|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2173 |
30.8.2024 |
Treoracha cleachtais do pháirtithe, maidir le cásanna arna dtabhairt os comhair na cúirte
CLÁR
(Tagraíonn na huimhreacha do na míreanna ábhartha)
|
I. |
FORÁLACHA GINEARÁLTA | 1 - 12 |
| Na céimeanna den nós imeachta os comhair na Cúirte agus a saintréithe bunúsacha | 1 |
| Ionadaíocht na bpáirtithe os comhair na Cúirte | 2 - 4 |
| Táillí na n-imeachtaí os comhair na Cúirte agus cúnamh dlíthiúil | 5 - 8 |
| Cosaint sonraí pearsanta | 9 - 11 |
| Cásanna réamhrialaithe anaithnidithe a shainaithint | 12 |
|
II. |
AN CHUID I SCRÍBHINN DEN NÓS IMEACHTA | 13 - 61 |
| Cuspóir an chuid i scríbhinn den nós imeachta | 13 |
| An chuid i scríbhinn den nós imeachta in imeachtaí réamhrialaithe | 14 - 17 |
| An chuid i scríbhinn den nós imeachta i gcaingne díreacha | 18 - 24 |
| An t-iarratas | 18 - 19 |
| An chosaint | 20 - 21 |
| An freagra agus an t-athfhreagra | 22 |
| Iarratas ar nós imeachta brostaithe | 23 |
| Iarratas ar oibriú a chur ar fionraí nó ar bhearta idirlinne (Imeachtaí idirlinne) | 24 |
| An chuid i scríbhinn den nós imeachta in achomhairc | 25 - 38 |
| An t-iarratas ar achomharc | 26 - 31 |
| An fhrithaighneacht | 32 - 33 |
| An crosachomharc | 34 |
| An fhrithaighneacht ar an gcrosachomarc | 35 |
| An freagra agus an t-athfhreagra | 36 - 37 |
| Achomhairc arna dtabhairt de bhun Airteagal 57 den Reacht | 38 |
| Rúndacht in achomhairc | 39 - 40 |
| Idiragairt i gcaingne díreacha agus in achomhairc | 41 - 47 |
| An t-iarratas ar idiragairt | 41 |
| Barúlacha ar an iarratas ar idiragairt | 42 |
| An ráiteas idiragartha | 43 |
| Barúlacha ar an ráiteas idiragartha | 44 |
| Iarratais ar idiragairt a dhéantar go déanach | 45 |
| Idiragairt i gcomhthéacs iarratas ar bhearta idirlinne nó nós imeachta brostaithe | 46 |
| Easpa idiragartha i dtarchuir chun réamhrialú | 47 |
| Foirm agus struchtúr na ndoiciméad nós imeachta | 48 - 54 |
| Taisceadh agus seoladh na ndoiciméad nós imeachta | 55 - 61 |
|
III. |
AN CHUID Ó BHÉAL DEN NÓS IMEACHTA | 62 - 90 |
| An cuspóir leis an éisteacht | 63 |
| An t-iarratas ar éisteacht | 64 |
| An fógra maidir le freastal ar an éisteacht agus an gá le freagra iomlán a thabhairt go mear ar an bhfógra sin | 65 - 66 |
| Na bearta atá le glacadh i dtaca leis an éisteacht | 67 - 69 |
| Rannpháirtíocht in éisteacht trí fhíschomhdháil | 70 - 73 |
| Gnáthsheoladh na héisteachta | 74 |
| An chéad chéim den éisteacht: na pléadálacha ó bhéal | 75 - 77 |
| Cuspóir na bpléadálacha ó bhéal | 75 |
| Am labhartha agus am labhartha breise féideartha | 76 |
| Líon na ndaoine a dhéanann pléadálacha ó bhéal | 77 |
| An dara céim den éisteacht: na ceisteanna ó Chomhaltaí na Cúirte | 78 - 79 |
| An tríú céim den éisteacht: Na freagraí deiridh | 80 |
| Cosaint sonraí pearsanta a áirithiú | 81 |
| Na teangacha a úsáidtear ag an éisteacht | 82 - 84 |
| Na himpleachtaí agus na srianta a bhaineann le hateangaireacht chomhuaineach | 85 - 86 |
| Na céimeanna i ndiaidh na héisteachta | 87 - 88 |
| Tuairim an Abhcóide Ghinearálta a léamh agus breithiúnas lena gcuirtear clabhsúr ar na himeachtaí a thabhairt | 89 - 90 |
|
IV. |
FORÁLACHA DEIRIDH | 91 - 92 |
Tá an CHÚIRT BHREITHIÚNAIS,
Ag féachaint do na Rialacha Nós Imeachta agus, go háirithe, d’Airteagal 208 de na Rialacha sin,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chúirt Bhreithiúnais, de bhun Airteagal 208 dá Rialacha Nós Imeachta, treoracha cleachtais nua do pháirtithe maidir le cásanna arna dtabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais (1). Beartaíodh leis na treoracha sin an taithí a fuarthas i gcur i bhfeidhm na Rialacha Nós Imeachta a chur san áireamh, seacht mbliana tar éis a dteacht i bhfeidhm an 1 Samhain 2012, agus forbairtí rialála tábhachtacha áirithe a léiriú, go háirithe i réimse na cosanta sonraí pearsanta nó i réimse an nós imeachta, tar éis sásra a thabhairt isteach maidir le ligean do chatagóirí áirithe achomharc dul ar aghaidh. |
|
(2) |
Ó theacht i bhfeidhm na dtreoracha sin, an 1 Márta 2020, áfach, tá roinnt forbairtí tábhachtacha breise tagtha, idir fhorbairtí teicniúla agus fhorbairtí reachtaíochta. |
|
(3) |
Ar an gcéad dul síos, i gcomhthéacs na géarchéime sláinte a bhaineann le paindéim COVID-19, fuair an Chúirt na huirlisí agus na hacmhainní teicniúla is gá chun gur féidir a héisteachtaí a chraoladh ar líne agus chun an deis a thabhairt do na páirtithe nó daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht nach féidir leo freastal ar éisteacht den sórt sin i bpearsa páirt a ghlacadh san éisteacht trí fhíschomhdháil, ar choinníoll go gcomhlíonfar roinnt coinníollacha dlíthiúla agus teicniúla. |
|
(4) |
Ar an dara dul síos, leasaíodh an Prótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais chun foráil a dhéanamh, inter alia, maidir le foilsiú pléadálacha nó barúlacha i scríbhinn arna dtaisceadh i gcásanna réamhrialaithe ag an gCúirt, ar choinníoll nach ndéanann a n-údar agóid laistigh de thréimhse réasúnta i ndiaidh clabhsúr a chur ar an gcás (2). |
|
(5) |
Ar mhaithe le riar cuí an cheartais agus soléiteacht níos fearr, is iomchuí, dá bhrí sin, treoracha cleachtais nua a ghlacadh, agus na forbairtí thuas á gcur san áireamh agus soiléiriú breise a thabhairt do na páirtithe maidir le roinnt saincheisteanna praiticiúla a bhaineann leis an gcuid i scríbhinn nó leis an gcuid ó bhéal den nós imeachta. |
|
(6) |
Dála na dtreoracha arna n-ionadú leis na treoracha seo, níl sé d’aidhm ag na treoracha nua seo, a bhfuil feidhm acu maidir le gach catagóir de na cásanna os comhair na Cúirte, teacht in ionad na bhforálacha ábhartha den Reacht ná de na Rialacha Nós Imeachta. Is é is cuspóir leo a chur ar chumas na bpáirtithe agus a n-ionadaithe tuiscint níos fearr a fháil ar raon feidhme na bhforálacha sin agus eolas níos mionsonraithe a fháil faoi sheoladh na n-imeachtaí os comhair na Cúirte, agus go háirithe, ar na srianta atá ar an gCúirt, go háirithe iad siúd a bhaineann le láimhseáil agus aistriúchán na ndoiciméad nós imeachta nó le hateangaireacht chomhuaineach ar na barúlacha a thugtar le linn na n-éisteachtaí. Is é na treoracha seo a leanúint agus a chur san áireamh an ráthaíocht is fearr do na páirtithe agus don Chúirt go bhféadfaidh sí na cásanna a láimhseáil ar an gcaoi is éifeachtaí agus is féidir, |
TAR ÉIS NA TREORACHA CLEACHTAIS SEO A GHLACADH:
I. FORÁLACHA GINEARÁLTA
Na céimeanna den nós imeachta os comhair na Cúirte agus a saintréithe bunúsacha
|
1. |
Faoi réir forálacha speisialta arna leagan síos sa Phrótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Reacht’) nó sna Rialacha Nós Imeachta, go ginearálta, bíonn cuid i scríbhinn agus cuid ó bhéal sa nós imeachta os comhair na Cúirte. Is é is cuspóir don chuid i scríbhinn den nós imeachta, a chur faoi bhráid na Cúirte, na héilimh, na saincheisteanna dlí nó na hargóintí ó na páirtithe sna himeachtaí nó, in imeachtaí réamhrialaithe, na barúlacha is mian leis na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht a thaisceadh maidir leis na ceisteanna ó chúirteanna agus binsí na mBallstát den Aontas Eorpach. I gcás inar gá, déanfar an chuid i scríbhinn den nós imeachta a fhorlíonadh le cuid ó bhéal. Beartaítear leis an gcuid sin a chur ar chumas na Cúirte a tuiscint ar an gcás a fheabhsú trí na páirtithe nó na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht a éisteacht le linn éisteachta agus/nó trí Thuairim an Abhcóide Ghinearálta a éisteacht. |
Ionadaíocht na bpáirtithe os comhair na Cúirte
|
2. |
I gcomhréir le hAirteagal 19 den Reacht, ní mór do na páirtithe sna himeachtaí os comhair na Cúirte duine atá údaraithe go cuí a bheith acu chun ionadaíocht a dhéanamh ar a son. Cé is moite de na Ballstáit, de na Stáit is páirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), d’Údarás Faireacháin Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (‘CSTE’) agus d’Institiúidí an Aontais Eorpaigh, a mbíonn gníomhaire acu go ginearálta arna cheapadh do gach cás chun ionadaíocht a dhéanamh ar a son, ní mór do na páirtithe eile sna himeachtaí dlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirt de chuid Ballstáit nó de chuid Stát eile is páirtí i gComhaontú LEE a bheith acu chun ionadaíocht a dhéanamh ar a son. Ní mór cruthúnas ina leith sin a bheith ar fáil, ach é sin a iarraidh, ag gach céim de na himeachtaí. De bhun an seachtú mír d’Airteagal 19, meastar gur dlíodóirí iad teagascóirí ollscoile ar náisiúnaigh iad de Bhallstát a n-aithnítear ceart pléadála dóibh faoina reachtaíocht. |
|
3. |
In imeachtaí réamhrialaithe, áfach, tabharfaidh an Chúirt aird, maidir le hionadaíocht na bpáirtithe sna príomhimeachtaí, ar na rialacha nós imeachta is infheidhme sa chúirt nó sa bhinse a rinne an tarchur. Féadfaidh aon duine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar pháirtí os comhair na cúirte nó an bhinse sin, dá bhrí sin, ionadaíocht a dhéanamh air os comhair na Cúirte Breithiúnais freisin agus, má cheadaítear é faoi na rialacha nós imeachta náisiúnta, beidh sé de cheart ag na páirtithe féin sna príomhimeachtaí a mbarúlacha i scríbhinn nó ó bhéal a chur faoi bhráid na Cúirte. I gcás ina bhfuil amhras ina leith sin, féadfaidh an Chúirt an fhaisnéis ábhartha a fháil, tráth ar bith, ó na páirtithe sin, óna n-ionadaithe nó ón gcúirt nó ón mbinse a rinne an tarchur. |
|
4. |
I gcaingne díreacha agus in achomhairc, ceanglaítear freisin ar ghníomhairí agus dlíodóirí a dhéanann ionadaíocht do pháirtí, i gcomhréir le hAirteagal 119(2) agus le hAirteagal 168(2) de na Rialacha Nós Imeachta, doiciméad oifigiúil nó údarás chun gníomhú arna dhéanamh le déanaí a thaisceadh sa Chlárlann lena ndeimhnítear go bhfuil siad údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh don pháirtí sin in imeachtaí os comhair na Cúirte. |
Táillí na n-imeachtaí os comhair na Cúirte agus cúnamh dlíthiúil
