European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2376

10.10.2024

CINNEADH (AE) 2024/2376 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 11 Aibreán 2024

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa don bhliain airgeadais 2022

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa don bhliain airgeadais 2022,

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na comhghnóthais (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus i dtaobh dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a sholáthair an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06182/2024 – C9-0114/2024),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (4), agus go háirithe Airteagal 26 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5),

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn IV dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0091/2024),

1.

ag deonú urscaoileadh ad interim do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2022;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí ad interim, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArdrúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C, C/2023/1025, 16.11.2023.

(2)   IO C, C/2023/112, 12.10.2023.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.

(5)   IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2376/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)