European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2075

29.7.2024

CINNEADH (CBES) 2024/2075 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Iúil 2024

lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 26 Iúil 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/413/CBES (1).

(2)

I gcomhréir le hAirteagail 26(1) agus (3) de Chinneadh 2010/413/CBES, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus V a ghabhann leis an gCinneadh sin.

(3)

Chinn an Chomhairle gur cheart na hiontrálacha a bhaineann le beirt agus ceithre eintiteas a ainmnítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES a bhaint den Iarscríbhinn sin. Ba cheart na bearta sriantacha i gcoinne gach duine agus gach eintitis eile atá ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES a choimeád ar bun, sa mhéid nach luaitear a n-ainmneacha in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCinneadh sin agus ba cheart 56 iontráil a áirítear in Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta. Ina theannta sin, ba cheart gach iontráil in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gCinneadh sin a scriosadh.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2010/413/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Iúil 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

BÓKA J.


(1)  Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle an 26 Iúil 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2007/140/CBES (IO L 195, 27.7.2010, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

I.   

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES mar a leanas:

(1)

scriostar iontrálacha 13 (a bhaineann le Anis NACCACHE) agus 14 (a bhaineann le Briogáidire-Ghinearál Mohammad NADERI) ar an liosta dar teideal ‘I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.’, faoin bhfo-cheannteideal ‘A. Daoine’,

(2)

faoin gceannteideal ‘I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.’, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal ‘A. Daoine’:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘12.

Mohammad Reza MOVASAGHNIA

 

Leas-Aire Tionscail agus Cathaoirleach IMIDRO, Eagraíocht Forbartha agus Athchóirithe Mhianaigh agus Thionscail Mianadóireachta na hIaráine, ó mhí Lúnasa 2023. Iarcheannaire ar an Naval Defense Missile Industry Group, eintiteas atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach, ar a dtugtar freisin Samen Al A’Emmeh Industries Group (SAIG), agus Cruise Missile Industry Group.

26.7.2010

29.

Milad JAFARI (Milad JAFERI)

Dáta breithe: 20.9.1974

Náisiúnach Iaránach a sholáthraíonn earraí, miotail den chuid is mó, do chuideachtaí caocha SHIG, eintiteas atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach. Rinne sé seachadadh ar Earraí chuig SHIG idir Eanáir agus Samhain 2010. Rinneadh íocaíochtaí as cuid de na hearraí ag brainse lárnach Export Development Bank of Iran (EDBI), eintiteas atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach, in Tehran tar éis mhí na Samhna 2010.

1.12.2011

31.

Ali KARIMIAN

 

Náisiúnach Iaránach a sholáthraíonn earraí, snáithíní carbóin den chuid is mó, do chuideachtaí SHIG agus SBIG, eintitis atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach.

1.12.2011

32.

Majid KHANSARI

 

Stiúrthóir Bainistíochta ar Kalaye Electric Company (KEC), eintiteas atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach.

1.12.2011

50.

Mohammad Baqer ZOLQADR

(محمد باقر ذو القدر)

(ar a dtugtar freisin: Mohammad Baqer ZULQADER;

Mohammad Bagher ZOLGHADR)

Dáta breithe: 1954

Áit bhreithe: Faisa, an Iaráin

Feidhm: Rúnaí Expediency Discernment Council

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Is iaroifigeach de chuid IRGC é Mohammad Baqer Zolqadr atá ina Rúnaí reatha ar Expediency Discernment Council. Tá an t-ardcheannaire, a cheapann comhaltaí na Comhairle sin, tar éis maoirsiú ar an rialtas a tharmligean di. Go praiticiúil, tacaíonn the Expediency Discernment Council le Rialtas na hIaráine mar dhlúthchuid den réimeas. Dá bhrí sin, sa ról atá aige, tugann Zolqadr tacaíocht do Rialtas na hIaráine.

17.10.2023 (NA: 24.3.2007)’

(3)

scriostar iontrálacha 59 (a bhaineann le Marou Sanat (ar a dtugtar freisin Mohandesi Tarh Va Toseh Maro Sanat Company)), 95 (a bhaineann le Samen Industries (ar a dtugtar freisin Khorasan Metallurgy Industries)), 98 (a bhaineann le SURENA (ar a dtugtar freisin Sakhd Va Rah-An-Da-Zi)), agus 179 (a bhaineann le Farayand Technique (ar a dtugtar freisin Technology of Centrifuge of Iran Company)) ar an liosta dar teideal ‘I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.’ faoin bhfo-cheannteideal ‘B. Eintitis’,

(4)

faoin gceannteideal ‘I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.’, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal ‘B. Eintitis’:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘1.

Aerospace Industries Organisation [Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis] (AIO)

AIO, 28 Shian 5, Lavizan, Tehran, an Iaráin

Langare Street, Nobonyad Square, Tehran, an Iaráin

Déanann AIO maoirseacht ar tháirgeadh diúracán-na hIaráine, lena n-áirítear Shahid Hemmat Industrial Group [Grúpa Tionsclaíoch Shahid Hemmat], Shahid Bagheri Industrial Group [Grúpa Tionsclaíoch Shahid Bagheri] agus Fajr Industrial Group [Grúpa Tionsclaíoch Fajr] atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach.

23.4.2007

9.

ESNICO (Equipment Supplier for Nuclear Industries Corporation) [Soláthróir Trealaimh le haghaidh Chorparáid na dTionscal Núicléach]

No. 1, 37th Avenue, Asadabadi Street, Tehran, an Iaráin

Cuireann ESNICO earraí tionsclaíocha ar fáil, le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gclár núicléach arna ndéanamh ag AEOI agus Novin Energy, agus ag Kalaye Electric Company [Cuideachta Leictreachais Kalaye], cuideachta atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach. Is é Haleh Bakhtiar stiúrthóir ESNICO.

26.7.2010

18.

Iran Centrifuge Technology Company [Cuideachta um Theicneolaíocht Lártheifneora na hIaráine] (ar a dtugtar freisin TSA; TESA; Farayand Technique; Technology of Centrifuge of Iran Company)

Seoladh 1: 156 Golestan Street, Saradr-e Jangal, Tehran

Seoladh 2: Khalij-e Fars Boulevard, Kilometre 10 of Atomic Energy Road, Rowshan Shahr, Third Moshtaq Street, Esfahan, an Iaráin

Seoladh 3: Yousef Abad District, No. 1, 37th Street, Tehran, an Iaráin

Monaraíonn Cuideachta um Theicneolaíocht Lártheifneora na hIaráine comhpháirteanna lártheifneora le haghaidh saibhriú úráiniam, agus tacaíonn an chuideachta go díreach le gníomhaíochtaí núicléacha leathadh-íogaire na hIaráine.

26.7.2010

20.

Iran Electronics Industries [Tionscail Leictreonaice na hIaráine] (IEI) agus na fochuideachtaí a leanas:

P.O. Box 18575-365, Tehran, an Iaráin

Fochuideachta faoi lánúinéireacht ag MODAFL (agus, dá bhrí sin, deirfiúr-eagraíocht le AIO, AvIO agus DIO). Is é an ról atá aige comhpháirteanna leictreonacha a mhonarú do chórais arm na hIaráine. Dá bhrí sin, is eintiteas é atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí núicléacha leathadh-íogaire na hIaráine.