|
5. |
Faoi réir na bhforálacha a leagtar síos in Airteagal 143 de na Rialacha Nós Imeachta, beidh na himeachtaí os comhair na Cúirte saor ó tháille, gan aon mhuirear ná tobhach a bheith dlite di mar gheall ar chaingean a thionscnamh nó doiciméad nós imeachta a thaisceadh. Áirítear ar na costais dá dtagraítear in Airteagal 137 et seq. de na Rialacha Nós Imeachta na costais ‘inghnóthaithe’ amháin, is é sin na suimeanna a d’fhéadfadh a bheith dlite d’fhinnéithe agus saineolaithe agus na costais arna dtabhú ag na páirtithe de riachtanas chun críocha na n-imeachtaí os comhair na Cúirte, a bhaineann le luach saothair agus costais taistil agus chothabhála a ionadaí i Lucsamburg, i gcás ina reáchtáiltear éisteacht. Tabharfaidh an Chúirt breith i dtaobh mhéid na gcostas agus i dtaobh cén páirtí a íocfaidh astu sa bhreithiúnas nó san ordú lena gcuirtear clabhsúr leis na himeachtaí, ach in imeachtaí réamhrialaithe, is faoin gcúirt nó faoin mbinse a rinne an tarchur atá sé costais na n-imeachtaí a chinneadh. |
|
6. |
Aon pháirtí nó, in imeachtaí réamhrialaithe, aon pháirtí sna príomhimeachtaí nach féidir leis costais na n-imeachtaí atá os comhair na Cúirte a íoc go hiomlán nó go páirteach, féadfaidh sé cúnamh dlíthiúil a iarraidh tráth ar bith. Ionas go bhféadfar iad a chur san áireamh, ní mór do na hiarratais sin coinníollacha áirithe dá bhforáiltear, faoi seach, in Airteagail 115 go 118 (tarchuir chun réamhrialú) agus 185 go 189 (achomhairc) de na Rialacha Nós Imeachta a chomhlíonadh agus ní mór gach faisnéis agus doiciméad tacaíochta is gá a chur ina dteannta ionas go bhféadfaidh an Chúirt measúnú a dhéanamh ar staid airgeadais iarbhír an iarratasóra. Ina fhianaise sin, tá sé tábhachtach go gcuirfidh páirtí ar mian leis cúnamh dlíthiúil a fháil ar fáil don Chúirt ní hamháin na doiciméid lena leagtar amach cineálacha éagsúla ioncaim agus liúntas arna bhfáil aige (amhail duillín pá, ráiteas bainc nó doiciméad arna eisiúint ag comhlacht poiblí nó ag comhlacht slándála sóisialta) ach freisin na doiciméid a bhaineann leis na costais nach mór don pháirtí sin a íoc (amhail, mar shampla, comhaontú cíosa nó iasachta, ráiteas i leith táillí scoile le haghaidh leanbh cleithiúnach, sonrasc nó billí). |
|
7. |
Ós rud é, in imeachtaí réamhrialaithe, go dtugann an Chúirt breith ar iarraidh ó chúirt nó ó bhinse de chuid Ballstáit, ní mór do na páirtithe sna príomhimeachtaí, i dtús báire, aon chúnamh dlíthiúil a iarraidh ón gcúirt nó ón mbinse sin nó ó údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, ós cúnamh coimhdeach amháin é an cúnamh arna dheonú ag an gCúirt i dtaca leis an gcúnamh arna dheonú ar an leibhéal náisiúnta. |
|
8. |
Is fiú a thabhairt faoi deara, i gcás ina nglacann sí leis an iarratas ar chúnamh dlíthiúil, nach gcumhdaíonn an Chúirt, faoi réir aon teorainn arna socrú aici, ach na costais a bhaineann le cúnamh agus ionadaíocht an iarratasóra ar chúnamh dlíthiúil os comhair na Cúirte. I gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna Rialacha Nós Imeachta, féadfaidh an Chúirt na táillí sin a aisghabháil níos déanaí sa chinneadh lena gcuirtear clabhsúr leis na himeachtaí agus ina dtugtar breith ar na costais, agus féadfaidh an fhoirmíocht den Chúirt a thug breith ar an iarratas ar chúnamh dlíthiúil an cúnamh sin a aistarraingt tráth ar bith freisin, i gcás ina dtagann athrú le linn na n-imeachtaí ar na cúinsí faoinar deonaíodh an cúnamh sin. |
Cosaint sonraí pearsanta
|
9. |
Ar mhaithe leis an gcosaint is fearr agus is féidir a chinntiú le haghaidh sonraí pearsanta, go háirithe i gcomhthéacs na ndoiciméad arna bhfoilsiú aici maidir leis na cásanna a chuirtear faoina bráid, mar riail ghinearálta, láimhseálfaidh an Chúirt na cásanna réamhrialaithe ar bhealach anaithnid. Fágann an cur chuige sin, i gcleachtas, sa chás go ndearna an chúirt nó a rinne an tarchur an iarraidh ar réamhrialú a anaithnidiú nó gur chinn an chúirt a rinne an tarchur sonraí a bhaineann le daoine nádúrtha nó le heintitis lena mbaineann an díospóid sna príomhimeachtaí, cibé acu an páirtithe nó tríú páirtithe sa díospóid sin iad, a fhágáil ar lár, go gcloífidh an Chúirt leis an anaithnidiú nó leis an bhfágáil ar lár sin sna himeachtaí atá ar feitheamh os a comhair. Ina mhalairt de chás – agus mura bhfuil imthosca speisialta i gceist – déanfaidh an Chúirt féin ainm agus sloinne na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear san iarraidh ar réamhrialú sin agus, i gcás inarb iomchuí, sonraí eile lena bhféadfaí iad a aithint, a fholú. Chun éifeachtacht na mbeart arna ndéanamh i ndáil leis sin a áirithiú, ní mór do na daoine leasmhara uile dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht staonadh ó aon fhaisnéis atá folaithe san iarraidh ar réamhrialú a nochtadh ina bpléadálacha nó barúlacha i scríbhinn nó ó bhéal. |
|
10. |
Is amhlaidh atá i gcás achomharc. Mura bhfuil cúinsí speisialta ann, urramóidh an Chúirt an anaithnideacht arna deonú ag an gCúirt Ghinearálta agus iarrtar ar na páirtithe sna himeachtaí an anaithnideacht sin a urramú freisin i gcomhthéacs na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais. |
|
11. |
In aon chás, i gcás inar mian le páirtí nach nochtfar a aitheantas nó sonraí áirithe a bhaineann leis i gcomhthéacs cás arna thabhairt os comhair na Cúirte – nó, ina mhalairt de chás, inar mian leis an bpáirtí sin go nochtfar a aitheantas agus na sonraí sin i gcomhthéacs an cháis sin –, féadfaidh sé dul i dteagmháil leis an gCúirt ionas go gcinnfidh sí an ceart nó nach ceart an cás a dhéanamh anaithnid, go hiomlán nó i bpáirt, nó an anaithneadacht a deonaíodh cheana a choimeád. Ar mhaithe le héifeachtacht, áfach, ní mór iarratas den sórt sin a dhéanamh chomh luath agus is féidir. De bhrí go bhfuil úsáid fhorleathan á baint as teicneolaíochtaí nua faisnéise agus cumarsáide, is amhlaidh go mbaintear an bonn ar fad d’anaithnidiú i gcás ina bhfuil an fógra faoin gcás lena mbaineann foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh cheana nó, in imeachtaí réamhrialaithe, i gcás bhfuil an iarraidh ar réamhrialú seirbheáilte ar na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht cheana, timpeall is mí i ndiaidh an iarraidh a thaisceadh sa Chúirt. |
Cásanna réamhrialaithe anaithnidithe a shainaithint
|
12. |
Go ginearálta, sannann an Chúirt ainm bréige do chásanna réamhrialaithe a ndearnadh anaithnidiú orthu. Ní fhreagróidh an t-ainm bréige sin d’fhíorainm aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí, ná, i bprionsabal, d’aon ainm atá ann cheana. Is é an t-aon chuspóir atá leis ainmniú agus sainaithint cásanna anaithnidithe a éascú. |
II. AN CHUID I SCRÍBHINN DEN NÓS IMEACHTA
Cuspóir an chuid i scríbhinn den nós imeachta
|
13. |
Tá ról sár-riachtanach ag an gcuid i scríbhinn den nós imeachta i dtuiscint na Cúirte ar an gcás. Ní mór don chuid sin a chur ar chumas na Cúirte, trí na pléadálacha nó na barúlacha arna dtaisceadh a léamh, tuiscint bheacht a fháil ar ábhar an cháis a chuirtear faoina bráid agus ar na ceisteanna lena mbaineann. Cé go mbaineann an cuspóir sin le láimhseáil gach cáis a chuirtear faoi bhráid na Cúirte, ní hionann an chaoi ina seoltar agus a n-eagraítear an chuid i scríbhinn den nós imeachta de réir an chineáil caingne atá i gceist. I gcaingne díreacha nó in achomhairc, iarrtar ar na páirtithe seasamh a ghlacadh i leith na bpléadálacha arna dtaisceadh ag na páirtithe eile sna himeachtaí, ach in imeachtaí réamhrialaithe, níl an chuid i scríbhinn den nós imeachta de chineál sáraitheach, ní iarrtar ar na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht ach aon bharúlacha atá acu faoi na ceisteanna arna dtarchur ó chúirt nó ó bhinse náisiúnta a chur in iúl, gan seasamh na ndaoine leasmhara eile faoi na ceisteanna céanna a bheith ar eolas acu, i bprionsabal. Fágann sin nach ionann na ceanglais ó thaobh na foirme agus an ábhair de le haghaidh na mbarúlacha sin ó thaobh reáchtáil na n-imeachtaí ina dhiaidh sin, ach ní mór a choinneáil i gcuimhne go mbeidh an chuid is mó de na pléadálacha nó na barúlacha arna dtaisceadh le linn an chuid i scríbhinn den nós imeachta le haistriú. Dá bhrí sin, ní mór abairtí gearra simplí a úsáid i gcónaí agus ní mór argóintí na bpáirtithe a bheith sna pléadálacha nó sna barúlacha, agus ní in aon iarscríbhinní. |
An chuid i scríbhinn den nós imeachta in imeachtaí réamhrialaithe
|
14. |
De bharr nach imeachtaí sáraitheacha iad na himeachtaí réamhrialaithe, níl aon fhoirmiúlachtaí faoi leith ag baint le taisceadh na bpléadálacha nó na mbarúlacha i scríbhinn ó na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht. I gcás ina seirbheálann an Chúirt iarraidh ar réamhrialú orthu, féadfaidh na daoine sin, más mian leo, barúlacha i scríbhinn a thaisceadh ina gcuireann siad a ndearcadh in iúl ar an iarraidh ón gcúirt nó ón mbinse a rinne an tarchur. Is é is cuspóir do na barúlacha sin - nach mór a thaisceadh laistigh de thréimhse dhá mhí (móide tréimhse aonair 10 lá mar gheall ar fhad slí) ó sheirbheáil na hiarrata ar réamhrialú, ar tréimhse í nach bhféadfar a fhadú - tuiscint a thabhairt don Chúirt ar raon feidhme na hiarrata sin, agus go háirithe ar na freagraí ba chóir a thabhairt ar na ceisteanna ón gcúirt nó ón mbinse a rinne an tarchur. |
|
15. |
Cé gur gá do na barúlacha sin a bheith cuimsitheach, agus, go háirithe, go gcuimseofaí iontu na hargóintí ar a bhféadfaidh an Chúirt a freagra ar na ceisteanna arna dtarchur a bhunú, ní gá, áfach, cuntas a thabhairt as an nua ar an dlí ná ar na fíorais sa díospóid a leagtar amach san ordú tarchuir, mura dteastaíonn tuilleadh barúlacha ina leith. Faoi réir cúinsí speisialta nó forálacha sonracha sna Rialacha Nós Imeachta lena bhforáiltear do shrian a chur le fad na scríbhinní de bharr phráinn an cháis, níor cheart do na barúlacha i scríbhinn arna dtaisceadh in imeachtaí réamhrialaithe dul thar 20 leathanach. |
