European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2094

12.8.2024

LEASUITHE AR RIALACHA NÓS IMEACHTA NA CÚIRTE BREITHIÚNAIS

[2024/2094]

DÉANANN AN CHÚIRT BHREITHIÚNAIS,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe don séú mír d’Airteagal 253 de,

ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a(1) de,

ag féachaint don Phrótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 63 de,

de bhrí gur cheart na rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) 2024/2019 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (1), a shonrú, sna Rialacha Nós Imeachta agus a shonrú, go háirithe na rialacha maidir le láimhseáil tosaigh na n-iarrataí ar réamhrialú a chuirtear faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais de bhun Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh d’fhonn an chúirt a bhfuil dlínse aici chun iad a láimhseáil a chinneadh.

de bhrí gur gá a chur isteach freisin sna Rialacha seo na forálacha is gá chun láimhseáil ghasta na n-iarrataí ar réamhrialú arna láimhseáil ag an gCúirt Ghinearálta a tharchuirtear chuig an gCúirt Bhreithiúnais de bhun an dara fomhír d’Airteagal 256(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar an bhforas go bhfuil breith ar phrionsabal i gceist a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Aontais Eorpaigh,

de bhrí gurb iomchuí forálacha na Rialacha Nós Imeachta a fhorlíonadh d’fhonn foráil a dhéanamh go gcuirfear an Chúirt Ghinearálta, an chúirt a rinne an tarchur agus na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht ar an eolas mura ndéanann an Chéad Abhcóide Ginearálta togra i leith athbhreithniú, i ndiaidh na teorann ama d’aon mhí dá bhforáiltear sa dara mír d’Airteagal 62 den Reacht.

de bhrí gurb iomchuí na Rialacha Nós Imeachta a fhorlíonadh freisin chun an taithí a fuarthas le linn na géarchéime sláinte a chur san áireamh agus foráil a dhéanamh don fhéidearthacht, do na páirtithe nó dá n-ionadaithe, pléadálacha a dhéanamh in imthosca áirithe trí fhíschomhdháil, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha dlíthiúla agus teicniúla áirithe,

de bhrí gurb iomchuí, thairis sin, foráil a chur isteach a bhaineann le craoladh na n-éisteachtaí ag an gCúirt Bhreithiúnais d’fhonn a chur ar chumas do shaoránaigh an Aontais agus do na cúirteanna agus binsí a chuir iarraidh ar réamhrialú faoi bhráid na Cúirte na héisteachtaí sin a leanúint, gan taisteal go Lucsamburg, agus an méid sin á chur in iúl go cuí do na páirtithe sna himeachtaí agus go bhféadfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, cúiseanna nár chóir éisteacht faoi leith a chraoladh a chur in iúl,

de bhrí gurb iomchuí, ionas go mbeidh brí agus raon feidhme na bhfreagraí arna dtabhairt ag an gCúirt Bhreithiúnais ar na ceisteanna réamhrialaithe a chuirtear faoina bráid lánsoiléir do chúirteanna agus binsí agus do shaoránaigh an Aontais, is iomchuí, chuige sin freisin, na barúlacha i scríbhinn arna dtíolacadh ag na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht a chur ar líne laistigh de theorainn ama réasúnta i ndiaidh clabhsúr a chur leis an gcás, mura bhfuil agóidí déanta acu sin i gcoinne fhoilsiú a mbarúlacha,

de bhrí, ar deireadh, gur cheart raon feidhme forálacha áirithe de na Rialacha Nós Imeachta a bhaineann, go háirithe, le cinneadh na rannpháirtithe sna himeachtaí réamhrialaithe, le forbairt reachtaíocht an Aontais i réimse na cosanta sonraí pearsanta nó modhanna taiscthe agus seirbheála na ndoiciméad nós imeachta, a thagann le forbairtí teicneolaíochta le déanaí, a shoiléiriú nó a shonrú,

le formheas ón gComhairle arna thabhairt an 21 Meitheamh 2024,

NA LEASUITHE SEO A LEANAS AR A RIALACHA NÓS IMEACHTA A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais an 25 Meán Fómhair 2012  (2) mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 48:

