|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2265 |
10.10.2024 |
RÚN (AE) 2024/2265 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 11 Aibreán 2024
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) don bhliain airgeadais 2022
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) don bhliain airgeadais 2022, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0080/2024), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachais (1), gurbh EUR 18 434 420 buiséad críochnaitheach an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) (‘an Lárionad’) don bhliain airgeadais 2022, arb ionann é agus laghdú 0,29 % i gcomparáid le 2021; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais a thagann buiséad an Lárionaid den chuid is mó; |
|
B. |
de bhrí, seachas ranníocaíocht EUR 17 960 000 ón Aontas, gur áiríodh i mbuiséad an Lárionaid a bhí ar fáil in 2022 méid EUR 464 420 de ranníocaíochtaí ó thíortha comhlachaithe (an Iorua agus an Íoslainn), agus méid EUR 43 960 d’ioncam dílis ilghnéitheach agus méideanna aisíoctha; |
|
C. |
de bhrí gur tháinig an Lárionad isteach i bPrótacal 31 de Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), le héifeacht ón 1 Eanáir 2023, ar dá réir a gheobhaidh an Lárionad ranníocaíochtaí ó thíortha comhlachaithe trí bhuiséad LEE CSTE; |
|
D. |
de bhrí, maidir le hearnáil soláthair na gníomhaireachta, nár tuairiscíodh aon saincheisteanna lena n-éilítear gníomhaíochtaí ceartaitheacha do 2022, ná nach bhfuil gníomhaíochtaí ceartaitheacha leanúnacha ná gan réiteach ann ó iniúchtaí agus measúnuithe na mblianta roimhe sin; |
|
E. |
de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Lárionaid don bhliain airgeadais 2022 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais an Lárionaid beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo; |
Bainistiú buiséid agus airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire agus is mór aici gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad ná go raibh ráta cur chun feidhme buiséid de 99,98 % in 2022, arb ionann é agus laghdú beag 0,02 % i gcomparáid le 2021; á chur in iúl gurb oth léi leibhéal íseal an ráta leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí don bhliain reatha (77,64 %), arb ionann é agus laghdú 2,38 % i gcomparáid le 2021; |
|
2. |
ag meabhrú ó thuarascáil na Cúirte in 2021 ar an mbarúil maidir le laigí in aistriú an Lárionaid chuig córas nua cuntasaíochta (ABAC) atá in úsáid freisin ag an gCoimisiún; ag tabhairt faoi deara ó thuarascáil na Cúirte gur breathnaíodh tarluithe comhchosúla in 2022 (neamhréireachtaí idir dáta iarbhír deiridh chur chun feidhme na ngealltanas dlíthiúil agus an dáta a cláraíodh in ABAC) sna gealltanais bhuiséadacha a tugadh anonn ó 2022 go 2023; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, ó thuarascáil leantach an Lárionaid ar urscaoileadh 2021 (an ‘tuarascáil leantach’) go bhfuil córas faireacháin curtha i bhfeidhm ag an Lárionad idir an dá linn chun na cineálacha sin neamhréireachtaí a ghabháil, ar neamhréireachtaí iad a cheartaítear láithreach in ABAC a luaithe a bhraitear iad; |
|
3. |
ag cur sonrú i mbarúil ó thuarascáil ón gCúirt nach ndearna an Lárionad modh ríofa na ranníocaíochtaí atá leagtha síos sa ráiteas ar chomhar idir an Lárionad agus Comhlachas Saorthrádála na hEorpa a chur i bhfeidhm i gceart i ndáil le leasú Uimh. 1 do bhuiséad an Lárionaid; ag tabhairt dá haire, mar thoradh air sin, le haghaidh 2022, go raibh ranníocaíochtaí na hÍoslainne agus na hIorua le buiséad an Lárionaid ar thaobh amháin, agus ranníocaíocht an Aontais ar an taobh eile níos airde agus níos ísle, faoi seach, ná mar ba cheart dóibh a bheith; ag tabhairt dá haire freisin gur admhaigh an Chúirt go ndearnadh leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse a shíniú agus gur tháinig sé i bhfeidhm amhail ón 1 Eanáir 2023 agus, dá bhrí sin, amhail ó 2023, nach dtiocfaidh saincheist na gcoigeartuithe ar ranníocaíochtaí thíortha CSTE mar gheall ar leasuithe ar bhuiséad an Lárionaid chun cinn a thuilleadh; |