|
16. |
Mar is léir ó Airteagal 96(3) de na Rialacha Nós Imeachta, foilseofar pléadálacha nó barúlacha i scríbhinn arna dtaisceadh i gcásanna réamhrialaithe ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tar éis fhógairt an bhreithiúnais nó sheirbheáil an ordaithe lena dtugtar breith ar na ceisteanna ón gcúirt a rinne an tarchur, mura ndéanann duine de na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht agóid i gcoinne fhoilsiú a phléadálacha nó a bharúlacha i scríbhinn. I bhfianaise an mhéid sin, tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, nach mbeidh sonraí pearsanta sna pléadálacha nó barúlacha a thaiscfear. |
|
17. |
I gcás go measann duine leasmhar dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht nár chóir a phléadálacha nó a bharúlacha a fhoilsiú ar an suíomh thuasluaite, ní mór dó é sin a chur in iúl go sainráite, sa litir a ghabhann leis na pléadálacha nó barúlacha sin nó i litir eile a sheoltar chuig an gClárlann ag céim níos déanaí den nós imeachta, ach, in aon chás, trí mhí ar a dhéanaí tar éis fhógairt an bhreithiúnais nó sheirbheáil an ordaithe lena gcuirtear deireadh leis na himeachtaí. |
An chuid i scríbhinn den nós imeachta i gcaingne díreacha
An t-iarratas
|
18. |
I ngeall ar a cineál sáraitheach, tá rialacha níos déine ann don chuid i scríbhinn den nós imeachta le haghaidh caingne díreacha. Leagtar síos na rialacha sin in Airteagail 119 et seq. (Teideal IV) de na Rialacha Nós Imeachta agus baineann siad le hoibleagáid na bpáirtithe i leith gníomhaire nó dlíodóir a bheith acu chun feidhmiú ar a son agus leis na ceanglais fhoirmiúla a bhaineann le hinneachar agus le cur i láthair na bpléadálacha i scríbhinn. Is léir, go háirithe, ó Airteagal 120 de na Rialacha Nós Imeachta nach mór a lua san iarratas lena dtionscnaítear na himeachtaí, de bhreis ar ainm agus seoladh an iarratasóra agus ainm an pháirtí a ndéantar an t-iarratas ina choinne, faisnéis bheacht ar ábhar na n-imeachtaí, na saincheisteanna dlí agus na hargóintí a mbeifear ag brath orthu arna dtacú, i gcás inarb iomchuí, le haon fhianaise a chuirtear ar fáil nó a thairgtear, mar aon leis an ordú atá á lorg ag an iarratasóir. I gcás nach n-urramaítear na ceanglais sin, beidh an t-iarratas do-ghlactha. Mura bhfuil imthosca speisialta ann, ba chóir nach mbeadh an t-iarratas níos faide ná 30 leathanach. |
|
19. |
Mar is léir ó Airteagal 120(c) de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór achoimre ar na saincheisteanna dlí a mbeifear ag brath orthu a cheangal leis an iarratas freisin. Ceaptar an achoimre sin – nach bhféadfaidh dul thar dhá leathanach – chun dréachtú an fhógra maidir le gach cás a thugtar chun na Cúirte, nach mór a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 21(4) de na Rialacha Nós Imeachta, a éascú. |
An chosaint
|
20. |
Tá an chosaint dá dtagraítear in Airteagal 124 de na Rialacha Nós Imeachta faoi réir na gceanglas foirmiúil céanna, go bunúsach, agus atá an t-iarratas agus ní mór í a thaisceadh laistigh de dhá mhí ó sheirbheáil an iarratais sin. Ní fhéadfar cur leis an teorainn ama sin – móide an tréimhse aonair deich lá mar gheall ar fhad slí – ach ar bhonn eisceachtúil agus ní mór iarratas réasúnaithe a thaisceadh chuige sin, laistigh den teorainn ama fhorordaithe, ina leagtar amach na cúinsí lena dtugtar údar maith d’fhadú den sórt sin. |
|
21. |
Ós rud é gur leis an iarratas a shocraítear creat dlí na n-imeachtaí, ní mór na hargóintí arna ndéanamh sa chosaint a struchtúrú, a mhéid is féidir, ar bhonn na saincheisteanna dlí nó na n-éileamh arna leagan amach san iarratas. Ní fhéadfar aon saincheist úr dlí a ardú i gcúrsa na n-imeachtaí mura mbeidh sin bunaithe ar phointí dlí nó ar fhíorais a thagann chun solais i gcaitheamh an nós imeachta. Ina theannta sin, ní ceart a leagan amach sa chosaint an dlí ná na fíorais a bhaineann leis an díospóid ach a mhéid atá an cuntas a thugtar orthu san iarratas á chonspóid nó a theastaíonn tuilleadh sonraí ina leith. Mar an gcéanna leis an iarratas agus in éagmais imthosca speisialta, ba cheart nach mbeadh an chosaint níos faide ná 30 leathanach. |
An freagra agus an t-athfhreagra
|
22. |
Má mheasann siad gur gá sin, féadfaidh an t-iarratasóir agus an cosantóir a n-argóintí a fhorlíonadh, le freagra agus le hathfhreagra, faoi seach. Tá na pléadálacha i scríbhinn sin faoi réir na rialacha foirmiúla céanna agus atá an t-iarratas agus an chosaint, ach toisc gur doiciméid roghnacha fhorlíontacha iad, is gá dóibh a bheith níos giorra ná an dá doiciméad sin. Ós rud é go leagtar amach (nó go gconspóidtear) an comhthéacs agus na saincheisteanna dlí nó na héilimh is bonn don díospóid go mionsonraithe san iarratas agus sa chosaint, is é an t-aon chuspóir leis an bhfreagra agus an athfhreagra ná a chur ar chumas an iarratasóra agus an chosantóra a seasamh a shoiléiriú nó a gcuid argóintí maidir le ceist thábhachtach a bheachtú, agus féadfaidh an tUachtarán, ina theannta sin, de bhun Airteagal 126 de na Rialacha Nós Imeachta, na nithe lenar chóir go mbeadh baint ag na doiciméid sin leo a shonrú freisin. Mura bhfuil imthosca speisialta ann, níor chóir do fhreagra ná d’athfhreagra dul thar deich leathanach. Ní mór na doiciméid sin a thaisceadh sa Chlárlann laistigh de na teorainneacha ama arna leagan síos ag an gCúirt, agus ní dheonóidh an tUachtarán fadú leis na teorainneacha ama sin ach ar bhonn eisceachtúil, ar iarratas cuí-réasúnaithe. |
Iarratas ar nós imeachta brostaithe
|
23. |
I gcás go n-éilíonn nádúr an cháis go ndéileálfar leis laistigh d’achar gearr ama, féadfaidh an t-iarratasóir nó an cosantóir a iarraidh ar an gCúirt an cás a chinneadh de bhun nós imeachta brostaithe de mhaolú ar fhorálacha na Rialacha Nós Imeachta. Tá an fhéidearthacht sin, dá bhforáiltear in Airteagal 133 de na Rialacha sin, faoi réir iarratas sainráite chuige sin a thaisceadh, áfach, i ndoiciméad ar leith ina leagtar amach go mionsonraithe na himthosca lena dtugtar údar do nós imeachta mar sin a chur i bhfeidhm agus, i gcás ina nglactar le hiarratas den sórt sin, déanfar oiriúnú ar an gcuid i scríbhinn den nós imeachta. Féadfar na gnáth-theorainneacha ama chun pléadálacha i scríbhinn a thaisceadh agus fad na ndoiciméad sin a ghiorrú agus, de bhun Airteagal 134 de na Rialacha Nós Imeachta, ní fhéadfar freagra, athfhreagra ná ráiteas idiragartha a thaisceadh ach i gcás ina measann an tUachtarán gur gá sin. |
Iarratas ar oibriú a chur ar fionraí nó ar bhearta idirlinne (Imeachtaí idirlinne)
|
24. |
Féadfaidh iarratas ar oibriú an ghnímh faoi chonspóid a chur ar fionraí nó iarratas ar bhearta idirlinne dá dtagraítear in Airteagail 278 agus 279 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), faoi seach, a bheith ag gabháil le caingean dhíreach chomh maith. I gcomhréir le hAirteagal 160 de na Rialacha Nós Imeachta, ní bheidh iarratas den sórt sin inghlactha, áfach, murab iarratas é ón iarratasóir a rinne agóid i gcoinne an ghnímh atá faoi thrácht os comhair na Cúirte nó ó pháirtí sa chás a bheidh os comhair na Cúirte agus ní foláir an t-iarratas a dhéanamh i ndoiciméad ar leith ina sonraítear ábhar na n-imeachtaí agus na himthosca is bun lena bheith práinneach agus na saincheisteanna fíorais agus dlí a dhéanann cás prima facie le haghaidh an bhirt idirlinne a iarrtar (‘fumus boni iuris’). Go ginearálta, seirbheáiltear an t-iarratas ar an bpáirtí freasúra sna himeachtaí ansin agus forordóidh an tUachtarán teorainn ama ghairid ina bhféadfaidh an páirtí sin barúlacha i scríbhinn nó ó bhéal a thíolacadh. I gcás deargphráinne, féadfaidh an tUachtarán géilleadh don iarratas go sealadach, fiú sula mbeidh barúlacha an pháirtí freasúra tíolactha. |
An chuid i scríbhinn den nós imeachta in achomhairc
|
25. |
Tá go leor cosúlachtaí idir an chuid i scríbhinn den nós imeachta in achomhairc agus seoladh na céime sin i gcomhthéacs caingne díreacha. Leagtar síos na rialacha ábhartha in Airteagail 167 et seq. (Teideal V) de na Rialacha Nós Imeachta ina sonraítear an t-inneachar is gá in iarratas ar achomharc agus i bhfrithaighneacht agus raon feidhme an ordaithe a bheidh á lorg. |
An t-iarratas ar achomharc
|
26. |
Mar is léir ó Airteagail 168 agus 169 de na Rialacha Nós Imeachta – lena bhforlíontar, ina leith sin, Airteagail 56 go 58 den Reacht - ní fhéadfar achomharc a dhéanamh i gcoinne gníomh de chuid institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh, seachas sin, ní mór an t-achomharc a dhíriú i gcoinne na breithe ón gCúirt Ghinearálta lena dtugtar breith ar an gcaingean i gcoinne an ghnímh sin. Is léir ón méid sin nach mór don ordú a bheidh á lorg san achomharc a bheith dírithe ar bhreith na Cúirte Ginearálta a neamhniú go hiomlán nó i bpáirt, mar a leagtar amach í sa chuid oibríochtúil di, agus ní ar an ngníomh faoi chonspóid os comhair na Cúirte Ginearálta. Is sa chás amháin go ndearbhaítear go bhfuil bunús maith leis an achomharc go bhféadfaidh an Chúirt seasamh, go hiomlán nó go páirteach, leis an ordú atá á lorg ag an gcéad chéim, d’eisiamh aon ordú nua. Ionas nach gcinnfear go bhfuil siad do-ghlactha, ní mór na saincheisteanna dlí agus na hargóintí dlí san achomharc – nár chóir dó dul thar 25 leathanach, mura bhfuil cúinsí eisceachtúla ann – na pointí i bhforais na breithe ón gCúirt Ghinearálta a chonspóidtear a shonrú go beacht freisin agus na cúiseanna a maítear go bhfuil earráid dlí inti a leagan amach go mion. |
|
27. |
D’fhonn dréachtú an fhógra a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a éascú, i gcomhréir le hAirteagal 21(4) de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór don achomharcóir achoimre ar na saincheisteanna dlí sin a cheangal lena iarratas ar achomharc freisin, achoimre a bheidh dhá leathanach ar a mhéid. |
|
28. |
