European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2117

2.8.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2117 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Iúil 2024

lena gcláraítear ainm i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint (‘Caciottone di Norcia’ (TGFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 90(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ar rialachán é lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá feidhm fós ag Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le hiarratais ar chlárú tásc geografach a fuair an Coimisiún agus a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh roimh an 13 Bealtaine 2024.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a chuir an Iodáil ar aghaidh ar chlárú an ainm ‘Caciottone di Norcia’ a fhoilsiú mar thásc geografach faoi chosaint in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3).

(3)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm ‘Caciottone di Norcia’ a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an t-ainm ‘Caciottone di Norcia’ (TGFC) cláraithe.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1151/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).

(3)   IO C, C/2024/1985, 6.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1985/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2117/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)