European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2146

5.8.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2146 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Lúnasa 2024

maidir le bearta éigeandála sealadacha lena maolaítear i leith na bliana 2024 ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún chun fadhbanna sonracha san earnáil fíona agus san earnáil torthaí agus glasraí a réiteach, fadhbanna arbh é ba chúis leo teagmhais mheitéareolaíochta dhíobhálacha

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 221(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An triomach leanúnach a bhí ann i bhfómhar 2023, agus le linn gheimhreadh agus earrach 2024, lean sé de dhifear mór a dhéanamh don earnáil fíona, go háirithe i ndeisceart na hIodáile agus sa Spáinn. An bháisteach iomarcach a bhí ann le linn tréimhsí fada in earrach 2024 i réigiúin táirgthe eile, go háirithe i dtuaisceart na hIodáile agus sa Fhrainc, chuir sí cosc ar shaothraithe fíniúna oibríochtaí áirithe a dhéanamh in am. Ba dheacrachtaí eisceachtúla iad sin a bhí ag saothraithe fíniúna atá lonnaithe sna réigiúin lena mbaineann. Chuir an Spáinn, an Iodáil agus an Fhrainc an Coimisiún ar an eolas faoin gcás sin agus d’iarr siad air bearta iomchuí a dhéanamh i leith na n-údaruithe i gcomhair plandú fíniúnacha a rachaidh in éag in 2024. Rinne na teagmhais thromchúiseacha sin difear do Bhallstáit eile freisin, mar a raibh tionchair chomhchosúla acu, agus d’fhéadfadh sé go n-aithnóidís na réigiúin táirgthe fíona atá acu mar na réigiúin ba mhó a ndearnadh difear dóibh freisin.

(2)

Go háirithe, leis na dálaí fíorthirime ar thaobh amháin agus an bháisteach charnach iomarcach ar an taobh eile, cuireadh cosc ar shaothraithe fíniúna oibreacha a dhéanamh ar a bhfíonghoirt, ar oibreacha iad a dhéantar de ghnáth i dtréimhsí an fhómhair, an gheimhridh agus an earraigh, amhail glanadh agus ullmhú na hithreach, plandú fíniúnacha nua nó beangú. Sna réigiúin atá buailte ag triomach eisceachtúil nó ag báisteach iomarcach, ní féidir gníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanamh mar gheall ar thriomacht na hithreach agus ar dhálaí atá thar a bheith neamhfhabhrach chun planduithe nua a fhás nó mar gheall nach féidir rochtain a fháil ar na dáileachtaí agus an ithir a oibriú i gcás báisteach iomarcach.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 62(3), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 go mbeidh údaruithe um plandú agus údaruithe um athphlandú bailí go ceann 3 bliana ón dáta a deonaíodh iad. Leagtar síos in Airteagal 68(2), an chéad fhomhír, den Rialachán sin go bhfuil an tréimhse bhailíochta chéanna ag údaruithe a dheonaítear tar éis cearta plandaithe a thiontú agus atá ag na bunchearta plandaithe. Laistigh de thréimhse bhailíochta gach údaraithe ar leith, de ghnáth déanfaidh saothraithe finiúna na cinntí maidir leis na cineálacha plandaí agus an cineál fíona atá le táirgeadh sna fíonghoirt nua, ullmhóidh siad an ithir san fhómhar nó sa gheimhreadh, agus foinseoidh siad na fíniúnacha nua, a chuirtear ansin le linn an earraigh ós rud é gurb é an t-earrach an tréimhse is oiriúnaí den bhliain le haghaidh plandú.