Ní mór doiciméid lena léirítear go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 19 den Reacht agus a atáirgtear in Airteagal 119 de na Rialacha Nós Imeachta a bheith ag gabháil leis an iarratas freisin. Is iad sin, ar thaobh amháin, an deimhniú go bhfuil an dlíodóir a dhéanann ionadaíocht don iarratasóir údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirt de chuid Ballstáit nó de chuid Stát eile is páirtí i gComhaontú LEE agus, ar an taobh eile, doiciméad oifigiúil nó údarás chun gníomhú arna eisiúint le déanaí ag an achomharcóir lena ndeimhnítear go bhfuil an dlíodóir sin údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh dó sna himeachtaí os comhair na Cúirte. Ní chuirfear doiciméad nó údarás chun gníomhú a tugadh ar aird in imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta san áireamh ach amháin má luaitear go sainráite ann go gcumhdaítear leis freisin aon imeachtaí ina dhiaidh sin os comhair na Cúirte Breithiúnais. |
|
29. |
Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 58a den Reacht, ní mór don achomharcóir iarratas go gceadófar don achomharc dul ar aghaidh a chur i gceangal leis an iarratas, ar leithligh ón iarratas ar achomharc féin. Ní mór gach eolas is gá a bheith san iarratas sin, ar seacht leathanach ar a mhéid a fhad, chun a chur ar chumas na Cúirte a chinneadh an gceadófar don achomharc dul ar aghaidh agus, i gcás ina gceadófar leis dul ar aghaidh i bpáirt, na saincheisteanna dlí den achomharc nach mór a bheith sa fhrithaighneacht a shainaithint. |
|
30. |
Ní mór na saincheisteanna dlí ar a bhfuil an t-achomharc bunaithe, in aon chás, a leagan amach go soiléir beacht san iarratas go gceadófar don achomharc dul ar aghaidh, an cheist dlí a ardaítear i ngach saincheist dlí a aithint chomh beacht soiléir céanna agus a mhíniú, go sonrach, an chaoi a bhfuil an cheist sin suntasach i ndáil le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais. |
|
31. |
I gcomhréir le hAirteagal 170a(1) de na Rialacha Nós Imeachta, in éagmais iarratas den sórt sin, beidh an t-achomharc do-ghlactha ina iomláine. |
An fhrithaighneacht
|
32. |
Laistigh de thréimhse dhá mhí ó sheirbheáil an achomhairc air – móide an tréimhse deich lá mar gheall ar fhad slí –, féadfaidh aon pháirtí sa chás faoi thrácht os comhair na Cúirte Ginearálta a mbeidh leas aige i gceadú nó i scor an achomhairc frithaighneacht a thaisceadh. Más rud é go ndearnadh an cás atá faoi achomharc os comhair na Cúirte Breithiúnais a uamadh le cás amháin eile nó níos mó sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta, ní bheidh na páirtithe sna cásanna eile sin ina bpáirtithe os comhair na Cúirte Breithiúnais go huathoibríoch. Ní fhéadfaidh siad frithaighneacht a thaisceadh ach amháin má tá siad ina bpáirtithe sa chás atá faoi achomharc freisin. |
|
33. |
Tá inneachar na frithaighneachta sin faoi réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 173 de na Rialacha Nós Imeachta agus, i gcomhréir le hAirteagal 174 de na Rialacha sin, ní mór a iarraidh inti an t-achomharc a cheadú nó a dhíbhe, go hiomlán nó go páirteach. Ní mór na hargóintí dlíthiúla sa fhrithaighneacht, a mhéid is féidir, a struchtúrú ar bhonn shaincheisteanna dlí an achomharcóra, ach ní gá a athlua, sa fhrithaighneacht sin, an dlí agus na fíorais a bhaineann leis na himeachtaí, mura bhfuil an cuntas a thugtar orthu san iarratas ar achomharc á chonspóid agus mura dteastaíonn tuilleadh sonraí ina leith. Mar sin féin, ní mór agóid i gcoinne inghlacthacht an achomhairc sin, ina hiomláine nó i bpáirt, a bheith sa fhrithaighneacht féin, ó tharla nach bhfuil an fhéidearthacht – dá bhforáiltear in Airteagal 151 de na Rialacha Nós Imeachta – chun pléadáil maidir le do-ghlacthacht na caingne a dhéanamh i ndoiciméad ar leith infheidhme maidir le hachomhairc. Mar an gcéanna leis an iarratas ar achomharc, agus in éagmais imthosca speisialta, níor chóir don fhrithaighneacht dul thar 25 leathanach. |
An crosachomharc
|
34. |
I gcás inar mian le páirtí sa chás faoi thrácht os comhair na Cúirte Ginearálta agóid a dhéanamh i gcoinne bhreith na Cúirte sin, nuair a sheirbheáiltear an t-achomharc air, maidir le gné nár luadh san iarratas ar achomharc, ní mór don pháirtí sin crosachomharc a dhéanamh i gcoinne bhreith na Cúirte Ginearálta. Ní mór an t-achomharc sin a dhéanamh i ndoiciméad ar leith laistigh den teorainn ama chéanna le haghaidh frithaighneacht a chur isteach, teorainn ama nach bhféadfar a fhadú, agus na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 177 agus 178 de na Rialacha Nós Imeachta a chomhlíonadh. Ní mór do na saincheisteanna dlí agus na hargóintí dlí sa chosachomharc a bheith éagsúil leo siúd a mbeifear ag brath orthu sa fhrithaighneacht. |
An fhrithaighneacht ar an gcrosachomarc
|
35. |
I gcás ina ndéanfar crosachomharc den sórt sin, féadfaidh an t-iarratasóir ag an gcéad chéim nó aon pháirtí eile cuí sa chás os comhair na Cúirte Ginearálta, a mbeidh leas aige i gceadú nó i ndíbhe an chrosachomhairc, frithaighneacht a thaisceadh, a bheidh teoranta do na saincheisteanna dlí ar a mbeidh an crosachomharc ag brath. I gcomhréir le hAirteagal 179 de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór an doiciméad sin a thaisceadh laistigh de theorainn ama dhá mhí ó sheirbheáil an chrosachomhairc (móide an tréimhse aonair deich lá mar gheall ar fhad slí), tréimhse nach bhféadfar a fhadú. |
An freagra agus an t-athfhreagra
|
36. |
In achomhairc agus i gcrosachomhairc araon, féadfar an t-achomharc agus an fhrithaighneacht a fhorlíonadh le freagra agus le hathfhreagra, go háirithe chun a chur ar chumas na bpáirtithe seasamh a ghlacadh i leith pléadáil maidir le do-ghlacthacht nó ábhair nua a mbeifear ag brath orthu sa fhrithaighneacht nó sna frithaighneachtaí. Murab ionann agus na rialacha a bhfuil feidhm acu i leith caingne díreacha, tá an fhéidearthacht sin faoi réir údarú sainráite ó Uachtarán na Cúirte, áfach. Chuige sin, iarrtar ar an achomharcóir (nó ar an bpáirtí a rinne an crosachomharc), iarratas cuí-réasúnaithe a chur isteach laistigh de sheacht lá ó sheirbheáil na frithaighneachta nó na bhfrithaighneachtaí (nó na frithaighneachta nó na bhfrithaighneachtaí ar an gcrosachomharc) – móide an tréimhse deich lá mar gheall ar fhad slí –, ina leagtar amach na cúiseanna a bhfuil gá le freagra i dtuairim an pháirtí sin. Ní mór don iarratas sin – nár chóir dó dul thar trí leathanach – a bheith intuigthe ann féin, gan gá a bheith ann tagairt don achomharc ná don fhrithaighneacht. |
|
37. |
De bharr chineál sonrach na n-achomharc, atá teoranta do cheisteanna dlí a scrúdú, féadfaidh an tUachtarán, ina theannta sin, i gcás ina nglactar leis an iarratas ar fhreagra a thaisceadh, teorainn a chur le hábhar agus le líon na leathanach a bheidh sa fhreagra sin agus san athfhreagra a thaiscfear ina dhiaidh sin. Is coinníoll bunúsach maidir le reáchtáil chuí an nós imeachta na treoracha sin a urramú, agus i gcás ina bhfuil níos mó leathanach ná mar a údaraíodh sa fhreagra nó san athfhreagra, nó ina luaitear ceisteanna eile iontu, seolfar an doiciméad sin ar ais chuig a n-údair. |
Achomhairc arna dtabhairt de bhun Airteagal 57 den Reacht
|
38. |
Níl na rialacha a leagtar amach i míreanna 25 go 37 de na treoracha seo infheidhme ina n-iomláine, áfach, maidir le hachomhairc arna ndéanamh i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta lena ndiúltaítear d’iarratas ar idiragairt nó a ghlactar maidir le hiarratas ar bhearta idirlinne de bhun Airteagail 278 nó 279 CFAE. De bhun an tríú mír d’Airteagal 57 den Reacht, tá achomhairc den sórt sin faoi réir an nós imeachta céanna agus atá iarratas ar bhearta idirlinne arna thionscnamh go díreach os comhair na Cúirte. Tugtar tréimhse ghearr ansin do na páirtithe chun aon bharúlacha atá acu faoin achomharc a thaisceadh agus tabharfaidh an Chúirt breith ar an achomharc gan aon chuid i scríbhinn bhreise, nó gan cuid ó bhéal fiú. |
Rúndacht in achomhairc
|
39. |
Mar is léir ó na forálacha thuas, seirbheáiltear an t-iarratas ar achomharc agus na doiciméid arna dtaisceadh ina dhiaidh sin ar na páirtithe go léir sa chás faoi thrácht os comhair na Cúirte Ginearálta, beag beann ar a stádas ó thaobh nós imeachta de os comhair na cúirte sin (iarratasóir, cosantóir nó idiragraí). Ós rud é go bhfuil na hachomhairc teoranta, de bhun Airteagal 58 den Reacht, do cheisteanna dlí, ní mór do na páirtithe staonadh ó fhaisnéis shicréideach nó rúnda a lua ina bpléadálacha i scríbhinn. I gcás, ar bhonn eisceachtúil, ina mbeadh láimhseáil rúnda á lorg i leith gnéithe áirithe de phléadálacha, iarrtar ar údar na bpléadálacha sin iarratas cuí-réasúnaithe ar láimhseáil rúnda (ina sonraítear raon feidhme na rúndachta arna hiarraidh agus na páirtithe sna himeachtaí a bhfuil an t-iarratas sin dírithe orthu) a thaisceadh i ndoiciméad ar leith, chomh maith le leagan neamhrúnda dá phléadálacha, a fhéadfar a sheirbheáil ar na páirtithe eile sin. Maidir le faisnéis a bhí i gcomhad na Cúirte Ginearálta, ní fhéadfaidh raon feidhme iarratais den sórt sin, in aon chás, a bheith níos leithne ná raon feidhme na láimhseála rúnda a thug an chúirt sin cheana féin i leith na n-idiragraithe. |
|
40. |
I gcás ina nglacfaidh an Chúirt leis an iarratas ar rúndacht, déanfar an leagan neamhrúnda de na pléadálacha lena mbaineann a sheirbheáil ar na páirtithe eile sa chás atá i gceist. Má ghlactar leis an iarratas sin i bpáirt, iarrtar ar an bpáirtí dár deonaíodh an láimhseáil rúnda leagan nua neamhrúnda dá phléadálacha a thabhairt ar aird gan mhoill, agus seirbheálfar an leagan sin ar na páirtithe eile a luaithe a bheidh sé faighte ag an gCúirt. |
Idiragairt i gcaingne díreacha agus in achomhairc
An t-iarratas ar idiragairt
|
41. |