‘Airteagal 48

Modhanna seirbheála

1.   I gcás go gceanglaítear leis an Reacht nó leis na Rialacha seo doiciméad a sheirbheáil ar dhuine, féachfaidh an Cláraitheoir chuige go ndéanfar an tseirbheáil trí mheán leictreonach nó trí chóip den doiciméad atá le seirbheáil a chur chuige tríd an bpost cláraithe, maille le foirm admhála, nó tríd an gcóip a sheachadadh go pearsanta agus admháil a fháil ina leith.

2.   Cinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais, trí chinneadh, na coinníollacha ina bhféadfar doiciméad nós imeachta a sheirbheáil trí mheán leictreonach. Foilseofar an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.   I gcás go dtugann an seolaí a thoiliú go ndéanfar doiciméid nós imeachta a sheirbheáil air trí mheán leictreonach, sna coinníollacha arna gcinneadh ag an gCúirt Bhreithiúnais, déanfar gach doiciméad nós imeachta, lena n-áirítear breithiúnais agus orduithe na Cúirte Breithiúnais, a sheirbheáil tríd an meán sin. Ina mhalairt de chás, déanfar seirbheálacha ag seoladh an duine le haghaidh seirbheála nó, murar luaigh an seolaí seoladh le haghaidh seirbheála, ag a sheoladh trí chóip den doiciméad atá le seirbheáil a sheoladh tríd an bpost cláraithe, maille le foirm admhála, nó tríd an gcóip sin a sheachadadh go pearsanta agus admháil a fháil ina leith. Ullmhóidh agus deimhneoidh an Cláraitheoir na cóipeanna de dhoiciméid a bheidh le seirbheáil.

4.   Mura féidir, ar chúiseanna teicniúla nó toisc chineál nó fhad an doiciméid, doiciméad nós imeachta a sheoladh trí mheán leictreonach, déanfar an doiciméad a sheirbheáil ag seoladh le haghaidh seirbheála an tseolaí nó, murar luaigh an seolaí seoladh le haghaidh seirbheála, ag a sheoladh i gcomhréir leis na modhanna a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo. Cuirfear an seolaí ar an eolas faoi sin trí aon mheán teicniúil nó leictreonach eile cumarsáide atá ag an gCúirt agus ag an seolaí. Measfar go mbeidh an tseirbheáil déanta ar an seolaí trí phost cláraithe ar an deichiú lá i ndiaidh an litir chláraithe a thaisceadh ag an bpostoifig san áit a bhfuil a suíomh ag an gCúirt, mura dtaispeánfar trí fhoirm admhála go bhfuarthas an litir ar dháta eile nó mura gcuirfidh an seolaí in iúl don Chláraitheoir, laistigh de thrí seachtaine tar éis é a chur ar an eolas mar a luaitear thuas, nach bhfuil an doiciméad atá le seirbheáil air faighte aige.’

(2)

Leasaítear Airteagal 57 mar a leanas:

(a)

Scriostar mír 2.

(b)

Déantar míreanna 3 go 8 a athuimhriú mar mhíreanna 2 go 7.

(c)

Leasaítear mír 2, atá nua, mar seo a leanas:

‘Dlífidh na hinstitiúidí, fairis sin, aistriúcháin ar aon doiciméad nós imeachta a thabhairt ar aird laistigh de na teorainneacha ama a leagfaidh an Chúirt síos, sna teangacha eile dá bhforáiltear le hAirteagal 1 de Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle.’

(d)

Leasaítear mír 6, atá nua, mar seo a leanas:

‘Gan dochar d’fhorálacha mhíreanna 1 go 5, an dáta agus an uair a gheobhaidh an Chlárlann cóip den leagan bunaidh sínithe de dhoiciméad nós imeachta, lena n-áirítear sceideal na n-ítimí agus na ndoiciméad dá dtagraítear i mír 3 trí mheán teicniúil nó leictreonach cumarsáide atá ag an gCúirt, measfar gurb iad sin dáta agus uair an taiscthe chun na teorainneacha ama nós imeachta a chomhlíonadh, ar choinníoll go ndéanfar an leagan bunaidh sínithe den doiciméad nós imeachta lena ngabhfaidh na hiarscríbhinní a thaisceadh sa Chlárlann tráth nach déanaí ná deich lá ina dhiaidh sin. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 51 de na Rialacha seo maidir leis an teorainn ama sin.’

