimisiún gur cheart ‘foirgneamh’ a shainmhíniú ar an mbealach céanna agus atá in Airteagal 2(1) den Treoir maidir le FFF, is é sin ‘déanmhas faoi dhíon a bhfuil ballaí leis agus a n-úsáidtear fuinneamh ina leith chun an timpeallacht laistigh a chóiriú’.
Láithreán
Ní shainmhínítear ‘láithreán’ i reachtaíocht an Aontais ach ba cheart é a thuiscint mar spás sainithe ina bhfuil foirgnimh nó aon saoráid eile a bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch ag baint léi amhail próisis nó seirbhísí tionsclaíocha.
3.1.2. Cur chuige réamhshocraithe maidir leis na critéir TFCÉ
Chun na cuspóirí a bhaint amach maidir le tomhaltas níos éifeachtúla fuinnimh phríomhúil a áirithiú agus an sciar d’fhuinneamh in-athnuaite sa soláthar téimh agus fuaraithe a théann isteach sa líonra TFC a mhéadú, le hAirteagal 26(1) de Threoir (AE) 2023/1791, leagtar síos modheolaíocht choiteann chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil córas TFC ‘éifeachtúil’, bunaithe ar an sciar d’fhuinnimh in-athnuaite, dramhtheas agus comhghiniúint (ardéifeachtach) ((HE)CHP). Tá na critéir bunaithe ar fhuinneamh teirmeach a bheith ag dul isteach sa líonra, agus dá bhrí sin, baineann siad le fuinneamh teirmeach ar thaobh an tsoláthair ag an bpointe insteallta (tar éis don aonad giniúna teasa/fuachta é a thiontú).
Is é is cuspóir do chritéir le haghaidh TFCÉ a áirithiú go gcuirfidh córais TFC leis na spriocanna beartais aeráide agus spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh fadtéarmacha. Chun é sin a bhaint amach, ní mór éifeachtúlacht tomhaltais fuinnimh phríomhúil córas TFCÉ a mhéadú trí theicneolaíochtaí giniúna fuinnimh éifeachtúla a úsáid nó trí dhramhtheas a chomhtháthú. Chomh maith leis sin, ba cheart sciar an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú de réir a chéile i gcórais TFCÉ chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.
Is leis na sciartha d’fhuinneamh in-athnuaite, de dhramhtheas agus de theas ón ngléasra (HE)CHP a théann isteach sa líonra a chinntear cé acu atá nó nach bhfuil córas TFC ‘éifeachtúil’. Sa chur chuige réamhshocraithe, déantar na ceanglais maidir le TFCÉ a dhéanamh níos doichte i gcúig chéim as a chéile: in 2028, in 2035, in 2040, in 2045 agus in 2050. Is iad príomh-éifeachtaí an sceidil seo an méid seo a leanas:
|
— |
go dtí 2035, is féidir an stádas TFCÉ a chomhlíonadh trí HECHP amháin, nó trí theaglaim de sciar 5 % de FIF agus 45 % de HECHP, d’fhuinneamh in-athnuaite agus/nó de dhramhtheas; |
|
— |
ón 1 Eanáir 2035 ar aghaidh, ní féidir córais nach n-úsáideann ach breoslaí iontaise a cháiliú mar TFCÉ; |
|
— |
ó 2035 go 2045, ba cheart 35 % den teas a sholáthraítear in TFCÉ a theacht ó FIF agus ó dhramhtheas. Is féidir le HECHP rannchuidiú suas le 45 % go dtí 2040 agus 60 % go dtí 2045, os a choinne sin laghdaítear an sciar de CHP nach gcomhlíonann na critéir le haghaidh HECHP; |
|
— |
ó 2045 ar aghaidh, sna córais TFCÉ ní mór 75 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas a áireamh agus ní féidir HECHP a áireamh a thuilleadh chun na critéir a chomhlíonadh. |
|
— |
ó 2050 ar aghaidh, ní mór anionchur uile chuig TFCÉ a bheith ó fhuinneamh in-athnuaite nó ó dhramhtheas. |
Déantar an sciar d’fhuinneamh in-athnuaite, de dhramhtheas agus de theas ón ngléasra (HE)CHP a théann isteach sa líonra a thomhas ag an bpointe aistrithe idir an teicneolaíocht tiontaithe fuinnimh agus an líonra. I bhFíor 1, tugtar ‘ollfhuinneamh deiridh’ ar an bhfuinneamh a théann isteach sa líonra.
Fíor 1
Ainmníocht na sreafaí fuinnimh i líonraí TFC
|
Fíor 1: |
Ainmníocht na sreafaí fuinnimh i líonraí TFC. Foinse: JRC (16) |
Sainmhínítear ‘fuinneamh in-athnuaite’ in Airteagal 2, pointe (1), den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite. Áirítear leis fuinneamh a ghintear ón ngaoth, grianfhuinneamh (grianfhuinneamh teirmeach agus grianfhuinneamh fótavoltach) agus fuinneamh geoiteirmeach, fuinneamh osmóiseach, fuinneamh comhthimpeallach, fuinneamh taoide, fuinneamh tonnta agus fuinneamh aigéin eile, hidreachumhacht, bithmhais, gás láithreáin líonta, gás ó ghléasraí cóireála séarachais agus bithghás.
Mar sin féin, i bhfianaise an ghá atá le cothrom iomaíochta a áirithiú i gcórais téimh ceantair le haghaidh gach rogha soláthair fuinnimh in-athnuaite, ní mór an soláthar teasa ar fad ó theaschaidéil a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar TFCÉ i gcomhthéacs na nAirteagal ábhartha de Threoir (AE) 2023/1791 (17). Chuige sin, bunaítear le haithris 107 de Threoir (AE) 2023/1791 gur cheart an teas ar fad a ghintear le teaschaidéal a áireamh faoi Threoir (AE) 2023/1791 mar fhuinneamh in-athnuaite ar choinníoll go gcomhlíonann an teaschaidéal na híoschritéir éifeachtúlachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite tráth a shuiteála.
Chun comhsheasmhacht a áirithiú i ndáil leis na ceanglais maidir le húsáid bithmhaise agus bithbhreoslaí, moltar go láidir gan ach bithmhais agus bithbhreoslaí a bhaineann critéir inbhuanaitheachta na Treorach maidir le Fuinneamh In-athnuaite amach a áireamh i leith na tairsí maidir le fuinneamh in-athnuaite. Murach sin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí bac ar iomadú bithmhaise agus bithbhreoslaí inbhuanaithe trí ráta níos ísle de laghduithe costais, mar shampla.
Le córais TFC éifeachtúla, ba cheart éifeachtúlacht na húsáide fuinnimh phríomhúil a mhéadú mar aon le comhtháthú céimnitheach teasa agus fuaraithe in-athnuaite agus dramhtheasa agus dramhfhuachta sna córais sin. Sainmhínítear ‘dramhtheas agus dramhfhuacht’in Airteagal 2, pointe (9) den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite mar theas agus fuacht dosheachanta a ghintear mar sheachtháirge i suiteálacha tionsclaíocha nó comhghiniúna cumhachta san earnáil threasach agus a scaipfí gan úsáid ar an aer nó in uisce gan aon rochtain ar chóras TFC, i gcás inar úsáideadh nó ina n-úsáidfear próiseas comhghiniúna, nó i gcás nach mbíonn comhghiniúint indéanta (18). Ba cheart an sainmhíniú sin a úsáid le haghaidh fhorálacha Threoir (AE) 2023/1791 a bhaineann le téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil (19), i bhfianaise chuspóir Airteagal 26 de Threoir (AE) 2023/1791, chun tomhaltas níos éifeachtúla fuinnimh phríomhúil a áirithiú agus athúsáid agus aisghabháil dramhtheasa a uasmhéadú.
Déantar teas ó CHP (nó ó HECHP) a chomhaireamh faoi chomhair na dtairseach a shonraítear sna critéir TFCÉ nuair a thagann sé ó shuiteálacha atá comhoiriúnach leis na sainmhínithe ar CHP (nó HECHP) a sholáthraítear in Airteagal 26(1), pointí (a) go (d) de Threoir (AE) 2023/1791.
Leis an modheolaíocht chun TFCÉ a shainaithint, ba cheart cur chuige trí chéim a leanúint mar a chuirtear i láthair ar bhealach níos mionsonraithe i bhFoscríbhinn A.
3.1.3. Cur chuige malartach ar shainmhíniú téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil
Sa bhreis ar na critéir téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil atá bunaithe ar sciartha na soláthairtí fuinnimh, le hAirteagal 26(2) agus (3) de Threoir (AE) 2023/1791 leagtar síos cur chuige malartach atá bunaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid teasa nó fuachta arna sheachadadh chuig na custaiméirí. Chun an cur chuige malartach sin a chur i bhfeidhm, ba cheart go mbeadh eolas ar astaíochtaí GCT agus ar an méid teasa nó fuachta arna sheachadadh chuig na custaiméirí chun na fachtóirí astaíochta in aghaidh an aonaid fuinnimh a ríomh.
Is iad na hastaíochtaí atá le cumhdach chun comhlíonadh chritéir TFCÉ a sheiceáil na hastaíochtaí sin a bhaineann go díreach le teas agus fuacht a ghiniúint, mar shampla, trí iompróir fuinnimh a dhó. Dar leis an gCoimisiún, eisiatar astaíochtaí ó fhoinsí astaíochtaí indíreacha, amhail na hastaíochtaí sin a eascraíonn as táirgeadh nó stóráil an iompróra fuinnimh.
Áirítear leis an méid teasa nó fuachta arna sheachadadh chuig na custaiméirí gach aonad teasa nó fuachta a sheachadtar chuig na custaiméirí, a thomhaistear de ghnáth trí chóras méadraithe. Chun críocha Airteagal 26(2) de Threoir (AE) 2023/1791, tá na méideanna fuinnimh arna seachadadh chuig na custaiméirí le tomhas agus le tuairisciú in kWh. I bhFíor 1, tagraítear don mhéid fuinnimh sin mar ‘fhuinneamh deiridh’. Is féidir difríocht mhór a bheith idir an fuinneamh deiridh agus an t-ollfhuinneamh deiridh mar gheall ar chaillteanais dáileacháin, rud a d’fhéadfadh an déine astaíochtaí in aghaidh an aonaid arna sheachadadh a mhéadú.
Leis an modheolaíocht chun TFCÉ a shainaithint, ba cheart cur chuige cúig chéim a leanúint mar a chuirtear i láthair i bhFoscríbhinn B.
3.1.4. Úsáidí éagsúla na gcritéar TFCÉ agus roghanna beartais gaolmhara féideartha
Ní leagtar amach in Airteagal 26(1), (2) agus (3) de Threoir (AE) 2023/1791 na cásanna ina bhfuil critéir TFCÉ le cur i bhfeidhm. Ina ionad sin, leagtar amach úsáid na gcritéar i bhforálacha eile d’Airteagal 26 de Threoir (AE) 2023/1791, go háirithe i míreanna (4) agus (5). Soláthraítear treoir bhreise le haghaidh cásanna den sórt sin i Roinn 3 den Iarscríbhinn seo.
Chomh maith le cur i bhfeidhm sainordaitheach na gcritéar dá bhforáiltear in Airteagal 26(1) agus (2) de Threoir (AE) 2023/1791, tá roinnt deiseanna ann critéir TFCÉ a úsáid ar leibhéal na mBallstát. Níl siad sainordaitheach agus braitheann siad ar chur chun feidhme sonrach gach Ballstáit.
Féadfaidh na Ballstáit tacú le córais TFCÉ ar choinníoll go gcomhlíonann an tacaíocht sin na rialacha maidir le Státchabhair nó an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine, agus go bhfuil sí i gcomhréir freisin leis an reachtaíocht lena rialaítear úsáid chistí an Bheartais Chomhtháthaithe nó na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus leis na treoirlínte a sholáthraítear maidir leis an úsáid sin. Agus tacaíocht á tabhairt do chórais TFCÉ, tá sé tábhachtach sásra a bhunú chun comhlíonadh leanúnach na gcritéar a áirithiú, mar shampla trí rialuithe nó iniúchtaí ad hoc a dhéanamh ag saoráidí an chórais TFC chun an meascán fuinnimh atá á sholáthar don chóras a fhíorú.
Féadfaidh na Ballstáit gealltanais dheonacha a chur chun cinn chun a áirithiú go mbeidh caighdeán TFCÉ á choinneáil ar bun ag oibreoirí TFC. Chun na críche sin, is é tuairim an Choimisiúin go bhféadfaí deimhnithe nó lipéid a bhunú le haghaidh TFCÉnna, lena gceanglaítear scéim iomlán faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin. Mhéadódh sé sin nochtadh an phobail do chórais TFC éifeachtúil, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le sciartha margaidh na gcóras sin a leathnú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú leis na príomhspriocanna maidir le coigilteas fuinnimh agus astaíochtaí a bhaint amach.
3.2. An sainmhíniú ar TFCÉ a chur i bhfeidhm maidir leis na córais TFC nuathógtha agus athchóirithe: Airteagal 26(4) de Threoir (AE) 2023/1791
3.2.1. Sainmhínithe agus téarmaí ábhartha
Airteagal 2, pointe (50), de Threoir (AE) 2023/1791, sainmhínítear ‘athchóiriú substaintiúil’ mar athchóiriú ar mó a chostas ná 50 % den chostas infheistíochta d’aonad nua inchomparáide. Leis an sainmhíniú ar athchóiriú substaintiúil ní thugtar aghaidh ach ar chostas an athchóirithe agus ní thugtar aghaidh ar na cineálacha oibreacha ar féidir iad a mheas mar athchóiriú. De ghnáth, áirítear dhá chineál costas i dtionscadal athchóirithe córais TFC, mar a leanas, ar cheart iad araon a chur san áireamh sa mheasúnú (20):
|
— |
costais a bhaineann le gnéithe teicniúla amhail teicneolaíochtaí nua a chomhtháthú, na teicneolaíochtaí atá ann cheana a bharrfheabhsú agus trealamh agus comhpháirteanna seanchaite a athsholáthar; |
|
— |
costais a bhaineann le gnéithe neamhtheicniúla, amhail bainistiú tionscadail, comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, anailís ar inmharthanacht airgeadais, nósanna imeachta um cheadú, faireachán, comhlíonadh rialachán agus beartas náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. |
D’fhéadfaí an ‘ costas infheistíochta d’aonad nua inchomparáide ’ a thuiscint mar chostas iomlán na hinfheistíochta córas téimh agus fuaraithe ceantair iomlán nua, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:
|
— |
na haonaid chomhghiniúna, chun na critéir TFCÉ a leagtar amach in Airteagal 26(1) nó (2) de Threoir (AE) 2023/1791 a chomhlíonadh; |
|
— |
an líonra, lena n-áirítear bonneagar stórála agus dáileacháin; |
|
— |
seachadadh ag gach pointe tomhaltais comhchosúil (lena n-áirítear na teasmhalartóirí ar fad más gá iad a athsholáthar). |
I bhfianaise raon leathan na gcostas athchóirithe agus ós rud é go bhfuil siad líonra-shonrach, ní mór do na Ballstáit a shuí go soiléir cé atá freagrach as meastachán a dhéanamh ar na costais sin agus, b’fhéidir, conas is gá meastachán a dhéanamh orthu. Leagtar amach i bhFoscríbhinn C liosta de na costais incháilithe atá molta agus modheolaíocht chun iad a chainníochtú.