I gcomhréir le hAirteagal 40 den Reacht, féadfaidh na Ballstáit agus institiúidí an Aontais Eorpaigh, ar thaobh amháin, agus, sna cúinsí a leagtar síos sa dara agus sa tríú mír den airteagal sin, na tíortha nach Ballstáit is páirtithe i gComhaontú LEE, Údarás Faireacháin CSTE, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus aon duine eile nádúrtha nó dlítheanach, ar an taobh eile, idiragairt i gcásanna os comhair na Cúirte Breithiúnais chun tacaíocht a thabhairt, go hiomlán nó i bpáirt, don ordú a bheidh á lorg ag ceann de na páirtithe. Chun go gcuirfear san áireamh é, ní mór d’iarratas ar idiragairt na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 130(2) go (4) de na Rialacha Nós Imeachta a chomhlíonadh agus ní mór é a thíolacadh laistigh de thréimhse sé seachtaine (i gcás iarratas arna dhéanamh i gcomhthéacs caingean dhíreach) nó laistigh de mhí amháin (i gcás iarratas arna dhéanamh i gcomhthéacs achomhairc). Tosóidh an tréimhse sin, móide an tréimhse 10 lá mar gheall ar fhad slí, ó fhoilsiú an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 21(4) de na Rialacha Nós Imeachta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
Barúlacha ar an iarratas ar idiragairt
|
42. |
Tar éis an t-iarratas ar idiragairt a sheirbheáil, iarrtar ar na príomhpháirtithe, i gcomhréir le hAirteagal 131(1) de na Rialacha Nós Imeachta, aon bharúlacha a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an iarratas sin a thíolacadh laistigh de 10 lá ón tseirbheáil. Más rud é, laistigh den tréimhse sin, móide an tréimhse 10 lá mar gheall ar fhad slí, go dtagraíonn na páirtithe sin d’ítimí nó doiciméid shicréideacha nó rúnda, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dóibh dá nochtfaí iad don iarratasóir ar idiragairt, iarrtar ar na páirtithe sin leagan neamhrúnda de na hítimí nó doiciméid lena mbaineann a thabhairt ar aird, a fhéadfar a sheirbheáil ar an iarratasóir ar idiragairt má dheonaítear a iarratas. |
An ráiteas idiragartha
|
43. |
I gcás ina nglactar leis an iarratas ar idiragairt agus ina seolfar chuig an idiragraí cóip de na doiciméid nós imeachta go léir arna seirbheáil ar na páirtithe, cé is moite, i gcás inarb iomchuí, d’ítimí nó doiciméid shicréideacha nó rúnda, beidh mí agus deich lá aige ón uair a fhaightear na hítimí nó na doiciméid sin chun an ráiteas idiragartha a thaisceadh. Cé nach mór don ráiteas sin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 132(2) de na Rialacha Nós Imeachta a chomhlíonadh, is gá go mbeidh a inneachar níos achoimre, áfach, ná pléadálacha an pháirtí a dtugtar tacaíocht dó agus níor chóir dó dul thar 10 leathanach. Ós rud é go bhfuil an idiragairt de chineál tánaisteach i dtaca leis na príomhimeachtaí, ní mór don idiragraí staonadh ó na saincheisteanna dlí nó na hargóintí atá i scríbhinní an pháirtí a bhfuil sé ag tacú leis a athlua ina ráiteas agus níor chóir dó ach saincheisteanna dlí nó argóintí breise, a thacaíonn le hargóintí an pháirtí sin a dhéanamh. Ní gá an dlí agus na fíorais a bhaineann leis an díospóid a leagan amach arís, mura bhfuil an cuntas a thugtar orthu sna pléadálacha i scríbhinn ó na príomhpháirtithe á chonspóid nó mura dteastaíonn tuilleadh sonraí ina leith. |
Barúlacha ar an ráiteas idiragartha
|
44. |
Tar éis an ráiteas idiragartha a thaisceadh, féadfaidh an tUachtarán, má mheasann sé gur gá sin, tréimhse a shocrú le haghaidh tíolacadh barúlacha gearra ar an ráiteas sin. Mar sin féin, is ar bhonn roghnach a thaiscfear barúlacha den sórt sin, nár chóir dóibh dul thar 5 leathanach. Is é an t-aon chuspóir le barúlacha den sórt sin ná a chur ar chumas na bpríomhpháirtithe freagairt do líomhaintí áirithe ón idiragraí nó seasamh a ghlacadh ar na saincheisteanna dlí nó argóintí nua ón bpáirtí sin. In éagmais an mhéid sin, moltar staonadh ó bharúlacha den sórt sin a thaisceadh agus an Chúirt a chur ar an eolas faoi sin, ionas nach gcuirfear le fad an chuid i scríbhinn den nós imeachta gan chúis. |
Iarratais ar idiragairt a dhéantar go déanach
|
45. |
Má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 130(2) go (4) de na Rialacha Nós Imeachta, féadfaidh an Chúirt iarratas ar idiragairt arna thaisceadh tar éis dhul in éag na teorann ama de shé seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 130(1) de na Rialacha Nós Imeachta nó de mhí amháin in Airteagal 190(2) de na Rialacha Nós Imeachta a bhreithniú chomh maith, ar an gcoinníoll, áfach, go bhfaighidh sí é sula nglacfar an cinneadh chun tús a chur leis an gcuid ó bhéal den nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 60(4) de na Rialacha sin. Sa chás sin, de bhun Airteagal 129(4) de na Rialacha Nós Imeachta, féadfaidh an t-idiragraí a bharúlacha a chur in iúl le linn na héisteachta, má eagraítear éisteacht sa chás lena mbaineann. |
Idiragairt i gcomhthéacs iarratas ar bhearta idirlinne nó nós imeachta brostaithe
|
46. |
Is amhlaidh an cás, i bprionsabal, maidir le hidiragairt i gcomhthéacs iarratas ar bhearta idirlinne nó chur i bhfeidhm an nós imeachta brostaithe. Mura bhfuil imthosca speisialta ann lena dtugtar údar do bharúlacha i scríbhinn a thaisceadh, ní fhéadfaidh an duine nó an t-eintiteas ar údaraíodh dó idiragairt i gcomhthéacs nós imeachta den sórt sin a bharúlacha a chur in iúl ach ó bhéal, i gcás ina reáchtáiltear éisteacht. |
Easpa idiragartha i dtarchuir chun réamhrialú
|
47. |
Níl na rialacha thuas maidir le hidiragairt infheidhme i dtaca le tarchuir chun réamhrialú, áfach. De bharr nach imeachtaí sáraíochta an chatagóir cásanna sin agus i ngeall ar an ról speisialta atá ag an gCúirt nuair a iarrtar uirthi réamhrialú a thabhairt maidir le léiriú nó bailíocht dhlí an Aontais Eorpaigh, ní údaraítear ach do na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht - agus, más cuí, d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh a n-iarrtar sin orthu de bhun Airteagal 24(2) den Reacht - barúlacha i scríbhinn nó ó bhéal a thabhairt ar na ceisteanna a chuireann cúirteanna agus binsí na mBallstát faoi bhráid na Cúirte. |
Foirm agus struchtúr na ndoiciméad nós imeachta
|
48. |
De bhreis ar an méid thuasluaite agus ar na ceanglais maidir le hinneachar na ndoiciméad nós imeachta a eascraíonn ó na forálacha den Reacht agus de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór do na pléadálacha agus barúlacha i scríbhinn a thaiscfear sa Chúirt ceanglais bhreise áirithe a chomhlíonadh atá dírithe ar léamh agus próiseáil na ndoiciméad sin ag an gCúirt a éascú agus, go háirithe, iad a aistriú go teanga amháin nó níos mó. Baineann na ceanglais sin le foirm agus cur i láthair na ndoiciméad nós imeachta agus lena struchtúr agus a bhfad. |
|
49. |
Ó thaobh na foirme de, ar an gcéad dul síos, ní mór na pléadálacha nó na barúlacha i scríbhinn arna dtaisceadh ag na páirtithe nó na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht a chur i láthair sa chaoi go bhféadfaidh an Chúirt iad a phróiseáil go leictreonach. Ina leith sin, ní mór aird a thabhairt ar na ceanglais seo a leanas:
|
|
50. |
De bhreis ar na ceanglais fhoirmiúla, ní mór na doiciméid nós imeachta arna dtaisceadh ag an gCúirt a dhréachtú sa chaoi gur féidir a struchtúr agus a raon feidhme a thuiscint ó na chéad leathanaigh ar aghaidh. Chomh maith le teideal an doiciméid, uimhir an cháis (más rud é go bhfuil sí curtha in iúl ag an gClárlann cheana) agus na páirtithe lena mbaineann sé nó a n-inisealacha (más rud é go ndearnadh anaithnid é) a lua ar an gcéad leathanach de na pléadálacha nó barúlacha i scríbhinn lena mbaineann, beidh achoimre ar an scéimre arna shocrú ag an údar nó clár na n-ábhar ag tús na bpléadálacha nó na mbarúlacha i scríbhinn. Ag deireadh na bpléadálacha nó na mbarúlacha, ní mór an t-ordú atá á lorg ag a n-údair a bheith luaite nó, in imeachtaí réamhrialaithe, na freagraí a mholann sé ar na ceisteanna a chuir an chúirt nó an binse a rinne an tarchur. |
|
51. |
Níl na doiciméid a chuirtear faoi bhráid na Cúirte faoi réir aon cheanglas eile, ó thaobh a n-inneachair, de bhreis orthu siúd a eascraíonn ón Reacht agus ó na Rialacha Nós Imeachta, ach ní mór a choinneáil i gcuimhne go bhfuil na doiciméid sin mar bhunús den bhreithniú a dhéanfaidh an Chúirt ar an gcáschomhad agus, mar riail ghinearálta, go mbíonn siad le haistriú ag an gCúirt nó ag an institiúid a d’eisigh iad. Ar mhaithe le reáchtáil chuí na n-imeachtaí agus chun leas na bpáirtithe féin, ní mór na pléadálacha nó barúlacha i scríbhinn a dhréachtú i bhfriotal simplí beacht, gan téarmaí teicniúla a bhaineann go sonrach leis an dlíchóras náisiúnta a úsáid. Ní mór athrá a sheachaint agus, a mhéid is féidir, ní mór abairtí gearra a úsáid de rogha ar abairtí fada casta ina bhfuil clásail idiraisnéiseacha agus fochlásail. |
|
52. |
I gcás ina dtagraíonn na páirtithe do théacs nó do reachtaíocht faoi leith den dlí náisiúnta nó de dhlí an Aontais Eorpaigh ina bpléadálacha i scríbhinn nó barúlacha i scríbhinn, ní mór na tagairtí don téacs nó don reachtaíocht sin a shonrú go beacht, maidir le dáta a nglactha agus, más féidir, an dáta ar foilsíodh an doiciméad sin agus a infheidhmeacht ó thaobh ama de. Ar an gcaoi chéanna, i gcás ina dtagraíonn siad do shliocht nó cuid de chinneadh breithiúnach nó do Thuairim ó Abhcóide Ginearálta, iarrtar ar na páirtithe ainm agus uimhir an cháis lena mbaineann mar aon le huimhir ECLI (‘Aitheantóir Cásdlí Eorpaigh’) an chinnidh nó na Tuairime agus na tagairtí beachta don tsliocht nó don chuid atá i gceist a shonrú. |
|
53. |
Ar deireadh, is fiú a thabhairt faoi deara: ní mór d’argóintí dlíthiúla na bpáirtithe nó na ndaoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht a bheith sna pléadálacha nó barúlacha i scríbhinn, agus ní in aon iarscríbhinní i gceangal leo, iarscríbhinní nach n-aistrítear go ginearálta. Níl le ceangal leis na pléadálacha nó na barúlacha sin ach na doiciméid dá dtagraítear i gcorp na bpléadálacha nó na mbarúlacha i scríbhinn féin, a bhfuil gá leo chun an méid atá iontu a léiriú nó a chomhlánú. Ina theannta sin, ní ghlactar le hiarscríbhinní, de bhun Airteagal 57(3) de na Rialacha Nós Imeachta, mura bhfuil sceideal iarscríbhinní ag gabháil leo. Sa sceideal sin, le haghaidh gach doiciméid atá i gceangal, tugtar uimhir na hiarscríbhinne, tuairisc ghearr ar an gcineál doiciméid atá ann agus tagairt don leathanach nó don mhír de na pléadálacha nó de na barúlacha i scríbhinn ina ndéantar tagairt don doiciméad agus ina dtugtar cúis mhaith lena thabhairt ar aird. |