(e)

Leasaítear mír 7, atá nua, mar a leanas:

‘Gan dochar d’fhorálacha mhíreanna 2 go 5, déanfaidh an Chúirt, trí chinneadh, na coinníollacha faoina measfar gur leagan bunaidh den doiciméad nós imeachta é an doiciméad nós imeachta a sheolfar go leictreonach chuig an gClárlann. Foilseofar an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.’

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 78, a bhfuil a inneachar in Airteagal 80(1), atá nua, feasta:

‘Airteagal 78

Rannpháirtíocht in éisteacht trí fhíschomhdháil

1.   I gcás ina gcuireann cúiseanna sláinte, slándála nó cúiseanna tromchúiseacha eile bac ar ionadaí ar pháirtí nó ar dhuine leasmhar dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht páirt a ghlacadh in éisteacht i bpearsa, féadfar cead a thabhairt don ionadaí sin freastal ar an éisteacht sin trí fhíschomhdháil. Beidh feidhm ag an riail sin freisin maidir leis na páirtithe sna príomhimeachtaí i gcás, i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta náisiúnta is infheidhme, go gceadaítear dóibh imeachtaí cúirte a thionscnamh nó a chosaint gan ionadaíocht ó dhlíodóir.

2.   Déanfar iarratas chun freastal ar an éisteacht trí fhíschomhdháil a thíolacadh i ndoiciméad ar leith, a luaithe atá cúis an bhaic ar eolas agus léireofar go cruinn ann cineál an bhaic sin.

3.   Déanfaidh an tUachtarán cinneadh maidir leis an iarratas sin a luaithe is féidir.

4.   Ní cheadófar físchomhdháil a úsáid i gcás go dtugann an Chúirt breith i seomra iata de bhun Airteagal 79 de na Rialacha seo.

5.   Sonrófar na coinníollacha teicniúla atá le comhlíonadh chun freastal ar éisteacht trí fhíschomhdháil sna treoracha cleachtais do pháirtithe, arna nglacadh ar bhonn Airteagal 208 de na Rialacha seo.’

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 80:

‘Airteagal 80

Seoladh na héisteachta

1.   Cuirfidh an tUachtarán tús leis na himeachtaí ó bhéal agus déanfaidh sé stiúradh orthu agus beidh sé freagrach as an éisteacht a sheoladh mar is cuí.

2.   Féadfaidh na comhaltaí d’fhoirmíocht na Cúirte agus an tAbhcóide Ginearálta, i gcúrsa na héisteachta, ceisteanna a chur ar ghníomhairí, ar chomhairleoirí nó ar dhlíodóirí na bpáirtithe agus, sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal 47(2) de na Rialacha seo, ar na páirtithe sna príomhimeachtaí nó ar a n-ionadaithe.’

(5)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 80:

‘Airteagal 80a

Éisteachtaí a chraoladh

1.   Féadfar éisteachtaí os comhair na Cúirte a chraoladh. Craoladh beo a bheidh ann sa chás go mbaineann sé le fógairt breithiúnas nó Tuairimí, agus craoladh moillithe a bheidh ann sa chás go mbaineann sé le pléadálacha ó bhéal na bpáirtithe nó na ndaoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht i gcás a sannadh ar an gCúirt iomlán, ar an Mór-Dhlísheomra, ar an Dlísheomra de mhéid idirmheánach nó, go heisceachtúil i gcás ina bhfuil údar leis sin mar gheall ar thábhacht an cháis, dlísheomra ina bhfuil cúigear Breithiúna ina suí.

