|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2109 |
31.7.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2109 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Iúil 2024
lena aisghairtear Cinneadh (AE) 2024/1177 ón gCoimisiún maidir le formheas trealaimh slándála eitlíochta sibhialta ar a bhfuil an mharcáil Stampa AE a chur ar fionraí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán coiteann maidir le slándáil eitlíochta (1), agus go háirithe pointe 12.0.4.1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Áirítear ar na bearta mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na mbunchaighdeán coiteann dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) nósanna imeachta maidir le trealamh slándála eitlíochta sibhialta a fhormheas agus a úsáid. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998, bunaíodh córas comhchuibhithe chun trealamh slándála eitlíochta sibhialta a fhormheas. |
|
(3) |
Le Cinneadh (AE) 2021/2147 ón gCoimisiún (3) bunaíodh liosta comhdhlúite de threalamh slándála eitlíochta sibhialta formheasta ar a bhfuil an stádas marcála ‘Stampa AE’ ar threalamh a dearbhaíodh le próiseas meastóireachta comhchoiteann na Comhdhála Eorpaí um Eitlíocht Shibhialta, chun é a shuiteáil agus a úsáid ar fud an Aontais. |
|
(4) |
I gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 agus go háirithe pointe 12.0.4.1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, ghlac an Coimisiún Cinneadh (AE) 2024/1177 (4) lenar cuireadh ar fionraí an stádas marcála ‘Stampa AE’ atá ag cumraíocht shonrach de threalamh Córais Braite Pléascán caighdeáin C3 le haghaidh bagáiste cábáin, ar bhonn faisnéis lena léirítear nár chomhlíon feidhmiú an trealaimh sin an caighdeán ar formheasadh é ina leith. |
|
(5) |
Le Cinneadh (AE) 2024/1177, rinneadh foráil maidir leis an bhféidearthacht go n-oibreofar piosaí den chumraíocht atá suiteáilte cheana féin i gcomhréir le coincheap oibríochtaí le haghaidh threalamh Córais Braite Pléascán caighdeáin C3 le haghaidh bagáiste cábáin, in éineacht le teorainn scagtha d’uastoirt coimeádán aonair leachtanna, aerasól agus glóthach nach mó ná 330 ml. |
|
(6) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2108 ón gCoimisiún (5), is infheidhme ón 1 Meán Fómhair 2024, tugtar isteach beart réamhchúraim i bhfoirm teorannú ar uasmhéid na gcoimeádán leachtanna, aerasól agus glóthach aonair is féidir a scagadh le haon cheann de na cumraíochtaí de threalamh Córais Braite Pléascán caighdeáin C3 le haghaidh bagáiste cábáin atá formheasta faoi láthair chun slándáil an aerthaistil a chaomhnú. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (AE) 2024/1177 a aisghairm, ós rud é go bhfuil an trealamh lena mbaineann le hoibriú feasta i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2108 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998. |
|
(8) |
Bunachar sonraí comhdhlúite an Aontais ina liostaítear trealamh a cheadaítear a shuiteáil agus a úsáid ar fud an Aontais, ba cheart é a nuashonrú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Aisghairtear Cinneadh (AE) 2024/1177 le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2024.
Airteagal 2
Déanfar ‘Bunachar sonraí an Aontais maidir le slándáil an tslabhra soláthair – trealamh slándála’ a nuashonrú dá réir.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 299, 14.11.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/1998/oj.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/300/oj).
(3) Cinneadh (AE) 2021/2147 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2021 maidir le trealamh slándála eitlíochta sibhialta ar a bhfuil an mharcáil ‘Stampa AE’ a fhormheas (IO L 433, 6.12.2021, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2147/oj).
(4) Cinneadh (AE) 2024/1177 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2024 maidir le formheas trealaimh slándála eitlíochta sibhialta ar a bhfuil an mharcáil Stampa AE a chur ar fionraí (IO L, 2024/1177, 25.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1177/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2108 an 29 Iúil 2024 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a mhéid a bhaineann le bearta slándála eitlíochta práinneacha áirithe maidir le trealamh chun scagadh slándála a dhéanamh ar leachtanna, ar aerasóil agus ar ghlóthacha (IO L 2024/2108, 31.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2108/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2109/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)