European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2176

28.8.2024

CINNEADH (AE) 2024/2176 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Nollaig 2023

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le tacar coiteann rialacha a thabhairt isteach i ndáil le haisíoc speansas arna dtabhú ag daoine ó lasmuigh de Bhuan-Rúnaíocht an Chomhphobail Iompair, a dtugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i gcruinnithe den Chomhphobal Iompair

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Formheasadh an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (1) thar ceann an Aontais trí bhíthin Chinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019.

(2)

Tá an Coiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobal Iompair (‘an Coiste Stiúrtha’), arna bhunú ag an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, freagrach as an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a riar agus áirithíonn an Coiste sin chur chun feidhme an Chonartha sin mar is cuí. De bhun Airteagal 35 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, tá an Coiste Stiúrtha le cinntí a ghlacadh lena sonraítear an nós imeachta um chur chun feidhme an bhuiséid.

(3)

Tá coinne leis an gCoiste Stiúrtha cinneadh a ghlacadh maidir le tacar coiteann rialacha a thabhairt isteach i ndáil le haisíoc speansas arna dtabhú ag daoine ó lasmuigh de Bhuan-Rúnaíocht an Chomhphobail Iompair a dtugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i gcruinnithe den Chomhphobal Iompair (‘an cinneadh atá beartaithe’). Cuirfear na rialacha a leagtar amach sa chinneadh atá beartaithe in ionad na rialacha a glacadh de bhun Chinntí Uimh. 2020/05 (3) agus Uimh. 2021/02 (4) ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnach.

(4)

Tá gá leis an gcinneadh atá beartaithe ar mhaithe le dea-fheidhmiú Bhuanrúnaíocht agus chomhlachtaí an Chomhphobail Iompair. Ós rud é go mbeidh an cinneadh atá beartaithe ina cheangal ar an Aontas, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Stiúrtha maidir le glacadh an chinnidh chéanna a leagan síos.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais sa Choiste Stiúrtha a bheith bunaithe ar an Dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair (‘an Coiste Stiúrtha’) maidir leis an gcinneadh i dtaca le tacar coiteann rialacha a thabhairt isteach i ndáil le haisíoc speansas arna dtabhú ag daoine ó lasmuigh de Bhuan-Rúnaíocht an Chomhphobail Iompair a dtugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i gcruinnithe den Chomhphobal Iompair, ar cinneadh é a chuirfear in ionad na rialacha a glacadh de bhun Chinntí Uimh. 2020/05 agus Uimh. 2021/02 ón gCoiste Stiúrtha, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste Stiúrtha atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

2.   Féadfaidh ionadaithe an Aontais sa Choiste Stiúrtha toiliú do mhionathruithe ar an dréachtchinneadh gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. CALVIÑO SANTAMARÍA


(1)   IO L 278, 27.10.2017, lch. 3.

(2)  Cinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle an 4 Márta 2019 maidir leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais Eorpaigh (IO L 71, 13.3.2019, lch. 1).

(3)  Cinneadh Uimh. 2020/05 ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair an 29 Iúil 2020 maidir leis na rialacha i dtaca le haisíoc speansas a thabhaíonn daoine ó thaobh amuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a n-iarrtar orthu freastal ar chruinnithe i gcáil saineolaithe (IO L 73, 10.3.2023, lch. 40).

(4)  Cinneadh Uimh. 2021/02 ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair an 7 Meitheamh 2021 maidir leis na rialacha faoi aisíocaíocht speansas a thabhaíonn daoine ó lasmuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a n-iarrtar orthu freastal ar chruinnithe de chuid an Chomhphobail Iompair (IO L 73, 10.3.2023, lch. 48).


DRÉACHT

CINNEADH Uimh. 202X/

Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

maidir le tacar coiteann rialacha a thabhairt isteach i ndáil le haisíoc speansais arna thabhú ag daoine ó lasmuigh de Bhuan-Rúnaíocht an Chomhphobail Iompair, a dtugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i gcruinnithe den Chomhphobal Iompair

TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagail 24(1) agus 35 de,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, glactar an tacar coiteann rialacha i ndáil le haisíoc speansais arna thabhú ag daoine ó lasmuigh de Bhuan-Rúnaíocht an Chomhphobail Iompair a dtugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i gcruinnithe den Chomhphobal Iompair, ar tacar rialacha é a leagtar amach san Iarscríbhinn.