3.2.2. Córas TFC a cháiliú mar chóras TFCÉ
Le hAirteagal 26(4) de Threoir (AE) 2023/1791, stiúrtar infheistíochtaí a dhéanann na Ballstáit i dtreo córas TFC nua a thógáil nó a athchóiriú substaintiúil a dhéanamh ar chóras TFC agus/nó ar a aonaid soláthair. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach le hAirteagal 26(4) de Threoir (AE) 2023/1791, ba cheart torthaí na n-infheistíochtaí a cháiliú mar TFCÉ.
Chun cur chun feidhme Airteagal 26(1) agus (2) i gcórais TFC athchóirithe a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a mheas an bhfuil an t-athchóiriú substaintiúil nó nach bhfuil. Is é tuairim an Choimisiúin gur féidir le hoibreoirí TFC sin a dhéanamh freisin.
Le Fíor 2 léirítear an sreabhadh oibre chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn suiteáil mar TFCÉ tar éis an athchóirithe agus na naisc idir forálacha Airteagal 26(1), (2) nó (3) de Threoir (AE) 2023/1791 agus na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 26(4) den Treoir sin.
Fíor 2
Sreabhchairt den nós imeachta chun córas téimh nó fuaraithe ceantair a chatagóiriú
Chun cáiliú mar TFCÉ (mar shampla chun bheith incháilithe do thacaíocht phoiblí), ní mór do na Ballstáit a áirithiú, i gcás ina dtógtar córas TFC nó ina ndéantar athchóiriú substaintiúil ar a aonaid soláthair, go gcomhlíonann siad an dá choinníoll seo a leanas:
|
|
Coinníoll 1: comhlíonann an córas TFC na critéir a leagtar amach in Airteagal 26(1) nó (2) de Threoir (AE) 2023/1791 is infheidhme tráth a thosaíonn sé a oibriú nó a leanann sé dá oibriú tar éis an athchóirithe; |
|
|
Coinníoll 2: níl aon mhéadú ar úsáid breoslaí iontaise seachas gás nádúrtha i bhfoinsí teasa atá ann cheana, agus ní úsáideann aon fhoinse nua sa chóras sin breoslaí iontaise, seachas gás nádúrtha má thógtar an TFC nó má dhéantar athchóiriú substaintiúil air go dtí 2030. |
Ní mór do gach córas TFC arb é is aidhm dó cáiliú mar TFCÉ an dá choinníoll sin a chomhlíonadh, gan beann ar a méid. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh oibreoirí TFC freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar an dá choinníoll, rud a éileoidh freisin tacaíocht ó tháirgeoirí teasa (oibreoirí na n-aonad giniúna) agus ó úsáideoirí deiridh chun na sonraí is gá a bhailiú.
Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an dá choinníoll, ba cheart do na Ballstáit iad a áireamh mar chritéir incháilitheachta le haghaidh cistiú poiblí agus/nó tacaíocht phoiblí. Ba cheart an incháilitheacht a fhíorú trí mheasúnú comhlíontachta, ina mbeidh an chéim nó an dá chéim seo a leanas ar a laghad ag brath ar cé acu atá an córas nua nó atá sé athchóirithe go substaintiúil:
|
|
Céim 1 (i gcás córais athchóirithe amháin): measúnú a dhéanamh an bhfuil an t-athchóiriú substaintiúil. |
|
|
Céim 2 (i gcás na gcóras ar fad atá ag cur isteach ar thacaíocht phoiblí): comhlíonadh an dá choinníoll a leagtar amach le hAirteagal 26(4) de Threoir (AE) 2023/1791 a fhíorú. |
I gCéim 1, mar chuid den mheasúnú ba cheart an dá chás seo a leanas a mheas agus a chur i gcomparáid le chéile:
|
|
Cás 1: Meastachán ex ante (roimh thús na n-oibreacha athchóirithe) ar iomlán na gcostas a bhaineann leis an gcóras TFC nó an t-aonad soláthair teasa a athchóiriú. |
|
|
Cás 2: Meastachán ar chostais infheistíochta córais TFC nó aonaid soláthair teasa nua inchomparáide. |
Tá leibhéal athchóirithe an chórais nó an aonaid soláthair teasa substaintiúil nuair is mó costais athchóirithe an aonaid soláthair teasa TFC nó an chórais TFC ná 50 % de chostais infheistíochta aonaid soláthair teasa TFC nó córais TFC nua inchomparáide. Má mheastar go bhfuil an leibhéal athchóirithe ‘substaintiúil’, ba cheart d’oibreoirí TFC a dhéanann iarratas ar thacaíocht phoiblí comhlíonadh critéar TFC éifeachtúil a áirithiú agus leanúint ar aghaidh le Céim 2.
I gCéim 2, déantar measúnú ar chomhlíonadh na gcritéar maidir le húsáid breoslaí iontaise. D’fhéadfaí comhlíonadh na gcritéar TFCÉ a fhíorú i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i roinn 3.1.2 nó roinn 3.1.3 den Iarscríbhinn seo.
Tá an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar maidir le húsáid breoslaí iontaise éagsúil i gcás foinsí teasa nua agus foinsí teasa atá ann cheana. I gcás foinsí teasa atá ann cheana, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach dtiocfaidh méadú ar úsáid breoslaí iontaise seachas gás nádúrtha i gcomparáid leis an tomhaltas bliantúil ar an meán le linn na 3 bliana féilire oibríochta iomláine roimh an athchóiriú. I gcás foinsí nua teasa, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach n-úsáidfidh siad breoslaí iontaise, seachas gás nádúrtha, go dtí 2030.
I gcás ina soláthraítear tacaíocht phoiblí do TFC trí ghlao oscailte, ba cheart an mhodheolaíocht chun measúnú comhlíontachta leis na critéir TFCÉ a dhéanamh a bheith trédhearcach agus ba cheart tuairisc shoiléir a thabhairt uirthi sa nós imeachta um iarratais ar thacaíocht phoiblí.
3.3. Pleanáil shainordaitheach chun úsáid éifeachtach fuinnimh phríomhúil agus úsáid fuinnimh in-athnuaite a mhéadú: Airteagal 26(5) de Threoir (AE) 2023/1791
3.3.1. Raon feidhme na gceanglas, na sainmhínithe agus na dtéarmaí ábhartha
Le hAirteagal 26(5) de Threoir (AE) 2023/1791, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfaidh córas TFC os cionn tairseach shonrach, is é sin córas TFC ag a bhfuil aschur teasa agus fuachta os cionn 5 MW, critéir TFCÉ a leagtar amach in Airteagal 26(1) de Threoir (AE) 2023/1791, nó plean a ullmhú chun tomhaltas níos éifeachtúla fuinnimh phríomhúil a áirithiú, caillteanais dáileacháin a laghdú agus sciar an fhuinnimh in-athnuaite nó an dramhtheasa agus an dramhfhuachta i soláthar T&F a mhéadú. Is é is cuspóir don phlean bearta a sholáthar chun na critéir a leagtar amach in Airteagal 26(1), pointí (b) go (e) a chomhlíonadh.
Is oibreoirí TFC iad na páirtithe lena mbaineann Airteagal 26(5) a fhaigheann tacaíocht ó na príomhsholáthróirí teasa agus/nó fuachta. Léirítear i bhFíor 3 na céimeanna is gá agus sainaithint na bpáirtithe atá faoi réir oibleagáid phleanála.
Fíor 3
Sreabhchairt den nós imeachta chun riachtanas a shainaithint maidir le plean a ullmhú chun an córas a thiontú ina chóras téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil
Ba cheart an téarma ‘ aschur iomlán teasa agus fuachta ’ a léirmhíniú mar acmhainneacht seachas mar thoirt fuinnimh, toisc gur cheart é a chur i gcomparáid le tairseach 5 MW a thagraíonn d’acmhainneacht teasa/fuachta. Sa tairseach sin maidir leis an aschur iomlán teasa agus fuachta is mó ná 5 MW, ní shonraítear cén toilleadh ba cheart a mheas, toisc nach sonraítear an pointe tomhais léi. Chun an táscaire sin a oibríochtú, moltar úsáid a bhaint as toilleadh suiteáilte na n-aonad giniúna teasa uile a insteallann isteach sa chóras TFC. Rud atá tábhachtach, maidir le hacmhainneacht giniúna teasa nach n-úsáidtear ach ag tráthanna buaicéilimh, is é sin níos lú ná cúpla uair an chloig in aghaidh na bliana, ach atá nasctha go buan leis an gcóras TFC, ba cheart í a eisiamh ón ríomh.
Chun cur i bhfeidhm ceart an téarma ‘ aschur iomlán teasa agus fuachta ’ a áirithiú sa chleachtas, tá roghanna iomadúla ar fáil do na Ballstáit. Mar shampla, d’fhéadfadh saineolaithe neamhspleácha an tomhas agus an ríomh a dhéanamh agus d’fhéadfadh an t-údarás inniúil na torthaí a fhíorú trí sheiceálacha randamacha gan réamhfhógra. Ina theannta sin, is féidir dlús a chur leis an bpróiseas fíorúcháin trí fhaireachán rialta a dhéanamh ar an meascán fuinnimh atá á sholáthar do chóras TFC, mar shampla, trí bhíthin méadrú digiteach.
3.3.2. É a bhunú cé na hoibreoirí lena mbaineann Airteagal 26(5) de Threoir (AE) 2023/1791
Chun cur chuige coiteann a áirithiú maidir le hoibreoirí córais TFC ceantair a shainaithint, is gá dhá ghné a shoiléiriú; an tairseach féin agus cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an córas TFC na critéir a leagtar amach in Airteagal 26(1), pointí (b) go (e), de Threoir (AE) 2023/1791.
Maidir le gach córas TFC ag a bhfuil acmhainneacht iomlán os cionn 5 MW, ba cheart a fhíorú ansin cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé na critéir a leagtar amach in Airteagal 26(1), pointí (b) go (e), de Threoir (AE) 2023/1791 nó, de rogha air sin, na critéir a leagtar amach in Airteagal 26(2), pointí (b) go (e), den Treoir sin. Ba cheart an fíorú a dhéanamh de réir na modheolaíochta a chuirtear i láthair i roinn 3.1.2 nó 3.1.3 den Iarscríbhinn seo. I gcás ina gcomhlíonann an córas TFC na critéir TFCÉ, ní gá aon ghníomh breise a dhéanamh. I gcás nach gcomhlíonann an TFC na critéir TFCÉ, ba cheart don oibreoir TFC plean a ullmhú chun úsáid éifeachtúil fuinnimh phríomhúil agus úsáid fuinnimh in-athnuaite a mhéadú.
3.3.3. Plean chun tomhaltas níos éifeachtúla fuinnimh phríomhúil agus úsáid fuinnimh in-athnuaite a áirithiú
De bhun Airteagal 26(5) de Threoir (AE) 2023/1791, is é is cuspóir do na pleananna 5 bliana úsáid éifeachtúil fuinnimh phríomhúil agus sciar an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú, caillteanais dáileacháin a laghdú agus bearta a leagan amach chun an córas TFC a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 26(1), pointí (b) go (e), de Threoir (AE) 2023/1791.
Leis an bplean, ba cheart dearcadh fadtéarmach a sholáthar maidir leis an gcóras TFC a fhorbairt chun a áirithiú go dtreiseoidh oibríochtaí uasghrádaithe a chéile. Chun na críche sin, bheadh sé inmhianaithe dá ndéanfaí na 5 bliana ina dhiaidh sin a thuar sa phlean cheana féin.
Ba cheart a mholadh d’oibreoirí TFC dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara ábhartha agus an plean á dhréachtú, amhail oibreoirí na bpríomhaonad giniúna teasa agus/nó fuachta, údaráis áitiúla, teicneoirí agus bainisteoirí atá fostaithe ag an oibreoir TFC, saineolaithe seachtracha agus daoine aonair a ndéanann na hoibreacha uasghrádaithe difear dóibh, custaiméirí chomh maith le saoránaigh agus pobail áitiúla eile.
Moltar na ranna seo a leanas ar a laghad a bheith sa phlean:
|
(a) |
tuairisc ar staid reatha an chórais TFC, maidir le soláthar, éifeachtúlacht líonra agus éileamh, lena n-áirítear teocht oibriúcháin; |
|
(b) |
éileamh agus leathnú an líonra a bheidh ann amach anseo; |
|
(c) |
an acmhainneacht a bhaineann leis an éileamh atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh agus ó dhramhtheas a chumhdach; |
|
(d) |
spriocstát/sprioc-chóras sonrach (éileamh agus soláthar), mar shampla cé na hacmhainneachtaí a mbainfear leas astu agus cathain a dhéanfar sin; |
|
(e) |
éifeachtúlacht fuinnimh an chórais ina iomláine: caillteanais, roghanna chun an leibhéal teochta a laghdú (ag brath ar an gcleachtas reatha) ar thaobh an éilimh agus ar thaobh an líonra; |
|
(f) |
straitéis agus bearta aonair a bhunú, agus an t-uainiú a bheith ag gabháil leis sin. |
Laistigh de gach ceann de na ranna a leagtar amach i bpointí (a) agus (b), ba cheart do na hoibreoirí faisnéis shonrach agus mhionsonraithe a sholáthar. Sa roinn maidir le bearta beartais i bhFoscríbhinn D tá tuilleadh comhairle maidir leis an méid a d’fhéadfaí a áireamh sa phlean chun tomhaltas níos éifeachtúla fuinnimh phríomhúil agus úsáid fuinnimh in-athnuaite a áirithiú.
Comhlíonann plean ceanglais Airteagal 26(5) de Threoir (AE) 2023/1791 má eascraíonn comhlíonadh iomlán Airteagal 26(1) as na torthaí a leagtar amach i bhFoscríbhinn E nó, ar a laghad, má léiríonn siad céimeanna móra i dtreo an chomhlíonta sin.
