Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2386 |
10.9.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2386 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Meán Fómhair 2024
lena ndeonaítear maoluithe do Bhallstáit áirithe maidir le tarchur staidrimh a bhaineann le ionchur agus aschur talmhaíochta de bhun Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1538 agus (AE) 2023/1579
(tugadh fógra leis faoi doiciméad C(2024) 6243)
(Is iad na téacsanna Gearmáinise, Gréigise agus Slóivéinise amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le staidreamh ar ionchur agus aschur talmhaíochta, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1165/2008, (CE) Uimh. 543/2009 agus (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/16/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 16(1) an chéad fhomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Chuir Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (‘an Ghearmáin’), an Phoblacht Heilléanach (‘an Ghréig’), Poblacht na Cipire (‘an Chipir’), Poblacht na hOstaire (‘an Ostair’) agus Poblacht na Slóivéine (‘an tSlóivéin’) iarrataí isteach go ndeonófaí maoluithe sealadacha dóibh, de bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2022/2379, a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe de Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1538 (2) agus (AE) 2023/1579 (3) ón gCoimisiún, chun níos mó ama a thabhairt chun na ceanglais staidrimh nua faoi Rialachán (AE) 2022/2379 nó a bhearta cur chun feidhme nó tarmligthe a chomhlíonadh. |
(2) |
I gcomhréir leis an bhfaisnéis a soláthraíodh sna hiarrataí sin, measann an Coimisiún gur gá oiriúnuithe móra a dhéanamh ar chórais staidrimh náisiúnta na mBallstát lena mbaineann. Tá údar, mar sin, leis na maoluithe a iarradh agus ba cheart iad a dheonú don Ghearmáin, don Ghréig, don Chipir, don Ostair agus don tSlóivéin. |
(3) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déanfar na maoluithe ar Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1538 agus (AE) 2023/1579 a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a dheonú do na Ballstáit a liostaítear ann le haghaidh na tréimhsí tagartha faoi seach a liostaítear ann.
Airteagal 2
Is chuig Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, an Phoblacht Heilléanach, Poblacht na Cipire, Poblacht na hOstaire agus Poblacht na Slóivéine a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Paolo GENTILONI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 315, 7.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2379/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1538 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le staidreamh ar tháirgeadh barr (IO L 187, 26.7.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1538/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1579 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le staidreamh ar phraghsanna talmhaíochta (IO L 193, 1.8.2023, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1579/oj).
IARSCRÍBHINN
1. An Ghearmáin
Rialachán |
Tacar sonraí/tacair sonraí lena mbaineann |
Cur síos ar an maolú |
An tréimhse thagartha/na tréimhsí tagartha a chumhdaítear leis an maolú |
An uair a dhéanfar an chéad tarchur comhlíontach |
||
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1538 ón gCoimisiún maidir le staidreamh ar tháirgeadh barr |
Limistéar barr agus táirgeadh barr
|
Maolú ar tharchur na n-athróg maidir leis na nithe seo a leanas: Limistéar táirgthe orgánach deimhnithe fíonchaor agus fíonchaor le haghaidh fíonta Táirgeadh buainte orgánach deimhnithe fíonchaor agus fíonchaor le haghaidh fíonta |
2025-2027 |
Mí Mheán Fómhair 2029 |
2. An Ghréig
Rialachán |
Tacar sonraí/tacair sonraí lena mbaineann |
Cur síos ar an maolú |
An tréimhse thagartha/na tréimhsí tagartha a chumhdaítear leis an maolú |
An uair a dhéanfar an chéad tarchur comhlíontach |
||
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1538 ón gCoimisiún maidir le staidreamh ar tháirgeadh barr |
Féarthailte
|
Maolú ar tharchur na n-athróg |
2026 |
Mí Mheán Fómhair 2031 |
3. An Chipir
Rialachán |
Tacar sonraí/tacair sonraí lena mbaineann |
Cur síos ar an maolú |
An tréimhse thagartha/na tréimhsí tagartha a chumhdaítear leis an maolú |
An uair a dhéanfar an chéad tarchur comhlíontach |
||||
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1538 ón gCoimisiún maidir le staidreamh ar tháirgeadh barr |
Limistéar barr agus táirgeadh barr
|
Maolú ar tharchur na n-athróg maidir le táirgeadh na nithe seo a leanas: Féarthailte buana Féaraigh bhuana agus móinéir bhuana, seachas féaraigh gharbha Féaraigh gharbha bhuana |
2025-2026 |
Mí Mheán Fómhair 2028 |
||||
Comharduithe barr
|
Maolú ar tharchur na n-athróg |
2025-2027 |
Mí an Mheithimh 2030 |
|||||
Féarthailte
|
Maolú ar tharchur na n-athróg |
2026 |
Mí Mheán Fómhair 2031 |
|||||
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1579 ón gCoimisiún maidir le staidreamh ar phraghsanna talmhaíochta |
Praghsanna agus cíosanna talún talmhaíochta
|
Maolú ar tharchur na n-athróg |
2025-2027 |
Mí Mheán Fómhair 2029 |
4. An Ostair
Rialachán |
Tacar sonraí/tacair sonraí lena mbaineann |
Cur síos ar an maolú |
An tréimhse thagartha/na tréimhsí tagartha a chumhdaítear leis an maolú |
An uair a dhéanfar an chéad tarchur comhlíontach |
||||||
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1579 ón gCoimisiún maidir le staidreamh ar phraghsanna talmhaíochta |
Praghsanna iomlána ionchuir
|
Maolú ar tharchur na n-athróg |
2025-2026 |
Mí na Bealtaine 2028 |
5. An tSlóivéin
Rialachán |
Tacar sonraí/tacair sonraí lena mbaineann |
Cur síos ar an maolú |
An tréimhse thagartha/na tréimhsí tagartha a chumhdaítear leis an maolú |
An uair a dhéanfar an chéad tarchur comhlíontach |
||
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1538 ón gCoimisiún maidir le staidreamh ar tháirgeadh barr |
Féarthailte
|
Maolú ar tharchur na n-athróg |
2026 |
Mí Mheán Fómhair 2031 |
||
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1579 ón gCoimisiún maidir le staidreamh ar phraghsanna talmhaíochta |
Praghsanna iomlána ionchuir
|
Maolú ar tharchur na hathróige: Leictreachas |
2025-2027 |
Mí Mheán Fómhair 2029 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2386/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)