An tacar coiteann rialacha arna ghlacadh de bhun an Chinnidh seo, cuirtear é in ionad na rialacha a glacadh de bhun Chinneadh Uimh. 2020/5 agus Chinneadh Uimh. 2021/02 ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnach.

Foilseoidh Buan-Rúnaíocht an Chomhphobail Iompair na rialacha ar shuíomh gréasáin an Chomhphobail Iompair tráth a nglactha.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i/sa……, an ……

Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh

An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

RIALACHA I nDÁIL LE hAISÍOC SPEANSAIS ARNA THÁBHÚ AG DAOINE Ó LASMUIGH DE BHUAN-RÚNAÍOCHT AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR A dTUGTAR CUIREADH DÓIBH PÁIRT A GHLACADH I gCRUINNITHE DEN CHOMHPHOBAL IOMPAIR

1.   Raon Feidhme

1.1.

Baineann na rialacha seo le daoine ó lasmuigh de Bhuan-Rúnaíocht an Chomhphobail Iompair (‘an Bhuan-Rúnaíocht’) a dtugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh in aon cheann de na cruinnithe den Chomhphobail Iompair nó de na himeachtaí dá chuid a liostaítear i riail 1.3.

1.2.

Beidh feidhm ag na rialacha seo maidir leis na daoine seo a leanas, a dtugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh in aon cheann de na cruinnithe den Chomhphobal Iompair a dtugtar tuairisc orthu i mír 1.3:

(a)

Comhaltaí de chomhlachtaí ábhartha de chuid an Chomhphobail Iompair, lena n áirítear iad seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh – an Chomhairle Aireachta, an Coiste Stiúrtha Réigiúnach, Coistí Teicniúla, an Fóram Sóisialta agus an Coiste um an mBuiséad, chomh maith le tuilleadh comhlachtaí nach iad;

(b)

Rannpháirtithe eile a dtugtar cuireadh foirmiúil dóibh páirt a ghlacadh in aon cheann de na cruinnithe den Chomhphobal Iompair a liostaítear i bpointe 1.3, i gcás ina luaitear go soiléir sa chuireadh go seasfaidh an Comhphobal Iompair costas a rannpháirtíochta.

(c)

Saineolaithe seachtracha (daoine aonair san earnáil phríobháideach, san earnáil rialtais nó san earnáil neamhrialtais de chuid Pháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Iompair nó de chuid Ballstáit den Aontas Eorpach) ar tugadh cuireadh dóibh tuairim ghairmiúil shonrach a thabhairt ag aon cheann de na cruinnithe a eagraíonn an Comhphobal Iompair, nach comhaltaí iad de chomhlachtaí, tascfhórsaí, ná grúpaí comhordúcháin an Chomhphobail Iompair ná de chomhlachtaí oibre eile de chuid an Chomhphobail Iompair;

(d)

Aon duine atá freagrach as duine faoi mhíchumas a áirítear faoi phointí (a), (b), nó (c) a thionlacan.

1.3.

Is iad na cruinnithe a chumhdófar leis na rialacha seo cruinnithe de na cumraíochtaí, na coistí , agus na fóraim eile seo a leanas de chuid an Chomhphobail Iompair:

(a)

an Chomhairle Aireachta, an Coiste Stiúrtha Réigiúnach, coistí teicniúla, agus an Fóram Sóisialta;

(b)

an Coiste um an mBuiséad;

(c)

tascfhórsaí, grúpaí comhordúcháin agus comhlachtaí oibre eile arna mbunú le cinntí nó conclúidí de chuid na Comhairle Aireachta nó an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh;

(d)

comhdhálacha, ceardlanna agus fóraim eile arna n-eagrú ag an mBuan-Rúnaíocht a bhaineann le clár oibre an Chomhphobail Iompair;

(e)

cruinnithe eile arna n-eagrú laistigh de raon feidhme chur chun feidhme an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (díospóireachtaí ardleibhéil, ceardlanna, etc.);

(f)

nósanna imeachta roghnúcháin maidir le poist arna bhfoilsiú ag an gComhphobal Iompair (comhaltaí den phainéal roghnúcháin); agus

(g)

nósanna imeachta roghnúcháin maidir le poist arna bhfoilsiú ag an gComhphobal Iompair (iarratasóirí).

1.4.

