European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2078

1.8.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2078 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Iúil 2024

lena ndiúltaítear d’údarú SmokEz Enviro-23 (SF-006) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024)3706)

(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna (1), agus go háirithe Airteagal 12(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 nach bhféadfar ach blastáin deataigh a áirítear ar liosta an Aontais de tháirgí príomhúla um blastán deataigh údaraithe (‘liosta an Aontais’) a chur ar an margadh laistigh den Aontas, agus iad sin amháin.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 ón gCoimisiún (2) bunaíodh liosta an Aontais. Áiríodh SmokEz Enviro-23 (SF-006) ar an liosta sin agus ba é an 1 Eanáir 2024 dáta éaga an údaraithe.

(3)

I litir dar dáta an 27 Meitheamh 2022, chuir Kerry Inc an Coimisiún ar an eolas go raibh sócmhainní Red Arrow Products Company LLC faighte aige agus gur leis anois na cearta le haghaidh SmokEz Enviro-23 (SF-006).

(4)

An 30 Meitheamh 2022 chuir an chuideachta Kerry Inc iarratas isteach ar údarú SmokEz Enviro-23 (SF-006) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh.

(5)

An 28 Meán Fómhair 2023 ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) an tuairim eolaíoch uaidh maidir le sábháilteacht SmokEz Enviro-23 (SF-006) (3).

(6)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire go bhfuil na substaintí fúrán-2(5H)-ón agus beinséin–1,2-dé-ól in SmokEz Enviro-23 (SF-006) agus tháinig sé ar an gconclúid gur sainaithníodh cúis imní in vivo maidir le géineatocsaineacht na substainte sin nuair a tugadh de bhéal í. I gcomhréir leis an ráiteas ón Údarás maidir leis an measúnú géineatocsaineachta ar mheascáin cheimiceacha (4) agus ós rud é go bhfuil na meastacháin nochta le haghaidh an dá chomhpháirt sin os cionn thairseach bhaol na tocsaineachta de 0,0025 μg/kg bw in aghaidh an lae maidir le só-ghineacha ADN-imoibríocha agus/nó carcanaiginí, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur cúis imní é SmokEz Enviro-23 (SF-006) i ndáil le géineatocsaineacht. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh sé gur chúis imní maidir le géineatocsaineacht na ceithre chomhpháirt eile atá in SmokEz Enviro-23 (SF-006) agus an chuid neamhaitheanta de.

(7)

De bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003, ní fhéadfar ach blastáin deataigh nach mbaineann rioscaí do shláinte an duine leo a údarú agus a chur ar an margadh. Dá bhrí sin, is iomchuí diúltú d’údarú SmokEz Enviro-23 (SF-006) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh.

(8)

Mar sin féin, chun go mbeidh oibreoirí gnólachtaí bia in ann SmokEz Enviro-23 (SF-006) a úsáid mar tháirge príomhúil um blastán deataigh chun bianna a tháirgeadh atá le cur ar an margadh go dtí an 1 Iúil 2029, mar a fhoráiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2067 ón gCoimisiún (5), ba cheart SmokEz Enviro-23 (SF-006) a cheadú lena chur ar an margadh go dtí an dáta sin.

(9)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Diúltaítear d’údarú SmokEz Enviro-23 (SF-006) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh.

Airteagal 2

Féadfar leanúint de SmokEz Enviro-23 (SF-006) a chur ar an margadh go dtí an 1 Iúil 2029.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig Kerry Inc, Global Technology and Innovation Centre, 3400 Milington Road, Beloit, WI 53511, na Stáit Aontaithe.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 309, 26.11.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/2065/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2013 lena mbunaítear liosta an Aontais de tháirgí príomhúla um blastán deataigh lena n-úsáid sa riocht sin i mbianna agus nó ar bhianna chun blastáin deataigh dhíorthaithe a tháirgeadh (IO L 333, 12.12.2013, lch. 54, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/1321/oj).

(3)  EFSA (2023). Tuairim eolaíoch maidir le húdarú SmokEz Enviro-23 (SF-006) a athnuachan mar Tháirge Príomhúil um blastán deataigh, EFSA Journal [Iris EFSA], 21(11), https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8368

(4)  EFSA (2019). EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(1):5519, 11 pp.https://doi.org/10.2903/j.efsa.2019.5519.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2067 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 a mhéid a bhaineann le scriosadh iontrálacha SF-001 go SF-010 ó liosta an Aontais de tháirgí príomhúla um blastán deataigh údaraithe (JO L 2024/2067, 1.8.2024. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2067/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2078/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)