|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2133 |
1.8.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2133 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Iúil 2024
maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann sa Pholainn
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 126(6) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint do na barúlacha a thug an Pholainn,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le hAirteagal 126(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhfuil na Ballstáit le heasnaimh rialtais iomarcacha a sheachaint. |
|
(2) |
Tá an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF) bunaithe ar chuspóir an airgeadais rialtais fhónta agus inbhuanaithe mar mhodh chun na dálaí a neartú a bhaineann le cobhsaíocht praghsanna agus le fás cuimsitheach inbhuanaithe láidir a mbeidh cobhsaíocht airgeadais mar bhonn taca leis, rud a thacóidh le cuspóirí an Aontais maidir le fás inbhuanaithe agus fostaíocht a ghnóthú. |
|
(3) |
Leis an nós imeachta um easnamh iomarcach faoi Airteagal 126 CFAE, mar a soiléiríodh le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle (1), ar cuid den CCF é, déantar foráil maidir le cinneadh i ndáil le heasnamh iomarcach a bheith ann. I bPrótacal Uimh. 12 maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, leagtar amach forálacha breise a bhaineann le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach. Leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle (2) rialacha agus sainmhínithe mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha sin. Áirítear i gcreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais, a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024, Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle (3) lenar leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1467/97. Ní bhaineann an Cinneadh seo ón gComhairle ach le barrachas an chóimheasa idir an t-easnamh rialtais agus an olltáirgeacht intíre (OTI) i ndáil le luach tagartha CFAE 3 % de OTI, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann cheana. |
|
(4) |
Foráiltear le hAirteagal 126(5) CFAE, má mheasann an Coimisiún go bhfuil easnamh iomarcach ann i mBallstát nó go bhféadfadh easnamh iomarcach a bheith ann i mBallstát, go bhfuil sé le tuairim a dhíriú chuig an mBallstát lena mbaineann agus an Chomhairle a chur ar an eolas dá réir sin. Tar éis dó a thuarascáil an 19 Meitheamh 2024 arna glacadh de bhun Airteagal 126(3) CFAE a chur san áireamh, agus ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais arna glacadh de bhun Airteagal 126(4) CFAE, chinn an Coimisiún go bhfuil easnamh iomarcach ann sa Pholainn. Dá bhrí sin, an 8 Iúil 2024 chuir an Coimisiún an tuairim sin faoi bhráid na Polainne agus chuir sé an Chomhairle ar an eolas dá réir sin. |
|
(5) |
Le hAirteagal 126(6) CFAE, foráiltear go bhfuil an Chomhairle le haon bharúlacha a bhreithniú, ar barúlacha iad is mian leis an mBallstát lena mbaineann a thabhairt, sula gcinnfidh sí, tar éis measúnú foriomlán a dhéanamh, an ann d’easnamh iomarcach. I gcás na Polainne, is iad na conclúidí a leagtar amach thíos a eascraíonn as an measúnú foriomlán. |
|
(6) |
De réir na sonraí a bhailíochtaigh an Coimisiún (Eurostat) an 22 Aibreán 2024, bhain easnamh ginearálta an rialtais sa Pholainn 5,1 % de OTI amach in 2023, agus ba é 49,6 % de OTI fiachas ginearálta an rialtais. Mheas an Coimisiún, i dtuarascáil uaidh faoi Airteagal 126(3) CFAE, nach eisceachtúil é farasbarr an easnaimh os cionn luach tagartha CFAE 3 % de OTI in 2023, toisc nach n-eascraíonn sé as imeacht neamhghnách ná as mórshleabhcadh eacnamaíoch de réir bhrí an CCF. Níl an barrachas os cionn luach tagartha CFAE sealadach ach oiread, bunaithe ar réamhaisnéis earrach 2024 ón gCoimisiún, ina dtuartar go bhfanfaidh easnamh ginearálta an rialtais os cionn 3 % de OTI in 2024 agus 2025. Mar achoimre, bhí an t-easnamh in 2023 os cionn agus gan a bheith gar do luach tagartha CFAE arbh é a bhí ann 3 % de OTI. Ní mheastar gur barrachas eisceachtúil é an barrachas mar a shainítear le CFAE agus le CCF, ná ní mheastar gur barrachas sealadach é. Dá bhrí sin, níor comhlíonadh prima facie an critéar easnaimh mar a shainítear é in CFAE agus i Rialachán (CE) Uimh. 1467/97. |
|
(7) |