23.6.2008

 

(a)

Isfahan Optics

P.O. Box 81465-313 Kaveh Ave., Isfahan, an Iaráin

P.O. Box 81465-117, Isfahan, an Iaráin

Faoi úinéireacht nó faoi rialú Thionscail Leictreonaice na hIaráine, nó a ghníomhaíonn thar ceann na cuideachta, eintiteas atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí núicléacha leathadh-íogaire na hIaráine. Ina theannta sin, tá Isfahan Optics ag gabháil do ghníomhaíochtaí núicléacha leathadh-íogaire na hIaráine.

26.7.2010

29.

Ministry Of Defense And Support For Armed Forces Logistics [An Aireacht Cosanta agus Tacaíochta le haghaidh Lóistíocht na bhFórsaí Armtha] (ar a dtugtar freisin Ministry Of Defense For Armed Forces Logistics; ar a dtugtar freisin MODAFL; ar a dtugtar freisin MODSAF)

Seoladh Uimh. 1: Ferdowsi Avenue, Sarhang Sakhaei Street, Tehran, an Iaráin

Seoladh Uimh. 2: PO Box 11365-8439, an Iaráin

Seoladh Uimh. 3: Sarhang Sakhaei Street, Ferdowsi Avenue, Tehran, an Iaráin

Seoladh Uimh. 4: PO Box 11365-8439, an Iaráin

Seoladh Uimh. 5: Pasdaran Avenue, Tehran, an Iaráin

Seoladh Uimh. 6: PO Box 16315-189, Tehran, an Iaráin

Seoladh Uimh. 7: suite ar an taobh iartharach de Dabestan Street, Abbas Abad District, Tehran, an Iaráin

Seoladh Uimh. 8: PO Box 19315-189, Pasdaran Street, South Noubonyand Square, Tehran, an Iaráin

Tá an Aireacht Cosanta agus Tacaíocht le haghaidh Lóistíocht na bhFórsaí Armtha, lena n-áirítear Lárionad Onnmhairíochta MODLEX (ar a dtugtar freisin Lóistíocht Onnmhairíochta na hAireachta Cosanta (MODLEX)) freagrach as cláir thaighde, forbraíochta, mhonaraíochta agus onnmhairíochta na hIaráine in earnáil na cosanta, lena n-áirítear cláir diúracán agus núicléacha.

23.6.2008

31.

Parchin Chemical Industries [Tionscail Ceimiceán Parchin] (PCI)

صنایع شیمیایی پارچین

(ar a dtugtar freisin Parchin Chemical Factories Chemical Industries Group;

PCF Chemical Industries Group;

Parchin Chemical Factories;

Parchin Chemical Industries Group;

PCI Group;

Parchin Chemical Ind (PCF);

Parchin Chemical Factories;

Para Chemical Industries;

PCF;

PCI;

Parchin Military Base)

Seoladh Uimh. 1: Khavaran Road Km 30-35, Parchin Special Road, Varamin, Parchin

Seoladh Uimh. 2: Nobonyad Square, Tehran 15765-358

Seoladh Uimh. 3: Parchin Forked Rd., 35th km. Khavaran Rd., Pakdasht, Tehran, an Iaráin (monarcha)

Seoladh Uimh. 4: 2nd Floor, Sanam Bldg., Nobonyad Sq., Tehran, an Iaráin (ceannoifig)

Seoladh Uimh. 5: Pasdaran Square, P.O. Box 16765/358, Tehran, an Iaráin

Seoladh Uimh. 6: 2nd Floor, Sanam Bldg., 3rd Floor, Sanam Bldg., P.O. Box 16765/358, Nobonyad Square, Tehran, an Iaráin

Táirgeann Tionscail Ceimiceán Parchin (PCI) armlón, pléascáin agus tiomántáin sholadacha le haghaidh roicéad agus diúracán. Baineadh úsáid as saoráidí Parchin chun airm núicléacha a tháirgeadh agus a thástáil. Dá bhrí sin, tá Tionscail Ceimiceán Parchin freagrach as tacú le gníomhaíochtaí núicléacha leathadh-íogaire na hIaráine.

Tá Tionscail Ceimiceán Parchin ina chuid de Chemical Industries and Development of Material Group [Grúpa de Thionscail Ceimiceán agus Forbairt Ábhair] (CIDMG), ar brainse é d’Eagraíocht na dTionscal Cosanta (DIO) de chuid na hIaráine, a thagann faoi Aireacht Cosanta agus Lóistíochta Fhórsaí Armtha na hIaráine (MODAFL) agus tá sé, dá bhrí sin, faoi úinéireacht Rialtas na hIaráine. Dá bhrí sin, is eintiteas é Tionscail Ceimiceán Parchin a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine agus tá sé á rialú ag eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine agus tá baint dhíreach aige leis na heintitis sin.

23.6.2008 (NA: 24.3.2007)

 

 

Uimhir theileafóin: +98 21 2258929; +98 21 35243153; +98 21 3130626

Suíomh gréasáin: http://icig.ir/

Cláruimhir: Cuideachta chomhair Uimh. 892

Eintitis chomhlachaithe: Ministry of Defense and Armed Forces Logistics [Aireacht Cosanta agus Lóistíochta Fhórsaí Armtha na hIaráine] (MODAFL); Defense Industries Organisation [Eagraíocht na dTionscal Cosanta] (DIO); Aerospace Industries Organisation [Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis] (AIO); Iran Electronics Industries [Tionscail Leictreonaice na hIaráine] (IEI)

 

 

35.

Raka

 

Is roinn é Raka de Kalaye Electric Company [Cuideachta Leictreachais Kalaye]. Bunaíodh an chuideachta i ndeireadh 2006 agus is é a bhí freagrach as an stáisiún saibhrithe úráiniam a thógáil in Fordow (Qom).

26.7.2010

42.

Yasa Part agus na fochuideachtaí a leanas:

 

Cuideachta a bhíonn ag plé le gníomhaíochtaí soláthair a bhaineann le hábhair agus teicneolaíochtaí a cheannach is gá le haghaidh cláir núicléacha agus bhalaistíocha.

26.7.2010

 

(a)

Arfa Paint Company (ar a dtugtar freisin ARFA; Arfa Company)

Seoladh 1: Unit 5, 9th floor, Sarve Tower, Saadat Abad, Tehran, an Iaráin

Seoladh 2: 16th km Karaj Special Road, Tehran, an Iaráin

Ag gníomhú thar ceann Yasa Part.

26.7.2010

 

(b)

Arfeh Company

Seoladh: West Lavasani, Tehran, an Iaráin

Ag gníomhú thar ceann Yasa Part.

26.7.2010

 

(d)

Hosseini Nejad Trading Co. (ar a dtugtar freisin Hosseini Nejad Trading Company)

 

Ag gníomhú thar ceann Yasa Part.

26.7.2010

 

(e)

Iran Saffron Company (ar a dtugtar freisin Iransaffron Co.; Iran Safron; Iran Saffron; Iran Saffron Co.)

 

Ag gníomhú thar ceann Yasa Part.

26.7.2010

57.

