|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2216 |
9.9.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2216 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Meán Fómhair 2024
lena gceartaítear agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2248 lena sonraítear mionsonraí an chomhéadain leictreonaigh idir córais chustaim náisiúnta agus an córas faisnéise agus cumarsáide maidir le faireachas margaidh, agus na sonraí atá le tarchur trí mheán an chomhéadain sin
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 34(8) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2019/1020, ceanglaítear ar an gCoimisiún comhéadan leictreonach (‘an comhéadan’) a chur ar bun idir an Córas Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh (‘ICSMS’) agus córais chustaim náisiúnta, agus tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leith sin. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2248 ón gCoimisiún (2) leagtar síos ceanglais maidir le forbairt an chomhéadain, lena n-áirítear ceanglais a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil agus rúndacht na sonraí atá le tarchur trí mheán an chomhéadain. |
|
(3) |
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a tháinig i bhfeidhm an 12 Nollaig 2022, tá ICSMS le nascadh le Córas Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam (‘CSW-CERTEX AE’) agus dá bhrí sin, tiocfaidh sé chun bheith ina chomhéadan leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 34(7) de Rialachán (AE) 2019/1020. |
|
(4) |
Le Rialachán (AE) 2022/2399 leagtar síos sraith uathúil rialacha, lena n-áirítear rialacha maidir le rúndacht sonraí agus próiseáil sonraí pearsanta, ar sraith rialacha í a mbeidh feidhm aici maidir le CSW-CERTEX AE nuair a chumasaítear malartú sonraí idir córais neamhchustaim an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin agus timpeallachtaí ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam. Dá bhrí sin, na rialacha maidir leis an ábhar céanna atá in Airteagail 4, 5 agus 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2248, is iomarcach anois iad agus ba cheart iad a scriosadh. |
|
(5) |
Ar mhaithe le soiléireacht, i dteideal Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2248, ba cheart tagairt a dhéanamh don phríomhghníomh faoinar glacadh an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2248 a cheartú agus a leasú dá réir. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) 2019/1020, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2248
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2248:
‘Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2248 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le mionsonraí an chomhéadain leictreonaigh idir córais chustaim náisiúnta agus an córas faisnéise agus cumarsáide maidir le faireachas margaidh, agus na sonraí atá le tarchur trí mheán an chomhéadain sin’.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2248
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2248 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
(*1) Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO L 317, 9.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2399/oj).’;" |
|
(2) |
Scriostar Airteagail 4, 5 agus 6. |
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 169, 25.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1020/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2248 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena sonraítear mionsonraí an chomhéadain leictreonaigh idir córais chustaim náisiúnta agus an córas faisnéise agus cumarsáide maidir le faireachas margaidh, agus na sonraí atá le tarchur trí mheán an chomhéadain sin (IO L 453, 17.12.2021, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2248/oj).
(3) Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO L 317, 9.12.2022, lch. 1, ELI: : http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2399/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2216/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)