(a)

I gcás chruinnithe na gcomhlachtaí arna mbunú faoin gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, suas le hionadaí amháin arna ainmniú go hoifigiúil in aghaidh na haireachta, an údaráis rialála, na gníomhaireachta, an eintitis nó an pháirtí eile is tairbhí a bheidh i dteideal aisíoca speansais maidir leis an gcruinniú atá i gceist faoi na rialacha seo.

(b)

I gcás tionscnaimh fothaithe acmhainneachta amhail ceardlanna, oiliúint, cuairteanna staidéir, nó comhdhálacha, suas le beirt ionadaithe in aghaidh na haireachta, an údaráis rialála, na gníomhaireachta, an eintitis nó an pháirtí eile is tairbhí a bheidh i dteideal aisíoca speansais maidir leis an gcruinniú atá i gceist faoi na rialacha seo.

(c)

Na himeachtaí a liostaítear faoi (a) agus (b), i gcás ina n-eagraítear iad i ndiaidh a chéile nó ina bhfuil údarás níos leithne ag an institiúid ainmniúcháin maidir le saincheisteanna iompair éagsúla, féadfaidh Stiúrthóir na Buan-Rúnaíochta (an ‘Stiúrthóir’) imeacht ón riail seo trí chinneadh réasúnaithe.

(d)

Is ar bhonn cás ar chás, agus faoi réir cistiú a bheith ar fáil, a chinnfear an líon rannpháirtithe a bheidh i dteideal aisíocaíochta.

1.5.

Cumhdófar leis na rialacha sin aisíoc caiteachais taistil, agus liúntais cothaithe laethúil (LCL).

1.6.

Saineolaí seachtrach amháin in aghaidh an Pháirtí Chonarthaigh den Chomhphobal Iompair agus saineolaí seachtrach amháin in aghaidh an Bhallstáit den Aontas, sin é an líon uasta saineolaithe seachtracha dá dtabharfar cuireadh in aghaidh an chruinnithe, cibé acu a bheidh siad i dteideal aisíoca speansais nó nach mbeidh. Ní sháróidh líon na saineolaithe ón earnáil phríobháideach nó líon na saineolaithe neamhrialtasacha líon na saineolaithe rialtais in aghaidh an imeachta.

2.   Speansas taistil

2.1.

Beidh na rannpháirtithe ar fad i dteideal aisíoc a speansais taistil ón áit a shonraítear ar a gcuireadh (seoladh baile nó seoladh oibre) chuig áit an chruinnithe, ar an modh iompair is iomchuí agus fad slí an turais á chur san áireamh. Go ginearálta, taisteal traenach den dara grád a bheidh i gceist i gcás turais is lú ná 400 km (bealach amháin, de réir an achair oifigiúil d’iarnród) agus aerthaisteal den ghrád barainne i gcás achair 400 km nó níos mó.

2.2.

Féachfaidh an Stiúrthóir lena áirithiú go n-eagrófar cruinnithe ar bhealach a ligfidh do rannpháirtithe leas a bhaint as na rátaí taistil is barainní.

2.3.

Ní aisíocfar an speansas taistil ach nuair a chuirfear doiciméid tacaíochta ar fáil.

2.4.

Nuair nach bhfuil iompar aeir ná traenach ar fáil nó nach bhfuil sé costéifeachtach, údarófar taisteal de bhus nó de ghluaisteán.

2.5.

Aisíocfar an costas taistil i bhfeithicil phríobháideach de réir ráta EUR 0,28 in aghaidh an km.

2.6.

Aisíocfar costais taistil suas le EUR 700.

3.   Liúntas Cothaithe Laethúil (‘LCL’)

3.1.

Cuimseofar sa LCL an costas a bhaineann le cóiríocht, le haistrithe áitiúla, le béilí, le haiscí agus le nithe teagmhasacha eile.

3.2.

Na rátaí LCL is infheidhme maidir le conarthaí cabhrach seachtraí arna maoiniú ag an Aontas, beidh siad i bhfeidhm de réir an scála is déanaí dá gcuid.

Is é an ráta LCL a bheidh infheidhme ráta LCL na háite ina gcaitheann an rannpháirtí dar tugadh cuireadh an oíche. Íocfar LCL iomlán i leith an lae a thosóidh an turas; mar sin féin, ní íocfar aon LCL i leith an lae a chríochnaítear an turas, rud a chiallaíonn gur de réir líon na n-oícheanta a chaitear as baile a ríomhtar an LCL.