Hirbod Co

Hirbod Co – Flat 2, 3 Second Street, Asad Abadi Avenue, Tehran 14316

Cuideachta a bhfuil earraí agus trealamh curtha ar fáil aici, atá beartaithe le haghaidh cláir núicléacha agus diúracán balaistíoch na hIaráine, do Chuideachta Leictreachais Kayale, cuideachta atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach.

23.5.2011

60.

Paya Parto (ar a dtugtar freisin Paya Partov; National Centre for Laser Science and Technology [an Lárionad Náisiúnta le haghaidh Eolaíocht agus Teicneolaíocht Léasair])

 

Is eintiteas é Paya Parto (ar a dtugtar freisin Paya Partov nó Iranian National Centre for Laser Science and Technology) a dhéanann taighde ar dheighilt iseatóp cobhsaí, ar paraiméadar ríthábhachtach é chun comhpháirteanna lártheifneora a tháirgeadh, mar chuid de chlár núicléach na hIaráine.

In 2021, mar chuid de Lá Náisiúnta Núicléach na hIaráine, nocht Paya Parto, faoina ailias an Lárionad Náisiúnta le haghaidh Eolaíocht agus Teicneolaíocht Léasair, roinnt “tionscadail núicléacha neamhshonraithe”.

Dá bhrí sin, tá Paya Part freagrach as tacú le gníomhaíochtaí núicléacha leathadh-íogaire na hIaráine.

23.5.2011

76.

Iran Marine Industrial Company [Cuideachta Thionsclaíoch Mara na hIaráine] (SADRA)

Sadra Building No 3, Shafagh St., Poonak Khavari Blvd., Shahrak Ghods, P.O. Box 14669-56491, Tehran, an Iaráin

Arna rialú go héifeachtach ag Khatam al-Anbiya Construction Headquarters [Ceannáras Chuideachta Foirgníochta Khatam al-Anbiya] (KAA), atá ainmnithe toisc gur cuideachta de chuid Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí é. Tugann sé tacaíocht do Rialtas na hIaráine tríd an mbaint atá aige le hearnáil fuinnimh na hIaráine, lena n-áirítear i ngáscheantar Pars Theas.

23.5.2011

81.

Eyvaz Technic

No 3, Building 3, Shahid Hamid Sadigh Alley, Shariati Street, Tehran, an Iaráin.

Táirgeoir folústrealaimh a sholáthraíonn na láithreáin saibhrithe úráiniam in Natanz agus Qom/Fordow. In 2011, sholáthair sé trasduchtóirí brú do Chuideachta Leictreachais Kayale, cuideachta atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach.

1.12.2011

83.

Ghani Sazi Uranium Company (ar a dtugtar freisin Iran Uranium Enrichment Company)

3, Qarqavol Close, 20th Street, Tehran, an Iaráin

Tá táirgí conartha aige le Cuideachta Leictreachais Kalaye, cuideachta atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach, agus le TESA, cuideachta atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach.

1.12.2011

84.

Iran Pooya (ar a dtugtar freisin Iran Pouya)

 

Cuideachta atá faoi úinéireacht an rialtais a d’oibrigh an t-easbhrúiteoir alúmanaim is mó san Iaráin agus a sholáthair ábhar lena úsáid chun cásálacha a tháirgeadh le haghaidh lártheifneoirí IR-1 agus IR-2. Mórmhonaróir sorcóirí alúmanaim le haghaidh lártheifneoirí, lena n-áirítear i measc a chustaiméirí AEOI agus TESA, cuideachta atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach.

1.12.2011

88.

MACPAR Makina San Ve Tic

Istasyon MH, Sehitler cad, Guldeniz Sit, Number 79/2, Tuzla 34930, Istanbul, an Tuirc

Cuideachta ata faoi stiúir Milad Jafari a sholáthair earraí, miotail den chuid is mó, do Ghrúpa Tionsclaíoch Shahid Hemmat (SHIG) trí chuideachtaí caocha.

1.12.2011

89.

MATSA (Mohandesi Toseh Sokht Atomi Company)

90, Fathi Shaghaghi Street, Tehran, an Iaráin.

Cuideachta Iaránach atá faoi chonradh ag Cuideachta Leictreachais Kalaye, cuideachta atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach, chun seirbhísí deartha agus innealtóireachta a sholáthar ó cheann ceann an timthrialla breosla núicléach. A bhfuil trealamh curtha ar fáil aici le fíordhéanaí don láithreán saibhrithe úráiniam in Natanz.

1.12.2011

91.

Multimat lc ve Dis Ticaret Pazarlama Limited Sirketi

 

Cuideachta ata faoi stiúir Milad Jafari a sholáthair earraí, miotail den chuid is mó, do Ghrúpa Tionsclaíoch Shahid Hemmat (SHIG) trí chuideachtaí caocha.

1.12.2011

97.

STEP Standart Teknik Parca San ve TIC A.S.

79/2 Tuzla, 34940, Istanbul, an Tuirc

Cuideachta ata faoi stiúir Milad Jafari a sholáthair earraí, miotail den chuid is mó, do Ghrúpa Tionsclaíoch Shahid Hemmat (SHIG) trí chuideachtaí caocha.

1.12.2011

102.

Yarsanat (ar a dtugtar freisin Yar Sanat, ar a dtugtar freisin Yarestan Vacuumi)

No. 101, West Zardosht Street, 3rd Floor, 14157 Tehran; No. 139 Hoveyzeh Street, 15337, Tehran, an Iaráin

Cuideachta soláthair do Kalaye Electric Company (KEC), eintiteas atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach. Tá baint ag an gcuideachta le trealamh agus ábhair a cheannach a bhfuil feidhmeanna díreacha acu i gclár núicléach na hIaráine. Rinne an chuideachta iarracht táirgí folúis agus trasduchtóirí brú a fháil.

1.12.2011

148.

Iran Composites Institute (ar a dtugtar freisin Composites Research Laboratory (CRL))

Iran Composites Institute, Iranian University of Science and Technology, 16845-188, Tehran, an Iaráin,

Teileafón: 98 217 3912858

Facs: 98 217 7491206

Ríomhphost: mailto:ici@iust.ac.ir

Suíomh gréasáin: http://www.irancomposites.org

Tá Iranian Composites Institute (ICI, ar a dtugtar freisin Composite Institute of Iran; Composites Research Laboratory (CRL)) ag cuidiú le heintitis ainmnithe forálacha smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh ar an Iaráin a shárú agus tá sé ag tacú go díreach le gníomhaíochtaí núicléacha leathadh-íogaire na hIaráine. Ó 2011, bhí ceangal conartha ar ICI rótair lártheifneoirí IR-2M a sholáthar do Iran Centrifuge Technology Company (TESA), eintiteas atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach.

22.12.2012

149.

Jelvesazan Company

22 Bahman St., Bozorgmehr Ave, 84155666, Esfahan, an Iaráin

Teil: 98 0311 2658311 15

Facs: 98 0311 2679097

Tá Jelvesazan Company ag cuidiú le heintitis ainmnithe forálacha smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh ar an Iaráin a shárú agus tá sé ag tacú go díreach le gníomhaíochtaí núicléacha leathadh-íogaire na hIaráine. Ó thús 2012 i leith, bhí sé ar intinn ag Jelvesazan folúschaidéil a sholáthar do Centrifuge Technology Company (TESA), eintiteas atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach.

22.12.2012

151.