Tá tuairisc níos mionsonraithe ar ábhar plean i bhFoscríbhinn E.
3.3.4. Formheas na bpleananna arna dhéanamh ag an údarás inniúil
Ba cheart do na Ballstáit údarás inniúil a ainmniú chun pleananna oibreoirí TFC a fhormheas. Ní thugtar tuairisc i dTreoir (AE) 2023/1791 ar na nósanna imeachta le haghaidh an fhormheasa sin agus ba cheart do na húdaráis inniúla na nósanna imeachta a chuirtear i bhfeidhm i gcúraimí riaracháin comhchosúla a leanúint ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach.
3.4. Úsáid éifeachtúil dramhtheasa ó lárionaid sonraí a áirithiú: Airteagal 26(6) de Threoir (AE) 2023/1791
Ceanglaítear le hAirteagal 26(6) de Threoir (AE) 2023/1791 ar na Ballstáit úsáid dramhtheasa nó feidhmeanna eile aisghabhála dramhtheasa a áirithiú i lárionaid sonraí a bhfuil a ionchur fuinnimh rátaithe iomlán os cionn 1 MW acu ach amháin más féidir leo a thaispeáint nach bhfuil an úsáid sin indéanta go teicniúil ná go heacnamaíoch i gcomhréir leis an measúnú dá dtagraítear i mír 7. Is é tuairim an Choimisiúin go bhfuil feidhm ag an oibleagáid sin maidir le gach lárionad sonraí oibriúcháin os cionn tairseach 1 MW i gcás nach bhfuil dramhtheas ná feidhmeanna eile aisghabhála dramhtheasa eile in úsáid faoi láthair. I lárionaid sonraí, i gcás nach n-úsáidtear dramhtheas nó nach bhfuil aon fheidhm aisghabhála dramhtheasa eile ann, ní mór measúnú a dhéanamh ar úsáid fhéideartha dramhtheasa i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír Airteagal 26(7) de Threoir (AE) 2023/1791.
3.5. Anailís costais is tairbhe ar leibhéal na suiteála le haghaidh saoráidí nua nó saoráidí atá athchóirithe go substaintiúil: Airteagal 26(7) agus (8) de Threoir (AE) 2023/1791
3.5.1. Raon feidhme na gceanglas
Le hAirteagal 26(7) de Threoir (AE) 2023/1791 ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh oibreoirí suiteálacha giniúna leictreachais theirmigh, suiteálacha tionsclaíocha, saoráidí seirbhíse (amhail foirgnimh mhóra tráchtála, saoráidí cóireála fuíolluisce, fostáisiúin leictreachais agus saoráidí GNL) agus lárionaid sonraí (mar a liostaítear in Airteagal 26(7), pointí (a) go (d), de Threoir (AE) 2023/1791) anailís costais is tairbhe. Tá an anailís sin le déanamh nuair atá sé beartaithe acu acmhainneachtaí táirgthe fuinnimh nó saoráid nua a thógáil nó a athchóiriú ar bhealach substaintiúil, ar saoráid í atá os cionn tairseach ionchuir fuinnimh áirithe (atá éagsúil de réir an chineáil suiteála), chun measúnú a dhéanamh ar an indéantacht eacnamaíoch maidir le héifeachtúlacht fuinnimh an tsoláthair T&F a mhéadú.
Léirítear i bhFíor 4 na céimeanna is gá agus sainaithint na bpáirtithe is gá chun anailís costais is tairbhe a dhéanamh, lena n-áirítear i gcás na lárionad sonraí de réir Airteagal 26(6).
Fíor 4
Sreabhchairt chun an gá atá le hAnailís Costais is Tairbhe agus a nós imeachta a shainaithint
Le Treoir (AE) 2023/1791 ní shonraítear cé ba cheart a bheith freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an anailís costais is tairbhe agus as an anailís sin a dhéanamh. Léirítear ann go gceanglóidh na Ballstáit go ndéanfar an anailís costais is tairbhe i gcomhar leis na cuideachtaí atá freagrach as an tsaoráid a oibriú. Réiteach ciallmhar is ea an cúram a shannadh d’ oibreoirí suiteálacha nua nó suiteálacha atá athchóirithe go substaintiúil maidir leis an anailís a dhéanamh agus d’ainmneodh na Ballstáit údaráis inniúla a bheadh freagrach as an modheolaíocht, toimhdí agus tráthchláir choiteanna a sholáthar le haghaidh na hanailíse eacnamaíche ar a laghad agus dhéanfaidís a áirithiú freisin go mbeadh bunús maith leis na measúnuithe, trí bhailíochtú tríú páirtí, mar shampla.
Moltar do na Ballstáit rogha a dhéanamh a bheith níos rannpháirtí, mar shampla trí chuidiú le comhordú le páirtithe leasmhara, amhail tomhaltóirí agus táirgeoirí T&F, nó bailiú sonraí (mar a mholtar in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791). Leis an rannpháirtíocht sin, chruthófaí deiseanna maidir le sineirgí idir an measúnú cuimsitheach a leagtar amach in Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 agus an anailís costais is tairbhe, a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791.
Léirítear i dTábla 2 go n-athraíonn cuspóir na hanailíse costais is tairbhe de réir an chineáil suiteála. De bharr go gceanglaítear le Treoir 2012/27/AE anailís costais is tairbhe a dhéanamh maidir le foinsí teasa (gléasraí cumhachta agus suiteálacha tionsclaíocha) agus slogaidí teasa (líonraí TFC) araon, ní dhéileáiltear i dTreoir (AE) 2023/1791 ach le foinsí teasa lena n-aisghabhtar agus lena gclaochlaítear fuinneamh agus lena n-aistrítear é chuig slogaidí malartacha.
Tábla 2
Tairseacha is infheidhme maidir le saoráidí agus suiteálacha
|
Tagairt i dTreoir (AE) 2023/1791 |
Plean le haghaidh (nua nó athchóirithe) |
Tairseach |
Cuspóir na hanailíse costais is tairbhe |
||||
|
Airteagal 26(7), pointe (a) |
Suiteáil giniúna leictreachais theirmigh |
Ionchur fuinnimh iomlán bliantúil ar an meán os cionn 10 MW |
|
||||
|
Airteagal 26(7), pointe (b) |
Suiteáil thionsclaíoch |
Ionchur fuinnimh iomlán bliantúil ar an meán os cionn 8 MW |
|
||||
|
Airteagal 26(7), pointe (c) |
Saoráid seirbhíse (e.g., saoráidí cóireála fuíolluisce agus saoráidí GNL) |
Ionchur fuinnimh iomlán bliantúil ar an meán os cionn 7 MW |
|
||||
|
Airteagal 26(7) pointe (d) |
Lárionaid sonraí |
Ionchur fuinnimh rátaithe iomlán os cionn 1 MW |
|
Is é tuairim an Choimisiúin gur cheart torthaí na hanailíse costais is tairbhe a úsáid freisin chun ceanglais Airteagal 26(6) de Threoir (AE) 2023/1791 a chomhlíonadh, lena gceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go n-úsáidfidh lárionaid sonraí a bhfuil ionchur fuinnimh rátaithe iomlán os cionn 1 MW acu dramhtheas nó feidhmeanna eile aisghabhála dramhtheasa. Má léiríonn an anailís costais is tairbhe nach bhfuil sé indéanta go teicniúil nó go heacnamaíoch é sin a dhéanamh, ní gá do lárionaid sonraí an dramhtheas nó na feidhmeanna eile aisghabhála dramhtheasa a úsáid.
Ba cheart a thuiscint go bhfuil indéantacht theicniúil ag brath ar shaintréithe an lárionaid sonraí agus ar infhaighteacht réiteach teicniúil nó teicneolaíoch chun dramhtheas nó feidhmeanna eile aisghabhála dramhtheasa a úsáid, gan cuspóir agus príomhghníomhaíochtaí an lárionaid sonraí a chur i mbaol.
Ba cheart indéantacht eacnamaíoch a thuiscint mar an cumas atá ag tionscadal maidir le dramhtheas nó feidhmeanna aisghabhála dramhtheasa a úsáideann lárionad sonraí a bheith inmharthana nó inbhuanaithe ó thaobh na heacnamaíochta de, is é sin le rá ioncam nó luach leordhóthanach a ghiniúint chun a chostais a chumhdach agus luach saothair réasúnta ar riosca agus toradh ar infheistíocht a sholáthar. Is é tuairim an Choimisiúin gur cheart a chur san áireamh le hindéantacht eacnamaíoch tosca amhail costais táirgthe, roghanna maoiniúcháin, rioscaí agus an acmhainneacht maidir le brabús nó coigilteas.
Leagtar amach i dTábla 3 an mhodheolaíocht a mholtar chun a chinneadh an bhfuil ionchur fuinnimh iomlán suiteála faoi bhun na tairsí a leagtar síos le hAirteagal 26(7) de Threoir (AE) 2023/1791 nó os a cionn, is é sin 10 MW i gcás suiteálacha giniúna leictreachais theirmigh, 8 MW i gcás suiteálacha tionsclaíocha, 7 MW i gcás saoráidí seirbhíse nó 1 MW i gcás lárionaid sonraí. I dTábla 3 den Iarscríbhinn seo, tugtar tuairisc ar an gcaoi ar cheart na hacmhainneachtaí táirgeachta éagsúla a ríomh/a chinneadh. Ba cheart ‘an t-ionchur fuinnimh iomlán’ a léirmhíniú mar acmhainneacht táirgeachta seachas mar thoirt fuinnimh (arna tomhas in MWh), toisc gur cheart é a chur i gcomparáid le tairseach ar leith (arna sloinneadh in MW) a thagraíonn d’acmhainneacht teasa/fuar. Agus aghaidh á tabhairt ar ionchur fuinnimh iomlán (nó acmhainneacht táirgeachta), ba cheart Airteagal 26(7) de Threoir (AE) 2023/1791 a thuiscint mar thagairt d’acmhainneacht táirgeachta na suiteála lena mbaineann.
Tábla 3
Na modhanna a mholtar chun toilleadh ionchuir saoráidí agus suiteálacha a shainaithint
|
Tagairt i dTreoir (AE) 2023/1791 |
Plean le haghaidh (nua nó athchóirithe) |
Modh chun an toilleadh ionchuir a chinneadh |
||||||||||
|
Airteagal 26(7), pointe (a) |
Suiteáil giniúna leictreachais theirmigh |
|
||||||||||
|
Airteagal 26(7), pointe (b) |
Suiteáil thionsclaíoch |
|
||||||||||
|
Airteagal 26(7), pointe (c) |
Saoráid seirbhíse (e.g. saoráidí cóireála fuíolluisce agus saoráidí GNL) |
|
||||||||||
|
Airteagal 26(7) pointe (d) |
Lárionaid sonraí |
|
De bhun Airteagal 26(7) de Threoir (AE) 2023/1791, beidh sé d’aidhm ag na Ballstáit freisin deireadh a chur le bacainní ar úsáid dramhtheasa agus tacaíocht a sholáthar do ghlacadh dramhtheasa i gcás ina bhfuil na suiteálacha beartaithe nó athchóirithe as an nua. Chun na críche sin, ní mór do na Ballstáit na bacainní sin a shainaithint ar dtús (ar bacainní iad ar dócha go mbeidh siad éagsúil ó Bhallstát go céile bunaithe ar an gcomhthéacs rialála, comhshaoil agus teicniúil). Beidh na réitigh is infheidhme chun iad a shárú éagsúil ag brath ar na constaicí. Liostaítear samplaí de thionscadail arna gcistiú ag an Aontas maidir le húsáid dramhtheasa a d’fhéadfadh a bheith úsáideach sa chomhthéacs sin i bhFoscríbhinn F den Iarscríbhinn seo.
3.5.2. Príomhphrionsabail na hanailíse costais is tairbhe ar leibhéal suiteála agus treoir ó na Ballstáit
In Iarscríbhinn XI a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 leagtar amach na prionsabail le haghaidh na hanailíse costais is tairbhe ar leibhéal suiteála chun faisnéis a sholáthar le haghaidh na mbeart a leagtar amach in Airteagal 26(7) agus (9) de Threoir (AE) 2023/1791. Leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 raon feidhme an mheasúnaithe, atá teoranta don tsuiteáil atá beartaithe (is é sin an fhoinse teasa, lena n-áirítear aisghabháil dramhtheasa) agus aon phointe éilimh téimh nó fuaraithe iomchuí atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann a d’fhéadfaí a sholáthar leis an tsuiteáil agus féidearthachtaí réasúnacha á gcur san áireamh (mar shampla, indéantacht theicniúil agus fad). Tá sé sin le meas laistigh de theorainn gheografach ar leith, a fhéadfaidh aonaid riaracháin áitiúla, dar leis an gCoimisiún, a chinneadh de réir na dtreoirphrionsabal arna mbunú ag an mBallstát.
Ní mór pointí ‘éilimh téimh nó fuaraithe...[atá sa tsuiteáil cheana] nó a d’fhéadfadh a bheith inti a d’fhéadfaí a sholáthar uaithi’ a mheas san anailís costais is tairbhe. Is léir maidir le pointí lódála T&F a d’fhéadfadh a bheith ann go bhféadfadh sé nach mbeidh siad ann go fóill tráth a choimisiúnaítear an tsuiteáil. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé gur ghá an anailís costais is tairbhe a dhéanamh agus an t-údarú a thabhairt ar an toimhde go bhfuil an tsuiteáil feistithe le hoibriú chun comhghiniúint/aisghabháil dramhtheasa a dhéanamh (seachas í a bheith ag oibriú go hiarbhír tráth an choimisiúnaithe) agus go mbeidh sí in ann na lóid téite agus fuaraithe a d’fhéadfadh a bheith ann a sholáthar nuair a bheidh siad ann. Is amhlaidh atá i gcás, bunaithe ar an measúnú T&F cuimsitheach de bhun Airteagal 25(1) de Threoir (AE) 2023/1791, ina bhfuil peirspictíochtaí soiléire ann maidir le lóid téite agus fuaraithe, is é sin le rá bearta, beartais nó straitéisí a ghlacadh, mar shampla líonra TFC nó an trealamh atá ar iarraidh a chruthú agus nascadh leis an tomhaltóir nó na tomhaltóirí teasa mar chuid de thionscadal nó de ghrúpaí tionscadal ar mó na tairbhí a bhaineann leis ná na costais faoin anailís costais is tairbhe ar an leibhéal tíre a rinneadh i gcomhréir le Cuid III d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791.