Ní bheidh an LCL iníoctha ach amháin i gcás nach mbeidh amanna an chruinnithe ag réiteach le hamanna na n-eitiltí nó na dtraenacha.

Ní sháróidh líon na dtréimhsí fanachta thar oíche líon na laethanta den chruinniú + 1.

3.3.

Ach ceadú a fháil roimh ré ón Stiúrthóir, d’fhéadfadh sé, ar bhonn eisceachta, go mbeadh rannpháirtithe i dteideal LCL breise i dtaca le hoíche bhreise a chaitheamh san áit a mbeadh an cruinniú á reáchtáil dá mba rud é, trí fhad a bhaint as an bhfanacht, go mbeadh an rannpháirtí in ann laghdú a fháil ar chostas an iompair ar mhó ab fhiú é ná an méid LCL a bhainfeadh leis an oíche bhreise.

3.4.

Ní bheidh rannpháirtithe i dteideal aisíocaíocht a fháil ar chaiteachas eile a bhaineann leis an bhfanacht san óstán amhail caiteachas idirlín, teileafóin, fótachóipeála, mionbheáir, nó bricfeasta mura bhfuil sé san áireamh.

3.5.

Rannpháirtithe a thagann ó áit atá i bhfoisceacht suas le 50 km ó láthair an chruinnithe, ní bheidh siad i dteideal LCL.

3.6.

Cuirfear rátaí laghdaithe LCL i bhfeidhm sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair nach bhfuil fanacht thar oíche i gceist le taisteal chun páirt a ghlacadh sa chruinniú:

(i)

maidir le taisteal a mhaireann 8 n-uair an chloig nó níos mó, íocfar 50 % de LCL an chinn scríbe lena mbaineann;

(ii)

maidir le taisteal a mhaireann níos lú ná 8 n-uair an chloig agus níos mó ná 5 uair an chloig, íocfar 35 % den LCL;

(iii)

maidir le taisteal oifigiúil a mhaireann 5 uair an chloig nó níos lú, íocfar 20 % den LCL;

(b)

nuair a chuirfear béilí saor in aisce ar fáil, amhail lón nó dinnéar, déanfar 10 % den ráta LCL a asbhaint in aghaidh an bhéile saor in aisce.

Measfar gur cuireadh béile saor in aisce ar fáil i ngach gcás ina mbeidh lón nó dinnéar mar chuid de chlár oibre an chruinnithe nó an imeachta.

4.   Ceannach ticéad agus lóistín

4.1.

Na rannpháirtithe a dtugtar cuireadh dóibh chuig cruinniú a liostaítear i riail 1.3, pointí (a) go (e), cuirfidh siad a dticéad agus a lóistín féin in áirithe. Déanfar na háirithintí a luaithe is féidir ionas gur féidir an táille nó an ráta is barainní a fháil. Ní chuirfidh an Bhuan-Rúnaíocht taisteal in áirithe thar ceann rannpháirtithe ná ní dhéanfaidh sí réamhíocaíocht i leith caiteachais ach i gcásanna eisceachtúla agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i riail 6.

4.2.

Maidir le rannpháirtithe a dtugtar cuireadh dóibh chuig cruinniú a liostaítear i riail 1.3, pointí (f) agus (g), is í an Bhuan-Rúnaíocht a dhéanfaidh na socruithe taistil agus lóistín.

5.   Nós imeachta aisíocaíochta

5.1.

Chun aisíocaíocht ar speansas taistil agus íocaíocht LCL a fháil, cuirfidh rannpháirtithe iarraidh ar aisíoc speansais isteach (‘iarratas ar aisíocaíocht’). Is mar a leanas a dhéanfar an iarraidh ar aisíocaíocht:

(a)

déanfar í leis an bhfoirm a leagtar amach i bhFoscríbhinn 1;

(b)

cuirfear isteach í i bhformáid leictreonach chuig an mBuan-Rúnaíocht 15 lá féilire ar a dhéanaí tar éis dháta an chruinnithe atá i gceist; agus

(c)

cuirfear isteach sraith iomlán de dhoiciméid tacaíochta bhunaidh in éineacht leis, amhail ticéid agus sonraisc nó, i gcás áirithintí ar líne, asphrionta na n-áirithintí leictreonacha agus na gcártaí bordála don turas amach, mar fhianaise ar na costais a tabhaíodh agus ag taispeáint an ghráid taistil a úsáideadh, am an taistil agus an méid a íocadh.