Feidhmíocht
|
4. |
ag tabhairt dá haire agus is mór aici, in ainneoin na ndúshlán leanúnach a bhaineann le paindéim COVID-19, leis an gcogadh gan údar san Úcráin, leis an ngéarchéim fuinnimh, agus leis an éigeandáil aeráide atá ag dul in olcas, gur chuir an Lárionad a chlár oibre chun feidhme go hiomlán in 2022, agus go raibh éachtaí suntasacha bainte amach aige i dtrí réimse straitéiseacha oibríochta uile an Lárionaid a théann níos faide ná na cinn atá beartaithe i gclár oibre 2022; ag tabhairt dá haire gur sainaithníodh an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint mar réimse fócais don chomhar faoi thionscnamh an Limistéir Eorpaigh Oideachais don tréimhse 2021-2030; |
|
5. |
ag cur sonrú, i measc roinnt éachtaí a baineadh amach in 2022, an méid seo a leanas: (i) seoladh Fhaireachlann Ghlas an Lárionaid, inar breathnaíodh ar impleachtaí an aistrithe ghlais do chathracha agus do thrí phríomhréimse (bainistiú dramhaíola, agraibhia agus an geilleagar ciorclach); (ii) anailís an Lárionaid ar na pleananna náisiúnta cur chun feidhme, ina gcuirtear i láthair athchóirithe agus tionscnaimh náisiúnta gairmoideachais agus gairmoiliúna atá ar siúl faoi láthair agus atá ar na bacáin; (iii) cur i láthair thorthaí staidéar an Lárionaid maidir le micridhintiúir, rud a chuir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle maidir leis an ábhar sin; (iv) an staidéar féidearthachta a rinne an Lárionad le haghaidh suirbhé ar mhúinteoirí agus ar oiliúnóirí gairmoideachais agus gairmoiliúna tosaigh; (v) cuireadh an dara tionscadal ‘Todhchaí an Ghairmoideachais agus na Gairmoiliúna’ i gcrích, ar tionscadal é a chuireann le tuiscint fhoriomlán níos fearr a fháil ar na dúshláin agus na deiseanna atá os comhair an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna san Eoraip sna blianta amach romhainn; agus (vi) scaoileadh an dara Suirbhé Eorpach maidir le Scileanna agus Poist (ESJS), rud a chuidigh le léargas a thabhairt ar an digitiú agus ar a thionchar ar phoist agus ar scileanna; |
|
6. |
á chur in iúl gur mór aici gníomhaíochtaí agus obair ardcháilíochta an Lárionaid, lena gcuirtear taighde, anailísí agus comhairle theicniúil agus saineolas i ngairmoideachas agus gairmoiliúint, cáilíochtaí agus beartais scileanna ar fáil, agus é mar aidhm leis oiliúint ardcháilíochta a chur chun cinn atá saincheaptha do riachtanais an duine aonair agus mhargadh an tsaothair; á mheabhrú a thábhachtaí atá ról an Lárionaid maidir lena áirithiú go ndéanfar scileanna digiteacha a chomhtháthú i ngairmoideachas agus gairmoiliúint ar fud an Aontais agus a ról maidir le faireachán a dhéanamh ar chur cur chun feidhme agus ar thionchar na Moltaí ón gComhairle maidir leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna le haghaidh iomaíochas inbhuanaithe, na cothroime sóisialta agus na hathléimneachta, agus an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach; á thabhairt chun suntais gur gá leanúint d’acmhainní daonna agus airgeadais leormhaithe ionas gur féidir leis an Lárionad a shainordú a chomhlíonadh agus leanúint dá chlár oibre a chur chun feidhme agus gníomhaíochtaí a thabhairt chun críche ar ráta ard; |
Éifeachtúlacht agus gnóthachain
|
7. |
