|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2067 |
1.8.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2067 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Iúil 2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 a mhéid a bhaineann le scriosadh iontrálacha SF-001 go SF-010 ó liosta an Aontais de tháirgí príomhúla um blastán deataigh údaraithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) agus Airteagal 18(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 nach bhféadfar ach blastáin deataigh a áirítear ar liosta an Aontais de tháirgí príomhúla um blastán deataigh údaraithe (‘liosta an Aontais’) a chur ar an margadh laistigh den Aontas, agus iad sin amháin. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 ón gCoimisiún (2) bunaítear liosta an Aontais, ina leagtar síos na táirgí príomhúla um blastán deataigh údaraithe, a sonraíochtaí agus a gcoinníollacha úsáide. Bhí údaruithe tháirgí príomhúla um blastán deataigh SF-001 go SF-010 bailí ón 1 Eanáir 2014 go ceann 10 mbliana agus in-athnuaite ar feadh tréimhsí 10 mbliana eile ina dhiaidh sin ar iarratas chuig an gCoimisiún ó shealbhóir an údaraithe. |
|
(3) |
I gcás táirgí príomhúla um blastán deataigh SF-007 agus SF-010 níor cuireadh isteach aon iarratas chun an t-údarú a athnuachan agus chuaigh an t-údarú in éag an 1 Eanáir 2024. |
|
(4) |
I gcás táirgí príomhúla um blastán deataigh SF-001, SF-002, SF-003, SF-004, SF-005, SF-006, SF-008 agus SF-009, cuireadh isteach iarratais chun a n-údarú a athnuachan i mí an Mheithimh 2022. Dhiúltaigh an Coimisiún athnuachan a dhéanamh ar údarú táirgí príomhúla um blastán deataigh SF-001, SF-002, SF-003, SF-004, SF-005, SF-006, SF-008 agus SF-009 le Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2071 (3), [C(2024)3702] (4), [C(2024)3703] (5), [C(2024)3704] (6), [C(2024)3705] (7), [C(2024)3706] (8), [C(2024)3707] (9) agus [C(2024)3708] (10) ón gCoimisiún. |
|
(5) |
Ós rud é nach bhfuil na deich dtáirge phríomhúla sin um blastán deataigh údaraithe a thuilleadh, is iomchuí na hiontrálacha ábhartha a scriosadh ó liosta an Aontais. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 a leasú dá réir. |
|
(7) |
Mar sin féin, i bhfianaise ábhair imní an Údaráis maidir le táirgí príomhúla um blastán deataigh SF-001, SF-002, SF-003, SF-004, SF-005, SF-006, SF-008 agus SF-009, ach ina theannta sin i bhfianaise an fhíorais go n-úsáidtear táirgí príomhúla um blastán deataigh go forleathan i réimse leathan táirgí bia agus go bhfuil úsáidí údaraithe uile na dtáirgí príomhúla um blastán deataigh lena dtugtar blas ‘deataithe’ nó, i gcásanna áirithe, lena ndéantar ionadú ar phróiseas deataithe traidisiúnta, imithe in éag nó gan bheith athnuaite, ba cheart bearta iomchuí, atá oiriúnaithe do na cineálacha éagsúla úsáidí a bhaintear as táirgí príomhúla um blastán deataigh, a thabhairt isteach chun deis a thabhairt do na hoibreoirí gnólachtaí bia roghanna eile a aimsiú. |
|
(8) |
Bianna de chatagóirí 1.7 (cáis agus táirgí cáise), 8 (Feoil), 9.2 (Iasc próiseáilte agus táirgí iascaigh próiseáilte lena n-áirítear crústaigh agus moilisc), 9.3 (Eochraí éisc) agus a bhfochatagóirí comhfhreagracha, a gcuirtear na táirgí príomhúla sin um blastán deataigh leo agus a chomhlíonann na forálacha a leagtar síos le haghaidh na dtáirgí príomhúla sin um blastán deataigh i liosta an Aontais roimh an … 21 Lúnasa 2024, ba cheart a bheith in ann iad a chur ar an margadh go dtí an 1 Iúil 2029 agus iad a fhágáil ar an margadh go dtí a ndáta íosmharthanachta nó go dtí a ndáta éagtha ós rud é go gcuirtear úsáid táirgí príomhúla um blastán deataigh sna bianna sin nó ar na bianna sin in ionad próiseas traidisiúnta deataithe agus d’fhéadfadh gá a bheith le hinfheistiú nach beag agus, i gcásanna áirithe, nósanna imeachta fada riaracháin chun coigeartú a dhéanamh ar na próisis táirgthe. |
|
(9) |
Bianna de gach catagóir eile a gcuirtear na táirgí príomhúla sin um blastán deataigh leo agus a chomhlíonann na forálacha a leagtar síos le haghaidh na dtáirgí príomhúla sin um blastán deataigh i liosta an Aontais roimh an … 21 Lúnasa 2024, ba cheart a bheith in ann iad a chur ar an margadh go dtí an 1 Iúil 2026 agus iad a fhágáil ar an margadh go dtí a ndáta íosmharthanachta nó go dtí a ndáta éagtha chun am leordhóthanach a thabhairt do na hoibreoirí gnólachtaí bia a bhaineann úsáid as na táirgí príomhúla sin um blastán deataigh coigeartú a dhéanamh ar oidis a mbianna. |
|
(10) |
Ar na cúiseanna céanna, ullmhóidí ina bhfuil na táirgí príomhúla um blastán deataigh sin agus nach mbeartaítear a chaitheamh sa riocht sin, ba cheart a bheith in ann iad a chur ar an margadh go dtí na dátaí a leagtar amach le haghaidh na mbianna dá bhfuil siad beartaithe. |
|
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013, scriostar na hiontrálacha le haghaidh SF-001, SF-002, SF-003, SF-004, SF-005, SF-006, SF-007, SF-008, SF-009 agus SF-010.
