|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2193 |
3.9.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2193 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Nollaig 2023
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2024 a ghlacadh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinneadh An Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (1) a fhormheas thar ceann an Aontais trí bhíthin Chinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 35 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, tá Coiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair (‘an Coiste Stiúrtha’) le buiséad an Chomhphobail Iompair a ghlacadh gach bliain. Ina theannta sin, le hAirteagal 35 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair tugtar de chumhacht don Choiste Stiúrtha cinntí a ghlacadh lena sonraítear an nós imeachta um chur chun feidhme an bhuiséid. |
|
(3) |
Tá an Coiste Stiúrtha le cinneadh a ghlacadh maidir le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2024 ag an seisiún deireanach a bheidh aige in 2023. |
|
(4) |
An buiséad atá beartaithe i gcomhair an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2024, tá gá leis ar mhaithe le dea-fheidhmiú chomhlachtaí an Chomhphobail Iompair. Cumhdaítear leis na costais a bhaineann le hacmhainní daonna, taistil, trealamh agus bogearraí TF, chomh maith le caiteachas oibríochtúil amhail caiteachas le haghaidh staidéar, fothaithe acmhainneachta, cúnamh teicniúil agus le haghaidh comhdhálacha agus cruinnithe a eagrú. |
|
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Stiúrtha a mhéid a bhaineann leis an gcinneadh maidir le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2024 a ghlacadh a leagan síos, ós rud é go mbeidh an cinneadh sin ina cheangal ar an Aontas, ar cinneadh é a bhfuil gá leis ar mhaithe le dea-fheidhmiú Bhuan-Rúnaíocht agus chomhlachtaí an Chomhphobail Iompair. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais sa Choiste Stiúrtha bheith bunaithe ar an Dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair (‘an Coiste Stiúrtha’) a mhéid a bhaineann le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2024 a ghlacadh, beidh sé bunaithe ar an Déachtchinneadh ón gCoiste Stiúrtha atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
N. CALVIÑO SANTAMARÍA
(1) IO L 278, 27.10.2017, lch. 3.
(2) Cinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle an 4 Márta 2019 maidir leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais Eorpaigh (IO L 71, 13.3.2019, lch. 1).
DRÉACHT
CINNEADH UIMH. 2023/… Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR
an …
maidir le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2024 a ghlacadh
TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,
Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (1), agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 35 de,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal Aonair
Glactar leis seo buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2024, atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Arna dhéanamh i/sa…, an… 2023.
Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh
An tUachtarán
IARSCRÍBHINN
BUISÉAD AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR LE hAGHAIDH 2024
|
Líne bhuiséid |
Méid (EUR) |
||||||||||||
|
|
||||||||||||
|
1 442 670 |
||||||||||||
|
138 836 |
||||||||||||
|
48 020 |
||||||||||||
|
799 857 |
||||||||||||
|
370 000 |
||||||||||||
|
|
||||||||||||
|
15 000 |
||||||||||||
|
|
||||||||||||
|
12 353 |
||||||||||||
|
|
||||||||||||
|
218 084 |
||||||||||||
|
|
||||||||||||
|
9 808 |
||||||||||||
|
|
||||||||||||
|
5 286 |
||||||||||||
|
An Fo-iomlán (gan an cúlchiste buiséid a áireamh) |
3 059 914 |
||||||||||||
|
An cúlchiste buiséid (thart ar 2 %) |
61 286 |
||||||||||||
|
An comhiomlán |
3 121 200 |
||||||||||||
|
Ranníocaíocht ón Aontas Eorpach (80 % den chomhiomlán) |
2 496 960 |
||||||||||||
|
Ranníocaíocht ó Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa (20 % den chomhiomlán: In Iarscríbhinn V a ghabhann le TCT leagtar amach an dáileadh de réir tíre) |
624 240 |
||||||||||||
|
Tabhairt anonn ó 2023 (meastachán) (1) |
|||||||||||||
|
Staidéir, cúnamh teicniúil chun tacú le cur chun feidhme acquis agus phleananna gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh (2) |
510 000 |
||||||||||||
(1) I gcomhréir le rialacha airgeadais infheidhme an Chomhphobail Iompair. Ní cuid de na méideanna atá buiséadaithe le haghaidh 2024 atá sna méideanna arna dtabhairt anonn
(2) Cinnfear an méid iomlán tar éis thabhairt i gcrích nósanna imeachta soláthair agus conarthaí seirbhíse arna síniú le linn R3 de 2023
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2193/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)