Simatec Development Company

 

Tá Simatec Development Company ag cuidiú le heintitis ainmnithe forálacha smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh ar an Iaráin a shárú agus tá sé ag tacú go díreach le gníomhaíochtaí núicléacha leathadh-íogaire na hIaráine. Ó thús 2010 i leith, bhí conradh ag Simatec le Kalaye Electric Company (KEC), eintiteas atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach, chun inbhéartóirí Vacon a fháil le lártheifneoirí saibhrithe úráiniam a chumhachtú. Ó lár 2012 i leith, bhí Simatec ag déanamh iarrachta inbhéartóirí arna rialú ag an Aontas Eorpach a fháil.

22.12.2012

152.

Aluminat

1.

Parcham St, 13th Km of Qom Rd 38135 Arak (Factory)

2.

Unit 38, 5th Fl, Bldg No 60, Golfam St, Jordan, 19395-5716, Tehran

Teil: 98 212 2049216 / 22049928 / 22045237

Facs: 98 21 22057127

Suíomh gréasáin: www.aluminat.com

Tá Aluminat ag cuidiú le heintitis ainmnithe forálacha smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh ar an Iaráin a shárú agus tá sé ag tacú go díreach le gníomhaíochtaí núicléacha leathadh-íogaire na hIaráine. Ag tús 2012, bhí conradh ag Aluminat chun alúmanam 6061-T6 a sholáthar do Iran Centrifuge Technology Company (TESA), eintiteas atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach.

22.12.2012

161.

Sharif University of Technology

An seoladh deiridh is eol dúinn: Azadi Ave/Street, PO Box 11365-11155, Tehran, an Iaráin, Teil. + 98 21 66 161 R-phost: info@sharif.ir

Tá roinnt comhaontuithe comhair ag Sharif University of Technology [Ollscoil Teicneolaíochta Sharif] le heagraíochtaí Rialtas na hIaráine atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach, agus a fheidhmíonn i réimsí míleata nó a bhaineann le cúrsaí míleata, go háirithe i réimse tháirgeadh agus sholáthar na ndiúracán balaistíoch. Áirítear leis sin comhaontú le Aerospace Industries Organisation [Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis], eintiteas atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach, chun satailítí a tháirgeadh i measc nithe eile; oibriú i gcomhar le hAireacht Cosanta na hIaráine agus Cór Gharda Réabhlóide na hIaráine (IRGC) maidir le comórtais do bháid chliste; comhaontú níos leithne le hAerfhórsa IRGC, eintiteas atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach, lena gcumhdaítear caidreamh na hOllscoile, comhar eagraíochtúil agus straitéiseach a fhorbairt agus a neartú.

I dteannta a chéile, léirítear leis an méid sin rannpháirtíocht shuntasach le Rialtas na hIaráine i réimsí míleata nó i réimsí a bhaineann le cúrsaí míleata arb ionann iad agus tacaíocht do Rialtas na hIaráine.

8.11.2014

175.

Defense Technology and Science Research Center (DTSRC)

موسسه آموزشی و تحقیقاتی صنایع دفاعی

(ar a dtugtar freisin Institute for Defense Education and Research;

Moassese Amozesh Va Tahghighati)

Seoladh: Pasdaran Av., P.O. Box 19585-777, Tehran, an Iaráin

An cineál eintitis: eintiteas rialtais

Áit chláraithe: Tehran, an Iaráin

Príomhionad gnó: Tehran, an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe: Ministry of Defense and Armed Forces Logistics [Aireacht Cosanta agus Lóistíochta Fhórsaí Armtha na hIaráine] (MODAFL); Defense Industries Organization [Eagraíocht na dTionscal Cosanta] (DIO)

Is eintiteas rialtais é an Defence Technology and Science Research Centre [an Lárionad um Theicneolaíocht Cosanta agus Taighde Eolaíochta] (DTSRC) atá lonnaithe san Iaráin agus a dhéanann taighde agus forbairt a bhaineann leis an gcosaint chomh maith le soláthar. Tá sé faoi úinéireacht thromlach agus faoi cheannas Aireacht Cosanta agus Lóistíochta na bhFórsaí Armtha (MODAFL) agus tagann sé faoi Eagraíocht na dTionscal Cosanta. Tugann MODAFL tacaíocht lóistíochta do Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC). Dá bhrí sin, tugann DTSRC tacaíocht do Rialtas na hIaráine.

17.10.2023 (NA: 9.6.2010 AE: 24.4.2007)

176.

Electro Sanam Company

ar a dtugtar freisin E.S. Co.; E.X. Co.;

Electro Sanam Co.;

Electro Sanam;

Sanam Industrial Group;

Electro Sanam Industries;

Sanam Electronics)

Seoladh Uimh. 1: No 24, 3rd Floor, Sink St., after Beheshti St., Northern Sohrevardi Ave. 15779 Tehran, an Iaráin

Seoladh Uimh. 2: Tehran P.O. Box 19395/5339, Araj Forkway, Pasdaran Ave., Tehran, an Iaráin

Uimh. theileafóin: + 98 21 8757587; + 98 21 7863352; + 98 21 88757587

Facs uimh.: + 98 21 8757588; + 98 21 7867810; + 98 21 88757588; + 98 21 22549738

Is cuideachta cumhdaigh é Electro Sanam Company d’Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis a bhfuil baint aici le clár diúracán balaistíoch na hIaráine. Dá bhrí sin, tá Electro Sanam Company ag gabháil do ghníomhaíochtaí núicléacha leathadh-íogaire na hIaráine, nó bainteach leo nó ag tabhairt tacaíochta do na gníomhaíochtaí sin.

17.10.2023 (NA: 3.3.2008)

 

 

Seoladh Ríomhphoist: fadjr@isiran-net.com; info@sanamel.com

Áit chláraithe: an Iaráin

Dáta clárúcháin: 1992

Cláruimhir: 339747

Uimhir aitheantais náisiúnta: 10103864724

Príomhionad gnó: Tehran, an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe: Aerospace Industries Organization [Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis] (AIO)

 

 

182.

Ammunition and Metallurgy Industries Group (AMIG)

گروه صنایع مهمات سازی ومتالوژی

Seoladh Uimh. 1: P.O. Box 16765/1835 Pasdaran Street

Seoladh Uimh. 2: Department 145-42 P.O. Box 16765/128 Moghan Avenue, Pasdaran Street

Áit chláraithe: Tehran, an Iaráin

Príomhionad gnó: an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe: Shahid Sattari Industries; Parchin Ammunition Industries; 7th of Tir Industries Complex; Yazd Metallurgy Industries; Khorasan Metallurgy Industries; Shahid Sayyade Shirazi Industries; Defense Industries Organization (DIO)

Tá Ammunition and Metallurgy Industries Group [Grúpa na dTionscal Armlóin agus Miotalóireachta] (AMIG) ar an ngrúpa tionscail is mó in Eagraíocht na dTionscal Cosanta. I measc a chuid táirgí tá armlón, buamaí moirtéal, earraí piriteicniúla, mianaigh frith-tancanna agus farraige, gránáidí láimhe, maidhmitheoirí, ábhair phráis, uirlisí gearrtha, comhlaí tionsclaíocha, lánáin phollta don tionscal ola agus páirteanna tionsclaíocha eile. Tá sé comhdhéanta de deich bhfochuideachta, lena n-áirítear Shahid Sattari Industries, Parchin Ammunition Industries, 7th of Tir Industries Complex, Yazd Metallurgy Industries, Khorasan Metallurgy Industries, Isfahan Ammunition Industries, Shahid Shiroudi Industries agus Shahid Sayyad Shirazi Industries. Bhí ról lárnach aige i monarú agus i bhforbairt armra agus tá sé nasctha le roinnt cuideachtaí a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí núicléacha leathadh-íogaire. Dá bhrí sin, tá sé ag gabháil do ghníomhaíochtaí núicléacha leathadh-íogaire san Iaráin nó d’fhorbairt chórais seachadta arm núicléach na hIaráine.