In Iarscríbhinn XI a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 leagtar amach go n-áireofar in anailís costais is tairbhe ‘anailís eacnamaíoch lena gcumhdaítear anailís airgeadais lena léirítear idirbhearta sreafa airgid iarbhír’. Ní mór a léiriú san anailís airgeadais sreafaí airgid iarbhír ó infheistiú i suiteálacha aonair agus ó oibriú suiteálacha aonair. Is amhlaidh atá toisc gur cheart toradh na hanailíse airgeadais a léiriú i gcinntí údarúcháin a mbíonn tionchar acu ar ghníomhaíocht eacnamaíoch na suiteálacha.
Mar sin féin, d’fhéadfaí an anailís ar leibhéal suiteála a chuimsiú i gcomhthéacs anailís eacnamaíoch níos leithne a dhéanann oibreoirí na suiteálacha. Le hIarscríbhinn XI ceanglaítear ar na Ballstáit treoirphrionsabail a leagan amach le haghaidh na modheolaíochta, na dtoimhdí agus na dtréimhsí ama don anailís eacnamaíoch.
Moltar do na Ballstáit treoir mhionsonraithe a ghlacadh maidir leis an anailís costais is tairbhe chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an cheanglais sin a áirithiú ar fud na láithreán. Sa bhreis ar na critéir a luaitear in Airteagal 26(8) de Threoir (AE) 2023/1791, moltar go mbunófar leis an treoir toimhdí coiteanna maidir le tréimhsí aisíoca, na rátaí toraidh is gá ar infheistíocht, praghsanna réamh-mheasta breosla agus leictreachais, costais bheartais agus leibhéil tacaíochta. Ba cheart na toimhdí sin a úsáid san anailís eacnamaíoch ach amháin más féidir leis an iarratasóir fianaise a sholáthar chun a léiriú go bhfuil toimhdí malartacha iomchuí i gcás a shuiteála. I gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn XI a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791, ba cheart téarmaí infheistíochta iarbhír le haghaidh tionscadal a léiriú go réalaíoch sna toimhdí.
3.5.3. Modheolaíocht le haghaidh na hanailíse costais is tairbhe
Chun ceanglais Airteagal 26(7) de Threoir (AE) 2023/1791 a chomhlíonadh, moltar do na Ballstáit cur chuige cúig chéim a leanúint maidir leis an gcaoi a bhféadfaí anailís costais is tairbhe ar leibhéal suiteála a dhéanamh. Leagtar amach an cur chuige atá beartaithe i bhFoscríbhinn G den Iarscríbhinn seo agus tá sé bunaithe den chuid is mó ar an gcur chuige a cuireadh i láthair i dtuarascáil JRC 2015 (22) maidir le dea-chleachtais agus treoir neamhfhoirmiúil maidir le hanailís costais is tairbhe ar leibhéal suiteála. Moltar do na Ballstáit na moltaí a leagtar amach i bhFoscríbhinn G den Iarscríbhinn seo a léiriú ina mbearta náisiúnta trasuite.
3.5.4. Díolúintí ón Anailís Costais is Tairbhe le haghaidh suiteálacha agus fógra a thabhairt maidir leis na heisceachtaí
Le hAirteagal 26(8) de Threoir (AE) 2023/1791 tugtar cead do na Ballstáit suiteálacha áirithe a dhíolmhú ó anailís costais is tairbhe a dhéanamh faoi choinníollacha sonracha. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit tairseacha a leagan síos freisin, arna sloinneadh i dtéarmaí mhéid an dramhtheasa atá ar fáil, an éilimh ar theas nó na hachair idir suiteálacha tionsclaíocha agus líonraí téimh ceantair, lena ndíolmhaítear suiteálacha aonair ó anailís costais is tairbhe a ullmhú. I gcás ina roghnaíonn Ballstát suiteáil a dhíolmhú ó anailís costais is tairbhe a dhéanamh, ní mór dó fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na díolúintí a dheonaítear de bhun Airteagal 26(8) de Threoir (AE) 2023/1791, ach amháin má tugadh fógra fúthu cheana féin le linn chur chun feidhme Threoir 2012/27/AE agus má tá siad foilsithe ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin (23).
3.5.5. Nósanna imeachta um údarú agus nósanna imeachta coibhéiseacha um cheadanna le haghaidh suiteálacha
Ceanglaítear le hAirteagal 26(9) de Threoir (AE) 2023/1791 go gcuirfear torthaí na hanailíse costais is tairbhe san áireamh i gcritéir údarúcháin nó cheadúcháin arna n-eisiúint do na suiteálacha atá faoi réir na hanailíse costais is tairbhe.
Pléadh i Roinn E den Nóta Treorach maidir le Treoir 2012/27/AE le nósanna imeachta um údarú agus nósanna imeachta coibhéiseacha um cheadanna le haghaidh suiteálacha (24).
3.5.6. Bailiú sonraí maidir leis na hAnailísí Costais is Taribhe
Le hAirteagal 26(12) de Threoir (AE) 2023/1791, ceanglaítear ar na Ballstáit faisnéis a bhailiú maidir le hanailísí costais is tairbhe, lena n-áirítear faisnéis maidir le paraiméadair teasa. I bhfianaise na hacmhainneachta úsáide le haghaidh an teasa, is é an teocht an paraiméadar is saintréithí a bhaineann le teas atá ar fáil le haghaidh úsáid thánaisteach.
4. CEANGLAIS TUAIRISCITHE
Ní dhéantar tuairisciú ar Airteagal 26 de Threoir (AE) 2023/1791 faoi chuimsiú na bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide ná na dTuarascálacha Náisiúnta ar Dhul Chun Cinn maidir le Fuinneamh agus Aeráid.
Tá roinnt ceanglais choinníollacha maidir le fógra a thabhairt in Airteagal 26 de Threoir (AE) 2023/1791 mar a leanas:
|
— |
ceanglaítear le mír 3 ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún nuair atá sé beartaithe acu modh malartach a úsáid chun téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil a shainmhíniú. Ar feadh na tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2025, dá dtagraítear in Airteagal 26(2), pointe (a), de Threoir (AE) 2023/1791, ba é an 11 Eanáir 2024 an sprioc-am tuairiscithe. I gcás na dtréimhsí a gcuirtear tús leo ar na dátaí dá dtagraítear in Airteagal 26(2), pointí (b) go (e), de Threoir (AE) 2023/1791, ba cheart fógra a thabhairt 6 mhí ar a laghad roimh thús na tréimhse ar leith; |
|
— |
le mír 8 ceanglaítear ar na Ballstáit fógra a thabhairt faoi dhíolúintí ó anailísí costais is tairbhe a cheanglaítear le hAirteagal 26(7) de Threoir (AE) 2023/1791 a dhéanamh. Níl aon sprioc-am ann maidir le fógra a thabhairt, ach tá an Coimisiún den tuairim gur cheart é sin a dhéanamh tráth a chuirtear na bearta trasuite in iúl; |
|
— |
le mír 10 ceanglaítear ar na Ballstáit cinneadh réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le suiteálacha atá faoi réir anailísí costais is tairbhe de bhun Airteagal 26(7) de Threoir (AE) 2023/1791, agus maidir le díolúine nó díolúintí a dheonaítear do na suiteálacha sin, laistigh de 3 mhí tar éis don Bhallstát an díolúine nó díolúintí a dheonú agus critéir údarúcháin nó cheadúcháin choibhéiseacha um cheadú á gcur i bhfeidhm; |
|
— |
le mír 13 ceanglaítear ar na Ballstáit fógra a thabhairt faoi aon diúltú ráthaíocht tionscnaimh a aithint le haghaidh leictreachas ó chomhghiniúint ardéifeachtach mar aon le réasúnú cuí. |
Tá dlúthnasc idir Airteagal 26 de Threoir (AE) 2023/1791 agus na ceanglais tuairiscithe a eascraíonn as an Treoir sin, go háirithe ó na hAirteagail seo a leanas:
|
— |
Le hAirteagal 25(1) de Threoir (AE) 2023/1791, ceanglaítear ar na Ballstáit fógra a thabhairt faoi mheasúnú cuimsitheach ar théamh agus fuarú mar chuid dá bPlean Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus dá nuashonruithe. Agus na measúnuithe sin á n-ullmhú agus á dtuairisciú acu, féadfaidh na Ballstáit Moladh (AE) 2019/1659 ón gCoimisiún a leanúint (25); |
|
— |
Le hAirteagal 35(3) de Threoir (AE) 2023/1791, ceanglaítear ar na Ballstáit staidreamh faoin táirgeadh náisiúnta leictreachais agus teasa ó chomhghiniúint ardéifeachtach agus ó chomhghiniúint eile a chur faoi bhráid an Choimisiúin roimh an 30 Aibreán gach bliain. Tá na sonraí sin le tuairisciú go díreach do Eurostat trí chóras EDAMIS (26) agus eisíonn Eurostat treoracha agus teimpléid tuairiscithe ábhartha (27). |
FOSCRÍBHINN A
AN MHODHEOLAÍOCHT CHUN AN SCIAR D’FHUINNEAMH IN-ATHNUAITE, DRAMHTHEAS AGUS CHP (ARDÉIFEACHTACH) A CHINNEADH (CUR CHUIGE RÉAMHSHOCRAITHE I LEITH AN TSAINMHÍNITHE AR TFCÉ)
Tá trí chéim i ndiaidh a chéile sa mhodheolaíocht mar a leanas:
Céim 1 – Sonraí teicniúla na n-aonad giniúna téimh agus fuaraithe
I gcás gach aonaid giniúna teasa a bhíonn ag soláthar don chóras TFC, ní mór sonraí a bhailiú maidir leis an méid fuinnimh arna instealladh in TFC, agus é imdhealaithe i dteicneolaíocht tiontúcháin agus breosla a cuireadh i bhfeidhm. Ba cheart é sin a thomhas ag an bpointe aistrithe ó na haonaid giniúna teasa chuig an gcóras TFC. Tugtar ‘ollfhuinneamh deiridh’ air sin. Taispeántar an teimpléad a mholtar le haghaidh an bhailithe sonraí i dTábla A-1.
Tábla A-1
An teimpléad a mholtar chun na sonraí faoi úsáid fuinnimh i gcóras téimh agus fuaraithe ceantair a bhailiú
|
Foinse fuinnimh |
Teicneolaíocht tiontúcháin |
An méid teasa arna instealladh in TFC (in MWh, ar bhonn bliantúil) |
||
|
Foinsí in-athnuaite fuinnimh (FIF) mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite |
||||
|
Teas geoiteirmeach domhain |
Teas díreach |
X1 MWh |
||
|
Bithmhais (sholadach) (*) |
Coire |
X2 MWh |
||
|
Bithmhais (sholadach) (*) |
CHP ardéifeachtach |
X3 MWh |
||
|
Gás in-athnuaite e.g., gás láithreáin líonta, bithghás agus bithmheatán (*) |
Coire gáis |
X4 MWh |
||
|
Gás in-athnuaite e.g., gás láithreáin líonta, bithghás agus bithmheatán (*) |
CHP ardéifeachtach |
X5 MWh |
||
|
Bithbhreoslaí (leachtanna) (*) |
Coire |
X6 MWh |
||
|
Bithbhreoslaí (leachtanna) (*) |
CHP ardéifeachtach |
X7 MWh |
||
|
Leictreachas ó fhoinse in-athnuaite |
Coire leictreach |
X8 MWh |
||
|
Grianteas teirmeach |
Teas díreach |
X9 MWh |
||
|
Teas comhthimpeallach (e.g., aer, aibhneacha, lochanna, uisce farraige agus séarachais) |
Teaschaidéal |
X10 MWh |
||
|
Teas geoiteirmeach éadomhain (e.g., screamhuisce agus uisce faoi thalamh) |
Teaschaidéal |
X11 MWh |
||
|
Aisghabháil dramhtheasa (ADT) (sainmhínítear dramhtheas agus dramhfhuacht in Airteagal 2(9) den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite) |
||||
|
Seachtháirge ón tionscal, ón nginiúint cumhachta, nó ó earnálacha treasacha (e.g., lárionaid sonraí agus foinsí teasa uirbeacha) |
Teas díreach |
Y1 MWh |
||
|
Seachtháirge ón tionscal, ón nginiúint cumhachta, nó ó earnálacha treasacha (e.g., lárionaid sonraí agus foinsí teasa uirbeacha amhail ospidéil, oifigí, ionaid siopadóireachta, meitreo, etc.) |
Teaschaidéal |
Y2 MWh |
||
|
HECHP (a shainmhínítear le hAirteagal 2(36), (40) agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791) |
||||
|
CHP ardéifeachtach a úsáideann breoslaí iontaise-bhunaithe amháin |
HECHP |
Z1 MWh (teirmeach) |
||
|
CHP ardéifeachtach a úsáideann breoslaí iontaise-bhunaithe agus breoslaí in-athnuaite (aonad comhdhó) (*) |
HECHP |
Z2 MWh (teirmeach) |
||
|
Foinsí neamh-inathnuaite fuinnimh |
||||
|
Breoslaí iontaise nach n-áirítear in HECHP |
Gach teicneolaíocht (lena n-áirítear CHP eile seachas HECHP) |
W MWh |
||
|
Fuinneamh iomlán arna instealladh |
||||
|
Iomlán |
Gach teicneolaíocht |
T = Σ Xi + Σ Yi + Σ Zi + W |
||
|
Nótaí: Meastar gur teas arna tháirgeadh ag CHP é an teas atá ina sheachtháirge ó aonad giniúna cumhachta, agus dá bhrí sin, ba cheart é a bheith i gcomhréir leis an sainmhíniú ar FIF nó HECHP atá le háireamh.
|
||||
Céim 2 – Sciartha na soláthairtí fuinnimh ar fad a ríomh (% den fhuinneamh teirmeach iomlán arna instealladh)
Chun sciartha na soláthairtí fuinnimh ar fad a ríomh, féadfar teimpléad i dTábla A-2 a úsáid. Tugtar tuairisc sa chéad cholún agus sa dara colún den Tábla ar fhoinsí agus ar theicneolaíochtaí éagsúla chun teas a sholáthar. Léirítear sa tríú colún cén sciar den fhuinneamh arna instealladh is féidir a áireamh faoi chomhair gach tairsí.