2.   Sa chás go bhfuil sé beartaithe ag an gCúirt éisteacht a chraoladh, cuirfidh an Chlárlann an méid sin in iúl do na páirtithe agus do na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht, agus fógra á thabhairt dóibh chun freastal ar an éisteacht sin.

3.   Má mheasann páirtí nó duine leasmhar dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht nár chóir an éisteacht dár tugadh fógra dó chun freastal air a chraoladh, cuirfidh sé sin in iúl don Chúirt a luaithe is féidir, agus na himthosca lena dtugtar údar gan an éisteacht a chraoladh á leagan amach go mionsonraithe.

4.   Tabharfaidh an tUachtarán breith ar an iarratas sin a luaithe is féidir, tar éis an Breitheamh is Rapóirtéir agus an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht.

5.   Beidh fístaifead de na héisteachtaí a craoladh ar fáil ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar feadh tréimhse nach faide ná aon mhí amháin i ndiaidh clabhsúr na héisteachta.

6.   Má mheasann páirtí nó duine leasmhar dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht gur cheart fístaifead d’éisteacht ina raibh sé páirteach a bhaint den suíomh gréasáin thuasluaite, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Chúirt Bhreithiúnais chomh luath agus is féidir agus na himthosca lena dtugtar údar dó a bhaint á leagan amach.

7.   Déanfaidh an tUachtarán cinneadh faoin iarraidh sin láithreach, tar éis dó an Breitheamh is Rapóirtéir agus an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht.

8.   Cinnfidh an Chúirt, trí chinneadh, na rialacha agus na socruithe maidir le craoladh na n-éisteachtaí a chur chun feidhme. Foilseofar an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.’

(6)

Leasaítear Airteagal 82 mar a leanas:

(a)

Leasaítear mír 1 mar seo a leanas:

‘I gcás ina mbeidh éisteacht ann, tabharfar Tuairim an Abhcóide Ghinearálta tar éis dheireadh na héisteachta sin, ar dháta a fhógróidh an tAbhcóide Ginearálta.’

(b)

Cuirtear mír nua 2 isteach i ndiaidh mhír 1. Seo a leanas an téacs:

‘I gcás nach mbeidh éisteacht ann, tabharfar Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ar dháta a fhógróidh an tAbhcóide Ginearálta.’

(c)

Athuimhrítear mír 2 atá ann faoi láthair mar mhír 3.

(7)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 93:

‘Airteagal 93a

Réamhanailís ar iarrataí ar réamhrialú

1.   I gcás ina gcuirtear iarraidh ar réamhrialú faoi bhráid na Cúirte, cuirfidh an Chlárlann an iarraidh sin chuig an Uachtarán, chuig an Leas-Uachtarán agus chuig an gCéad Abhcóide Ginearálta.

2.   Má mheasann an tUachtarán, i ndiaidh anailís a dhéanamh ar an iarraidh ar réamhrialú, tar éis an Leas-Uachtarán agus an Chéad Abhcóide Ginearálta a éisteacht, go mbaineann an iarraidh sin go heisiach le ceann amháin nó níos mó de na hábhair shonracha dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 50b den Reacht, cuirfidh sé sin in iúl don Chlárlann agus tarchuirfidh an Chlárlann an iarraidh chuig Clárlann an Cúirte Ginearálta láithreach. Leanfar leis na himeachtaí ansin os comhair na Cúirte Ginearálta, i gcomhréir le forálacha a Rialacha Nós Imeachta.

3.   Más rud é, i ndiaidh na hanailíse sin agus tar éis an Leas-Uachtarán agus an Chéad Abhcóide Ginearálta a éisteacht, go measann an tUachtarán, cé go dtagann an iarraidh ar réamhrialú faoi cheann amháin nó níos mó de na hábhair shonracha dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 50b den Reacht, go mbaineann an iarraidh le hábhair eile freisin nó go n-ardaíonn an iarraidh ceisteanna neamhspleácha maidir le léiriú ar an dlí príomha, ar an dlí idirnáisiúnta poiblí, ar phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais nó ar an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 50b den Reacht, tarchuirfidh an Chúirt Ghinearálta an iarraidh chun na Cúirte Breithiúnais gan mhoill. Má mheasann an Chúirt Bhreithiúnais go dtagann an iarraidh go heisiach faoi cheann amháin nó níos mó de na hábhair shonracha dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 50b den Reacht, cuirfidh Clárlann na Cúirte Breithiúnais an iarraidh sin chuig Clárlann na Cúirte Ginearálta agus leanfar leis an nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta, i gcomhréir le forálacha a Rialacha Nós Imeachta. Ina mhalairt de chás, leanfar leis an nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais, i gcomhréir le forálacha na Rialacha seo.