Bunaithe ar na sonraí ar tugadh fógra ina leith don Choimisiún (Eurostat), tá sé beartaithe go sroichfidh easnamh ginearálta an rialtais sa Pholainn 5,1 % de OTI in 2024. Léirítear i réamhaisnéis earrach 2024 ón gCoimisiún easnamh 5,4 % de OTI in 2024, rud atá os cionn agus gan a bheith gar do luach tagartha CFAE arbh é atá ann 3 % de OTI. Léiríonn an méadú ar an easnamh, má dhéantar comparáid le 2023, caiteachas atá ag méadú, go háirithe caiteachas méadaitheach ar acmhainneacht chosanta a neartú, lena n-áirítear infheistíochtaí i dtrealamh míleata agus i mbonneagar míleata agus i gcaiteachais mhíleata reatha, sochair shóisialta nua lena n-áirítear ardú ar na liúntais teaghlaigh, méadú 30 % ar thuarastal le haghaidh múinteoirí agus méadú 20 % ar thuarastal le haghaidh oifigigh riaracháin phoiblí. |
|
(8) |
I gcomhréir le ceanglais Airteagal 126(3) CFAE, rinne an Coimisiún anailís freisin ar na tosca ábhartha uile ina thuarascáil faoin Airteagal sin. Mar a leagtar síos in Airteagal 2(4), an dara fomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, aon uair nach sáraíonn an cóimheas idir fiachas rialtais agus OTI an luach tagartha, tá tosca ábhartha le cur san áireamh le linn na gcéimeanna as a dtiocfaidh an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann. Ar an iomlán, cuirtear pictiúr measctha i láthair sna tosca ábhartha a ndearnadh scrúdú orthu sa tuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE. Le breithniú na dtosca ábhartha sin, ní mhodhnaítear an chonclúid nach gcomhlíontar an critéar easnaimh in CFAE. |
|
(9) |
I bhfianaise spriocdháta an 20 Meán Fómhair 2024 chun na pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta a chur isteach, spriocdháta ar féidir síneadh a chur leis i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), go táscach go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2024, arb é an dáta é chun dréachtphleananna buiséadacha na mBallstát sa limistéar euro a chur isteach, tugann an Chomhairle dá haire go dtarlóidh an chéad chéim eile sa nós imeachta, is é sin an moladh ón gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle faoi Airteagal 126(7) CFAE maidir leis an easnamh iomarcach a cheartú, i gcomhthráth leis na tuairimí ón gCoimisiún maidir le dréachtphleananna buiséadacha Bhallstáit an limistéir euro faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Leis an gcur chuige sin, is féidir comhsheasmhacht a áirithiú idir na ceanglais bhuiséadacha faoin nós imeachta um easnamh iomarcach agus conair an choigeartaithe a leagtar amach sna pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta. Chun an chomhsheasmhacht sin a chumasú agus bearna faireachais a sheachaint faoin nós imeachta um easnamh iomarcach, ní mór pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta a chur isteach go tráthúil. Ba cheart a mheas gur amlíne eisceachtúil í an amlíne sin agus go bhfuil sí nasctha leis an aistriú chuig an gcreat nua, agus, dá bhrí sin, nach bhfuil fasach á leagan síos léi. Tugann an Chomhairle dá haire freisin, mura gcuirfear an plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta isteach go tráthúil, go mbreithneofar sa mholadh ón gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle faoi Airteagal 126(7) CFAE an chonair thagartha arna tarchur ag an gCoimisiún chuig an mBallstát arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1263, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Fágann measúnú foriomlán go bhfuil easnamh iomarcach ann sa Pholainn mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chritéir easnaimh.
Airteagal 2
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar an fógra faoi.
Airteagal 3
Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Polainne.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Iúil 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 maidir le cur i bhfeidhm an Phrótacail maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 145, 10.6.2009, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj).
(4) Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireacháin agus measúnaithe ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú (IO L 140, 27.5.2013, lch. 11).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2133/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)