European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2088

2.8.2024

CINNEADH (AE) 2024/2088 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Iúil 2024

lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 4 de,

Ag féachaint don fhógra a thug Éire gur mian léi glacadh le Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (1), agus gur mian léi a bheith faoi cheangal ag an Rialachán sin,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Glacadh Rialachán (AE) 2024/1351 an 14 Bealtaine 2024 agus tháinig sé i bhfeidhm an 11 Meitheamh 2024. Mar sin féin, beidh feidhm ag a fhorálacha ón 1 Iúil 2026 ar aghaidh, seachas Airteagail 7 go 15, Airteagal 22(1), an ceathrú fomhír, Airteagal 23(7), Airteagal 25(6) agus Airteagal 25(7), Airteagal 34(3) agus Airteagal 34(4), Airteagal 39(3), an dara fomhír, Airteagal 40(4), Airteagal 40(8), an dara fomhír, Airteagal 41(5), Airteagal 46(1), an cúigiú fomhír, Airteagal 46(4), Airteagal 48(4), Airteagal 50(1), an dara fomhír, Airteagal 50(5), Airteagal 52(4), Airteagail 56 agus 57, Airteagal 64(3), Airteagal 67(14) agus Airteagail 78 agus 84, a mbeidh feidhm acu ón 11 Meitheamh 2024 ar aghaidh.

(2)

I litir dar dáta an 27 Meitheamh 2024, thug Éire fógra gur mian léi glacadh le Rialachán (AE) 2024/1351 agus a bheith faoi cheangal aige.

(3)

Ba cheart rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2024/1351 a dheimhniú.

(4)

Níl aon choinníoll sonrach i gceist le rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2024/1351 agus níl gá le haon bheart idirthréimhseach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2024/1351 deimhnithe.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2024/1351, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1351/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2088/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)