4.   I gcás ina gcuirfear iarraidh ar réamhrialú chuig Clárlann na Cúirte Ginearálta i gcomhréir le míreanna 2 nó 3 den Airteagal seo, cuirfidh an Chlárlann an chúirt a rinne an tarchur ar an eolas.’

(8)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 95:

‘Airteagal 95

Anaithnidiú agus sonraí pearsanta a fhágáil ar lár

1.   Sa chás go ndéanann an chúirt nó an binse a rinne an tarchur an iarraidh ar réamhrialú a anaithnidiú nó go gcinneann an chúirt nó an binse a rinne an tarchur sonraí a bhaineann le daoine nádúrtha nó le heintitis lena mbaineann an díospóid sna príomhimeachtaí, cibé acu an páirtithe nó tríú páirtithe sa díospóid sin iad, a fhágáil ar lár, cloífidh an Chúirt leis an anaithnidiú sin nó leis an bhfágáil ar lár sin sna himeachtaí atá ar feitheamh os a comhair.

2.   Ar iarratas ón gcúirt nó ón mbinse a rinne an tarchur, ar iarratas ó pháirtí sna príomhimeachtaí nó uaithi féin, féadfaidh an Chúirt freisin iarraidh ar réamhrialú a anaithnidiú nó a chinneadh sonraí pearsanta duine nádúrtha amháin nó níos mó lena mbaineann an díospóid sna príomhimeachtaí, cibé acu an páirtithe nó tríú páirtithe sa díospóid sin iad, a fhágáil ar lár.’

(9)

Leasaítear Airteagal 96 mar a leanas:

(a)

Leasaítear an chéad abairt de mhír 1 mar seo a leanas:

‘De bhun Airteagal 23 den Reacht, údarófar na daoine nó na heintitis seo a leanas pléadálacha nó barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na Cúirte:’

(b)

Cuirtear isteach pointe nua (d) i ndiaidh phointe (c). Seo a leanas an téacs:

‘(d)

Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Banc Ceannais Eorpach, má mheasann siad go bhfuil leas sonrach acu sna saincheisteanna a ardaítear leis an iarraidh ar réamhrialú,’

(c)

Athuimhrítear pointí (d) go (f) mar phointí (e) go (g).

(d)

Cuirtear mír nua isteach i ndiaidh mhír 2: Seo a leanas an téacs:

‘3.   Foilseofar pléadálacha i scríbhinn agus barúlacha i scríbhinn arna dtaisceadh de bhun an Airteagail seo ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tar éis fhógairt an bhreithiúnais nó sheirbheáil an ordaithe lena gcuirtear deireadh leis na himeachtaí ar na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht, mura ndéanann duine de na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht agóid i gcoinne fhoilsiú a phléadálacha i scríbhinn nó a bharúlacha i scríbhinn. Ní mór an agóid sin, nach gá cúiseanna a chur léi agus nach féidir a bheith ina hábhar caingne os comhair na Cúirte Breithiúnais ná na Cúirte Ginearálta, a chur in iúl don Chlárlann, i ndoiciméad ar leith, trí mhí ar a dhéanaí i ndiaidh fhógairt an bhreithiúnais nó sheirbheáil an ordaithe lena gcuirtear clabhsúr leis na himeachtaí. Sa chás sin, déantar tagairt don agóid sin ar an suíomh thuasluaite agus ní fhoilseofar na pléadálacha i scríbhinn nó na barúlacha i scríbhinn lena mbaineann, fiú i bpáirt. Má chuireann an duine leasmhar deireadh lena agóid níos déanaí maidir le foilsiú a phléadálacha i scríbhinn nó a bharúlacha i scríbhinn, foilseofar na pléadálacha i scríbhinn nó na barúlacha i scríbhinn sin ar an suíomh a luaithe a chuirfear deireadh leis an agóid sin. Sa chás go gcuirfear an agóid in iúl don Chlárlann tar éis dhul in éag na teorann ama thuasluaite, bainfear den suíomh na pléadálacha i scríbhinn nó na barúlacha i scríbhinn a foilsíodh.’