|
54. |
I gcás ina bhfuil doiciméad nós imeachta ar neamhréir go follasach leis na ceanglais sna línte thuas agus, go háirithe, leis na treoracha maidir le leagan amach agus fad an doiciméid sin, seolfaidh an Chlárlann an doiciméad sin ar ais chuig a údar agus iarrfar air é a chur ina cheart laistigh de thréimhse ghearr. |
Taisceadh agus seoladh na ndoiciméad nós imeachta
|
55. |
Ní fhéadfar ach na doiciméid dá bhforáiltear go sainráite sna Rialacha Nós Imeachta a chur leis an gcáschomhad. Ní chuirfidh an Chúirt doiciméid nach bhforáiltear dóibh leis na Rialacha sin san áireamh agus seolfaidh an Chlárlann ar ais chuig an údar iad. |
|
56. |
Ní mór na doiciméid nós imeachta a thaisceadh, laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear, i gcomhréir leis na ceanglais arna leagan síos in Airteagal 57 de na Rialacha Nós Imeachta. De bhun Airteagal 57(5) de na Rialacha Nós Imeachta sin, ní chuirfear san áireamh ach an dáta agus an uair a thaiscfear an doiciméad bunaidh sa Chlárlann i ndáil leis na teorainneacha ama nós imeachta. Ní bheidh feidhm ag an riail a leagtar síos in Airteagal 49(2) de na Rialacha Nós Imeachta ach amháin i gcás ina gcríochnaíonn an tréimhse chun doiciméad nós imeachta a thaisceadh, móide an tréimhse 10 lá mar gheall ar fhad slí, ar an Satharn, ar an Domhnach nó ar lá saoire oifigiúla. Foilseofar an liosta de na laethanta saoire oifigiúla gach bliain in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (https://curia.europa.eu/jcms/jcms/Jo2_7031/fr). |
|
57. |
Sna cásanna dá bhforáiltear sna Rialacha Nós Imeachta, féadfar síneadh a chur leis na teorainneacha ama a leagtar síos sna Rialacha sin. Ní mór na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe a lua i gcónaí in iarratais ar theorainneacha ama a shíneadh agus ní mór iad a chur isteach in am trátha roimh dhul in éag na teorann ama chun an doiciméad lena mbaineann a thaisceadh. |
|
58. |
Is é an taisceadh trí fheidhmchlár e-Curia an modh taiscthe is sábháilte agus is tapúla. Feidhmchlár éasca le húsáid agus áisiúil atá ann, agus is féidir doiciméid nós imeachta a thaisceadh agus a sheirbheáil trí mheán leictreonach amháin leis an bhfeidhmchlár sin, gan ghá le seoladh dúbailte a dhéanamh tríd an bpost. Tá na bealaí chun teacht ar fheidhmchlár e-Curia agus a choinníollacha úsáide le fáil i gcinneadh na Cúirte maidir le doiciméid nós imeachta a thaisceadh agus a sheirbheáil trí fheidhmchlár e-Curia, agus sna coinníollacha úsáide dá dtagraítear sa chinneadh sin. Tá na doiciméid sin ar fáil ar shuíomh gréasáin na hinstitiúide (https://curia.europa.eu/jcms/jcms/P_78957/fr/). |
|
59. |
Mura n-úsáidtear an feidhmchlár thuasluaite chun doiciméad nós imeachta a sheoladh chuig an gCúirt, féadfar é a sheoladh chuig an gCúirt tríd an bpost. Ní mór an clúdach ina bhfuil an doiciméad sin a sheoladh chuig Clárlann na Cúirte ag an seoladh seo a leanas: Rue du Fort Niedergrünewald, L- 2925 Lucsamburg. Ina leith sin, is fiú a thabhairt faoi deara, de bhun Airteagal 57(5) de na Rialacha Nós Imeachta, nach gcuirfear san áireamh ach an dáta agus an uair a thaiscfear an bundoiciméad sa Chlárlann chun teorainneacha ama nós imeachta a ríomh. Ionas go seachnófar go mbeidh cosc ama ar na doiciméid, moltar go láidir an seoladh atá i gceist a dhéanamh tríd an bpost cláraithe nó trí luasphost roinnt laethanta roimh dhul in éag na teorann ama a forordaíodh chun an doiciméad a thaisceadh, nó fiú an doiciméad atá i dtrácht a thaisceadh go fisiciúil i gClárlann na Cúirte nó, taobh amuigh d’uaireanta oscailte na Clárlainne, ag an oifig fáilte i bhfoirgnimh na Cúirte ina ndeimhneoidh an feighlí go bhfuil an doiciméad sin faighte trí dháta agus uair a thaiscthe a mharcáil air. |
|
60. |
Faoi láthair, is féidir freisin cóip den doiciméad nós imeachta bunaidh sínithe a sheoladh chuig an gClárlann mar cheangaltán trí ríomhphost (ecj.registry@curia.europa.eu) nó trí fhacs [+352 433766], ach níor cheart an dá mhodh tarchuir sin a úsáid ach go heisceachtúil, ós rud é go bhfuil roinnt teorainneacha teicniúla ag baint leo agus nach mbaineann na buntáistí agus na ráthaíochtaí céanna leo agus a bhaineann le feidhmchlár e-Curia. Thairis sin, ní mór a thabhairt faoi deara nach mbeidh taisceadh doiciméid nós imeachta trí ríomhphost nó facs bailí, ó thaobh na dteorainneacha ama nós imeachta a chomhlíonadh, ach ar an gcoinníoll go ndéanfar an doiciméad bunaidh sínithe féin agus aon iarscríbhinní a sheachadadh sa Chlárlann, deich lá ar a dhéanaí ó sheoladh na cóipe den doiciméad bunaidh sínithe sin trí ríomhphost nó facs. Dá bhrí sin, ní mór an doiciméad bunaidh sin a sheoladh nó a thaisceadh gan mhoill, díreach i ndiaidh sheoladh na cóipe, gan cheartúcháin ná athruithe, fiú más mioncheartúcháin nó mionathruithe iad. I gcás ina bhfuil difríocht idir an doiciméad bunaidh sínithe agus an chóip arna seoladh roimhe, ní chuirfear san áireamh ach dáta taiscthe an doiciméid bunaidh shínithe sa Chlárlann. |
|
61. |
Chomh maith leis an mbunleagan de phléadálacha nó barúlacha i scríbhinn a sheoladh chuig an gClárlann de réir na modhanna tarchuir dá bhforáiltear sna míreanna roimhe seo, ní mór leagan ineagarthóireachta (3) de na pléadálacha nó de na barúlacha sin a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas, chun próiseáil na ndoiciméad sin ag an gCúirt a éascú agus, go háirithe, chun iad a aistriú go teanga oifigiúil amháin nó níos mó de chuid an Aontais Eorpaigh, editable-versions@curia.europa.eu. |
III. AN CHUID Ó BHÉAL DEN NÓS IMEACHTA
|
62. |
Mar is léir ón gceathrú mír d’Airteagal 20 den Reacht, sa chuid ó bhéal den nós imeachta, go bunúsach, tá dhá chéim éagsúla: éisteacht na bpáirtithe nó na ndaoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht agus fógairt Thuairim an Abhcóide Ghinearálta. De réir an chúigiú mír d’Airteagal 20 den Reacht, féadfaidh an Chúirt a chinneadh, mar sin féin, i gcás ina measann sí nach n-ardaíonn an cás aon phonc nua dlí, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim an Abhcóide Ghinearálta a éisteacht. Maidir le héisteacht a reáchtáil, ní dhéanfar é sin go huathoibríoch. |
An cuspóir leis an éisteacht
|
63. |
I bhfianaise a thábhachtaí is atá an chuid i scríbhinn den nós imeachta sna cásanna a chuirtear faoi bhráid na Cúirte agus faoi réir chur i bhfeidhm Airteagal 76(3) de na Rialacha Nós Imeachta, ar dá réir a eagraítear éisteacht in imeachtaí réamhrialaithe i gcás inar thaisc duine leasmhar nach raibh páirteach sa chuid i scríbhinn den nós imeachta iarratas réasúnaithe, ní hé iarratas sainráite ar éisteacht a bheith déanta an ní is tábhachtaí ó thaobh éisteacht a reáchtáil ach measúnú na Cúirte féin maidir le breisluach na héisteachta sin agus an gcuirfeadh sin leis an réiteach a ghlacfar ar an díospóid nó leis na freagraí a d’fhéadfadh an Chúirt a thabhairt ar na ceisteanna ó chúirt nó ó bhinse de chuid Ballstáit a chinneadh. Dá bhrí sin, reáchtálfaidh an Chúirt éisteacht aon uair a fhéadfaidh sin rannchuidiú le tuiscint níos fearr ar an gcás agus ar na ceisteanna lena mbaineann, cibé acu an ndearna na páirtithe nó na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht iarratas chuige sin nó nach ndearna. |
An t-iarratas ar éisteacht
|
64. |
Má mheasann na páirtithe nó na daoine leasmhara sin nach mór éisteacht a eagrú i gcás, ní mór dóibh, i ngach cás, a luaithe a sheirbheálfar an fógra gur cuireadh clabhsúr leis an gcuid i scríbhinn den nós imeachta, a chur in iúl don Chúirt na cúiseanna sonracha a bhfuil siad ag iarraidh éisteacht a fháil uaithi. Ní mór na cúiseanna sin — nach cóir a mheascadh le pléadálacha nó barúlacha i scríbhinn agus nach cóir dul thar trí leathanach — a bheith bunaithe ar mheasúnú nithiúil ar an tairbhe a bheadh ag gabháil le héisteacht don pháirtí atá i gceist agus na gnéithe den chomhad nó de na hargóintí a measann an páirtí sin gur gá iad a fhorbairt nó a shéanadh ar bhonn níos iomláine le linn na héisteachta sin a shonrú. Ní leor cúiseanna ginearálta a thagraíonn, mar shampla, don tábhacht a bhaineann leis an gcás nó do na ceisteanna atá le cinneadh ag an gCúirt. |
An fógra maidir le freastal ar an éisteacht agus an gá le freagra iomlán a thabhairt go mear ar an bhfógra sin
|
65. |
I gcás ina gcinneann an Chúirt éisteacht a eagrú i gcás áirithe, socróidh sí dáta agus uair na héisteachta go baileach agus seolfaidh an Chlárlann fógra chun freastal ar an éisteacht chuig na páirtithe agus na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht láithreach, fógra ina gcuirfear in iúl dóibh an comhdhéanamh d’fhoirmíocht na Cúirte dár sannadh an cás, na bearta eagrúcháin nós imeachta atá cinnte ag an gCúirt agus, i gcás inarb iomchuí, nach mbeidh Tuairim ón Abhcóide Ginearálta. Ionas go bhféadfaidh an Chúirt an éisteacht sin a eagrú faoi na dálaí is fearr is féidir, iarrtar ar na páirtithe nó na daoine leasmhara dá dtagraítear thuas freagra a thabhairt ar litir na Clárlainne laistigh de thréimhse ghearr ina léireofar an bhfuil sé ar intinn acu páirt éifeachtach a ghlacadh san éisteacht. Má tá, iarrtar ar na páirtithe nó ar na daoine leasmhara sin an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil don Chlárlann:
Má thugtar freagra déanach nó neamhiomlán ar litreacha na Clárlainne i ndáil le fógra chun freastal ar an éisteacht, d’fhéadfadh an méid sin cur isteach ar sheoladh cuí na héisteachta agus, dá bhrí sin, ar fhiúntas na héisteachta i ndáil leis an díospóid arna tabhairt os comhair na Cúirte a réiteach. |