17.10.2023 (NA: 24.3.2007)

184.

Defense Industries Organization (DIO)

سازمان صنایع دفاع جمهوری اسلامی ایران

Seoladh: Amin Industrial Estate, Khalage Rd., Seyedi District P.O. Box 91735/549, Mashad, an Iaráin

Príomhionad gnó: an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe: Kaveh cutting tool company; 7th of Tir Industries; Khorasan Metallurgy Industries; Iran Aviation Industries Organization (IAIO); Aerospace Industries Organization (AIO); Iran Electronics Industries (IEI); Ministry of Defense and Armed Forces Logistics [Aireacht Cosanta agus Lóistíochta Fhórsaí Armtha na hIaráine] (MODAFL)

Is ilchuideachta de níos mó ná 300 cuideachta í Defense Industries Organization (DIO) [Eagraíocht na dTionscal Cosanta (DIO)] agus tá sí ina fochuideachta de chuid Aireacht Cosanta agus Lóistíochta Fhórsaí Armtha na hIaráine (MODAFL) agus é d’fheidhm aici an acmhainneacht déantúsaíochta agus na cumais theicniúla is gá a sholáthar do na Fórsaí Armtha. Bhí ról lárnach aici i gclár forbartha diúracán balaistíoch na hIaráine agus i gcur chun feidhme chlár lártheifneora na hIaráine. Déanann Eagraíocht na dTionscal Cosanta maoirseacht ar chonraitheoirí cosanta iomadúla faoi úinéireacht an stáit agus ar chuideachtaí caoch go díreach nó trína fhochuideachta phríomhúil, Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis.

17.10.2023 (NA: 23.12.2006)

 

 

 

Tá ról suntasach aici maidir le crua-earraí míleata éagsúla a tháirgeadh don Iaráin, diúracáin san áireamh. Le blianta beaga anuas, rinne Eagraíocht na dTionscal Cosanta iarracht díriú ar onnmhairiú, rud a chuir ar chumas na hIaráine a bheith ina honnmhaireoir arm: in 2022, tháinig méadú 200 % ar an eagraíocht i gcomparáid le 2021, d’fhorbair sí 75 arm nua agus mhéadaigh a cuid onnmhairí faoi 2,5 , rud a chuir le fás thionscal cosanta na hIaráine. Dá bhrí sin, tá tacaíocht á tabhairt ag Eagraíocht na dTionscal Cosanta do ghníomhaíochtaí núicléacha leathadh-íogaire san Iaráin agus d’fhorbairt córas seachadta na n-arm núicléach.

 

185.

Kaveh Cutting Tools Company

(ar a dtugtar freisin: Abzar Boresh Kaveh Co.;

Abzar Boresh Kaveh Co. Persian;

Mojtame-e Abzar Boreshi Kaveh)

Seoladh Uimh. 1: Km 4 Khalaj Road, end of Seyyedi Street, Mashad 91638, an Iaráin

Seoladh Uimh. 2: P.O. Box 91735/549 Pasdaran Street

Seoladh Uimh. 3: 3rd Km of Khalaj Road, Seyyedi Street, Mashad, an Iaráin

Seoladh Uimh. 4: Moqan St., Tehran, an Iaráin

Suíomh gréasáin: www.kavehtools.ir

Áit chláraithe: Mashad, an Iaráin

Dáta clárúcháin: 1993

Príomhionad gnó: Mashad, an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe: Defense Industries Organization (DIO); Ammunition and Metallurgy Industries Group (AMIG)

Is cuideachta mhonaraíochta de chuid na hIaráine í Kaveh Cutting Tools Company [Cuideachta Kaveh um Uirlísí Gearrtha] a bhí páirteach i dtáirgeadh comhpháirteanna do lártheifneoirí IR-1 na hIaráine, agus sa soláthar do chlár lártheifneora na hIaráine. Tá sí á rialú ag Grúpa na dTionscal Armlóin agus Miotalóireachta (AMIG) agus tá sí faoi réir Eagraíocht na dTionscal Cosanta (DIO). Dá bhrí sin, tá sí ag gabháil do ghníomhaíochtaí núicléacha leathadh-íogaire san Iaráin nó d’fhorbairt chórais seachadta arm núicléach na hIaráine.

17.10.2023 (NA: 9.6.2010)

186.

Khorasan Metallurgy Industries

صنایع مهمات سازی و متالورژی خراسان

(ar a dtugtar freisin: Khorasan Metallurgy;

Khorasan Ammunition and Metallurgy Industries;

Khorasan Metalogy Industries;

The Metallurgy Industries of Khorasan;

Metalogy Industry of Khorasan;

Samen Industries

ar a dtugtaí roimhe seo: Amin Industrial Complex)

Seoladh: 2nd km of Khalaj Road End of Seyyedi St., P.O. Box 91735-549, 91735 Mashad, an Iaráin.

Suíomh gréasáin: www.khwarizmi.ir

Uimhir theileafóin: + 98 511 3853008; + 98 511 3870225

An cineál eintitis: cuideachta phoiblí

Áit chláraithe: an Iaráin

Príomhionad gnó: an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe: Ammunition and Metallurgy Industries Group (AMIG); Ministry of Defense and Armed Forces Logistics [Aireacht Cosanta agus Lóistíochta Fhórsaí Armtha na hIaráine] (MODAFL); Defense Industries Organization (DIO)

Tá Khorasan Metallurgy Industries mar chuid d’Eagraíocht na dTionscal Cosanta (DIO) agus is fochuideachta í de chuid Ammunition and Metallurgy Industries Group (AMIG). Tá sí freagrach as táirgeadh armlóin agus comhpháirteanna do lártheifneoirí chomh maith le huirlisí agus táirgí gearrtha ar nós druileanna, gearrthóirí muilleoireachta, sconnaí, réamairí, agus uirlisí cumaisc. Tá tacaíocht á tabhairt aici do ghníomhaíochtaí núicléacha na hIaráine atá íogair ó thaobh an leata de.

17.10.2023 (NA: 3.3.2008)

187.

Shahid Sayyade Shirazi Industries

(ar a dtugtar freisin: Shahid Sayyade Shirazi Industries;

Sayyad Shirazi Industries;

Sayad Shirazi;

Sayad Shirazi industries;

Sayad Shirazi industry;

Shaheed Sayad Shirazee ammunition industries;

Shahid Sayyadi Shirazi Industries;

Shahid Sayyed Shirazi Ind.)