(10)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 97(3):

‘Maidir le hionadaíocht agus freastal na bpáirtithe sna príomhimeachtaí, tabharfaidh an Chúirt aird ar na rialacha nós imeachta i bhfeidhm os comhair na cúirte nó an bhinse náisiúnta a rinne an tarchur. I gcás ina bhfuil aon amhras ann an bhféadfaidh duine ionadaíocht a dhéanamh do pháirtí sna príomhimeachtaí, nó an bhféadfaidh páirtí den sórt sin gníomhú gan ionadaí, féadfaidh an Chúirt faisnéis faoi na rialacha nós imeachta náisiúnta is infheidhme a fháil ón gcúirt nó ón mbinse a rinne an tarchur.’

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 106:

‘Airteagal 106

Doiciméid nós imeachta a sheachadadh

1.   Measfar go mbeidh na doiciméid nós imeachta dá dtagraítear san Airteagal roimhe seo taiscthe, tráth a dhéanfar cóip den doiciméad bunaidh sínithe agus na hítimí agus na doiciméid a mbeifear ag brath orthu mar thacaíocht dó, mar aon le sceideal dá dtagraítear in Airteagal 57(3) a sheachadadh chuig Clárlann na Cúirte, trí e-Curia nó trí aon mheán teicniúil nó leictreonach cumarsáide atá ag an gCúirt. Seolfar an doiciméad bunaidh agus na hiarscríbhinní dá dtagraítear thuas chuig an gClárlann láithreach.

2.   I gcás ina n-éilíonn an tAirteagal roimhe seo go seirbheálfar doiciméad ar dhuine nó go gcuirfear doiciméad in iúl dóibh, déanfar an tseirbheáil sin nó an fógra sin trí mheán leictreonach, sna coinníollacha arna gcinneadh ag an gCúirt, i gcás inar thoiligh an seolaí go seirbheálfar doiciméid nós imeachta air ar an gcaoi sin. Ina mhalairt de chás, déanfar na seirbheálacha agus na fógraí thuasluaite trí chóip den doiciméad a sheoladh trí aon mheán teicniúil nó leictreonach cumarsáide atá ag an gCúirt agus ag an seolaí.’

(12)

Cuirtear isteach an Chaibidil seo a leanas, dar teideal ‘An nós imeachta i ndiaidh tarchuir’, i dTeideal III, i ndiaidh Airteagal 114:

‘Caibidil 4

AN NÓS IMEACHTA I nDIAIDH TARCHUIR

Airteagal 114a

Iarrataí ar réamhrialú arna dtarchur chuig an gCúirt Ghinearálta de bhun an dara mír d’Airteagal 54 den Reacht

Sa chás go gcinneann an Chúirt Ghinearálta, de bhun an dara mír d’Airteagal 54 den Reacht, nach bhfuil dlínse aici chun iarraidh ar réamhrialú a chuirtear faoina bráid de bhun Airteagal 267 CFAE a éisteacht agus a chinneadh, déanfaidh sí an iarraidh sin a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais. Leanfar leis na himeachtaí ansin os comhair na Cúirte Breithiúnais, i gcomhréir le forálacha na Rialacha seo.

