European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2102

31.7.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2102 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Iúil 2024

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh 2′-Fúcaisiol-lachtós agus a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí an bhia núíosaigh 2′-Fúcaisiol-lachtós arna tháirgeadh le tréithchineál díorthach de Escherichia coli BL-21

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear i liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2) bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(3)

Áirítear 2′-Fúcaisiol-lachtós arna shintéisiú go ceimiceach agus arna tháirgeadh go micribhitheolaíoch araon (‘2′-FL’) mar bhia núíosach údaraithe i liosta an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Na coinníollacha úsáide, na huasleibhéil agus na ceanglais shonracha lipéadaithe a leagtar amach i dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, is gnéithe coiteanna iad le haghaidh an 2′-FL arna shintéisiú go ceimiceach agus an 2′-FL arna tháirgeadh go micribhitheolaíoch araon. An tráth céanna, i dTábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, leagtar amach sonraíochtaí ar leithligh le haghaidh 2’-FL arna shintéisiú go ceimiceach (‘2'-Fúcaisiol-lachtós (sintéiseach)’) agus le haghaidh 2’-FL arna tháirgeadh go micribhitheolaíoch (2'-Fúcaisiol-lachtós (foinse mhiocróbach)’).

(4)

An 30 Meitheamh 2021 chuir an chuideachta Chr. Hansen A/S (‘t-iarratasóir’) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283, iarratas ar athrú ar choinníollacha úsáide 2’-FL. D’iarr an t-iarratasóir méadú ar na huasleibhéil údaraithe 2’-FL i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ón leibhéal 1,2 g/L a údaraítear faoi láthair i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach araon go dtí 3,0 g/L i mbainne foirmle do naíonáin agus go dtí 3,64 g/L i mbainne foirmle leantach.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) an 28 Meán Fómhair 2022, agus d’iarr sé air tuairim eolaíoch a thabhairt ar an méadú atá beartaithe ar uasleibhéil údaraithe 2’-FL i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach.

(6)

An 26 Meán Fómhair 2023 ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch uaidh dar teideal ‘Safety of the extension of use of 2′-fucosyllactose (2′-FL) as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283 [Sábháilteacht leathnú úsáide 2′-fúcaisiol-lachtóis (2′-FL) mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283]’ (4) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(7)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil 2′-FL sábháilte nuair a úsáidtear é i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach ar na huasleibhéil bheartaithe 3,0 g/L agus 3,64 g/L faoi seach, agus gurb iomchuí dá bhrí sin coinníollacha úsáide 2′-FL a leasú.

(8)

Is leor na forais atá le fáil san fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas agus sa tuairim eolaíoch ón Údarás chun a shuí go bhfuil na hathruithe a iarrtar ar choinníollacha úsáide 2′-FL i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(9)

An 27 Deireadh Fómhair 2023 chuir an t-iarratasóir iarratas eile faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283, iarratas ar athrú ar shonraíochtaí 2’-FL arna tháirgeadh trí choipeadh agus úsáid á baint as tréithchineál díorthach de Escherichia coli BL-21. D’iarr an t-iarratasóir méadú ar uasleibhéil údaraithe na n-iontocsainí iarmharacha ón leibhéal ≤ 100 Aonad Iontocsaine (‘EU’)/g (nó ≤ 0,1 EU/mg) den bhia núíosach i gcás na foirme púdraí nó ≤ 100 EU/ml (nó ≤ 0,1 EU/μl) den bhia núíosach i gcás na foirme leachtaí a údaraítear faoi láthair go dtí ≤ 10 EU/mg den bhia núíosach i gcás na foirme púdraí nó ≤ 10 EU/μl den bhia núíosach i gcás na foirme leachtaí.

(10)

D’iarr an t-iarratasóir méadú ar na hiontocsainí iarmharacha le haghaidh 2’-FL arna tháirgeadh trí choipeadh agus úsáid á baint as tréithchineál díorthach de Escherichia coli BL-21 chun na hiontocsainí iarmharacha sin a ailíniú le hiontocsainí iarmharacha 2’-FL arna tháirgeadh le tréithchineál díorthach de Escherichia coli K-12 atá údaraithe cheana, rud atá údaraithe faoi na coinníollacha úsáide céanna, agus chun iad a ailíniú le hiontocsainí iarmharacha olagaishiúicrídí údaraithe eile atá comhionann le holagaishiúicrídí i mbainne daonna agus atá údaraithe freisin ar leibhéil iontocsainí iarmharacha chomhionanna nó chomhchosúla i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach.