Seoladh Uimh. 1: Next To Nirou Battery Mfg. Co, Shahid Babaii Expressway, Nobonyad Square, Tehran, an Iaráin

Seoladh Uimh. 2: Pasdaran St., P.O. Box 16765, Tehran 1835, an Iaráin

Seoladh Uimh. 3: Babaei Highway – Next to Niru M.F.G, Tehran, an Iaráin

Áit chláraithe: Tehran, an Iaráin

Príomhionad gnó: an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe: Ammunition and Metallurgy Industries Group (AMIG); Defense Industries Organization (DIO)

Is táirgeoir diúracán é Shahid Sayyad Shirazi Industries atá faoi úinéireacht Shahid Sayyad Shirazi, iar-leas-cheann foirne Fhórsa Armtha na hIaráine atá nasctha le tionscal míleata na hIaráine. Tá Shahid Sayyad Shirazi Industries ag iarraidh miotail a fháil ón tSín a úsáidtear in armra ardteicneolaíochta, lena n-áirítear diúracáin núicléacha fadraoin. Tá sé mar chuid de Ammunition and Metallurgy Industries Group (AMIG), a raibh ról lárnach aige i monarú agus i bhforbairt armra agus atá nasctha le roinnt cuideachtaí a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí núicléacha atá íogair ó thaobh an leata de, agus is fochuideachta é de chuid Eagraíocht na dTionscal Cosanta (DIO) a bhfuil baint dhíreach aici le forbairt diúracán. Dá bhrí sin, tá sé á rialú ag eintiteas atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí na hIaráine atá íogair ó thaobh an leata núicléach de agus d’fhorbairt córas seachadta arm núicléach.

17.10.2023 (NA: 9.6.2010)

193.

Niru Battery Manufacturing Company

شرکت باطری سازی نیرو

(ar a dtugtar freisin: Niru Battery Manufacturing Company;

Niru Batteries MFG. Co. Ltd.;

Nour Battery Manufacturing Company;

Sherkate Battrijazi Niru;

Niru Battery Co;

Niru Battery Mfg. Co.;

Nirou Battery Manufacturing;

Saba Battery Company;

Niru Co. Ltd.;

Sherkat Battery Sazi Niru Sahami Khass;

The Niru Battery Company;

Seoladh Uimh. 1: Nobonyad Blvd., Pasdaran Avenue, P.O. Box 19575/361, Tehran, an Iaráin

Seoladh Uimh. 2: Next to Babee Exp. Way, Nobonyad Sq., Tehran, an Iaráin

Seoladh Uimh. 3: In aice le Shahid Babaei Exp.way, Nobonyad Sq., 16689, Tehran, an Iaráin

Seoladh Uimh. 4: Bun Pasdaran Avenue, Nobonyad Square, Tehran, an Iaráin

Uimhir theileafóin: + 98 21 251 0523/ 254 7093; + 98 21 22547094; + 98 21 22567608-9; + 98 21 2545084

Suíomh Gréasáin: www.nirubattery.com; www.niruco.com

Is eintiteas é Niru Battery Manufacturing Company atá cláraithe san Iaráin a mhonaraíonn aonaid chumhachta d’arm na hIaráine, lena n-áirítear le haghaidh córais diúracán. Tá sé á rialú ag Aireacht Cosanta agus Lóistíochta Fhórsaí Armtha na hIaráine (MODAFL), atá freagrach as cláir chosanta um thaighde, fhorbairt agus mhonaraíocht na hIaráine, lena n-áirítear tacaíocht do chláir diúracán agus núicléacha. Is fochuideachta é Niru Battery Manufacturing Company d’Eagraíocht na dTionscal Cosanta (DIO), ilchuideachta cuideachtaí atá á reáchtáil ag Poblacht Ioslamach na hIaráine a bhfuil sé mar fheidhm aici an acmhainneacht déantúsaíochta agus na hacmhainneachtaí teicniúla is gá a sholáthar do na Fórsaí Armtha. Dá bhrí sin, tá Niru Battery Manufacturing Company á rialú ag eintiteas atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí núicléacha na hIaráine atá íogair ó thaobh an leata de agus d’fhorbairt córas seachadta arm núicléach.

17.10.2023 (NA: 3.3.2008)

 

Niru Battery Manufacturing (Batrisazi-ye Niru);

Niru Battery Mfg.CO (Saba Battery);

Sherkate Batri-e Niru;

Power Energy Source Development Company (ESDO))

R-phost: info@nirubattery.com; export@niruco.com; niru@isiran.com

Áit chláraithe: Tehran, an Iaráin

Príomhionad gnó: an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe: Defense Industries Organisation [Eagraíocht na dTionscal Cosanta] (DIO); Ministry of Defense and Armed Forces Logistics [Aireacht Cosanta agus Lóistíochta Fhórsaí Armtha na hIaráine] (MODAFL)

 

 

194.

Safety Equipment Procurement Company

(ar a dtugtar freisin: Safety Equipment Procurement;

SEP;

SEP Co.;

SEPCO;

Safety Equipment Procurement Inc.)

Seoladh: P.O. Box 16785/195, Tehran, an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe: Aerospace Industries Organization [Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis] (AIO)

Is cuideachta chumhdaigh í Safety Equipment Procurement Company d’Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis na hIaráine (AIO) atá freagrach as clár diúracán balaistíoch leachtbhreosla na hIaráine. Is í AIO an fhochuideachta thionsclaíoch agus mhíleata is mó d’Aireacht Cosanta agus Lóistíochta Fhórsaí Armtha na hIaráine (MODAFL) agus déanann sí maoirseacht ar tháirgeadh diúracán na hIaráine. Bhain AIO úsáid as an Safety Equipment Procurement Company le haghaidh soláthair ó 2003 ar a laghad. Tá baint aici le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch na hIaráine agus, dá bhrí sin, tá sí ag gabháil do ghníomhaíochtaí núicléacha na hIaráine atá íogair ó thaobh an leata de, nó tá baint dhíreach aici leis na gníomhaíochtaí sin nó tá sí ag tabhairt tacaíochta dóibh.

17.10.2023 (NA: 3.3.2008)

195.

Sanam Industrial Group

(ar a dtugtar freisin: Sanam Industries Group;

Sanam Industrial Production Group;

Department 140;

Sanam Projects Management (SPM);

Sanam Industrial Company;

Sanam Industries Co.;

Sanam Industrial and Trading Company;

Sanam Group)

Seoladh Uimh. 1: Pasdaran Road 15, Tehran, an Iaráin

Seoladh Uimh. 2: 3rd Fl., Sanam Bldg., Nobonyad Sq., Pasdaran Ave., Tehran (19579), an Iaráin

Seoladh Uimh. 3: P.O. Box 19575/596, Tehran, an Iaráin

Seoladh Uimh. 4: Km. 25th of Khavaran Rd., Tehran, an Iaráin (Seoladh Monarchan)

Seoladh Uimh. 5: Farzam Alley, No 3, Fatemi Square, Palestine St

Uimhir theileafóin: + 98 21 2546008; + 98 21 2556772; + 98 21 88969501

Tá Sanam Industrial Group á rialú ag Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis na hIaráine (AIO) agus cheannaigh sé trealamh do chlár diúracán na hIaráine. Dá bhrí sin, tá tacaíocht á tabhairt ag Sanam Industrial Group d’fhorbairt chórais seachadta arm núicléach na hIaráine agus d’eintiteas a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine agus d’eintitis atá faoi úinéireacht na hIaráine nó á rialú ag an Iaráin nó eintitis a bhfuil baint acu léi.

