|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2179 |
3.9.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2179 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Meán Fómhair 2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452 a mhéid a bhaineann leis an uaschion 4-hiodrocsa–2,5-démheitiolfúrán-3(2H)-óin molta le haghaidh cat agus madraí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú nó a mhodhnú. |
|
(2) |
Údaraíodh an tsubstaint 4-hiodrocsa–2,5-démheitiolfúrán-3(2H)-ón le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452 ón gCoimisiún (2) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat agus madraí. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim a eisiúint i dtaobh an gcomhlíonfadh údarú 4-hiodrocsa–2,5-démheitiolfúrán-3(2H)-óin mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat agus madraí fós na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, dá n-athrófaí téarmaí an údaraithe sin. Baineann an modhnú leis an méadú ar an uaschion molta ó 5 mg/kg go 25 mg/kg d’ábhar beatha iomlán le haghaidh cat agus madraí. Bhí na sonraí tacaíochta ábhartha ag gabháil leis an iarraidh. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 13 Márta 2024 (3) go bhfuil 4-hiodrocsa–2,5-démheitiolfúrán-3(2H)-ón sábháilte do mhadraí ar an uaschion molta 25 mg/kg d’ábhar beatha iomlán, agus ar an uaschion molta 18 mg/kg d’ábhar beatha iomlán do chait. Tháinig sé ar an gconclúid freisin gur greannaitheoir craicinn, súl agus conaire riospráide é an breiseán agus gur íogróir craicinn é. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid, ós rud é go n-úsáidtear 4-hiodrocsa–2,5-démheitiolfúrán-3(2H)-ón mar bhlastán agus go bhfuil an fheidhm chéanna aige i mbeatha, go bunúsach, is atá aige i mbia, nach bhfuil gá le haon léiriú éifeachtúlachta breise. |
|
(5) |
Measann an Coimisiún go gcomhlíonann údarú 4-hiodrocsa–2,5-démheitiolfúrán-3(2H)-óin fós na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, agus na téarmaí sin maidir le húdarú á modhnú a mhéid a bhaineann leis an uaschion molta a mhéadú go 25 mg/kg d’ábhar beatha iomlán le haghaidh madraí agus go 18 mg/kg d’ábhar beatha iomlán le haghaidh cat. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452 a leasú dá réir. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme(AE) 2022/1452 mar a leanas:
San Iarscríbhinn, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an mbreiseán 2b13010, colún ‘forálacha eile’, pointe 3:
|
‘3. |
Ar lipéad an bhreiseáin, déanfar an méid seo a leanas a shonrú: ‘Uaschion a mholtar de shubstaint ghníomhach in aghaidh an kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %:
|
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452 ón gCoimisiún an 1 Meán Fómhair 2022 maidir le 3-eitilcioglaipeantán–1,2-dé-óin, 4-hiodrocsa–2,5-démheitiolfúrán-3(2H)-óin, 4,5-déhiodra-2-meitiolfúrán-3(2H)-óin, eoigeanóil, 1-meatocsa-4-(próp-1(tras)-einil)beinséine, α-peintiolcainéalaildéid, α-heicsiolcainéalaildéid agus 2-aicéitilpiridín a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh speicis ainmhíocha áirithe; (IO L 228, 2.9.2022, lch. 17 ; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1452/oj).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024;22:e8721.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2179/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)