(11)

Measann an Coimisiún nach dócha go mbeidh éifeacht ar shláinte an duine ag an nuashonrú a iarradh ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha chun na hiontocsainí iarmharacha a mhéadú i sonraíochtaí 2’-FL arna tháirgeadh le tréithchineál díorthach de Escherichia coli BL-21, agus nach gá don Údarás meastóireacht sábháilteachta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283. Sna tuairimí ón Údarás (5) (6) (7) maidir le holagaishiúicrídí eile atá údaraithe faoi láthair, ar olagaishiúicrídí iad atá comhionann le holagaishiúicrídí i mbainne daonna agus a bhfuil uasleibhéil iontocsainí iarmharacha ≤ 10 EU/mg den bhia núíosach agus na coinníollacha úsáide céanna nó comhchosúla acu le 2’-FL arna tháirgeadh le tréithchineál díorthach de Escherichia coli BL-21, thángthas ar an gconclúid go bhfuil uasleibhéil sin na n-iontocsainí iarmharacha sábháilte.

(12)

Maidir leis na hathruithe ar choinníollacha úsáide 2’-FL chun a uasleibhéil úsáide i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach a mhéadú agus maidir leis na hathruithe ar shonraíochtaí 2′-FL arna tháirgeadh trí choipeadh agus úsáid á baint as tréithchineál díorthach de Escherichia coli BL-21 chun uasleibhéil na n-iontoscsainí iarmharacha a mhodhnú, is leor an foras san fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas agus sna tuairimí ón Údarás chun a shuí go bhfuil na hathruithe sin i gcomhréir le coinníollacha Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus gur cheart iad a fhormheas.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2283/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2470/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/609/oj).

(4)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(11):8334.

(5)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(6):5717.

(6)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(5):7329.

(7)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(6):8026.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh 2'-Fúcaisiol-lachtóis:

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

‘2-Fúcaisiol-lachtós

Catagóir shonraithe bhia

Uasleibhéil

1.

Is é ‘2′-Fúcaisiol-lachtós’ ainmniú an bhia núíosaigh ar lipéadú na n-earraí bia a bhfuil sé iontu.

2.

Lipéadú na bhforbhianna a bhfuil 2′-Fúcaisiol-lachtós iontu, beidh ráiteas air nár cheart na forbhianna a úsáid má thomhlaítear bianna eile arna mbreisiú le 2′-fúcaisiol-lachtós an lá céanna.

3.

Lipéadú na bhforbhianna a bhfuil 2′-fúcaisiol-lachtós iontu agus a cheaptar do leanaí óga, beidh ráiteas air nár cheart na forbhianna a úsáid má thomhlaítear bainne cíche nó bianna eile arna mbreisiú le 2′-fúcaisiol-lachtós an lá céanna.’

 

Táirgí bainne paistéartha neamhbhlaistithe agus táirgí bainne steirilithe neamhbhlaistithe (lena n-áirítear táirgí TUA)

1,2 g/l

Táirgí bainnebhunaithe coipthe neamhbhlaistithe

1,2 g/l le haghaidh deochanna

19,2 g/kg le haghaidh táirgí nach deochanna iad

Táirgí bainnebhunaithe coipthe blaistithe lena n-áirítear táirgí teaschóireáilte

1,2 g/l le haghaidh deochanna

19,2 g/kg le haghaidh táirgí nach deochanna iad

Analóga déiríochta, lena n-áirítear gealáin deochanna

1,2 g/l le haghaidh deochanna

12 g/kg le haghaidh táirgí nach deochanna iad

400 g/kg le haghaidh gealáin

Barraí gránaigh

12 g/kg

Milseoirí boird

200 g/kg

Bainne foirmle do naíonáin mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

3,0 g/l sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, agus a mhargaítear sa riocht sin nó a athdhéantar de réir mar a threoraíonn an monaróir

Bainne foirmle leantach mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

3,64 g/l sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, agus a mhargaítear sa riocht sin nó a athdhéantar de réir mar a threoraíonn an monaróir

Bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

12 g/kg le haghaidh táirgí nach deochanna iad

1,2 g/l le haghaidh bia leachtach atá réidh le húsáid, agus a mhargaítear sa riocht sin nó a athdhéantar de réir mar a threoraíonn an monaróir

Deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla a cheaptar do leanaí óga

1,2 g/l le haghaidh deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, agus a mhargaítear sa riocht sin nó a athdhéantar de réir mar a threoraíonn an monaróir

Bianna chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

I gcomhréir le riachtanais chothaitheacha shonracha na ndaoine a bhfuil na táirgí ceaptha dóibh

Ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú mar a shainmhínítear faoi Rialúchán (AE) Uimh. 609/2013

4,8 g/l le haghaidh deochanna

40 g/kg le haghaidh barraí

Táirgí aráin agus pasta a bhfuil ráitis orthu maidir le neamhláithreacht ghlútain iontu nó níos lú de iontu i gcomhréir le ceanglais Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 828/2014

60 g/kg

Deochanna blaistithe

1,2 g/l

Caife, tae (seachas tae dubh), insiltí luibheanna agus torthaí, siocaire; tae, insiltí luibheanna agus torthaí agus eastóscáin siocaire; ullmhóidí tae, plandaí, torthaí agus gránach le haghaidh insiltí, chomh maith le meascáin agus meascáin ar an toirt de na táirgí sin

9,6 g/l – tagraíonn an t-uasleibhéal do na táirgí agus iad réidh le húsáid

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE, don phobal i gcoitinne, seachas naíonáin

3,0 g/lá don phobal i gcoitinne

1,2 g/lá do leanaí óga

(2)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh 2′-Fúcaisiol-lachtóis (foinse mhiocróbach):

Sonraíochtaí

 

Cosaint Sonraí

 

Sainmhíniú:

Ainm ceimiceach: α-L-Fúcaipioranóisil-(1→2)-β-D-galachtaipioranóisil-(1→4)-D-glúcaipioranós

Foirmle cheimiceach: C18H32O15

Uimh. CAS: 41263-94-9

Meáchan móilíneach: 488,44 g/mól

2′-Fúcaisiol-lachtós a tháirgtear le tréithchineál géinmhodhnaithe de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 arna údarú an 16 Bealtaine 2023. Tá an t-áireamh sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus ar shonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283.

Iarratasóir: ‘Advanced Protein Technologies Corporation’, 7th Floor GyeongGi-BioCenter, 147, Gwanggyo-ro, Yeongtong-gu, Suwon-si Gyeonggi-do, 16229 An Chóiré Theas. Is é ‘Advanced Protein Technologies Corporation’ amháin atá údaraithe chun 2′-Fúcaisiol-lachtós arna tháirgeadh le tréithchineál géinmhodhnaithe de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt a dhéanamh don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh nó do na sonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ‘Advanced Protein Technologies Corporation’.

Dáta deiridh na cosanta sonraí: 16 Bealtaine 2028.’

‘2-Fúcaisiol-lachtós

(foinse mhiocróbach)

Foinse: Tréithchineál géinmhodhnaithe de Escherichia coli K-12

Foinse: Tréithchineál géinmhodhnaithe de Escherichia coli BL-21

Foinse: Tréithchineál géinmhodhnaithe Corynebacterium glutamicum ATCC 13032

Tuairisc:

Is púdar idir bán agus neasbhán a tháirgtear trí phróiseas micribhitheolaíoch 2′-Fúcaisiol-lachtós.

Íonacht:

2′-Fúcaisiol-lachtós: ≥ 83 %

D-Lachtós: ≤ 10,0 %

L-Fúcós: ≤ 2,0 %

Défhúcaisiol-D-lachtós: ≤ 5,0 %

2′-Fúcaisiol-D-lachtalós: ≤ 1,5 %

Suim na siúicrídí (2′-Fúcaisiol-lachtós, D-Lachtós, L-Fúcós, Défhúcaisiol-D-lachtós, 2′-Fúcaisiol-D-lachtalós): ≥ 90 %

pH (20 °C, tuaslagán 5 %): 3,0-7,5

Uisce: ≤ 9,0 %

Luaith shulfáitithe: ≤ 2,0 %

Aigéad aicéiteach: ≤ 1,0 %

Próitéiní iarmharacha: ≤ 0,01 %

Critéir mhicribhitheolaíocha:

Áireamh iomlán na mbaictéar aeróbach méisifileach: ≤ 3 000 CFU/g

Giostaí: ≤ 100 CFU/g

Múscáin: ≤ 100 CFU/g

Iontocsainí: ≤ 10 EU/mg

CFU: Aonaid Déanta Coilíneachta; EU: Aonaid Iontocsaine

Tuairisc:

Is púdar atá idir bán agus neasbhán 2′-Fúcaisiol-lachtós agus is tuaslagán uiscí gan dath go beagán buí é an tuaslagán uiscí ina fhoirm tiúchain leachtaigh (45 % ± 5 % w/v). Déantar 2′-Fúcaisiol-lachtós a tháirgeadh trí phróiseas micribhitheolaíoch.