ag moladh chleachtas seanbhunaithe an Lárionaid maidir le comhar agus comhroinnt faisnéise leis an bhFondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF) agus leis an bhForas Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound); ag tabhairt dá haire go n-oibríonn an Lárionad agus ETF le chéile ar thionscadail chomhroinnte maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint, foilseacháin, geilleagar na n-ardán/obair ardáin ar mheaitseáil scileanna agus réamhaíocht nó sainaithint, faireachán agus anailís ar dhul chun cinn na dtíortha, chomh maith le ESJS; ag tabhairt dá haire freisin gur neartaigh an Lárionad a chomhar seanbhunaithe le Eurofound maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla in 2022 tríd an dara tuarascáil shuaitheanta maidir le scileanna bunaithe ar an Suirbhé Eorpach ar Chuideachtaí a ullmhú go comhpháirteach, trí oibriú níos dlúithe lena chéile ar an aistriú cóir glas, agus trí obair ullmhúcháin agus eagrúcháin an imeachta ‘Tús Áite don Aos Óg’ag stiúradh go comhpháirteach, ar imeacht é a reáchtáiltear thar ceann cúig ghníomhaireacht sa Pharlaimint; ag moladh gur tugadh Meabhrán Tuisceana sonrach chun críche idir an Lárionad agus an tÚdarás Eorpach Saothair lena gcumhdaítear comhroinnt eolais agus sineirgí lena ndírítear ar scileanna agus ar threochtaí i margadh an tsaothair agus ar shoghluaisteacht trasteorann an lucht saothair; ag cur sonrú i gcomhaontuithe an Lárionaid ar leibhéal seirbhíse leis an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne chun seirbhísí cuntasaíochta a chomhroinnt agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil i réimsí amhail, inter alia, cosaint sonraí, soláthar agus TFC, chomh maith leis an bplé leanúnach le ETF maidir le hoifigeach cibearshlándála comhroinnte; á iarraidh, thairis sin, ar an Lárionad agus ar ghníomhaireachtaí eile sineirgí agus réimsí nua comhair a fhiosrú agus a shainaithint chun gnóthachain éifeachtúlachta a mhéadú agus costais a laghdú; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, a thiomanta atá an Lárionad a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2030 agus a straitéise agus a phlean gníomhaíochta i dtreo na haeráidneodrachta a ghlacadh, in 2023; ag cur sonrú, sa chomhthéacs sin, i ngníomhaíochtaí sonracha a rinneadh cheana in 2022, amhail dallóga fuinneoige atá fuinneamhéifeachtúil a shuiteáil agus bailchríoch a chur ar an obair ullmhúcháin chun painéil fhótavoltacha a shuiteáil in 2023, chun a leictreachas in-athnuaite féin a tháirgeadh, rud a mheastar go mbeidh toradh thart ar 50 % ar infheistíocht mar thoradh air; ag moladh an Lárionaid as a rath i dtaca lena spriocanna do 2022 a bhaint amach nó a shárú, agus an bhliain 2019 mar bhonn aige, maidir le laghdú ar úsáid leictreachais (faoi 27 %), ola téimh (faoi 43 %) agus páipéar (faoi 73 %), chomh maith le laghdú (faoi 71 %) ar chostais mhisin agus laghdú faoi láthair ar chostais chruinnithe (faoi 56,5 %); |
|
9. |
ag moladh neartú phríomhghníomhaíochtaí gnó an Lárionaid trí iarrachtaí riarachán a shimpliú agus a chuíchóiriú, eolas agus acmhainní a chomhroinnt le gníomhaireachtaí eile, cúraimí a dhigitiú, a chuíchóiriú agus a atheagrú, chomh maith le líon na gcruinnithe ar an láthair a laghdú agus rannpháirtíocht ar líne in imeachtaí a mhéadú; ag cur sonrú i dtoradh na n-iarrachtaí sin, i measc nithe eile, trí phost cúntóra a chlaochlú ina bpoist do shaineolaithe agus coigiltis de thart ar EUR 390 000 mar gheall ar chruinnithe ar an láthair a laghdú, rud a rannchuidíonn le méadú inmholta ar sciar na croí-fhoirne gnó ó 66,5 % in 2021 go 73,2 % in 2022; |
|
10. |