(4)

De dheasca na dteagmhas díobhálach meitéareolaíoch, saothraithe fíniúna a bhfuil údaruithe um plandú acu atá le húsáid sna réigiúin a ndearnadh triomach nó báisteach iomarcach difear dóibh, ar údaruithe iad a rachaidh in éag in 2024, cuireadh cosc ar na saothraithe fíniúna sin úsáid a bhaint as na húdaruithe le linn earrach na bliana deireanaí dá mbailíocht mar a bhí beartaithe. Ós rud é nach féidir a thuar cá fhad a mhairfidh teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha den sórt sin agus a n-iarmhairtí, ní cinnte go mbeidh an deis ag na saothraithe fíniúna sin a n-údarú um plandú a úsáid laistigh de na tréimhsí bailíochta atá ag gach ceann acu ar leith. Bheadh ar shaothraithe finiúna na fíniúnacha a phlandú le linn an tséasúir the agus, dá bhrí sin, ag tráth den timthriall fáis nach bhfuil chomh hoiriúnach céanna, faoi dhálaí deacra agus ar chostas breise, tráth atá an earnáil fíona thíos le dálaí margaidh neamhfhabhracha cheana féin.

(5)

Dá bhrí sin, chun nach gcaillfear an t-údarú nua um plandú nó chun nach dtiocfaidh meath tapa ar na dálaí faoinar gá an plandú a dhéanamh sna réigiúin, ar réigiúin iad atá le sainaithint ag na Ballstáit mar réigiúin a ndearnadh triomach nó báisteach iomarcach difear dóibh in 2024, is gá síneadh bliana a chur gan mhoill le bailíocht na n-údaruithe um plandú agus um athphlandú a rachaidh in éag sa bhliain 2024 i réigiúin a ndearnadh triomach nó báisteach iomarcach difear dóibh.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh 12 mhí breise a chur le bailíocht na n-údaruithe um plandú agus um athphlandú, arna n-eisiúint faoi Airteagal 64, Airteagal 66 nó Airteagal 68(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ar údaruithe iad a rachaidh in éag in 2024 agus atá le húsáid sna réigiúin a shainaithníonn na Ballstáit mar réigiúin a ndearnadh triomach nó báisteach iomarcach difear dóibh le linn earrach 2024, amhail ón dáta éaga atá acu faoi láthair in 2024 chun é a chur ar a gcumas do na saothraithe fíniúna lena mbaineann na fíniúnacha a phlandú in 2025.

(7)

I bhfianaise na ndeacrachtaí sin, ba cheart cead a bheith ag saothraithe fíniúna i réigiúin a ndearnadh triomach nó báisteach iomarcach difear dóibh a n-údarú um plandú agus um athphlandúa rachaidh in éag sa bhliain 2024 a tharscaoileadh gan an pionós riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 62(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a thabhú, mura mian leo a limistéar fíonghort a leathnú.

(8)

I bhfianaise na dteagmhas meitéareolaíochta díobhálach tromchúiseach a tharla i réigiúin roinnt Ballstát in earrach 2024, rinneadh dochar mór do tháirgeadh torthaí agus glasraí. Déine na dteagmhas seaca i mí Aibreáin 2024 san Ostair agus sa tSeicia, agus déine na dteagmhas seaca i mí Aibreáin 2024 agus an chloichshneachta le linn mhí na Bealtaine 2024 sa Pholainn, ba dhéine thar a bheith neamhghnách í, agus rinneadh difear do limistéar mór agus do sciar mór den táirgeadh náisiúnta. Bhí tionchar tromchúiseach freisin ag teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha in earrach 2024 ar tháirgeadh torthaí agus glasraí i réigiúin táirgthe eile ar fud an Aontais.

(9)

Chun aghaidh a thabhairt ar thionchair an tseaca i mí Aibreáin 2024 agus an chloichshneachta i mí na Bealtaine 2024, déantar foráil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2030 ón gCoimisiún (2) maidir le tacaíocht airgeadais éigeandála do na táirgeoirí san earnáil torthaí agus glasraí agus san earnáil fíona a ndearnadh na teagmhais dhíobhálacha aeráide san Ostair, sa tSeicia agus sa Pholainn difear dóibh. Mar sin féin, tá an tacaíocht airgeadais sin dírithe ar na táirgeoirí a ndearnadh difear dóibh, ach bhí na teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha ina gcúis le fadhbanna níos leithne d’eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí.