Tábla A-2
Teimpléad chun sciartha soláthairtí fuinnimh a ríomh
|
Foinse fuinnimh |
Teicneolaíocht tiontúcháin |
Sciar an ionchuir a áirítear faoi chomhair na dtairsí (in %) |
||||
|
FIF (mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite) |
||||||
|
Teas geoiteirmeach domhain |
Teas díreach |
FIF1 = X1 MWh / an fuinneamh iomlán in MWh arna instealladh sa chóras TFC (T) |
||||
|
Bithmhais (soladach) |
Coire |
FIF2 = X2 MWh / T |
||||
|
Bithmhais (soladach) |
(HE)CHP (*) |
FIF3 = X3 MWh / T |
||||
|
Gás in-athnuaite e.g., gás láithreáin líonta, bithghás agus bithmheatán |
Coire gáis |
FIF4 = X4 MWh / T |
||||
|
Gás in-athnuaite e.g., gás láithreáin líonta, bithghás agus bithmheatán |
(HE)CHP (*) |
FIF5 = X5 MWh / T |
||||
|
Bithbhreoslaí (leachtanna) |
Coire |
FIF6 = X6 MWh / T |
||||
|
Bithbhreoslaí (leachtanna) |
CHP ardéifeachtach |
FIF7 = X7 MWh / T |
||||
|
Leictreachas ó fhoinse in-athnuaite |
Coire leictreach |
FIF8 = X8 MWh / T |
||||
|
Grianteas teirmeach |
Teas díreach |
FIF9 = X9 MWh / T |
||||
|
Teas comhthimpeallach (e.g., aer, aibhneacha, lochanna, uisce farraige agus séarachais) |
Teaschaidéal |
FIF10 = X10 MWh** / T |
||||
|
Teas geoiteirmeach éadomhain (e.g., screamhuisce) |
Teaschaidéal |
FIF11 = X11 MWh** / T |
||||
|
Sciar FFI iomlán |
%FFI = Σ FFIi |
|||||
|
ADT (Aisghabháil dramhtheasa, sainmhínítear dramhtheas agus dramhfhuacht in Airteagal 2(9) den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite) |
||||||
|
Seachtháirge ón tionscal, ón nginiúint cumhachta, nó ó earnáil treasach (e.g., lárionaid sonraí agus foinsí teasa uirbeacha) |
Teas díreach |
ADT1 = Y1 MWh / T |
||||
|
Seachtháirge ón tionscal, ón nginiúint cumhachta, nó ó earnálacha treasacha (e.g., lárionaid sonraí agus foinsí teasa uirbeacha amhail ospidéil, oifigí, ionaid siopadóireachta, meitreo, etc.) |
Teaschaidéal |
ADT2 = Y2 MWh / T |
||||
|
Sciar ADT iomlán |
%ADT = Σ ADTi |
|||||
|
HECHP (a shainmhínítear le hAirteagal 2(36), (40) agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791) |
||||||
|
HECHP a úsáideann breoslaí iontaise-bhunaithe amháin |
HECHP |
HECHP1 = Z1 MWh / T |
||||
|
HECHP a úsáideann breoslaí iontaise-bhunaithe agus breoslaí in-athnuaite (córais débhreosla) |
HECHP |
HECHP2 = Z2 MWh / T |
||||
|
Sciar HECHP iomlán |
%HECHP = Σ HECHPi |
|||||
|
Nótaí:
|
||||||
Céim 3 – Na sciartha a ríomhtar a chur i gcomparáid leis na tairsí is infheidhme
Is é an chéim deiridh den phróiseas measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na scaireanna a ríomhtar i gcéim 2 an sainiú in Airteagal 26(1) de Threoir (AE) 2023/1791.
Cinntear TFC ar leith a bheith ‘éifeachtúil’ má chomhlíonann sé na critéir a leagtar síos in Airteagal 26(1) de Threoir (AE) 2023/1791, ar critéir iad atá ag athrú le himeacht ama i gcomhréir leis na creataí ama seo a leanas (féach Tábla A-3):
Tábla A-3
Íostairseacha is infheidhme maidir le córas téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil (cur chuige réamhshocraithe)
|
Foinsí fuinnimh chun na critéir TFCÉ a bhaint amach Tréimhsí |
Fuinneamh in-athnuaite |
Dramhtheas |
Fuinneamh in-athnuaite agus dramhtheas |
Soláthar comhcheangailte ó fhoinsí in-athnuaite, ó dhramhtheas agus ó chomhghinúint (ardéifeachtach) |
Comhghiniúint (ardéifeachtach) |
||||||
|
Go dtí 31.12.2027 |
|
|
|
|
|
||||||
|
1.1.2028 -31.12.2034 |
|
|
|
|
|
||||||
|
1.1.2035 -31.12.2039 |
|
|
|
|
|
||||||
|
1.1.2040 -31.12.2044 |
|
|
|
|
|||||||
|
1.1.2045 -31.12.2049 |
|
|
|
|
|||||||
|
Tar éis 1.1.2050 |
|
|
|
|
|||||||
|
Nótaí:
|
|||||||||||
FOSCRÍBHINN B
MODHEOLAÍOCHT CHUN AN MÉID ASTAÍOCHTAÍ GCT ÓN TÉAMH AGUS FUARÚ CEANTAIR IN AGHAIDH AN AONAID TEASA NÓ FUACHTA ARNA SHEACHADADH CHUIG NA CUSTAIMÉIRÍ A CHINNEADH (CUR CHUIGE MALARTACH MAIDIR LEIS AN SAINMHÍNIÚ AR AN TÉAMH AGUS FUARÚ CEANTAIR ÉIFEACHTÚIL)
Tá cúig chéim as a chéile sa mhodheolaíocht mar a leanas:
Céim 1 – Sonraí teicniúla gach aonaid giniúna a chinneadh
Tá an chéim seo nach mór mar an gcéanna leis an gcéad chéim faoin gcur chuige réamhshocraithe. Maidir le gach aonad giniúna teasa agus fuachta, ní mór an fuinneamh arna instealladh sa chóras TFC a chinneadh, agus é imdhealaithe i dteicneolaíocht tiontúcháin agus breosla a cuireadh i bhfeidhm. Ba cheart an tomhas a dhéanamh ag an bpointe aistrithe idir teicneolaíocht tiontúcháin agus córas TFC. D’ainneoin go meastar gur méid iomlán na n-astaíochtaí atá sna hastaíochtaí agus nach roinntear i ngach aonad giniúna iad, tá gá leis sin, toisc nach féidir méid foriomlán na n-astaíochtaí a tháirgtear trí na próisis ghiniúna a chinneadh go hiontaofa ach amháin ar an mbealach sin, rud a bhfuil gá leis chun déine astaíochtaí gach aonaid fuinnimh arna sheachadadh chuig na custaiméirí a ríomh.
Céim 2 – Na fachtóirí astaíochta a chinneadh
I gcás gach teicneolaíochta agus breosla, socróidh na Ballstáit fachtóirí astaíochta lena dtugtar tuairisc ar na hastaíochtaí in aghaidh an aonaid fuinnimh a thugtar in g/kWh. Taispeántar an teimpléad a mholtar chun na fachtóirí astaíochta a chur i láthair i dTábla B-1. Soláthraítear treoir maidir leis na luachanna a chinneadh i mBunachar Sonraí na bhFachtóirí Astaíochta arna fhoilsiú ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (28). I bhfianaise na ndifríochtaí idir na Ballstáit maidir le fachtóirí a mbíonn tionchar acu ar na fachtóirí astaíochta, amhail saintréithe beachta na mbreoslaí agus na dteicneolaíochtaí a úsáidtear, d’fhéadfadh fachtóirí astaíochta éagsúla teacht chun cinn idir na Ballstáit. Maidir leis na fachtóirí astaíochta le haghaidh na FIFanna ar fad a shainmhínítear in Airteagal 2(1) den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite agus le haghaidh an dramhtheasa, tá siad cothrom le 0.
Tábla B-1
An teimpléad a mholtar chun na fachtóirí astaíochta a chur i láthair
|
Foinse fuinnimh |
Teicneolaíocht tiontúcháin |
Fachtóir astaíochta (in g/kWh) |
|
FIF (mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite) |
||
|
Gach foinse |
Gach teicneolaíocht |
0 |
|
ADT (Aisghabháil dramhtheasa, sainmhínítear dramhtheas agus dramhfhuacht in Airteagal 2(9) den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite) |
||
|
Gach seachtháirge |
Díreach / teaschaidéal |
0 g/kWh |
|
CHP (a shainmhínítear le hAirteagal 2(36), (40) agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791) |
||
|
CHP Ardéifeachtach a úsáideann breoslaí iontaise-bhunaithe amháin agus/nó úsáid bithmhaise neamh-FIF |
HECHP |
F13 g/kWh |
|
CHP Ardéifeachtach a úsáideann breoslaí iontaise-bhunaithe, bithmhais neamh-FIF agus breoslaí in-athnuaite (córais débhreosla) |
HECHP |
F14 g/kWh |
|
CHP a úsáideann breoslaí iontaise-bhunaithe amháin agus/nó úsáid bithmhaise neamh-FIF |
CHP |
F15 g/kWh |
|
CHP a úsáideann breoslaí iontaise-bhunaithe, bithmhais neamh-FIF agus breoslaí in-athnuaite (córais débhreosla) |
CHP |
F16 g/kWh |
|
Foinsí neamh-inathnuaite fuinnimh |
||
|
Gás Nádúrtha |
Gach teicneolaíocht (seachas CHP) |
F17 g/kWh |
|
Ola |
Gach teicneolaíocht (seachas CHP) |
F18 g/kWh |
|
Lignít |
Gach teicneolaíocht (seachas CHP) |
F19 g/kWh |
|
Gual |
Gach teicneolaíocht (seachas CHP) |
F20 g/kWh |
|
Bithmhais neamh-FIF |
Gach teicneolaíocht (seachas CHP) |
F21 g/kWh |
Céim 3 – Na hastaíochtaí iomlána a ríomh
I gcás gach suiteála giniúna, iolraítear an fuinneamh tomhaiste atá á instealladh sa chóras TFC, arna thomhas i gcéim 1, leis an bhfachtóir seo Is éard atá i suim na dtáirgí sin na hastaíochtaí iomlána a bhaineann leis an bhfuinneamh a ghintear arna instealladh sa chóras TFC. Is féidir ríomh na n-astaíochtaí iomlána a thuairisciú mar a thaispeántar i dTábla B-2.
Tábla B-2
Na hastaíochtaí iomlána a ríomh
|
Foinse fuinnimh |
Teicneolaíocht tiontúcháin |
Astaíochtaí |
|
FIF (mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite) |
||
|
Iomlán na n-astaíochtaí FIF |
EMFIF = 0 |
|
|
ADT (Aisghabháil dramhtheasa, sainmhínítear dramhtheas agus dramhfhuacht in Airteagal 2(9) den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite) |
||
|
Iomlán na n-astaíochtaí ADT |
EMADT = 0 |
|
|
CHP (a shainmhínítear le hAirteagal 2(36), (40) agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791) |
||
|
CHP Ardéifeachtach a úsáideann breoslaí iontaise-bhunaithe amháin agus/nó úsáid bithmhaise neamh-FIF |
HECHP |
CEM13 = X13 MWh * 1000 kWh/MWh * F13 g/kWh |
|
CHP Ardéifeachtach a úsáideann breoslaí iontaise-bhunaithe, bithmhais neamh-FIF agus breoslaí in-athnuaite (córais débhreosla) |
HECHP |
CEM14 = X14 MWh * 1000 kWh/MWh * F14 g/kWh |
|
CHP a úsáideann breoslaí iontaise-bhunaithe amháin agus/nó úsáid bithmhaise neamh-FIF |
CHP |
CEM15 = X15 MWh * 1000 kWh/MWh * F15 g/kWh |
|
CHP a úsáideann breoslaí iontaise-bhunaithe, bithmhais neamh-FIF agus breoslaí in-athnuaite (córais débhreosla) |
CHP |
CEM16 = X16 MWh * 1000 kWh/MWh * F16 g/kWh |
|
Iomlán na n-astaíochtaí CHP |
EMCHP = Σ CEMi |
|
|
Foinsí neamh-inathnuaite fuinnimh (FNIF) |
||
|
Gás Nádúrtha |
Gach teicneolaíocht (seachas CHP) |
NEM17 = X17 MWh * 1000 kWh/MWh * F17 g/kWh |
|
Ola |
Gach teicneolaíocht (seachas CHP) |
NEM18 = X18 MWh * 1000 kWh/MWh * F18 g/kWh |
|
Lignít |
Gach teicneolaíocht (seachas CHP) |
NEM19 = X19 MWh * 1000 kWh/MWh * F19 g/kWh |
|
Gual |
Gach teicneolaíocht (seachas CHP) |
NEM20 = X20 MWh * 1000 kWh/MWh * F20 g/kWh |
|
Bithmhais neamh-FIF |
Gach teicneolaíocht (seachas CHP) |
NEM21 = X21 MWh * 1000 kWh/MWh * F21 g/kWh |
|
Iomlán na n-astaíochtaí FNIF |
EMFNIF = Σ NEMi |
|
|
|
|
|
|
Astaíochtaí iomlána |
TOTEM = EMFIF + EMADT + EMCHP + EMFNIF |
|
Céim 4 – Astaíochtaí a ríomh in aghaidh an aonaid teasa nó fuachta arna sheachadadh
Sa chéim sin, ní mór do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an méid teasa agus fuachta arna sheachadadh chuig na custaiméirí. Is é an pointe tomhais chuige seo an pointe aistrithe idir an córas TFC agus na custaiméirí. Is féidir an chéim sin a éascú trí bhailiú sonraí atá i bhfeidhm cheana féin, mar shampla, trí oibreoirí córas TFC nó soláthróirí fuinnimh. Leis an gcéim seo tugtar an fuinneamh iomlán arna sheachadadh do na custaiméirí, nach bhfuil comhionann leis an bhfuinneamh iomlán arna instealladh, mar gheall ar chaillteanas teasa sa líonra. Ríomhtar an déine astaíochtaí in aghaidh an kWh teasa nó fuachta arna sheachadadh bunaithe ar an bhfoirmle seo a leanas:
Ba cheart torthaí an ríomha sin a thuairisciú i ngraim de choibhéisí CO2 (g) i gcás na n-astaíochtaí agus in kWh i gcás an fhuinnimh.
Céim 5 – An toradh a chur i gcomparáid leis an tairseach is infheidhme
Nuair a bheidh an cóimheas idir GCT agus fuinneamh arna sheachadadh bunaithe, ní mór do na Ballstáit é a chur i gcomparáid leis an tairseach is infheidhme a léirítear i dTábla B-3 le haghaidh tréimhse ábhartha. Má tá na hastaíochtaí in aghaidh an aonaid teasa nó fuachta arna seachadadh chuig na custaiméirí cothrom leis an tairseach is infheidhme nó faoina bun, tá an córas téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil.