ag moladh an Lárionaid as a dul chun cinn leanúnach i gcur chun feidhme a straitéise TFC agus digitithe chun gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach tuilleadh; ag tabhairt dá haire go ndearna an Lárionad gach sreabhadh oibre a dhigitiú in 2022, gur thug sé isteach uirlis dhigiteach le haghaidh nósanna imeachta roghnúcháin agus timpeallacht nua dhigiteach oibre agus comhair, agus gur ullmhaigh sé agus gur sheol sé úsáid, amhail ó mhí Eanáir 2023, na huirlise um bainistiú an tsoláthair phoiblí; ag moladh go bhfuil sínithe digiteacha eisithe ag an Lárionad dá fhoireann uile agus go bhfuil na bainisteoirí ag baint úsáid as deimhnithe EU-Sign le haghaidh conarthaí, foirmeacha ordaithe agus doiciméid atá ceangailteach ó thaobh dlí; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte nach bhfuil an Lárionad i measc na ngníomhaireachtaí a bhfuil cineál éigin tuairiscithe comhshaoil comhtháthaithe acu ina dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí agus a bhfuil clárú EMAS faighte acu; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, Córas Bainistíochta Comhshaoil an Lárionaid a chuidíonn leis an Lárionad a spriocanna comhshaoil a bhaint amach, lena n-áirítear trí phríomhtháscairí feidhmíochta a úsáid maidir le tomhaltas fuinnimh, uisce, páipéir, agus maidir le dramhaíl agus astaíochtaí CO2; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go n-áirítear i gcóras bainistíochta feidhmíochta an Lárionaid táscaire comhshaoil (‘astaíochtaí CO2 (tona)’) lena ndéantar measúnú ar fheidhmíocht chomhshaoil an Lárionaid trí úsáid a bhaint as CO2 agus astaíochtaí foriomlána dramhaíola; ag cur sonrú, thairis sin, i dtiomantas an Lárionaid a chóras bainistíochta comhshaoil a uasghrádú agus céimeanna a ghlacadh chun a bheith deimhnithe faoi EMAS ó 2025 ar aghaidh; |
Beartas foirne
|
12. |
ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, an 31 Nollaig 2022, gur cuireadh an plean bunaíochta 95,60 % chun feidhme, trí 79 ngníomhaire shealadacha a cheapadh as 83 ghníomhaire sealadacha, agus 8 n-oifigeach a cheapadh as 8 bpost arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 20 gníomhaire ar conradh as 25 phost arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais, agus ceathrar saineolaí náisiúnta ar iasacht agus cúigear eatramhach ag an Lárionad in 2022; |
|
13. |
ag tabhairt dá haire, a mhéid a bhaineann le cothromaíocht inscne a tuairiscíodh do 2022, go bhfuil bainistíocht shinsearach an Lárionaid comhdhéanta de cheathrar fear (66,7 %) agus beirt bhan (33,3 %); ag tabhairt dá haire go bhfuil 78 fear (53 %) agus 68 bean (47 %) ar an mbord bainistíochta; ag meabhrú shainordú an Lárionaid agus go dtagann líon ard comhaltaí an Bhoird (146) óna chomhdhéanamh sonrach atá bunaithe ar an bprionsabal trípháirteach, agus dá bhrí sin, lena n-áirítear, ionadaithe na n-údarás náisiúnta agus na gcomhpháirtithe sóisialta; á aithint go n-áirithíonn bord bainistíochta trína chomhaltaí an t-ailíniú is gá idir obair an Lárionaid agus riachtanais agus tosaíochtaí na bpáirtithe leasmhara; ag tabhairt dá haire, maidir le foireann an Lárionaid ar an iomlán, gurb ionann an miondealú inscne agus 44 % fir (47) agus 56 % mná (61); á mheabhrú a thabháchtaí atá cothromaíocht gheografach agus á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, ón tuarascáil leantach, tiomantas an Lárionaid i ndáil lena fhoireann a athchothromú go geografach trí úsáid a bhaint as liostaí cúltaca gníomhaireachtaí eile, lena n-áirítear trí dhul i gcomhar leo agus scaipeadh fógraí folúntais a leathnú; |
|
14. |
ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, go n-oibríonn an Lárionad go réamhghníomhach chun folláine agus cothromaíocht oibre is saoil na foirne a fheabhsú; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis sin, gur chuir an Lárionad oiliúint ar fáil in 2022, inter alia, maidir le himní a bhainistiú san ionad oibre, dul go maith faoi strus agus folláine dhigiteach, gur reáchtáil sé ‘suirbhéanna cuisle’ acmhainní daonna in 2022, go ndearna sé athchóiriú ar a chomhchoiste lena dhéanann folláine agus dea-shláinte na foirne a chur chun cinn agus clár cúnaimh 24/7 d’fhostaithe a chur i bhfeidhm le haghaidh tacaíocht rúnda maidir le saol éagsúil nó dúshláin a bhaineann leis an obair a bhíonn os comhair fhoireann an Lárionaid; |
|
15. |
ag tabhairt dá haire gur sheol an Lárionad a Shuirbhé rialta ar Rannpháirtíocht Foirne in 2022, ar léirigh a thorthaí freagraí fabhracha ó 65 % d’fhoireann an Lárionaid (ráta freagartha de 75 %), de bhrí gur taifeadadh athruithe dearfacha i gcomparáid le torthaí shuirbhé 2019 in 10 as 12 ghné den anailís, in ainneoin na tréimhse a bhí an-suaiteach ó rinneadh an suirbhé deireanach an bhliain sin, agus gur gá aird bhreise a thabhairt ar roinnt réimsí amhail ualach oibre, trédhearcacht sa chinnteoireacht agus comhar inmheánach ag an am céanna; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh torthaí an tsuirbhé faoi bhráid na foirne uile i gcomhthionól ginearálta agus i gcruinnithe ceisteanna-ama tiomnaithe; |
|
16. |
is díol sásaimh di, faoi chuimsiú bheartas comhdheiseanna agus éagsúlachta an Lárionaid agus maidir le tacaíocht do dhaoine faoi mhíchumas, na bearta a glacadh amhail oiliúint (maidir le saincheisteanna éagsúlachta agus cuimsithe) agus treoir (maidir le claonta neamh-chomhfhiosacha a bhrath agus a chomhrac) a chuirtear ar fáil d’fhoireann acmhainní daonna agus do bhoird roghnúcháin, chomh maith le freastal ar iarratasóirí faoi mhíchumas; ag tabhairt dá haire freisin, ó fhreagraí an Lárionaid ar an bParlaimint, go bhfuil sé beartaithe ag an Lárionad an ‘Chairt um éagsúlacht agus cuimsiú’ a ghlacadh in 2023; |
|
17. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, sa tuarascáil ón gCúirt, gur íoc an Lárionad, sa tréimhse 2017-2022, liúntais chothaithe mhíosúla agus laethúla le beirt náisiúnach Gréagach a bhí fostaithe mar shaineolaithe náisiúnta ar iasacht; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin nach raibh an bheirt saineolaithe náisiúnta ar iasacht i dteideal na liúntas sin de réir rialacha inmheánacha an Lárionaid, ós rud é go bhfuil an Lárionad lonnaithe sa Ghréig, agus dá bhrí sin meastar gur íocaíochtaí neamhrialta iad iomlán na n-íocaíochtaí gaolmhara a íocadh leis an mbeirt saineolaithe náisiúnta ar iasacht le linn na tréimhse sin, ar fiú EUR 222 647 an t-iomlán (i gcomparáid le EUR 36 608 in 2022); ag tabhairt dá haire, thairis sin, nuair a shainaithin an Lárionad an tsaincheist in 2022, gur chláraigh sé an dá chás i gclárlann na neamhchomhlíonta agus na n-eisceachtaí, gur chinn sé gan na méideanna a íocadh go neamhrialta a éileamh ar ais agus gur thug sé isteach tréimhse trí mhí um chéimniú amach do shaineolaithe náisiúnta ar iasacht atá fós i bhfeidhm ag an am sin; á iarraidh go ndéanfaí dianfhaireachán ar chásanna den sórt sin agus iad a sheachaint amach anseo; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht
|
18. |
ag tabhairt aird ar bhearta reatha an Lárionaid agus na hiarrachtaí atá ar siúl aige chun trédhearcacht, cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa agus cosaint sceithirí a áirithiú; ag tabhairt faoi deara go n-iarrann an Lárionad ar a bhaill foirne leasanna féideartha nó iarbhír a dhearbhú má ghníomhaíonn siad i gcás ina bhféadfadh coinbhleacht leasa teacht chun cinn; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go bhfuil a shásra féin i bhfeidhm ag an Lárionad, lena n-áirítear bearta ex ante le gníomhaíochtaí maolaithe, rialuithe ex post, chomh maith le cúnamh ó chomhordaitheoir rialaithe inmheánaigh an Lárionaid a fhaigheann faisnéis maidir le coinbhleachtaí leasa dearbhaithe; |