|
66. |
Más rud é go bhféadfaí éisteacht dár tugadh fógra do na páirtithe nó na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht chun freastal air a chraoladh ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus go measann duine de na páirtithe nó na daoine leasmhara sin nár chóir an éisteacht sin a chraoladh, cuirfidh sé sin in iúl don Chúirt a luaithe is féidir, agus na himthosca lena dtugtar údar gan an éisteacht a chraoladh á leagan amach go mionsonraithe. I gcomhréir le hAirteagal 80a(4) de na Rialacha Nós Imeachta, tabharfaidh an tUachtarán breith ar an iarratas sin a luaithe is féidir, tar éis dó an Breitheamh is Rapóirtéir agus, i gcás inarb iomchuí, an tAbhcóide Ginearálta a sannadh don chás a éisteacht. |
Na bearta atá le glacadh i dtaca leis an éisteacht
|
67. |
Beag beann ar a dteideal agus ar a gcáil, ní mór do na daoine a dhéanann pléadálacha os comhair na Cúirte róbaí a chaitheamh. Dá bhrí sin, iarrtar ar na gníomhairí, na dlíodóirí agus, in imeachtaí réamhrialaithe, aon duine eile a bheidh údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh do pháirtí sna príomhimeachtaí de bhun na rialacha nós imeachta náisiúnta róbaí a thabhairt leo nuair a ghlacann siad páirt in éisteacht arna heagrú ag an gCúirt. Mura bhfuil róbaí ag na daoine sin, tá cúpla ceann ag an gCúirt atá ar fáil dóibh ach, de bharr nach bhfuil ach líon teoranta róbaí ar fáil agus mar gheall ar na toisí éagsúla, iarrtar ar na hionadaithe lena mbaineann é sin a chur in iúl don Chúirt roimh ré, sa fhreagra ar an litir lena dtugtar fógra dóibh chun freastal ar an éisteacht. |
|
68. |
Mar chuid den fhreagra céanna, ar mhaithe leis an éisteacht a eagrú ar an gcaoi is fearr, iarrtar freisin ar na páirtithe agus ar a n-ionadaithe gach beart sonrach a chur in iúl don Chúirt lena bhféadfaí a rannpháirtíocht éifeachtach san éisteacht a éascú, go háirithe i gcás míchumais nó beagluaineachta. |
|
69. |
I bhfianaise na ndálaí tráchta i Lucsamburg agus na mbeart slándála atá i bhfeidhm maidir le dul isteach i bhfoirgnimh na Cúirte, moltar an méid is gá a dhéanamh chun bheith i láthair sa seomra éisteachta 20 nóiméad ar a laghad roimh an am atá socraithe do thús na héisteachta. Roimh an éisteacht, is gnách go labhróidh na Comhaltaí den fhoirmíocht agus, más iomchuí, an tAbhcóide Ginearálta, le hionadaithe na bpáirtithe agus na ndaoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht, go hachomair, maidir le seoladh na héisteachta. Féadfaidh an Breitheamh is Rapóirtéir agus an tAbhcóide Ginearálta, ar an ócáid sin, a iarraidh ar na hionadaithe thuasluaite, sonraí chomhlántacha a thabhairt le linn na héisteachta ar cheisteanna áirithe nó gné áirithe den chás faoi thrácht a fhorbairt. |
Rannpháirtíocht in éisteacht trí fhíschomhdháil
|
70. |
Mar is léir ó Airteagal 78 de na Rialacha Nós Imeachta, féadfaidh ionadaí ar pháirtí nó, in imeachtaí réamhrialaithe, páirtí sna príomhimeachtaí i gcás ina n-údaraítear dó imeachtaí cúirte a thionscnamh nó a chosaint gan ionadaíocht ó dhlíodóir, freastal ar an éisteacht trí fhíschomhdháil i gcás ina gcuireann cúiseanna sláinte, slándála nó cúiseanna tromchúiseacha eile a bhaineann, mar shampla, lena staid sláinte pearsanta, stailc san earnáil iompair nó i gcás ina gcuirtear ar ceal go tobann an eitilt a bhí sé ceaptha a fháil, cúpla uair an chloig roimh an éisteacht a thionól. |
|
71. |
Ionas gur féidir an t-iarratas sin a chur san áireamh, ní mór an t-iarratas sin a thíolacadh i ndoiciméad ar leith, a luaithe a bheidh an chúis leis an mbac ar eolas agus ní mór an cineál baic a mhaítear a lua, mar aon le sonraí teagmhála an duine nach mór dul i dteagmháil leis sa chás go nglacfar leis an iarratas. Beartaítear leis na sonraí sin a chur ar chumas na Cúirte na tástálacha teicniúla agus ateangaireachta is gá a dhéanamh chun an cháilíocht fuaime agus íomhá is airde is féidir a áirithiú, mar aon le nasc idirlín atá go hiomlán cobhsaí. |
|
72. |
Forchoimeádann an Chúirt, chuige sin, an ceart chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an réiteach teicniúil lena ngabhann leibhéal oiriúnach slándála agus iontaofachta chun dea-cheangal a chur ar fáil agus, dá bhrí sin, rannpháirtíocht éifeachtach na bpáirtithe san éisteacht faoi choinníollacha cosúil leo siúd a bheadh ann in éisteacht i bpearsa. Ní féidir úsáid trealaimh físchomhdhála shonraigh ná aon chóras cruinnithe fíortha eile a údarú go dtí go ndéanfaidh an Chúirt é a bhailíochtú agus go dtí go bhfaighfear na dearbhuithe uile is gá i dtaobh chaighdeán agus sheasmhacht an cheangail. Chuige sin, iarrtar ar na páirtithe suíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a léamh maidir leis na ceanglais theicniúla a iarrtar ar na páirtithe a chomhlíonadh agus maidir leis na moltaí praiticiúla is cóir a chur san áireamh agus páirt á glacadh in éisteacht trí fhíschomhdháil (https://curia.europa.eu/jcms/jcms/Jo2_7031/fr). |
|
73. |
Má tá rath ar na tástálacha thuasluaite, féadfaidh an páirtí nó an t-ionadaí lena mbaineann páirt a ghlacadh san éisteacht trí fhíschomhdháil sna coinníollacha céanna faoina ndearnadh na tástálacha. Mura bhfuil – nó má dhiúltaítear don iarratas ar rannpháirtíocht trí fhíschomhdháil – iarrfar ar an bpáirtí nó ar an ionadaí lena mbaineann duine eile a cheapadh na ionad, faoi réir chur siar féideartha na héisteachta arna chinneadh ag an gCúirt. |
Gnáthsheoladh na héisteachta
|
74. |
Cé gur féidir go mbeidh difríochtaí i seoladh na héisteachta de réir na n-imthosca a bhaineann le gach cás, is gnách go mbíonn trí chéim éagsúla in éisteacht os comhair na Cúirte: na pléadálacha féin, na ceisteanna ó na Comhaltaí den Chúirt agus na freagraí deiridh. Cé go ndéantar pléadálacha ón léachtán, mar riail ghinearálta, tugann ionadaithe na bpáirtithe freagraí ar na ceisteanna ó Chomhaltaí na Cúirte agus freagraí deiridh ón áit a bheidh sannta dóibh sa seomra éisteachta. |
An chéad chéim den éisteacht: na pléadálacha ó bhéal
Cuspóir na bpléadálacha ó bhéal
|
75. |
Faoi réir imthosca sonracha, tosaíonn an éisteacht de ghnáth leis na pléadálacha ó na páirtithe nó na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht. I bhfianaise an eolais a bhíonn ag an gCúirt cheana ar an gcás i ndiaidh an chuid i scríbhinn den nós imeachta, níl sé d’aidhm leis na pléadálacha sin inneachar na bpléadálacha i scríbhinn nó na mbarúlacha i scríbhinn a thabhairt chun cuimhne. Tá siad dírithe, thar aon rud eile, ar a chur ar chumas na bpáirtithe nó na ndaoine leasmhara thuasluaite freagairt d’aon iarraidh ar na pléadálacha a dhíriú ar cheisteanna áirithe nó freagraí a thabhairt ar cheisteanna a chuir an Chúirt orthu roimh an éisteacht. A mhéid is féidir, iarrtar freisin ar na rannpháirtithe san éisteacht a bhfuil na hargóintí céanna nó an seasamh céanna acu dul i gcomhairle lena chéile roimh an éisteacht chun athrá nach bhfuil gá leis a sheachaint. |
Am labhartha agus am labhartha breise féideartha
|
76. |
Socraíonn Uachtarán fhoirmíocht na Cúirte an t-am labhartha, tar éis dul i gcomhairle leis an mBreitheamh is Rapóirtéir agus, más gá, leis an Abhcóide Ginearálta a sannadh don chás. Mar riail ghinearálta, socraítear am labhartha 15 nóiméad, beag beann ar fhoirmíocht na Cúirte a sannfar an cás uirthi, ach féadfar an t-am sin a fhadú nó a ghiorrú de réir nádúr nó chastacht shonrach an cháis, líon nó stádas na rannpháirtithe san éisteacht ó thaobh an nós imeachta de agus aon bhearta eagrúcháin nós imeachta arna gcinneadh ag an gCúirt. Ar bhonn eisceachtúil, féadfaidh Uachtarán fhoirmíocht na Cúirte am breise a dheonú, ar iarratas cuí-réasúnaithe ó pháirtí nó duine leasmhar dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht. Ionas go gcuirfear an t-iarratas san áireamh, áfach, ní mór don pháirtí nó don duine leasmhar iarratas den sórt sin a dhéanamh sa fhreagra ar an bhfógra maidir le freastal ar an éisteacht. |
Líon na ndaoine a dhéanann pléadálacha ó bhéal
|
77. |
Ar chúiseanna a bhaineann le seoladh rianúil na héisteachta, ní mór na haighneachtaí ó bhéal do gach páirtí nó duine leasmhar atá i láthair ag an éisteacht, faoi seach, a bheith déanta ag duine amháin. Ar bhonn eisceachtúil, féadfar duine eile a údarú fós chun pléadáil i gcás ina bhfuil údar maith leis sin i bhfianaise nádúr nó chastacht shonrach an cháis agus ar an gcoinníoll go ndearnadh iarratas cuí-réasúnaithe chuige sin sa fhreagra ón bpáirtí nó ón duine leasmhar lena mbaineann ar an litir lena dtugtar fógra chun freastal ar an éisteacht. Má dheonaítear sin, ní thabharfar aon am labhartha breise leis an údarú sin, áfach, agus ní mór don bheirt a dhéanann pléadálacha ó bhéal an t-am labhartha a deonaíodh don pháirtí atá i gceist a roinnt. |
An dara céim den éisteacht: na ceisteanna ó Chomhaltaí na Cúirte
|
78. |
Gan dochar do na ceisteanna a fhéadfaidh Comhaltaí na Cúirte a chur roimh na pléadálacha ó bhéal nó lena linn, féadfar a iarraidh ar na daoine a dhéanann pléadálacha ó bhéal, i ndiaidh na bpléadálacha sin, ceisteanna breise a fhreagairt ó Chomhaltaí na Cúirte. Is é is cuspóir do na ceisteanna sin eolas na gComhaltaí ar an gcáschomhad a chomhlánú agus a chur ar chumas na ndaoine a dhéanann pléadálacha ó bhéal pointí áirithe a shoiléiriú nó a fhorbairt, i gcás inarb iomchuí, a bhfuil tuilleadh sonraí fós ag teastáil ina leith. |
|
79. |
Seachas i gcásanna speisialta, is faoin duine a dhéanann na pléadálacha atá sé na freagraí ar na ceisteanna ó Chomhaltaí na Cúirte a thabhairt. Má mheasann páirtí nó duine leasmhar gur cheart do dhuine eile aon cheisteanna ón gCúirt a fhreagairt, mar shampla, i ngeall ar shaineolas an duine sin i réimse áirithe, ní mór dó é sin a iarraidh go sonrach, ina fhreagra ar an litir lena dtugtar fógra chun freastal ar an éisteacht. |