Tábla B-3:
Tairseacha na n-astaíochtaí GCT is infheidhme maidir le téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil
|
Tréimhse |
An tairseach le haghaidh ‘córas téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil’ |
|
Go dtí an 31 Nollaig 2025 |
200 gram/kWh |
|
Ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2034 |
150 gram/kWh |
|
Ón 1 Eanáir 2035 go dtí an 31 Nollaig 2044 |
100 gram/kWh |
|
Ón 1 Eanáir 2045 go dtí an 31 Nollaig 2049 |
50 gram/kWh |
|
Ón 1 Eanáir 2050 |
0 gram/kWh |
FOSCRÍBHINN C
CAINNÍOCHTÚ NA GCOSTAS ATHCHÓIRITHE
Tá achoimre i dTábla C-1 ar raon feidhme na gcostas ba cheart a áireamh sa mheasúnú. Leis an liosta molta seo, déantar costais a chatagóiriú bunaithe ar chomhpháirteanna líonraí TFC ó ghiniúint teasa go tomhaltas, lena n-áirítear faireachán, rialú agus digitiú.
Tábla C-1
Costais athchóiriithe
|
Cineálacha costas |
Costais incháilithe |
|||||||
|
Costais theicniúla |
Giniúint teasa
|
|||||||
|
Dáileadh teasa
|
||||||||
|
Tomhaltas teasa
|
||||||||
|
Uathoibriú, faireachán, rialú agus digitiú
|
||||||||
|
Costais neamhtheicniúla |
|
Moltar do na Ballstáit modheolaíocht a eisiúint chun oibreoirí líonra téimh agus fuaraithe ceantair a threorú maidir le meastachán a dhéanamh ar chostais aonaid nua inchomparáide. Ba cheart na céimeanna seo a leanas ar a laghad a bheith sa mhodheolaíocht sin:
|
|
Céim 1: Príomh-shaintréithe agus comhpháirteanna an chórais atá ann cheana a shainaithint, i dtéarmaí an chineáil suiteála TFC, méide, teicneolaíocht ghiniúna agus saincheisteanna teicniúla eile a bhaineann le giniúint, dáileadh agus tomhaltas teasa. An chuid den chóras a bheidh faoi réir athchóirithe a shonrú. |
|
|
Céim 2: Aonad inchomparáide a shainiú. Mheasfaí go mbeadh aonad nua ‘inchomparáide’ dá mbeadh na saintréithe céanna aige agus atá ag an aonad atá ann cheana i dtéarmaí an chineáil teicneolaíochta suiteála, méide, dáilte nó giniúna TFC, agus saincheisteanna teicniúla eile a bhaineann le giniúint, dáileadh agus tomhaltas teasa. |
|
|
Céim 3: Sonraí a bhailiú maidir le costais gach comhpháirte nua d’aonad inchomparáide ar an margadh, costais trealaimh/ábhair agus costais suiteála araon san áireamh. Is féidir sonraí maidir le costais a bhailiú go díreach ó ghníomhaithe margaidh (i.e. monaróirí, soláthraithe, suiteálaithe agus oibreoirí líonra). Is féidir sonraí a bhailiú sa litríocht freisin. Tá liosta de staidéir agus foinsí féideartha le fáil i dTábla C-2. Tábla C-2: Staidéir ar chostais tógála agus athchóirithe eilimintí córais téimh agus fuaraithe ceantair.
|
|
|
Céim 4: Comparáid a dhéanamh idir na costais mheasta a bhaineann leis an aonad atá ann cheana a athchóiriú agus na costais mheasta a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh in aonad nua inchomparáide. Nuair a bhíonn na costais mheasta a bhaineann leis an athchóiriú os cionn 50 % de na costais a bhaineann le haonad nua inchomparáide, is substaintiúil an t-athchóiriú atá i gceist. |
FOSCRÍBHINN D
DEA-CHLEACHTAIS MAIDIR LE BEARTA BEARTAIS AGUS A RÍOMHANNA TIONCHAIR LE HAGHAIDH CEANGLAIS SHAINORDAITHEACHA (LENA N-ÁIRÍTEAR TIONCHAIR IOMADÚLA)
Leis an tionscadal Upgrade DH, soláthraítear samplaí de dhea-chleachtais maidir le TFC arna athchóiriú chun a bhfeidhmíocht fuinnimh a fheabhsú agus sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh a mhéadú. Soláthraítear treoir agus moltaí leis freisin a léiríonn an cur chuige maidir le pleananna dícharbónaithe na gcóras téimh ceantair. Soláthraítear roinnt dea-chleachtas leis an tionscadal Upgrade DH, amhail barrfheabhsú oibríochtaí caidéalaithe, comhtháthú bailitheoirí feadán, coire breoslaithe bithmhaise, athchóiriú iomlán, córais eile a chur in ionad córas iontaise, an t-aistriú chuig oibriú ísealteochta, nó idirnascadh dhá líonra scartha.
Cuirtear cleachtais eile i láthair sna páipéir seo a leanas:
|
— |
Galindo, M., Roger-Lacan, C., Gährs, U. agus Aumaitre, V., Efficient district heating and cooling markets in the EU: Case studies analysis, replicable key success factors and potential policy implications [Margaí téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil san Aontas: Anailís ar chás-staidéir, príomhthosca ratha inmhacasamhlaithe agus impleachtaí beartais a d’fhéadfadh a bheith ann], EUR 28418 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2016, ISBN 978-92-79-65048-2 (ar líne),978-92-79-74179-1 (ePub), doi:10.2760/371045 (ar líne),10.2760/649894 (ePub), JRC104437. Ar fáil ar líne ag: https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC104437 |
|
— |
Galindo Fernandez, M., Bacquet, A., Bensadi, S., Morisot, P. agus Oger, A., Integrating renewable and waste heat and cold sources into district heating and cooling systems [Foinsí in-athnuaite agus foinsí dramhtheasa agus dramhfhuachta a chomhtháthú i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2021, ISBN 978-92-76-29428-3, doi:10.2760/111509, JRC123771. Ar fáil ar líne ag: https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC123771 |
|
— |
IEA, 2022. Annex TS2: Implementation of Low Temperature District Heating Systems [Annex TS2: Córais téimh ceantair ísealteochta] Ar fáil ar líne ag: https://www.iea-dhc.org/the-research/annexes/2017-2021-annex-ts2 |
|
— |
An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh, Bacquet, A., Galindo Fernández, M., Oger, A., et al., District heating and cooling in the European Union: overview of markets and regulatory frameworks under the revised Renewable Energy Directive [Téamh agus fuarú ceantair san Aontas: forbhreathnú ar mhargaí agus ar chreataí rialála faoin Treoir athbhreithnithe maidir le Fuinneamh In-athnuaite], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022. Ar fáil ar líne ag: https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/4e28b0c8-eac1-11ec-a534-01aa75ed71a1/language-en |
FOSCRÍBHINN E
AN PRÓISEAS CHUN PLEAN 5 BLIANA A FHORBAIRT
Moltar forbairt an phlean a chur i gcrích in dhá chéim. Ar an gcéad dul síos, leagtar amach na cuspóirí ardleibhéil, lena sainítear conas Airteagal 26(1) de Threoir (AE) 2023/1791 a chomhlíonadh, nó mar mhalairt air sin, conas an córas TFC a dhícharbónú. Sa dara céim, sainítear bearta nithiúla chun an cuspóir roghnaithe a bhaint amach. Baineann sé sin le cé na haonaid giniúna teasa a úsáidfear, le huasghráduithe bonneagair don chóras TFC agus roghanna maoinithe. Tá sé tairbheach agus inmholta na pleananna a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn.
Maidir leis na bearta sonracha a shainiú, is nós imeachta ilchéime é. Leis an bhFoscríbhinn seo, tugtar tuairisc ar dtús ar an gcaoi ar cheart gach céim a dhéanamh agus ansin moltar liosta den fhaisnéis shonrach atá le bailiú nó le taispeáint.
An chéad chéim – Measúnú ar an staid reatha
Is é an chéad chéim measúnú a dhéanamh ar staid reatha an chórais TFC. Ar an gcéad dul síos, cinnfear raon feidhme geografach an phlean. Is éard atá ann an líonra atá ann faoi láthair, custaiméirí nasctha agus aonaid ghiniúna teasa. Chuige sin, ba cheart leathnú an líonra a dhéanfar amach anseo, custaiméirí ionchasacha agus aonaid ghiniúna teasa ionchasacha a chur leis.
Déantar achoimre sa teimpléad a mholtar i dTábla E-1 ar staid reatha an chórais TFC.
Tábla E-1
Teimpléad chun tuairisc a thabhairt ar staid reatha an chórais téimh agus fuaraithe ceantair
|
Táscaire |
Luach |
|
Táscairí ginearálta |
|
|
Meánchostais iomlána teasa/fuachta |
Euro (€) |
|
Castacht (gineadóirí teasa, pointí nasctha, leibhéil eangaí) |
Uimhir gach páirte agus tuairisc ar gach páirt |
|
Léarscáileanna ina bhfuil gach saoráid giniúna teasa, líonra agus stáisiún pumpála |
Léarscáileanna |
|
Aois na gcomhpháirteanna |
An líon blianta |
|
Ullmhacht le haghaidh ionchur teasa díláraithe (rud a bhfuil gá leis i gcás cineálacha áirithe fuinnimh in-athnuaite) |
Measúnú teicniúil |
|
Píopaí |
|
|
Fad an líonra agus an cumhdach spásúil |
km |
|
Teicneolaíocht phíobánra |
Ainm na teicneolaíochta arna húsáid |
|
Sonraí teicniúla na bpíopaí (e.g., trastomhas, ábhar, etc.) |
Braitheann sé ar an táscaire |
|
Insliú |
Ainm na teicneolaíochta arna húsáid |
|
Paraiméadair hiodrálacha |
bar agus m3/h |
|
Forbairt teochta (seachadadh agus filleadh) |
°C |
|
Líon, toilleadh agus teicneolaíocht na stóras teasa |
Líon, MW agus ainm na teicneolaíochta arna húsáid |
|
Sonraí teicniúla na bpíopaí (e.g., trastomhas, ábhar, etc.) |
Braitheann sé ar an táscaire |
|
Custaiméirí |
|
|
An líon custaiméirí |
An líon (roinnte idir foirgnimh iomlána agus aonaid chónaithe aonair) |
|
An cineál custaiméara |
Custaiméir comparáideach, poiblí nó príobháideach (roinnte idir aonaid aonair nó foirgneamh iomlán) |
|
Cineál foirgnimh |
Foirgneamh cónaithe nó neamhchónaithe |
|
Éileamh teasa gach custaiméara |
kWh |
|
Leibhéal teochta ag na custaiméirí |
°C |
|
Forbairt teochta (seachadadh agus filleadh) |
°C |
|
Giniúint teasa |
|
|
Toilleadh giniúna suiteáilte |
MW |
|
Líon na n-aonad giniúna teasa |
Uimhir |
|
Teicneolaíocht gach aonaid giniúna teasa |
Ainm na teicneolaíochta tiontúcháin (e.g., CHP, coire nó teas díreach) |
|
Foinse fuinnimh gach aonaid giniúna teasa (go háirithe i gcás teaschaidéal) |
Ainm na foinse (e.g., aer, talamh, uisce, tolláin mheitreo agus lárionaid sonraí) |
|
An chumhacht arna hinstealladh ag gach aonad giniúna teasa |
MWh |
|
Infhaighteacht ama gach aonaid giniúna teasa |
% den bhliain a insteallann an t-aonad teas isteach in TFC |
|
Leibhéal teochta ag na custaiméirí |
°C |
|
Forbairt teochta (seachadadh agus filleadh) |
°C |
|
Cáilíocht TFC |
|
|
Líon na n-athlíonta in aghaidh na bliana |
Líon na n-ócáidí ar malartaíodh toirt iomlán an leachta. |
|
Creimeadh laistigh de na píopaí agus lasmuigh díobh |
Líon na n-áiteanna inar tharla creimeadh; tuairisc ar neart an chreimthe |
|
Caillteanas teasa |
MW |
|
Teocht an uisce |
°C |
|
Líon na múchta in aghaidh na bliana |
Uimhir |
|
Cáilíocht an uisce |
Caighdeán cáilíochta uisce atá aitheanta, e.g., AGFW FW 510 (2018) |
An dara céim – Acmhainneacht maidir le fuinneamh in-athnuaite, dramhtheas agus comhghiniúint ardéifeachtach
Ar an dara dul síos, déanfar measúnú ar an acmhainneacht maidir le fuinneamh in-athnuaite (FI), dramhtheas (WH) agus comhghiniúint ardéifeachtach (HECHP) a mhéadú. Is féidir é sin a roinnt ina anailís gharbh ar na foinsí teasa ionchasacha uile agus measúnú domhain a dhéanamh ina dhiaidh sin ar na foinsí teasa is mó a bhfuil gealladh fúthu. Má léiríonn an chéad anailís mhionsonraithe eile go bhfuil acmhainneacht roinnt foinsí teasa níos ísle ná mar a bhí coinne leis, moltar measúnú eile a dhéanamh trí mhionanailís a dhéanamh ar fhoinsí teasa a bhí eisiata roimhe sin. Taispeántar na teimpléid a mholtar chun anailís a dhéanamh ar an acmhainneacht theicniúil agus eacnamaíoch le haghaidh RE, WH agus HECHP i dTábla E-2 agus Tábla E-3.
