Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2300 |
10.10.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2300 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 11 Aibreán 2024
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) don bhliain airgeadais 2022
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2022, |
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Institiúid i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06180/2024 – C9-0092/2024), |
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/819 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (4), agus go háirithe Airteagal 23 de, |
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
— |
ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0132/2024), |
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) i leith chur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide don bhliain airgeadais 2022; |
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Alessandro CHIOCCHETTI
(1) IO C, C/2023/594, 27.10.2023.
(2) IO C, C/2023/112, 12.10.2023.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2300/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)