(10)

I bhfianaise na dteagmhas díobhálach meitéareolaíoch tromchúiseach sin, tá laghdú mór ar tháirgeacht a gcomhaltaí is táirgeoirí le sárú ag go leor eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta agus ag comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta san earnáil torthaí agus glasraí a bhfuil a bpríomhghníomhaíocht lonnaithe sna réigiúin a ndearnadh difear dóibh. Chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí an laghdaithe táirgeachta sin, agus chun an tionchar ar a stádas aitheantais agus ar fhionraí íocaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann dá gcláir oibríochtúla leanúnacha a mhaolú, ba cheart eagraíochtaí táirgeoirí atá lonnaithe sna réigiúin a ndearnadh difear dóibh a dhíolmhú sa bhliain 2024 ó na forálacha a leagtar síos in Airteagal 11(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún (3), maidir leis an oibleagáid nach mór luach eacnamaíoch na dtáirgí a dhíoltar ó tháirgeoirí nach comhaltaí den eagraíocht táirgeoirí nó den chomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí iad a bheith faoi bhun luach tháirgeadh margaithe na heagraíochta táirgeoirí nó an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí.

(11)

Maidir le hiarmhairtí na dteagmhas díobhálach meitéareolaíoch tromchúiseach san earnáil fíona agus san earnáil torthaí agus glasraí a dtugtar tuairisc orthu thuas, ní cháilíonn siad mar shuaití sa mhargadh de réir bhrí Airteagal 219 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Go deimhin, is é tionchar díreach na dteagmhas meitéareolaíoch dá dtagraítear, ar thaobh amháin, nach féidir dul ar aghaidh leis na hoibríochtaí plandaithe fíniúnacha a bhí beartaithe agus, ar an taobh eile, an laghdú ollmhór ar luach ghníomhaíocht na n-eagraíochtaí táirgeoirí a dhéanann a gcomhaltaí táirgeoirí féin. Ní cháilíonn aon cheann den dá chás sin mar shuaitheadh sa mhargadh. Ní toradh iad ach oiread ar ghalair ainmhithe nó plandaí ná ar ghéarchéim muiníne tomhaltóirí a chumhdaítear le hAirteagal 220 den Rialachán sin. Na cásanna arb é is aidhm don Rialachán seo freagairt dóibh, is fadhbanna sonracha iad de réir bhrí Airteagal 221 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nach féidir aghaidh a thabhairt orthu le bearta a dhéantar de bhun Airteagail 219 nó 220 den Rialachán sin.

(12)

I bhfianaise mhéid theagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha thromchúiseacha earrach 2024 agus na n-éiginnteachtaí margaidh atá i réim i réigiúin áirithe le haghaidh na hearnála fíona, is gá na deacrachtaí sin a laghdú trí mhaolú a dhéanamh, a mhéid atá fíor-riachtanach agus don bhliain 2024 amháin, ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 is infheidhme maidir le húdaruithe nua i gcomhair planduithe fíniúnacha a rachaidh in éag in 2024 agus maidir le húdaruithe um athphlandú fíniúnacha atá bailí agus nár úsáideadh fós tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo san earnáil fíona agus maidir le heagraíochtaí táirgeoirí aitheanta in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí sna réigiúin a ndéantar difear dóibh.

(13)

Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo, chun cur ar chumas an Aontais faireachán a dhéanamh ar éifeachtúlacht na mbeart a thugtar isteach leis seo.

(14)

I bhfianaise an ghá atá ann gníomhú láithreach, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maoluithe sealadacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le húdaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha

1.   Sainaithneoidh na Ballstáit na réigiúin táirgthe fíona laistigh dá gcríoch a ndearna triomach dian nó báisteach iomarcach difear dóibh le linn an gheimhridh agus earrach 2024, a mhéid a chuir sé cosc ar shaothraithe fíona na hoibríochtaí is gá a dhéanamh a bhaineann le fíniúnacha a phlandú le linn na séasúr sin.