|
19. |
á mheabhrú, de bhun Rialachán (AE) 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), nach mór do na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha go léir a fhreastalaíonn ar chruinnithe boird bainistíochta, nó a fheidhmíonn an ceart vótála, dearbhú leasa a thíolacadh; á chur in iúl gur geal léi gur foilsíodh dearbhuithe leasa na gcomhaltaí boird bainistíochta uile agus comhaltaí malartacha, chomh maith le foireann an Lárionaid i bpoist shinsearacha nó mheánbhainistíochta ar shuíomh gréasáin an Ionaid; ag tabhairt faoi deara ó fhreagraí an Lárionaid ar cheisteanna i scríbhinn ón bParlaimint nach dtugtar cuireadh a thuilleadh do chomhaltaí boird bainistíochta nó do chomhaltaí malartacha nach gcuireann dearbhú leasa sínithe ar fáil freastal ar chruinnithe Boird Bainistíochta, nach bhfaigheann siad doiciméid boird bainistíochta agus nach nglacann siad páirt i nósanna imeachta i scríbhinn chun cinntí a dhéanamh; ag tabhairt dá haire gur foilsíodh CVanna chomhaltaí an bhoird bainistíochta, cé nach bhfuil gá foirmiúil leo; ag tabhairt faoi deara go bhfuil CVanna roinnt comhaltaí an bhoird bainistíochta in easnamh (fós), lena n-áirítear CV Chathaoirleach an bhoird bainistíochta; á iarraidh ar an Lárionad CVanna dá chomhaltaí an bhoird bainistíochta uile agus a CVanna malartacha a fhoilsiú; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire go n-aithníonn an Lárionad a thábhachtaí atá cásanna ‘doirse imrothlacha’ agus go n-ardaíonn sé feasacht go rialta ar a fhoireann uile maidir leis na rialacha cur chun feidhme maidir le gníomhaíochtaí agus tascanna seachtracha agus gníomhaíochtaí gairme tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil; ag moladh go n-iarrtar ar an bhfoireann uile atá ag fágáil an Lárionaid litir a shíniú maidir lena n-oibleagáidí tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil, lena n-áirítear nár cheart go gcuirfeadh aon fhostaíocht amach anseo isteach ar a n-oibleagáid rúndachta i leith an Lárionaid; |
Rialú inmheánach
|
21. |
ag tabhairt dá haire gurb ionann costas iomlán an rialaithe inmheánaigh agus EUR 1 101 755 don bhliain 2022 (EUR 29 024 costais dhíreacha agus EUR 1 072 731 costais indíreacha), arb ionann é agus 6 % de bhuiséad an Lárionaid; ag cur sonrú, thairis sin, i ráiteas an Lárionaid go bhfuil an méadú ar chostas measartha i gcomparáid le 2021 (5,3 %) mar thoradh ar mhéadú ar chostais tuarastail agus ar an meascán foirne atá rannpháirteach i gcúraimí rialaithe inmheánaigh, rud a fhágann go bhfuil costais indíreacha níos airde; |
|
22. |
ag aithint gurb amhlaidh, de réir a bheartais mheastóireachta, go ndéanann an Lárionad meastóireachtaí ex ante ar nósanna imeachta soláthair os cionn EUR 500 000 agus meastóireachtaí ex post ar thionscadail agus gníomhaíochtaí lena mbaineann caiteachas iomlán os cionn EUR 500 000; ag tabhairt dá haire gur thángthas ar an gconclúid i dtuarascáil 2022 ón gceann airgeadais agus soláthair go raibh nósanna imeachta soláthair a seoladh le linn na tréimhse a scrúdaíodh i gcomhréir le ceanglais na meastóireachta ex ante; ag tabhairt dá haire go ndearna an Lárionad meastóireacht ex post in 2022 ar ghníomhaíocht a bhí dírithe ar chreatchonradh i réimse na faisnéise ar mhargadh an tsaothair agus na hanailíse ar riachtanais scileanna (luach conartha EUR 1 088 350); ag tabhairt dá haire gur deimhníodh le toradh na meastóireachta sin go raibh an ghníomhaíocht sin éifeachtach, éifeachtúil, comhleanúnach agus gur bhain breisluach AE léi; ag tabhairt faoi deara thairis sin, in 2022, gur tháinig meitheal arna cheapadh ag an stiúrthóir feidhmiúcháin ar an gconclúid, maidir le sampla de thrí nós imeachta soláthair, go raibh na critéir a bhaineann leis an rialú inmheánach éifeachtach agus éifeachtúil i bhfeidhm agus gur leanadh iad, gan aon ghníomhaíochtaí ceartaitheacha ag teastáil; |