17.10.2023 (NA: 24.3.2007)

 

 

Facs: + 98 21 2556830; + 98 21 88969501

Áit chláraithe: Tehran

Cláruimhir: 176855

Cód eacnamaíoch: 411139673763

Cárta aitheantais náisiúnta: 10102191894

Dáta clárúcháin: 1987 agus 2001

 

 

197.

Yazd Metallurgy Industries (YMI)

شرکت ذوب فلزات یزد

(ar a dtugtar freisin: YMI;

Yazd Metallurgy Industry;

Yazd Ammunition Industries;

Yazd Metallurgical Ind’s Co.;

Yazd Metallurgical Industries;

Yazd Metal Smelting Industrial Group;

Yazd Ammunition Manufacturing and Metallurgy Industries;

Directorate of Yazd Ammunition and Metallurgy Industries)

Seoladh Uimh. 1: Pasdaran Ave., In aice le Telecommunication Industry, Tehran 16588, an Iaráin

Seoladh Uimh. 2: P.O. Box 89195/878, Tehran, an Iaráin

Seoladh Uimh. 3: P.O. Box 89195/678, Tehran, an Iaráin

Seoladh Uimh. 4: Km 5 of Taft Road, Yazd, an Iaráin

Uimhir theileafóin: + 98 35 15220322

Facs uimh.: + 98 35 1523096

Áit chláraithe: an Iaráin

Dáta clárúcháin: 1961

Cláruimhir: 860

Cód eacnamaíoch: 411315443678

Eintitis chomhlachaithe: Defense Industries Organisation [Eagraíocht na dTionscal Cosanta] (DIO); Ammunition and Metallurgy Industries Group (AMIG); Shahid Sayyad Shirazi Industries

Tá Yazd Metallurgy Industries (YMI) cleamhnaithe le hEagraíocht na dTionscal Cosanta (DIO) agus is fochuideachta í de Ghrúpa na dTionscal Armlóin san Iaráin. Bíonn baint ag YMI le monarú comhpháirteanna do lártheifneoirí IR-1 ag ceardlanna de chuid DIO faoi chuimsiú chlár diúracán na hIaráine. Thairis sin, tá baint aige le táirgeadh earraí is féidir a úsáid chun airm núicléacha a tháirgeadh nó feithiclí núicléacha a tháirgeadh chun na hairm sin a sheachadadh.

Dá bhrí sin, tugann sé tacaíocht don Iaráin chun córais seachadta arm núicléach a fhorbairt, trí pháirt a ghlacadh i soláthar na n-earraí, na hairnéise, an trealaimh, na n-ábhar agus na teicneolaíochta toirmiscthe.

17.10.2023 (NA: 9.6.2010)

199.

Shahid Baheri Industrial Group (SBIG)

صنایع شهید باقری

(ar a dtugtar freisin: Shahid Baheri Organisation;

SBIG;

Shahid Baheri Industries Group;

Shahid Bakeri Industrial Group;

Department 140/14;

Shahid Bagheri Industries Group;

Mahtab Technical Engineering Company;

Composite Propellant Missile Industry;

Sanaye Sokhte Morakab;

SSM)

Seoladh: Pasdaran Avenue, Tehran, an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe: Aerospace Industries Organization [Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis] de chuid na hIaráine (AIO)

Is fochuideachta é Shahid Baheri Industrial Group (SBIG) d’Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis (AIO). Forbraíonn agus táirgeann Shahid Baheri Industrial Group (SBIG) diúracáin bhalaistíocha solaid-tiomáinte na hIaráine. Tá forbairt na ndiúracán sin ríthábhachtach ó thaobh acmhainneachtaí seachadta arm núicléach a fhorbairt. Dá bhrí sin, tá SBIG ag gabháil do ghníomhaíochtaí núicléacha na hIaráine atá íogair ó thaobh an leata de nó do chórais seachadta arm núicléach a fhorbairt, nó tá baint dhíreach aige leis na gníomhaíochtaí sin nó tá tacaíocht á tabhairt aige dóibh.

17.10.2023 (NA: 23.12.2006)

200.

Shahid Hemmat Industries Group (SHIG)

گروه صنعتی شهید همت

(ar a dtugtar freisin: Sabalan CIE; Sabalan Company; Sabalan Petrochemical Company (SPC); Sabalan Petrochemical Industries Company (SPICO); Sahand Aluminum Parts Industrial Company (SAPICO); Shahid Hemmat Industrial Group (SHIG);

Chahid Hemmat Industrial Group;

Seoladh: Damavand Tehran Highway, P.O. Box 16595/159, No. 5, Eslami St., Golestane Sevvom St., Pasdaran St., Tehran, an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe: Aerospace Industries Organization [Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis] (AIO)

Tá Shahid Hemmat Industries Group (SHIG) faoi cheannas Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis (AIO). Tá SHIG freagrach as clár diúracán balaistíoch leachtbhreosla na hIaráine, lena n-áirítear diúracáin a tháirgeadh. Tá forbairt na ndiúracán sin ríthábhachtach ó thaobh acmhainneachtaí seachadta arm núicléach a fhorbairt. Dá bhrí sin, tá SHIG ag gabháil do ghníomhaíochtaí núicléacha na hIaráine atá íogair ó thaobh an leata de nó do chórais seachadta arm núicléach a fhorbairt, nó tá baint dhíreach aige leis na gníomhaíochtaí sin nó tá tacaíocht á tabhairt aige dóibh.

17.10.2023 (NA: 23.12.2006)’

Hemmat Missile Industries Factory;

Shahid Hemmat Industrial Complex;

SHIC;

Shahid Hemmat Industrial Factories;

SHIF;

Shahid Hemmat Industries Group;

Shahid Hemmat Complex;

Shahid Hemmat Industries;

Shahid Hemmat Industrial Complex;

Shahid Hemat; Industrial Complex;

Shahid Hemmat)

(5)

faoin gceannteideal ‘II. Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC)’, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal ‘A. Daoine’:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘4.

Briogáidire-Ghinearál IRGC Seyyed Mahdi FARAHI

 

Leas-Aire Cosanta agus Tacaíochta Fórsaí Armtha ó 2021 i leith. Roimhe seo ba é Leas-Aire Cosanta agus Gnóthaí Tionsclaíocha na hAireachta Cosanta, ceann ar Eagraíocht na dTionscal Cosanta agus Aeraspáis den Aireacht Chosanta, mar aon le ceannasaí Champa Oiliúna Pearsanra na bhFórsaí Armtha. Iarcheann ar Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis (AIO) de chuid na hIaráine agus iarstiúrthóir bainistíochta ar Eagraíocht na dTionscal Cosanta (DIO) atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe. Comhalta de IRGC.

23.6.2008’

(6)

faoin gceannteideal ‘II. Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC)’, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal ‘B. Eintitis’:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘2.

IRGC Air Force [Aerfhórsa IRGC]

 

Oibríonn fardal diúracán balaistíoch gearr-raoin agus fadraoin na hIaráine.

23.6.2008

3.

