European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2222

10.10.2024

CINNEADH (AE) 2024/2222 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 11 Aibreán 2024

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn I – Parlaimint na hEorpa

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (1),

ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (COM(2023)0391 – C9-0248/2023) (2),

ag féachaint don tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais 2022, Roinn I – Parlaimint na hEorpa (3),

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil an Iniúchóra Inmheánaigh don bhliain airgeadais 2022,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022, mar aon le freagraí na n-institiúidí (4),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (5) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 314(10) agus d’Airteagal 318 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 260, 261 agus 262 de,

ag féachaint do chinneadh ón mBiúró an 10 Nollaig 2018 maidir leis na Rialacha Inmheánacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad Pharlaimint na hEorpa, agus go háirithe Airteagal 34 de,

ag féachaint do Riail 100 agus Riail 104(3) agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0067/2024),

1.

ag deonú urscaoileadh dá hUachtarán i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Pharlaimint na hEorpa don bhliain airgeadais 2022;

2.

Ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArdrúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO L 45, 24.2.2022, lch. 1.

(2)   IO C, C/2023/2, 12.10.2023.

(3)   IO C 210, 15.6.2023, lch. 1.

(4)   IO C, C/2023/103, 4.10.2023.

(5)   IO C, C/2023/112, 12.10.2023.

(6)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2222/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)