An tríú céim den éisteacht: Na freagraí deiridh
|
80. |
Ag deireadh an phlé sin le Comhaltaí na Cúirte, beidh deis ag na daoine a dhéanann pléadálacha, má mheasann siad gur gá sin, freagraí gearra a thabhairt. Ní dara babhta pléadálacha iad na freagraí deiridh sin, agus níor chóir dóibh dul thar cúig nóiméad. Is é an t-aon chuspóir atá leo ná deis a thabhairt do na daoine a rinne pléadálacha ó bhéal freagra gonta a thabhairt ar na barúlacha nó na freagraí ó rannpháirtithe eile nó Comhaltaí na Cúirte le linn na héisteachta. Má tá roinnt daoine údaraithe chun labhairt ag an éisteacht thar ceann páirtí nó páirtí leasmhair dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht, ní údarófar ach do dhuine amháin acu freagra a thabhairt. |
Cosaint sonraí pearsanta a áirithiú
|
81. |
Gan beann ar chéim na héisteachta lena mbaineann, ceanglaítear ar na daoine a dhéanann pléadálacha agus ar na daoine atá údaraithe chun labhairt le linn na héisteachta urraim a thabhairt d’aon anaithnidiú a dhéanann an chúirt a rinne an tarchur nó an Chúirt Bhreithiúnais roimh ré. Dá bhrí sin, ní mór dóibh staonadh, ina bpléadálacha ó bhéal, ina bhfreagraí nó ina bhfreagraí deiridh, ó chéannacht na ndaoine lena mbaineann an t-anaithnidiú sin a nochtadh nó ó thagairt a dhéanamh do shonraí pearsanta lena bhféadfaí iad a shainaithint nó a shainaithint arís. |
Na teangacha a úsáidtear ag an éisteacht
|
82. |
Gan dochar don fhéidearthacht do na Ballstáit a dteanga oifigiúil féin a úsáid nuair a ghlacann siad páirt in éisteacht agus don fhéidearthacht do Stáit nach Ballstáit iad ceann de na teangacha dá dtagraítear in Airteagal 36 de na Rialacha Nós Imeachta a úsáid nuair a ghlacann siad páirt in imeachtaí réamhrialaithe nó nuair a idiragraíonn siad i ndíospóid os comhair na Cúirte, ní mór do na páirtithe eile sna himeachtaí a bpléadálacha a dhéanamh i dteanga an cháis, arna cinneadh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 37 de na Rialacha Nós Imeachta. |
|
83. |
In imeachtaí réamhrialaithe, féadfaidh na páirtithe sna príomhimeachtaí, ar bhonn eisceachtúil, údarú a iarraidh ar an gCúirt teanga eile nach í teanga na cúirte nó an bhinse a rinne an tarchur a úsáid sa chuid ó bhéal den nós imeachta. Ní mór don iarratas sin – nach mór a dhéanamh sa fhreagra ón bpáirtí lena mbaineann ar an bhfógra maidir le freastal ar an éisteacht –, a bheith cuí-réasúnaithe agus na cúiseanna ar a n-iarrtar go n-úsáidfear teanga eile a thabhairt, chomh maith leo siúd i bhfabhar na teanga eile sin, i measc na dteangacha dá dtagraítear in Airteagal 36 de na Rialacha Nós Imeachta. De bhun Airteagal 37(4) de na Rialacha sin, is faoi Uachtarán fhoirmíocht na Cúirte dár sannadh an cás nó faoin gCúirt, de réir mar a bheidh, atá sé, tar éis di an páirtí sna príomhimeachtaí, agus an tAbhcóide Ginearálta, a éisteacht roimh ré, breith a thabhairt ar an iarratas sin. Má ghlactar leis an iarratas, féadfaidh na páirtithe go léir dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht an teanga sin a úsáid ag an éisteacht (4). |
|
84. |
Ní bheidh feidhm ag an eisceacht dá dtagraítear sa mhír roimhe seo ach i dtaca le himeachtaí réamhrialaithe, áfach. Taobh amuigh de na cásanna dá dtagraítear i mír 82 de na Treoracha Cleachtais seo, ceanglaítear ar na páirtithe sna himeachtaí i gcaingean dhíreach nó in achomharc teanga an cháis a úsáid ina bpléadálacha, ina bhfreagra agus in aon fhreagraí ar cheisteanna ón gCúirt (5). |
Na himpleachtaí agus na srianta a bhaineann le hateangaireacht chomhuaineach
|
85. |
Maidir leis na pléadálacha, na freagraí nó na freagraí ar na ceisteanna ón gCúirt, ní mór do na daoine a dhéanann pléadálacha a choinneáil i gcuimhne gur minic a éistfidh Comhaltaí fhoirmíocht na Cúirte, an tAbhcóide Ginearálta agus na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht leo i dteanga eile trí ateangaireacht chomhuaineach. Ar mhaithe le seoladh cuí na héisteachta agus caighdeán obair na n-ateangairí a chinntiú – a bhfuil orthu féin, uaireanta, dul i muinín na hateangaireachta a dhéantar i dteanga eile sula n-aistríonn siad an méid a dúirt an duine atá ag labhairt go teanga an duine atá ag éisteacht –, iarrtar ar ionadaithe na bpáirtithe nó na ndaoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht, má tá téacs acu, fiú más téacs achomair é, le nótaí le haghaidh na bpléadálacha nó le scéimre dá bpléadálacha, an téacs sin a chur ar aghaidh chomh luath agus is féidir roimh an éisteacht chuig an Stiúrthóireacht Ateangaireachta, trí ríomhphost (Interpretation@curia.europa.eu). Ní thabharfar an téacs nó na nótaí sin ar na pléadálacha ach do na hateangairí amháin agus scriosfar iad i ndiaidh na héisteachta. Ní chuirfear ar aghaidh iad chuig Comhaltaí fhoirmíocht na Cúirte ná chuig an Abhcóide Ginearálta, agus ní chuirfear leis an gcáschomhad iad. |
|
86. |
Ar mhaithe leis an ateangaireacht a éascú, agus, leis sin, tuiscint na gComhaltaí d’fhoirmíocht na Cúirte agus an Abhcóide Ghinearálta dár sannadh an cás agus na bpáirtithe eile atá i láthair ag an éisteacht, tá sé fíorthábhachtach labhairt go nádúrtha réidh, díreach isteach sa mhicreafón, le linn na héisteachta sin. Déanfar an ateangaireacht a éascú má fhógraíonn an duine a dhéanann na pléadálacha an scéimre dá chuid pléadálacha ar dtús agus má úsáideann sé abairtí gearra simplí i gcónaí. Má dhéanann sé tagairt, ina chuid phléadálacha, do bhreith de chuid na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Ginearálta, iarrtar air dáta na breithe sin, chomh maith le huimhir agus ainm an cháis lena mbaineann a shonrú. |
Na céimeanna i ndiaidh na héisteachta
|
87. |
Tiocfaidh deireadh le rannpháirtíocht ghníomhach na bpáirtithe nó na ndaoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht ag deireadh na héisteachta. Faoi réir an cháis eisceachtúil ina n-athosclófaí an chuid ó bhéal den nós imeachta mar a fhoráiltear in Airteagal 83 de na Rialacha Nós Imeachta, ní ceadmhach do na páirtithe ná do na daoine leasmhara thuasluaite barúlacha i scríbhinn nó ó bhéal a dhéanamh a thuilleadh, go háirithe mar fhreagairt ar Thuairim an Abhcóide Ghinearálta nuair a dhearbhóidh Uachtarán fhoirmíocht na Cúirte go bhfuil clabhsúr curtha leis an éisteacht. |
|
88. |
I gcás go gcraolfar éisteacht, fanfaidh sin ar fáil ar shuíomh gréasáin an Aontais Eorpaigh ar feadh uastréimhse míosa amháin tar éis chlabhsúr na héisteachta. I gcás go measann páirtí nó duine leasmhar a ghlac páirt san éisteacht gur chóir an fístaifeadadh den éisteacht a bhaint den suíomh gréasáin thuasluaite, féadfaidh an páirtí nó an duine lena mbaineann iarratas chuige sin a chur faoi bhráid na Cúirte, ina leagfar amach na himthosca lena dtugtar údar don fístaifeadadh a bhaint. Má cheadaítear an t-iarratas, déanfar an fístaifeadadh lena mbaineann a bhaint láithreach den suíomh gréasáin. |
Tuairim an Abhcóide Ghinearálta a léamh agus breithiúnas lena gcuirtear clabhsúr ar na himeachtaí a thabhairt
|
89. |
I gcás go gcuireann an Chlárlann dáta tabhartha an bhreithiúnais lena gcuirtear clabhsúr ar na himeachtaí agus, de réir mar a bheidh, an dáta a thabharfaidh an tAbhcóide Ginearálta a Thuairim ina gcás in iúl do na páirtithe agus na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht, ní bheidh ceangal orthu taisteal go Lucsamburg. Déanfar craoladh beo ar Thuairim an Abhcóide Ghinearálta a léamh agus breithiúnas na Cúirte a fhógairt ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. |
|
90. |
Déanfaidh an Chlárlann téacs iomlán na Tuairime agus an bhreithiúnais a sheirbheáil ar na páirtithe nó na daoine leasmhara agus taispeánfar é ina dhiaidh sin ar an suíomh thuasluaite, sna teangacha atá ar fáil. |
IV. FORÁLACHA DEIRIDH
|
91. |
Leis na treoracha cleachtais seo a leanas, aisghairtear na Treoracha Cleachtais do pháirtithe maidir le cásanna arna dtabhairt os comhair na Cúirte an 10 Nollaig 2019 agus cuirtear na treoracha seo ina n-ionad. |
|
92. |
Foilseofar na Treoracha Cleachtais seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tiocfaidh siad i bhfeidhm an chéad lá den mhí i ndiaidh a bhfoilsithe.
Arna ndéanamh i Lucsamburg an 2 Iúil 2024. |
(1) IO L 42 I, an 14 Feabhra 2020, lch. 1.
(2) Féach Rialachán (AE, Euratom) 2024/2019 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (IO L, 2024/2019, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2019/oj) agus na leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais arna nglacadh an 2 Iúil 2024 (IO L, 2024/2094, 12.8.2024, ELI:http://data.europa.eu/eli/proc_internal/2024/2094/oj).
(3) Is ionann an leagan ineagarthóireachta agus doiciméad a dhréachtaítear i mbogearra próiseála téacs amhail Microsoft Word, Open Office, Google Docs nó Pages (Mac). Murab ionann agus bogearraí íomhábhunaithe amhail PDF, leis an bhformáid ineagarthóireachta sin is féidir an téacs a úsáid go díreach le linn phróiseáil an cháis, go háirithe ag céim an aistriúcháin.
(4) I gcás ina n-údaróidh an Chúirt go n-úsáidfear teanga seachas teanga an cháis chun aon cheisteanna a chuirfear ag an éisteacht a fhreagairt, ní bheidh feidhm ag an údarú sin ach amháin maidir leis na freagraí sin. Ní mór an chéad phléadáil ón bpáirtí lena mbaineann agus an freagra deiridh a dhéanamh i dteanga an cháis.
(5) Maidir le himeachtaí um shárú, tá sé de cheart ag an mBallstát is cosantóir teanga eile nach í an teanga a úsáideadh le linn an chuid i scríbhinn a úsáid le linn an chuid ó bhéal den nós imeachta, ar an gcoinníoll, áfach, gur ceann de theangacha oifigiúla an Stáit sin í agus go ndearnadh iarratas chuige sin in am trátha, mar fhreagra ar an bhfógra maidir le freastal ar an éisteacht, más féidir. I gcás ina nglactar leis an iarratas, féadfaidh na páirtithe go léir sna himeachtaí an teanga arna hiarraidh a úsáid.
ELI: http://data.europa.eu/eli/proc_rules/2024/2173/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)