2.   De mhaolú ar Airteagal 62(3), an chéad fhomhír, an chéad abairt, agus ar Airteagal 68(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, údaruithe um plandú agus um athphlandú arna ndeonú i gcomhréir le hAirteagal 64, Airteagal 66 nó Airteagal 68(1) den Rialachán sin a rachaidh in éag sa bhliain 2024 agus atá le húsáid sna réigiúin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, rachaidh siad in éag 12 mhí tar éis a ndáta éaga tosaigh.

3.   De mhaolú ar Airteagal 62(3), an chéad fhomhír, an dara habairt, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, saothraithe fíniúna a bhfuil údaruithe um plandú agus um athphlandú acu a rachaidh in éag sa bhliain 2024 agus atá le húsáid i réigiúin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní bheidh siad faoi réir pionóis riaracháin mura n-úsáideann siad na húdaruithe, ar choinníoll go gcuirfidh siad na húdaráis inniúla ar an eolas faoin 31 Nollaig 2024 nach bhfuil sé beartaithe acu úsáid a bhaint as a n-údarú agus nach mian leo tairbhe a bhaint as an síneadh bailíochta dá bhforáiltear i míreanna 1 nó 2 den Airteagal seo.

Airteagal 2

Maolú sealadach ar Airteagal 11(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891

De mhaolú ar Airteagal 11(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891, in 2024, an teorainn ar dá réir nach bhféadfaidh eagraíocht táirgeoirí táirgí a dhíol ó tháirgeoirí nach comhaltaí d’eagraíocht táirgeoirí nó de chomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí iad, ach amháin i gcás ina bhfuil luach eacnamaíoch na gníomhaíochta sin faoi bhun luach a táirgthe mhargaithe, ní bheidh feidhm aici maidir le heagraíochtaí táirgeoirí a ndearnadh teagmhais mheitéareolaíocha dhíobhálacha earrach 2024 difear dóibh.

Airteagal 3

Fógraí

1.   Faoin 31 Márta 2025, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi cé acu atá na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 1 don earnáil fíona curtha chun feidhme acu nó nach bhfuil agus, i gcás inarb ábhartha, faoin bhfaisnéis seo a leanas:

(a)

na réigiúin ina bhfuil feidhm ag na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus (3);

(b)

an limistéar a chumhdaítear leis na húdaruithe um plandú agus um athphlandú ar cuireadh síneadh 12 mhí lena mbailíocht trí Airteagal 1(2) a chur i bhfeidhm;

(c)

an limistéar a chumhdaítear leis na húdaruithe um plandú agus um athphlandú a chuaigh in éag in 2024 i gcás inar thréig an saothraí fíniúna a bhfuil na húdaruithe sin ina sheilbh aige an síneadh bailíochta a chuirtear i bhfeidhm le hAirteagal 1(3).

2.   Faoin 31 Márta 2025, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi cé acu atá an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 2 don earnáil torthaí agus glasraí curtha chun feidhme acu nó nach bhfuil agus, i gcás inarb ábhartha, faoin bhfaisnéis seo a leanas:

(a)

na réigiúin ina bhfuil feidhm ag an maolú dá dtagraítear in Airteagal 2;

(b)

an líon eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta a chuireann na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 2 i bhfeidhm.

3.   Na fógraí don Choimisiún dá dtagraítear san Airteagal seo, déanfar iad i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún (4).

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí an 5 Lúnasa 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Lúnasa 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2030 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2024 lena ndéantar foráil maidir le tacaíocht airgeadais éigeandála d’earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus d’earnáil an fhíona, atá buailte ag teagmhais dhíobhálacha aeráide san Ostair, sa tSeicia agus sa Pholainn, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/2030, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2030/oj).

(3)   Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an earnáil torthaí agus glasraí agus an earnáil torthaí agus glasraí próiseáilte agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pionóis atá le cur i bhfeidhm sna hearnálacha sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún (IO L 138, 25.5.2017, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/891/oj).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena bhforlíontar Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid (IO L 171, 4.7.2017, lch. 100, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/1183/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2146/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)