Airteagal 114b

Iarrataí ar réamhrialú arna dtarchur ón gCúirt Ghinearálta de bhun an dara fomhír d’Airteagal 256(3) CFAE

1.   Sa chás go dtarchuireann an Chúirt Ghinearálta, de bhun an dara fomhír d’Airteagal 256(3) CFAE, iarraidh ar réamhrialú chuig an gCúirt lena n-éilítear breith ar phrionsabal a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Aontais, láimhseálfar an iarraidh sin go pras.

2.   Ainmneoidh an tUachtarán an Breitheamh is Rapóirtéir a bheidh freagrach as an gcás láithreach agus ainmneoidh an Chéad Abhcóide Ginearálta Abhcóide Ginearálta.

3.   Má tá clabhsúr curtha leis an gcuid i scríbhinn den nós imeachta cheana nuair a tharchuirfear an cás chuig an gCúirt, féadfaidh na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht pléadálacha i scríbhinn nó barúlacha i scríbhinn comhlántacha a thaisceadh faoin gceist phrionsabail arna hardú san iarraidh ar réamhrialú, laistigh de thréimhse arna socrú ag an Uachtarán, nach féidir a bheith níos giorra ná 15 lá.

4.   Tabharfaidh an Chúirt a breith a luaithe is féidir, tar éis barúlacha ó bhéal na ndaoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta a éisteacht, i gcás inarb iomchuí.’

(13)

Déantar Caibidil 4 de Theideal III a athuimhriú mar Chaibidil 5 de Theideal III.

(14)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 121(2):

‘2.   De bhreis ar sheoladh le haghaidh seirbheála a shonrú amhail dá dtagraítear i mír 1 nó ina ionad sin, féadfar a lua san iarratas go dtugann an dlíodóir nó an gníomhaire a thoiliú go ndéanfar na doiciméid sin a sheirbheáil air trí aon mheán teicniúil nó leictreonach eile cumarsáide atá ag an gCúirt agus ag an dlíodóir nó ag an ngníomhaire sin.’

(15)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 125:

‘Airteagal 125

Doiciméid a sheachadadh

Aon uair nach páirtí sa chás Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún Eorpach, cuirfidh an Chúirt cóipeanna den iarratas agus den chosaint, nó, i gcás inarb ábhartha, den phléadáil maidir le heaspa dlínse nó do-ghlacthacht, d’éagmais na n-iarscríbhinní a ghabhann leis na doiciméid sin, chun na n-institiúidí sin ionas go mbeidh siad in ann measúnú a dhéanamh an bhfuil neamhfheidhmeacht ceann dá ngníomhartha á hagairt faoi Airteagal 277 CFAE.’

(16)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 193:

‘Airteagal 193a

Easpa togra i leith athbhreithniú

Mura mbeidh togra i leith athbhreithniú ar bhreith na Cúirte Ginearálta déanta ag an gCéad Abhcóide Ginearálta ar dhul in éag na teorann ama dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 62 den Reacht, cuirfidh an Cláraitheoir an méid sin in iúl láithreach don Chúirt Ghinearálta, a chuirfidh an méid sin in iúl don chúirt a rinne an tarchur agus do na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht.’

Airteagal 2

Foilseofar na leasuithe seo ar na Rialacha Nós Imeachta, atá barántúil sna teangacha dá dtagraítear in Airteagal 36 de na Rialacha seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh siad i bhfeidhm an chéad lá den dara mí i ndiaidh a bhfoilsithe.

Arna ndéanamh i Lucsamburg, an 2 Iúil 2024.

A. Calot ESCOBAR

Cláraitheoir

K. LENAERTS

An tUachtarán


(1)   IO L, 2024/2019, 12.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2019/oj.

(2)   IO L 265 an 29 Meán Fómhair 2012, lch. 1, arna leasú an 18 Meitheamh 2013 (IO L 173, 26 Meitheamh 2013, lch. 65), 19 Iúil 2016 (IO L 217, 12 Lúnasa 2016, lch. 69), 9 Aibreán 2019 (IO L 111, 25 Aibreán 2019, lch. 73) agus an 26 Samhain 2019 (IO L 316, an 6 Nollaig 2019, lch. 103).


ELI: http://data.europa.eu/eli/proc_internal/2024/2094/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)