5.2.

Cuirfear comhfhreagras maidir le haisíocaíochtaí chuig an mBuan-Rúnaíocht ag finance@transport-community.org.

5.3.

Is in euro a dhéanfar aisíocaíocht. Is é an ráta malairte ag mbeidh feidhm aige maidir leis an aisíocaíocht an ráta malairte is infheidhme ar dháta an chruinnithe.

5.4.

Déanfar aisíocaíocht trí aistriú bainc chuig cuntas bainc na hinstitiúide nó na heagraíochta a ainmníonn an rannpháirtí, leis na sonraí cuntais bainc a chuirtear isteach i gcomhréir le riail 5.5. Mar sin féin, féadfar aisíocaíocht a dhéanamh le cuntas bainc príobháideach an rannpháirtí má iarrann an institiúid nó an eagraíocht sin i scríbhinn.

5.5.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an tairbhí sna mionsonraí cuntais bainc atá le cur isteach chun críocha riail 5.4: ainm agus seoladh shealbhóir an chuntais, ainm an bhainc, uimhir chuntais bainc (IBAN) agus cód SWIFT (BIC).

6.   Réamhíoc speansais taistil agus lóistín

6.1.

I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh institiúid nó eagraíocht ainmniúcháin iarraidh a chur faoi bhráid na Buan-Rúnaíochta ar réamhíoc costas taistil a bhaineann le rannpháirtí ar tugadh cuireadh dó chuig cruinniú a liostaítear i bpointí (a) go (e) de riail 1.3. I gcás ina mbeidh an nós imeachta sin i gceist, déanfaidh an Bhuan-Rúnaíocht an taisteal a chur in áirithe.

6.2.

Ní bheidh feidhm ag Riail 6.1 maidir le rannpháirtithe ar tugadh cuireadh dóibh faoi Riail 1.2, pointe (c).

6.3.

Déanfar iarrataí ar réamhíocaíocht leis an bhfoirm a leagtar amach i bhFoscríbhinn 2 agus seolfar iad 21 lá féilire ar a laghad roimh dháta an chruinnithe chuig an mBuan-Rúnaíocht ag finance@transport-community.org.

6.4.

Glacfaidh an Stiúrthóir an cinneadh lena ndéanfar iarraidh a cheadú nó a dhiúltú i gcomhréir le riail 6.3.

6.5.

Tar éis iarraidh a cheadú de réir riail 6.4, agus ag féachaint don dréachtchlár oibre don chruinniú, cuirfidh an Bhuan-Rúnaíocht na socruithe taistil in áirithe don rannpháirtí atá i gceist. Seolfaidh an Bhuan-Rúnaíocht deimhnithe na háirithinte a bhaineann leis an ticéad chuig an rannpháirtí ar ríomhphost.

6.6.

Trí réamhíoc speansais taistil a iarraidh, geallann an rannpháirtí go bhfreastalóidh sé ar an gcruinniú.

6.7.

Rannpháirtí dar ceadaíodh réamhíoc costas taistil, nuair nach féidir leis freastal ar an gcruinniú ar chúiseanna nach bhfuil inchurtha go díreach i leith an Chomhphobail Iompair, cúiteoidh an institiúid nó an eagraíocht ainmniúcháin an Bhuan-Rúnaíocht as na costais a tabhaíodh maidir le heagrú an turais (e.g. costais ticéad a cuireadh in áirithe, agus na táillí cealaithe).

7.   Forálacha riaracháin agus críochnaitheacha

7.1.

Tá an Stiúrthóir freagrach as na rialacha seo a chur i bhfeidhm i gceart.

7.2.

Coinneoidh an Bhuan-Rúnaíocht, ar feadh tréimhse 5 bliana, na taifid, na doiciméid agus an fhianaise a bhaineann le haisíocaíocht faoi na rialacha seo, lena n-áirítear doiciméid a bhaineann le láimhseáil eisceachtúil.

7.3.

Cuirfear na Rialacha seo ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an Chomhphobail Iompair tráth a nglactha.

Foscríbhinn 1

IARRAIDH AR AISÍOCAÍOCHT TAISTIL

Image 1

Image 2

Foscríbhinn 2

IARRAIDH AR RÉAMHÍOC SPEANSAS TAISTIL

Image 3

Image 4

Image 5


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2176/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)