Íonacht:

2′-Fúcaisiol-lachtós: ≥ 90 %

Lachtós: ≤ 5,0 %

Fúcós: ≤ 3,0 %

3-Fúcaisiol-lachtós: ≤ 5,0 %

Fúcaisiolgalachtós: ≤ 3,0 %

Défhúcaisiol-lachtós: ≤ 5,0 %

Glúcós: ≤ 3,0 %

Galachtós: ≤ 3,0 %

Uisce: ≤ 9,0 % (púdar)

Luaith, í sulfáitithe: ≤ 0,5 % (púdar agus leacht)

Próitéiní iarmharacha: ≤ 0,01 % (púdar agus leacht)

Miotail Throma:

Luaidhe: ≤ 0,02 mg/kg (púdar agus leacht)

Arsanaic: ≤ 0,2 mg/kg (púdar agus leacht)

Caidmiam: ≤ 0,1 mg/kg (púdar agus leacht)

Mearcair: ≤ 0,5 mg/kg (púdar agus leacht)

Critéir mhicribhitheolaíocha:

Áireamh coilíneachtaí aeróbacha: ≤ 104 CFU/g (púdar), ≤ 5 000 CFU/g (leacht)

Giostaí agus Múscáin: ≤ 100 CFU/g (púdar); ≤ 50 CFU/g (leacht)

Enterobacteriaceae/Baictéir dhrólannacha: neamhláithreacht in 11 g (púdar agus leacht)

Salmonella: diúltach/100 g (púdar), diúltach/200 ml (leacht)

Cronobacter: diúltach/100 g (púdar), diúltach/200 ml (leacht)

Iontocsainí: ≤ 10 EU/mg (púdar), ≤ 10 EU/μl (leacht)

Aflatocsain M1: ≤ 0,025 μg/kg (púdar agus leacht)

CFU: Aonaid Déanta Coilíneachta; EU: Aonaid Iontocsaine

Tuairisc:

Is púdar idir bán agus neasbhán/dath an eabhair a tháirgtear trí phróiseas micribhitheolaíoch 2′-Fúcaisiol-lachtós.

Íonacht:

2′-Fúcaisiol-lachtós (meáchan/meáchan d’ábhar tirim): ≥ 94,0 %

D-Lachtós (meáchan/meáchan d’ábhar tirim): ≤ 3,0 %

L-Fúcós (meáchan/meáchan d’ábhar tirim): ≤ 3,0 %

3-Fúcaisiol-lachtós (meáchan/meáchan d’ábhar tirim): ≤ 3,0 %

Défhúcaisiol-lachtós (meáchan/meáchan d’ábhar tirim): ≤ 2,0 %

D-Glúcós (meáchan/meáchan d’ábhar tirim): ≤ 3,0 %

D-Galachtós (meáchan/meáchan d’ábhar tirim): ≤ 3,0 %

Uisce: ≤ 9,0 %

Luaith: ≤ 0,5 %

Próitéiní iarmharacha: ≤ 0,005 %

Éilleáin:

Arsanaic: ≤ 0,03 mg/kg

Aflatocsain M1: ≤ 0,025 μg/kg

Eatánól: ≤ 1 000 mg/kg

Critéir mhicribhitheolaíocha:

Áireamh coilíneachtaí aeróbacha: ≤ 500 CFU/g

Giostaí agus Múscáin: ≤ 100 CFU/g

Enterobacteriaceae: neamhláithreacht in 10 g

Salmonella: neamhláithreacht in 25 g

Cronobacter spp.: neamhláithreacht in 10 g

Iontocsainí: ≤ 100 EU/mg

CFU: Aonaid Déanta Coilíneachta; EU: Aonaid Iontocsaine

 

 

 

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2102/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)