|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2166 |
21.8.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/2166 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Lúnasa 2024
maidir le taraif-chuótaí a thabhairt isteach agus a bhainistiú le haghaidh meala mar thoradh ar Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (1), agus go háirithe Airteagal 4(7), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), de,
Tar éis dó an Coiste um Choimircí a chur ar an eolas,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, glacadh bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar lamháltais trádála is infheidhme maidir le táirgí de chuid na hÚcráine. Le hAirteagal 1(1), pointe (b), den Rialachán sin, cuireadh ar fionraí na taraif-chuótaí uile a bunaíodh faoi Iarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile agus ar choinníoll go raibh na táirgí a chumhdaítear leis na cuótaí sin lena ligean isteach chun a n-allmhairithe isteach san Aontas ón Úcráin gan aon dleacht chustaim. |
|
(2) |
Le hAirteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1392 déantar foráil maidir le beart coimirce uathoibríche d’uibheacha, éanlaithe clóis, siúcra, coirce, arbhar Indiach, piocuaran agus mil atá le gníomhachtú má shroicheann méideanna carnacha allmhairí aon cheann de na táirgí sin ó bhí an 1 Eanáir 2024 ann le linn tréimhse shonrach meán uimhríochtúil faoi seach méideanna allmhairí an táirge sin arna dtaifeadadh sa tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2021, in 2022 agus in 2023. |
|
(3) |
Shroich na méideanna carnacha allmhairí i gcás meala ó bhí an 1 Eanáir 2024 ann an meán uimhríochtúil faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1392, méid is airde ná méid an taraif-chuóta chomhfhreagraigh a cuireadh ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 1(1), pointe (b), den Rialachán sin. Dá bhrí sin, an taraif-chuóta sin a cuireadh ar fionraí agus a bhfuil an tsraithuimhir 09.6701 ag gabháil leis, ba cheart é a thabhairt isteach arís go dtí an 31 Nollaig 2024 agus ba cheart taraif-chuóta atá cothrom le cúig dhódhéagú den mheán uimhríochtúil a thabhairt isteach ón 1 Eanáir 2025. |
|
(4) |
Ba cheart an taraif-chuóta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a bhainistiú ar bhonn ord croineolaíoch na ndátaí a ghlactar leis na dearbhuithe custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht meala i gcomhréir leis na rialacha maidir le bainistiú taraif-chuótaí a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (2). |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 4(8) de Rialachán (AE) 2024/1392, ba cheart an chainníocht a allmhairíodh le linn na bliana féilire 2024 a chur san áireamh i mbainistiú an taraif-chuóta a bhfuil an tsraithuimhir 09.6701 ag gabháil leis go dtí an 31 Nollaig 2024. |
|
(6) |
Chun gníomhú laistigh den sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1392, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(7) |
Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2024/1392 go dtí an 5 Meitheamh 2025, dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo go dtí an dáta céanna, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An taraif-chuóta a bhfuil an tsraithuimhir 09.6701 ag gabháil leis, a cuireadh ar fionraí de bhua Airteagal 1(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1392, tugtar isteach an athuair é go dtí an 31 Nollaig 2024.
Airteagal 2
An taraif-chuóta a leagtar amach san Iarscríbhinn, tabharfar isteach é ón 1 Eanáir 2025 i gcomhréir le hAirteagal 4(7), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1392, agus beidh feidhm aige laistigh den teorainn chainníochtúil a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a mhéid a bhaineann leis na táirgí a liostaítear ann.
Airteagal 3
Déanfaidh an tAontas an taraif-chuóta a leagtar amach san Iarscríbhinn a bhainistiú i gcomhréir le hord croineolaíoch na ndátaí a ghlactar le dearbhuithe custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht meala mar a leagtar síos in Airteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.
Airteagal 4
Chun tairbhiú de tharaif-chuóta a leagtar amach san Iarscríbhinn, comhlíonfaidh na táirgí na rialacha maidir le tionscnamh táirgí dá bhforáiltear i bPrótacal I a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige go dtí an 5 Meitheamh 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Lúnasa 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/1392, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1392/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg impl/2015/2447/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Sraithuimhir |
09.6730 |
|
Tuairisc ar an táirge |
Mil |
|
Cóid AC |
0409 |
|
Tionscnamh |
an Úcráin |
|
Cainníocht |
glanmheáchan 18 507 320 kg |
|
Tréimhse taraif-chuótaí |
1 Eanáir 2025 go dtí an 5 Meitheamh 2025 |
|
Fothréimhsí taraif-chuótaí |
Neamhbhainteach |
|
Cruthúnas tionscnaimh |
Is ann dó. Éileamh ar chóir fhabhrach i gcomhréir le Prótacal I a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile |
|
Dleacht chustaim laistigh den chuóta |
EUR 0 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2166/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)