IRGC-Air Force Al-Ghadir Missile Command [Ceannasaíocht Diúracán Al-Ghadir Aerfhórsa IRGC]

 

Is eilimint ar leith í Ceannasaíocht Diúracán Al-Ghadir Aerfhórsa IRGC laistigh d’Aerfhórsa IRGC atá ag obair le SPIG, atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach, leis an diúracán balaistíoch gearr-raoin FATEH 110, agus leis an diúracán balaistíoch meánraoin Ashura. Is cosúil gurb í an cheannasaíocht seo an t-eintiteas atá i gceannas ar rialú oibríochtúil na ndiúracán.

26.7.2010

5.

IRGC Qods Force [Fórsa Qods IRGC]

Tehran, an Iaráin

Tá Fórsa Qods Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) freagrach as oibríochtaí lasmuigh den Iaráin agus is é príomhuirlis beartais eachtraigh Tehran é le haghaidh oibríochtaí speisialta agus chun tacaíocht a thabhairt do sceimhlitheoirí agus míleataigh Ioslamacha thar lear. D’úsáid Hizballah roicéid, diúracáin chúrsála frithlong (ASCManna), córais aerchosanta iniompartha (MANPADS), aerárthaí gan foireann (UAVanna) a sholáthair Fórsa Qods sa choinbhleacht le hIosrael in 2006 agus bhain siad leas as oiliúint ó Fhórsa Qods i dtaca leis na córais sin de réir tuairiscí preasa. De réir tuairiscí éagsúla, tá Fórsa Qods ag leanúint d’ard-armán, diúracáin fhrith-aerárthaí, agus roicéid fadraoin a athsholáthar do Hizballah agus d’oiliúint a thabhairt dóibh i dtaca leo. Leanann Fórsa Qods de thacaíocht mharfach theoranta, oiliúint agus cistiú a sholáthar do throdaithe an Talaban i ndeisceart agus iarthar na hAfganastáine, lena n-áirítear mionairm, armlón, moirtéir agus roicéid ghearr-raoin don láthair chatha.

26.7.2010

13.

Fater Institute

مؤسسه فاطر

(ar a dtugtar freisin Faater Institute;

Fater Engineering Company;

Gharargah Ghaem Faater Institute;

Fater Engineering)

Seoladh Uimh. 1: No. 25, Valiasr Jonoobi, Azizi Street, Azadi Sq. NE, Tehran, an Iaráin

Seoladh Uimh. 2: No 221, Phase 4, North Falamak-Zarafshan Intersection, Shahrak-E-Ghods, Tehran 14678, an Iaráin

An cineál eintitis: cuideachta phoiblí

Áit chláraithe: an Iaráin

Príomhionad gnó: an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps [Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí] (IRGC);

Khatam al-Anbiya Construction Headquarters (KAA)

Is cuideachta tógála agus fochuideachta den eintiteas IRGC Khatam al-Anbiya Construction Headquarters (KAA) é Fater Institute agus dá bhrí sin tá sé á rialú ag IRGC.

17.10.2023 (NA: 9.6.2010)

16.

Khatam al-Anbiya Construction Headquarters (KAA)

قرارگاه سازندگی خاتم الانبیاء

Seoladh: No 221, Phase 4, North Falamak-Zarafshan Intersection, Shahrak-E-Ghods, Tehran 14678, an Iaráin

An cineál eintitis: cuideachta phoiblí

Áit chláraithe: an Iaráin

Príomhionad gnó: an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps [Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí] (IRGC);

Fater Institute

Is cuideachta tógála é Khatam al-Anbiya Construction Headquarters atá á rialú ag Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC).

17.10.2023 (NA: 9.6.2010)

22.

Behineh Trading Co.

Seoladh: Tavakoli Building, Opposite of 15th Alley, Emam-Jomeh Street, Tehran, an Iaráin.

Daoine aonair comhlachaithe: Ali Akbar Tabatabaei (IRGC);

Azim Aghajani (IRGC)

Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps [Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí] (IRGC)

Is cuideachta cumhdaigh do Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) é Behineh Trading Co. atá faoi úinéireacht Behineh Trading Company agus/nó á rialú aige. Dá bhrí sin, tá baint ag Behineh Trading Company le gníomhaíochtaí núicléacha na hIaráine atá íogair ó thaobh an leata de nó le forbairt córas seachadta arm núicléach na hIaráine. Bhí baint aige freisin le hiompar neamhdhleathach chun trealamh IRGC a sheachadadh. Rinne Esmail Ghani, Ceann Fhórsa Quds IRGC na hIaráine, bainistiú agus/nó maoirsiú ar Behineh Trading Co. Dá bhrí sin, tá Behineh Trading Co. faoi úinéireacht agus/nó faoi rialú IRGC.

17.10.2023 (NA: 18.4.2012)

29.

Imensazan Consultant Engineers Institute

مؤسسه مهندسین مشاور) ایمنسازان)

(ar a dtugtar freisin: ICEI;

Imensazen Consultant Engineers;

Imensazan Consultant Engineers Institute;

Imen Sazan Consultant Engineers;

Imen Sazen Consultant Engineers Institute;

Imen Sazan Consulting Engineers;

Imen Sazan Consulting Ins.;

Imensazan Co. Eng.;

Imensazan Consulting Eng.)

Seoladh Uimh. 1: 121 First Golestan Street, Pasdaran Tehran, Tehran Province 65916, an Iaráin

Seoladh Uimh. 2: No. 5/1, Niroo Alley, Padegan-e-Valiasr Street, Sepah Square, Tehran, an Iaráin

Seoladh Uimh. 3: Tehran – Ashrafi Esfahani to the north – above Hakim Bridge – before Chirag Bagh Faiz – East Ayatollah

Seoladh Uimh. 4: Sadouq Street – No 5 – Postal code 1461934358 (Mr Engineer Azad – Iran Concrete Association)

Uimhir theileafóin: 44234261

Áit chláraithe: an Iaráin

Dáta clárúcháin: 1989 agus 1990

Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps [Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí] (IRGC);

Khatam al-Anbiya Construction Headquarters (KAA)

Is cuideachta tógála tollán agus cosanta éighníomhaí é Imensazan Consultant Engineers Institute agus is fochuideachta é den eintiteas IRGC Khatam al-Anbiya Construction Headquarters (KAA). Dá bhrí sin, tá Imensazan Consultant Engineers Institute á rialú ag IRGC.

17.10.2023 (NA: 9.6.2010)

30.

Yas Air

یاس ایر

(ar a dtugtar freisin: Pouya Air;

Pouya Airlines;

Yas Air Kish;

YasAir Cargo Airline;

Pars Air;

Pars Aviation Service Company (PASC);

Qeshm Air)

Seoladh: Mehrabad International Airport, Next to Terminal No. 6, Tehran, an Iaráin

Suíomh gréasáin: pouyaair.com; yasair.com

An cineál eintitis: Aerlíne lastais

Áit chláraithe: an Iaráin

Dáta clárúcháin: 2000 (mar Qeshm Aeir) agus in 2008 athainmníodh é mar Yas Air

Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps [Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí] (IRGC)

Is aerlíne lastais Iaránach é Yas Air, ar a dtugtar Pouya Air freisin, a cruthaíodh agus a bhainistítear mar fhochuideachta dhíreach de chuid IRGC. Dá bhrí sin, tá sé á rialú ag IRGC.

17.10.2023 (NA: 10.12.2012)’

II.   

In Iarscríbhinn V a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES, scriostar gach iontráil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2075/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)