|
23. |
ag tabhairt dá haire gur chláraigh an Lárionad, in 2022, 57 n-imeachtaí neamhchomhlíontachta agus iarrataí ar eisceacht atá nasctha le saincheisteanna bainistíochta conarthaí agus airgeadais; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur cuireadh moltaí arna n-eisiúint ag an gcomhordaitheoir rialaithe inmheánaigh chun feidhme agus go ndearnadh obair leantach orthu chun atarlú a sheachaint; |
|
24. |
ag tabhairt dá haire gur thángthas ar an gconclúid sa mheasúnú ar chreat rialaithe inmheánaigh foriomlán an Lárionaid, arna dhéanamh ag an gcomhordaitheoir rialaithe inmheánaigh agus úsáid á baint as an uirlis arna soláthar ag AS BUDG, go bhfuil creat rialaithe inmheánaigh éifeachtach, go bhfuil a chomhpháirteanna uile i bhfeidhm agus ag feidhmiú go maith agus chun na críche atá beartaithe dóibh, agus go bhfuil gá le roinnt feabhsuithe maidir leis an gcomhpháirt rialaithe inmheánaigh ‘gníomhaíochtaí rialaithe’; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici an tuarascáil leantach, go gcuireann an Lárionad, mar chuid dá ghníomhaíochtaí múscailte feasachta maidir le saincheisteanna eitice, sláine agus rialaithe inmheánaigh, seisiúin éigeantacha rialta ar fáil maidir le dea-rialachas, lena n-áirítear saincheisteanna a bhaineann le calaois, do gach ball foirne agus do chomhaltaí an bhoird bainistíochta; |
Barúlacha eile
|
25. |
á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Lárionaid cumarsáid a dhéanamh ar bhealaí a chabhraíonn le dul i gcion ar spriocphobal níos leithne, lena n-áirítear trí inneall meaisínaistriúcháin a chur chun feidhme ar shuíomh gréasáin an Lárionaid chun a leathanaigh ghréasáin uile a dhéanamh inrochtana i dteangacha oifigiúla uile na n-institiúidí de chuid an Aontais; ag tabhairt dá haire gur infheistigh an Lárionad in 2022 i roinnt táirgí nuálacha amhail físléirithe chorparáideacha, grafaicí gluaiseachta, beochaintí (maidir le córais gairmoideachais agus gairmoiliúna na dtíortha ag a bhfuil Uachtaránacht an Aontais in 2022, eadhon an Fhrainc agus an tSeicia), podchraoltaí, chomh maith le léirshamhluithe nua sonraí agus bunachair sonraí ar líne lenar neartaíodh tairseach gréasáin an Lárionaid; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, gur shroich foilseacháin agus nótaí faisnéise an Ionaid na mílte duine trí íoslódálacha díreacha; ag moladh an Lárionaid ar deireadh as an méadú ar a mhéadrachtaí ar na meáin shóisialta in 2022; |
|
26. |
á thabhairt chun suntais gur príomhthosaíochtaí iad Gairmoideachas agus Gairmoiliúint agus oideachas aosach do Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) i dtreo an téarnaimh ghlais agus dhigitigh, cé go bhfuil buiséad beagnach EUR 99,3 billiún ag CSE+ don tréimhse 2021-2027; |
|
27. |
ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, mar gheall ar na rátaí arda boilscithe, agus an coigeartú gaolmhar ar thuarastail, agus freisin méaduithe ar thuarastail a bhí os cionn na réamh-mheastachán tosaigh mar aon le méadú ar an bhfachtóir ualúcháin, a bhí teorainn leis an tsolúbthacht chun acmhainní breise a fháil le haghaidh an phríomhghnó; |
|
28. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024 (3) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 73, 28.2.2023, lch. 4.
(2) Rialachán (AE) 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lch. 90).
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.
ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2024/2265/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)