Tábla E-2
Measúnú simplithe ar an acmhainneacht theicniúil agus eacnamaíoch le haghaidh RE, WH agus HECHP
|
Measúnú simplithe |
||||
|
Foinse fuinnimh |
Acmhainneacht |
Teocht |
Infhaighteacht ama |
Nótaí |
|
Aer comhthimpeallach |
Ar fáil gach áit |
Íseal; níos airde sa samhradh ná sa gheimhreadh |
An bhliain ar fad |
|
|
Grianfhuinnimh teirmeach |
Tá an spás teoranta; bíonn an infhaighteacht ag luainiú |
Meánmhéide; braitheann sí ar an déine |
Bíonn sí ag luainiú |
|
|
Dramhtheas (ón lárionad sonraí) |
Ar fáil go seasta |
Meánmhéide; seasmhach |
An bhliain ar fad |
|
|
Bithmhais a dhóitear in HECHP |
Tá infhaighteacht na foinse breosla teoranta |
Ard, seasmhach |
An bhliain ar fad |
|
Tábla E-3
Measúnú mionsonraithe ar an acmhainneacht theicniúil agus eacnamaíoch le haghaidh RE, WH agus HECHP
|
Measúnú mionsonraithe (cosúil leis an measúnú thuas ach cainníochtaithe) |
|||||
|
Foinse fuinnimh |
Teicneolaíocht tiontúcháin |
Leibhéal teochta |
Fuinneamh teirmeach atá ar fáil go teoiriciúil |
An Líon aonad giniúna teasa |
Suíomhanna féideartha le haghaidh gléasraí |
|
Aer |
Teaschaidéal |
X °C, níos airde sa samhradh ná sa gheimhreadh |
X GWh |
2 ghléasra le gach X MW |
Lárionad sonraí 1 |
|
Bithmhais |
HECHP |
X °C, seasmhach le linn na bliana |
X GWh |
5 ghléasra le gach X MW |
Limistéar 3, Limistéar 5 |
An tríú céim – Cásanna éilimh teasa
Mar an tríú céim, forbrófar cás amháin nó dhá chás chun éileamh teasa a fhorbairt. Is é is cuspóir dóibh sin a chinneadh cén leathnú ar an gcóras TFC atá inchosanta ar bhonn eacnamaíoch agus cé mhéad den acmhainneacht shainaitheanta le haghaidh FI, WH agus HECHP is gá a fhorbairt agus cé an tréimhse ama is gá sin a dhéanamh lena linn. Ba cheart tosca amhail an méid seo a leanas a chur san áireamh sna cásanna sin:
|
— |
Athruithe ar an éileamh trí athchóirithe; |
|
— |
Tionscadail tógála mhóra agus dlús méadaitheach na timpeallachta uirbí; |
|
— |
Ba cheart an córas TFC a bheith in-nasctha le foirgnimh nua agus níor cheart dó bac a chur ar chur i gcrích na dtionscadal sin; |
|
— |
Athruithe maidir leis an gcóras TFC; |
|
— |
D’fhéadfaí an t-éileamh a mhéadú trí mhéid an líonra a mhéadú. |
Tar éis na forbartha cásanna sin, cruthaítear tagarmharcanna maidir leis an méid teasa a d’fhéadfaí a bheith in ann a sholáthar tríd an gcóras TFC agus an bhliain faoinar cheart a bheith in ann sin a dhéanamh.
Taispeántar an teimpléad a mholtar chun na príomhthorthaí a thuairisciú i dTábla E-4.
Tábla E
Tuarascáil ar na príomhthorthaí maidir le cásanna éilimh teasa an phlean 5 bliana maidir leis an gcóras téimh agus fuaraithe ceantair
|
Táscaire |
Luach |
|
An líon custaiméirí ionchasacha |
Uimhir |
|
Cineál soláthair teasa reatha do gach custaiméir ionchasach |
Ainm na teicneolaíochta |
|
An fuinneamh is gá chun soláthar a dhéanamh do na custaiméirí uile (na custaiméirí ionchasacha san áireamh) |
MWh |
An ceathrú céim – Coincheap teicniúil don todhchaí
Le linn na céime seo, ba cheart roghanna éagsúla chun an córas TFÉ a bhreoslú a chinneadh ar bhonn na hanailíse ar aonaid giniúna teasa ionchasacha agus ar an éileamh ionchasach. Tá sé tábhachtach tagarmharcanna a shainiú atá le baint amach i mblianta áirithe i gcás gach cineáil aonaid giniúna teasa chomh maith leis na sciartha RE, WH agus HECHP. Ba cheart gurbh ionann sprioc íosta na dtagarmharcanna sin agus na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 26(1) de Threoir (AE) 2023/1791. Tá sé tábhachtach sa chéim seo srianta a d’fhéadfadh a bheith ann ar fhoinsí áirithe fuinnimh a chur san áireamh, amhail bithmhais. Sa bhreis ar aonaid ghiniúna teasa, sonraítear sa chéim seo freisin athruithe bonneagair ar an gcóras TFC, mar shampla píopaí breise a thógáil nó feabhsuithe inslithe.
Ba cheart measúnú indéantachta a bheith ag gabháil le gach rogha, a mhéid a bhaineann le giniúint teasa, paraiméadair an chórais TFC agus feidhmíocht eacnamaíoch. Moltar freisin aghaidh a thabhairt ar an gcaoi a bhféadfadh an córas TFC seirbhísí cothromúcháin agus seirbhísí córais eile a sholáthar sa chóras leictreachais. Leis na roghanna sin sa chóras TFC, déantar é a éascú foinsí in-athnuaite eadrannacha a chomhcheangal le foinsí atá ar fáil go buan chun soláthar teasa seasmhach a áirithiú do na custaiméirí deiridh agus do na tomhaltóirí. Cuireann an anailís sin le cur chun feidhme Airteagal 24(8) den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite.
Is é toradh na céime seo rogha tosaíochta d’fhorbairt an chórais TFC amach anseo. D’fhéadfadh an cinneadh sin a bheith bunaithe ar mheastóireacht maidir le cé acu de na roghanna éagsúla ag a bhfuil an cóimheas is fearr idir an t-am is gá chun Airteagal 26(1) de Threoir (AE) 2023/1791 a chomhlíonadh agus an fheidhmíocht eacnamaíoch. De rogha air sin, d’fhéadfadh sé a bheith bunaithe ar mheastóireacht maidir le cé acu de na roghanna éagsúla a sholáthraíonn an cóimheas is fearr idir feidhmíocht eacnamaíoch agus coigilteas fuinnimh/astaíochtaí.
Taispeántar an teimpléad a mholtar chun na príomhthorthaí a thuairisciú i dTábla E-5.
Tábla E-5
Tuarascáil achomair maidir le coincheap teicniúil an phlean 5 bliana maidir leis an gcóras téimh agus fuaraithe ceantair
|
Táscaire |
Luach |
|
Táscairí ginearálta |
|
|
Meánchostais iomlána teasa/fuachta |
Euro (€) |
|
Castacht (gineadóirí teasa, pointí nasctha, leibhéil eangaí) |
Uimhir gach páirte agus tuairisc ar gach páirt |
|
Léarscáileanna ina bhfuil gach saoráid giniúna teasa, líonra agus stáisiún pumpála |
Léarscáileanna |
|
Ullmhacht le haghaidh ionchur teasa díláraithe (rud a bhfuil gá leis i gcás cineálacha áirithe fuinnimh in-athnuaite) |
Measúnú teicniúil |
|
Píopaí |
|
|
Fad an líonra agus an cumhdach spásúil |
km |
|
Teicneolaíocht phíobánra |
Ainm na teicneolaíochta arna húsáid |
|
Sonraí teicniúla na bpíopaí (e.g. trastomhas, ábhar, etc.) |
Braitheann sé ar an táscaire |
|
Insliú |
Ainm na teicneolaíochta arna húsáid |
|
Paraiméadair hiodrálacha |
bar agus m3/h |
|
Forbairt teochta (seachadadh agus filleadh) |
°C |
|
Líon, toilleadh agus teicneolaíocht na stóras teasa |
Líon, MW agus ainm na teicneolaíochta arna húsáid |
|
Custaiméirí |
|
|
An líon custaiméirí |
An líon (roinnte idir foirgnimh iomlána agus aonaid chónaithe aonair) |
|
An cineál custaiméara |
Custaiméir comparáideach, poiblí nó príobháideach (roinnte idir aonaid aonair nó foirgneamh iomlán) |
|
Cineál foirgnimh |
Foirgneamh cónaithe nó neamhchónaithe |
|
Éileamh teasa gach custaiméara |
kWh |
|
Leibhéal teochta ag na custaiméirí |
°C |
|
Forbairt teochta (seachadadh agus filleadh) |
°C |
|
Giniúint teasa |
|
|
Méadú ar úsáid RE |
MW |
|
Méadú ar úsáid WH |
MW |
|
Méadú ar úsáid HECHP |
MW |
|
Toilleadh giniúna suiteáilte (roinnte idir aonaid atá ann cheana agus aonaid atá beartaithe) |
MW |
|
Líon na n-aonad giniúna teasa (roinnte idir aonaid atá ann cheana agus aonaid atá beartaithe) |
Uimhir |
|
Teicneolaíocht gach aonaid giniúna teasa (roinnte idir aonaid atá ann cheana agus aonaid atá beartaithe) |
Ainm na teicneolaíochta tiontúcháin (e.g., CHP, coire nó teas díreach) |
|
Foinse fuinnimh gach aonaid giniúna teasa (go háirithe i gcás teaschaidéal) |
Ainm na foinse (e.g., aer, talamh, uisce, tolláin mheitreo agus lárionaid sonraí) |
|
An chumhacht arna hinstealladh ag gach aonad giniúna teasa |
MW |
|
Infhaighteacht ama gach aonaid giniúna teasa |
% den bhliain a insteallann an t-aonad teas isteach in TFC |
|
Leibhéal teochta ag na custaiméirí |
°C |
|
Forbairt teochta (seachadadh agus filleadh) |
°C |
An cúigiú céim – Amlíne, acmhainní agus straitéis
Mar chéim deiridh, ní mór bearta sonracha, a bhfuil amlíne luaite leo, a fhorbairt ionas go mbainfear amach an rogha thosaíochta a shainítear i gcéim 4. Sonrófar go soiléir go háirithe na bearta sin a dhéanfar sna chéad bhlianta tar éis ghlacadh an phlean. Is gá ansin na hacmhainní is gá a chinneadh chun gach beart a chur i gcrích agus conas a shlógfar iad. Baineann sé sin go háirithe le riachtanais infheistíochta ach d’fhéadfaí an saothar agus na ceadanna is gá a áireamh leis sin freisin. Thairis sin, ceapfar straitéis cumarsáide agus glactha poiblí chun a áirithiú nach gcuirfear moill ar na bearta atá le déanamh mar gheall ar fhrithsheasmhacht phoiblí inseachanta.
Féadfar torthaí an chúigiú céim a thuairisciú mar a thaispeántar i dTábla E-6.
Tábla E-6
Tuarascáil achomair maidir le costais agus maoiniú an phlean 5 bliana maidir leis an gcóras téimh agus fuaraithe ceantair
|
Táscaire |
Luach |
|
An infheistíocht iomlán is gá |
€ |
|
Costais infheistíochta a chumhdaítear le cistiú poiblí |
€ |
FOSCRÍBHINN F
TIONSCADAIL MAIDIR LE HÚSÁID DRAMHTHEASA ATÁ MAOINITHE AG AN AONTAS EORPACH
Airítear na tionscadail seo a leanas ar shamplaí de thionscadail maidir le húsáid dramhtheasa atá maoinithe ag an Aontas Eorpach:
|
— |
Leis an tionscadal ReUseHeat fiosraítear aisghabháil agus athúsáid dramhtheasa atá ar fáil ar an leibhéal uirbeach, agus é d’aidhm aige fuinneamh éifeachtúlachta córas TFC a mhéadú, https://www.reuseheat.eu/ |
|
— |
Leis an tionscadal HEATLEAP fiosraítear córais aisghabhála dramhtheasa amhail teaschaidéil mhóra i dtionscail dianfhuinnimh, https://heatleap-project.eu/ |
|
— |
Leis an tionscadal REFLOW dírítear ar shreafaí ábhair, ach tugtar aghaidh leis freisin ar theas iomarcach ó thaobh teas fuíolluisce de, https://reflowproject.eu/ agus https://reflowproject.eu/blog/matching-supply-and-demand-in-wastewater-heat/ |
|
— |
Leis an tionscadal REWARDHeat fiosraítear líonraí TFC ísealteochta, atá in ann dramhtheas a aisghabháil, https://www.rewardheat.eu/en/ |
|
— |
Leis an tionscadal Celsius fiosraítear beagáinín teas iomarcach le haghaidh téamh ceantair, https://celsiuscity.eu/ agus https://celsiuscity.eu/excess-heat-from-sewage-in-hamburg-and-singen-germany/ |
|
— |
Leis an tionscadal SEEnergies dírítear ar an éifeachtúlacht fuinnimh, ach rinneadh roinnt oibre ar an teas iomarcach, go háirithe acmhainneachtaí teasa iomarcaigh tionsclaíoch, https://www.seenergies.eu/about/ agus https://s-eenergies-open-data-euf.hub.arcgis.com/search?categories=d5.1 |
FOSCRÍBHINN G
CUR CHUIGE CÚIG CHÉIM CHUN ANAILÍS COSTAIS IS TAIRBHE AR LEIBHÉAL SUITEÁLA A DHÉANAMH
Céim 1: an raon feidhme a shainaithint
I gCéim 1, ba cheart raon feidhme na hanailíse costais is tairbhe a shainiú agus a shainaithint. Ba cheart cuspóir an tionscadail a shainaithint agus tuairisc a thabhairt air. Chun raon feidhme beacht na hanailíse costais is tairbhe a bhaint amach, ba cheart aghaidh a thabhairt ar dhá phríomhghné:
|
— |
An nasc teasa a bhunú: i ngach cás ina n-éilítear anailís costais is tairbhe agus a liostaítear in Airteagal 26(7), pointí (a) go (d), de Threoir (AE) 2023/1791, tá nasc idir foinse agus slogaide. Braithfidh an chost-éifeachtúlacht a bhaineann le nascadh teasa agus dá bhrí sin leis an tionscadal ar fad ar an méid téimh/fuaraithe a éileofar agus ar an achar nach mór an téamh/fuarú a sholáthar thairis; |
|
— |
Tabhair tuairisc ar theorainn an chórais: áireofar san anailís an phríomhshuiteáil agus na modhnuithe a rinneadh uirthi agus an nasc teasa. Idirghníomhaíonn soláthróir/faighteoir cianda an táirge fuinnimh leis an gcóras, ach tá sé lasmuigh den teorainn agus, dá bhrí sin, ní gá anailís a dhéanamh air san anailís costais is tairbhe. |
Céim 2: Dramhtheas atá ar fáil nó dramhtheas ionchasach
I gCéim 2, ba cheart an dramhtheas atá ar fáil nó an dramhtheas ionchasach a fhiosrú. Bíonn tionchar ag dramhtheas ar an anailís costais is tairbhe ar dhá bhealach. Ar an gcéad dul síos, is é an ‘táirge fuinnimh’ dramhtheas a aisghabhtar nó a chlaochlaítear leis an tsuiteáil agus, dá bhrí sin, ginfear sreafaí ioncaim leis. Ar an dara dul síos, cinnfear dearadh agus méid an trealaimh aisghabhála teasa is gá bunaithe ar an dramhtheas agus dá bhrí sin beidh tionchar aige ar na costais chaipitiúla. Beidh tionchar ar thairbhí agus costais tionscadail ag cé acu a thomhlaítear dramhtheas ar an láthair nó lasmuigh den láthair. Cé go dtugtar le tuiscint le haisghabháil ar an láthair coigilteas fuinnimh ar féidir costais oibriúcháin laghdaithe le haghaidh na suiteála teacht as, le haisghabháil lasmuigh den láthair ginfear ioncam breise ó ‘tháirge’ breise (is é sin le rá dramhtheas) a dhíol leis an margadh. Tá éagsúlacht ann maidir leis an acmhainneacht i leith dramhtheasa i measc na gcineálacha suiteálacha agus beidh éagsúlacht ann freisin maidir leis na modheolaíochtaí chun an dramhtheas sin a shainaithint.
Céim 3: Sonraí a bhailiú le haghaidh na hanailíse costais is tairbhe
Is éard atá i gceist le Céim 3 na sonraí ar fad a bhailiú atá ábhartha chun an anailís costais is tairbhe a dhéanamh. Is féidir bailiú sonraí a éascú le forálacha áirithe de Threoir (AE) 2023/1791, amhail:
|
— |
Tugtar le fios in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 go bhféadfaidh na Ballstáit a cheangal ar shraith páirtithe leasmhara sonraí a rannchuidiú lena n-úsáid san anailís costais is tairbhe; |
|
— |
Baileofar roinnt sonraí cheana féin le haghaidh an mheasúnaithe chuimsithigh nach mór a dhéanamh de bhun Airteagal 25 de Threoir (AE) 2023/1791, amhail réamhaisnéisí agus treochtaí éilimh agus soláthair T&F, beartais agus bearta atá ann cheana agus a bhfuil coinne leo a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’inmharthanacht na hinfheistíochta le linn a saolré. |
• D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le roinnt sonraí breise le haghaidh trealamh sonrach a áirítear san anailís costais is tairbhe.
Céim 4: Sainaithint an cháis tagartha agus na dtoimhdí
I gCéim 4, sainítear an cás tagartha agus na toimhdí. Tagraíonn an cás tagartha do chás a chuirfear i gcomparáid leis an tsuiteáil nua nó athchóirithe atá beartaithe. Is féidir an cás tagartha a chinneadh trí phraghas an teasa a ríomh do thairbhithe ionchasacha an dramhtheasa a aisghabhfar tríd an tsuiteáil atá beartaithe. Meastar ann an coigilteas eacnamaíoch (i.e. laghdaítear ceannach breoslaí i leith an mhéid céanna téimh/fuaraithe) agus an coigilteas carbóin (i.e. laghdaítear astaíochtaí, ar phraghas carbóin).
Céim 5: An anailís costais is tairbhe a dhéanamh
I gCéim 5, déantar an anailís costais is tairbhe. Is é an chéad chúram na paraiméadair agus na toimhdí a shainaithint agus a shainiú a mbeidh tionchar acu ar indéantacht airgeadais an tionscadail agus, dá bhrí sin, ar a chur chun feidhme ó thaobh pheirspictíocht an infheisteora de chomh maith le tairbhí sochaíocha seachtracha a d’fhéadfadh teacht as an infheistíocht. Tá trí phríomhchatagóir paraiméadar le breithniú in anailís airgeadais:
|
— |
costais an tionscadail; |
|
— |
tairbhí an tionscadail; |
|
— |
paraiméadair theicnea-eacnamaíocha. |
Áirítear le costais an tionscadail caiteachas caipitiúil (CAPEX) agus caiteachas oibriúcháin (OPEX) go príomha. Is éard is caiteachas caipitiúil ann na costais sin a thabhaítear nuair a cheannaítear sócmhainní dochta nó nuair a chuirtear luach le sócmhainn atá ann cheana. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, trealamh, costais talún, comhardú costas gléasra, idirnasctha, forbartha agus maoiniúcháin, etc. Is éard atá i gcaiteachais oibriúcháin speansais laethúla amhail costais oibriúcháin agus chothabhála, árachas, bainistiú tionscadal, cánacha maoine, liúntais astaíochtaí, etc.
Áirítear ar thairbhí an tionscadail na tairbhí seo a leanas den chuid is mó:
|
— |
Tairbhí airgeadais, a thagraíonn do na sreafaí airgid dearfacha a eascraíonn as gníomhaíochtaí an tionscadail (mar shampla díolacháin, coigilteas fuinnimh, coigilteas CO2, dreasachtaí airgeadais amhail fóirdheontais, buntáistí cánach). Sa chás tagartha, tá na tairbhí bunaithe ar an gcoigilteas fuinnimh agus carbóin a bhaintear amach; |
|
— |
Tairbhí socheacnamaíocha seachtracha eile nach ngintear fíorshreabhadh airgid leo ach atá tábhachtach don tsochaí agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a áireamh san anailís. |
Ar pharaiméadair theicnea-eacnamaíocha áirítear paraiméadair amhail na nithe seo a leanas go príomha:
|
— |
Saolré an tionscadail, is gá chun anailís ar shreabhadh airgid lascainithe nó ar Ghlanluach Láithreach a dhéanamh ar na costais agus tairbhí a bhaineann leis an tionscadal. |
|
— |
Tréimhse tógála (aga), a thagraíonn don tréimhse ama ar lena linn a thógtar an tionscadal agus lena linn nach ngintear ioncaim leis i gcónaí dá bhrí sin; |
|
— |
Am oibriúcháin (fachtóir toillte), lena léirítear a mhéid a úsáidfear an caipiteal tosaigh. Is coitianta é a úsáid mar fhachtóir a léiríonn an fuinneamh iomlán a tháirgtear/a thomhlaítear in aon bhliain amháin i gcomparáid leis an bhfuinneamh a d’fhéadfaí a tháirgeadh/a thomhailt le linn na bliana sin; |
|
— |
Ráta lascaine airgeadais agus eacnamaíoch (amluach airgid) lena gcuirtear san áireamh éifeachtaí an bhoilscithe, costas caipitil, cánachas deischostas agus liúntais eile; |
|
— |
Méadú ar phraghsanna fuinnimh lena gcuirtear san áireamh athruithe ar chostas breosla agus ar tharaifí teasa. |
Is iad costais agus tairbhí an tionscadail na catagóirí paraiméadar a úsáidtear chun an anailís costais is tairbhe a dhéanamh agus chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil an tionscadal inchosanta ar bhonn eacnamaíoch trí chomparáid a dhéanamh idir na tairbhí iomlána (a théann níos faide ná tairbhí agus ioncaim airgeadais amháin chun tairbhí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha níos leithne a áireamh) i gcomparáid leis na costais iomlána (a théann níos faide arís ná na costais tógála airgeadais agus oibriúcháin chun costais shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíocha níos leithne a áireamh). Is féidir modheolaíochtaí éagsúla a úsáid chun anailís costais is tairbhe a dhéanamh, le gach ceann acu cuirtear san áireamh raon paraiméadair níos ísle nó níos airde. Áirítear ar shamplaí de mhodheolaíochtaí anailíse costais is tairbhe na hanailísí seo a leanas:
|
— |
Anailís airgeadais: ní chuirtear san áireamh leis na modhanna seo ach costais agus tairbhí an tionscadail le haghaidh an fhorbróra tionscadail. Áirítear léi modheolaíochtaí amhail anailís ar shreabhadh airgid lascainithe nó ar Ghlanluach Láithreach. |
|
— |
Anailís eacnamaíoch: is féidir anailís airgeadais a thiontú ina hanailís eacnamaíoch trí bhreithniú a dhéanamh ar na tairbhí agus na costais níos leithne a thugann tionscadal don tsochaí nó a chruthaíonn sé don tsochaí. Is féidir roinnt coigeartuithe a dhéanamh chun an tiontú go hanailís eacnamaíoch a áirithiú (lena n-áirítear ceartúcháin fhioscacha, tiontú ó mhargadhphraghsanna go scáthphraghsanna, meastóireacht ar neamh-mhargaí agus ceartú le haghaidh seachtrachtaí). |
(1) Eurostat, 2024: https://doi.org/10.2908/NRG_IND_REN.
(2) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj).
(3) Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/944/oj).
(4) Treoir (AE) 2024/1275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú) (IO L 2024/1275, 8.5.2024 ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1275/oj).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2402 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2015 lena n-athbhreithnítear luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe maidir le táirgeadh leithleach leictreachais agus teasa agus Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á cur i bhfeidhm agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/877/AE ón gCoimisiún (IO L 333, 19.12.2015, lch. 54, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/2402/2024-01-01).
(6) Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le Státchabhair le haghaidh na hAeráide, Chosaint an Chomhshaoil agus an Fhuinnimh 2022 (IO C 80, 18.2.2022, lch. 1, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?toc=OJ:C:2022:080:TOC&uri=uriserv:OJ.C_.2022.080.01.0001.01.ENG).
(7) Rialachán (AE) 2023/1315 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 167, 30.6.2023, lch. 1-90, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1315/oj).
(8) Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/96/oj).
(9) An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta – Státchabhair (https://competition-policy.ec.europa.eu/system/files/2023-04/template_RRF_district_heating_and_cooling_04042023.pdf).
(10) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lgh. 159-706, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj).
(11) Maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn, cuirtear éifeachtúlacht fuinnimh chun cinn go díreach leis na critéir mhalartacha (Airteagal 26(2) agus (3)) mar go gcuirtear san áireamh leo an seachadadh chuig custaiméirí (agus dá bhrí sin comhtháthaítear leo caillteanais líonra). Mar sin féin, ba cheart a thabhairt faoi deara go n-eascraíonn éifeachtúlacht fuinnimh níos airde go hindíreach as critéir réamhshocraithe TFCÉ (Airteagal 26(1), de thoradh an sciar níos airde d’fhoinsí teasa in-athnuaite nó d’fhoinsí teasa ísealteochta eile a d’fhéadfadh a bheith ann (arb iad is cúis le feidhmíocht níos airde) toisc go mbaineann siad leis an T&F arna instealladh sa líonra.
(12) I gcás aonaid mhionscála agus micrea-chomhghiniúna a bhfuil a n-acmhainneacht cothrom le 1 MWel nó faoina bhun, tá aon choigilteas fuinnimh phríomhúil inghlactha.
(13) Airteagal 2, pointe (19), den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite, sainmhínítear TFC mar ‘dháileadh fuinnimh theirmigh mar ghal, uisce te nó leachtanna fuaraithe, as foinsí láraithe nó díláraithe táirgthe trí ghréasán chuig foirgnimh nó suíomhanna éagsúla chun críocha téamh nó fuarú a chur ar fáil do spás nó do phróiseas’.
(14) In Airteagal 2, pointe (50), den Treoir maidir le FFF: ciallaíonn ‘téamh ceantair’ nó ‘fuarú ceantair’ dáileadh fuinnimh theirmigh mar ghal, mar uisce te nó mar leachtanna fuaraithe, as foinse láraithe nó díláraithe táirgthe trí ghréasán chuig foirgnimh nó suíomhanna éagsúla chun críocha téamh nó fuarú a chur ar fáil do spás nó do phróiseas.
(15) Treoracha tuairiscithe maidir leis an teimpléad le haghaidh téamh ceantair agus fuarú ceantair a chomhlánú chun sonraí a thuairisciú faoi Airteagal 24(6) de Threoir 2012/27/AE (https://ec.europa.eu/eurostat/documents/38154/42195/Reporting-instructions-DH-DC.pdf/0e62bb06-2a29-478f-87bd-b4625d2d8f40); Comhfhreagraíonn Airteagal 24(6) i dTreoir 2012/27/AE d’Airteagal 35(3) de Threoir (AE) 2023/1791.
(16) Téamh agus Fuarú Ceantair Éifeachtach, JRC 2021 (https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC126522).
(17) Chun críoch na spriocanna a shonraítear sa Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite, agus de réir Airteagal 7(3), an tríú fomhír de, níl ach fuinneamh comhthimpeallach agus geoiteirmeach a úsáidtear le haghaidh téimh agus fuaraithe trí theaschaidéil agus córais fuaraithe ceantair le cur san áireamh i gcás na spriocanna a shonraítear sa Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite.
(18) Féach Aithris 105 de Threoir (AE) 2023/1791.
(19) Mar sin féin, i ndáil le forálacha eile maidir le dramhtheas in Airteagal 26, mar atá i míreanna 6 go 8 agus 14, ní mór sraith níos leithne sreafaí fuinnimh a mheas mar dhramhtheas, agus go háirithe níor cheart go mbeadh gá leis an gceanglas nach féidir é a mheas mar dhramhtheas ach amháin má sheoltar chuig córas téimh nó fuaraithe ceantair é. Aithnítear leis sin an cuspóir níos leithne a bhaineann le haisghabháil dramhtheasa i gcomhthéacs foriomlán Threoir (AE) 2023/1791, is é sin é a sheachaint go scaipfear sruthanna teasa agus go n-áiritheofar barrfheabhsú an chórais fuinnimh. Féach Aithris 105 de Threoir (AE) 2023/1791
(20) Upgrading the performance of district heating networks: A Handbook [Feidhmíocht líonraí téimh ceantair a uasghrádú: lámhleabhar] https://www.upgrade-dh.eu/images/Publications%20and%20Reports/D2.5_2019-07-02_Upgrade-DH_Handbook_EN.pdf
(21) Le hionchur fuinnimh rátaithe iomlán, tugtar tuairisc ar an bhfuinneamh uasta is féidir a shreabhadh trí shuiteáil ar leith. Dá bhrí sin, ní hé sin an fuinneamh a shreabhann tríd an lárionad sonraí go hiarbhír ach uasmhéid teoiriciúil.
(22) ‘Background report on best practices and informal guidance on installation level CBA for installations falling under Article 14(5) of the Energy Efficiency Directive’ [Tuarascáil chúlra ar dhea-chleachtais agus treoir neamhfhoirmiúil maidir le hanailís costais is tairbhe ar leibhéal suiteála le haghaidh suiteálacha a thagann faoi Airteagal 14(5) den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh], https://op.europa.eu/s/zhWd.
(23) Comhghiniúint teasa agus cumhachta: Díolúintí, https://energy.ec.europa.eu/topics/energy-efficiency/cogeneration-heat-and-power_en#exemptions/.
(24) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2013) 0449 final, 6.11.2013, ‘Nóta treorach i dtaca le Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/CE, agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE – Airteagal 14: Éifeachtúlacht téimh agus fuaraithe a chur chun cinn’; https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=CELEX:52013SC0449.
(25) Moladh (AE) 2019/1658 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2019 maidir le hábhar an mheasúnaithe chuimsithigh ar an acmhainneacht maidir le téamh agus fuarú éifeachtúil faoi Airteagal 14 de Threoir 2012/27/AE (IO L 275, 28.10.2019, lch. 94, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2019/1659/oj).
(26) Uirlis EDAMIS: https://cros-legacy.ec.europa.eu/content/edamis_en.
(27) Faisnéis mheitéareolaíochta: https://ec.europa.eu/eurostat/web/energy/methodology#Annual%20data
(28) An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, 2020: Bunachar Sonraí na bhFachtóirí Astaíochta.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/2395/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)