Airteagal 2
1. Bianna ina bhfuil táirgí príomhúla um blastán deataigh SF-001, SF-002, SF-003, SF-004, SF-005, SF-006, SF-008 nó SF-009 agus a chomhlíonann na forálacha a leagtar síos le haghaidh na dtáirgí príomhúla sin um blastán deataigh i liosta an Aontais roimh an 21 Lúnasa 2024 , féadfar iad a chur ar an margadh go fóill agus iad a fhágáil ar an margadh go dtí a ndáta íosmharthanachta nó go dtí a ndáta éagtha má chuirtear ar an margadh iad go dtí na dátaí seo a leanas:
|
(a) |
an 1 Iúil 2029 i gcás catagóirí bia 1.7 (Cáis agus táirgí cáise), 8 (Feoil), 9.2 (Iasc próiseáilte agus táirgí iascaigh próiseáilte lena n-áirítear crústaigh agus moilisc), 9.3 (Eochraí éisc) agus a bhfochatagóirí comhfhreagracha; |
|
(b) |
an 1 Iúil 2026 i gcás gach catagóire eile bia. |
2. Ullmhóidí ina bhfuil táirgí príomhúla um blastán deataigh SF-001, SF-002, SF-003, SF-004, SF-005, SF-006, SF-008 nó SF-009 agus nach mbeartaítear iad a chaitheamh sa riocht sin, féadfar iad a chur ar an margadh go dtí an 1 Iúil 2029 lena n-úsáid sna catagóirí bia a liostaítear i mír 1, pointe (a), agus go dtí an 1 Iúil 2026 i gcás gach catagóire eile bia.
Chun críocha na míre seo, ciallaíonn ‘ullmhóidí’ meascáin de bhlastáin deataigh nó meascáin ina bhfuil blastán deataigh amháin nó níos mó ná sin agus comhábhair bhia eile, amhail blastáin, breiseáin bhia, einsímí nó iompróirí, chun a stóráil, a ndíol, a gcaighdeánú, a gcaolú nó a dtuaslagadh a éascú.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 26.11.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/2065/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2013 lena mbunaítear liosta an Aontais de tháirgí príomhúla um blastán deataigh lena n-úsáid sa riocht sin i mbianna agus nó ar bhianna chun blastáin deataigh dhíorthaithe a tháirgeadh (IO L 333, 12.12.2013, lch. 54, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/1321/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2071 an 31 Iúil 2024 lena ndiúltaítear d’údarú Scansmoke PB 1110 (SF-001) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh (IO L, 2024/2071, 1.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2071/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2066 an 31 Iúil 2024 lena ndiúltaítear d’údarú Zesti Smoke Code 10 (SF-002) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh (IO L, 2024/2066, 1.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2066/oj).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2073 an 31 Iúil 2024 lena ndiúltaítear d’údarú Smoke Concentrate 809045 (SF-003) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh (IO L, 2024/2073, 1.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2073/oj).
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2072 an 31 Iúil 2024 lena ndiúltaítear d’údarú Scansmoke SEF 7525 (SF-004) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh (IO L, 2024/2072, 1.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2072/oj).
(7) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2079 an 31 Iúil 2024 lena ndiúltaítear d’údarú SmokEz C-10 (SF-005) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh (OJ L, 2024/2079, 1.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2079/oj).
(8) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2078 an 31 Iúil 2024 lena ndiúltaítear d’údarú SmokEz Enviro-23 (SF-006) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh (OJ L, 2024/2078, 1.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2078/oj).
(9) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2069 an 31 Iúil 2024 lena ndiúltaítear d’údarú ProFagus-Smoke R709 (SF-008) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh (OJ L, 2024/2069, 1.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2069/oj).
(10) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2077 an 31 Iúil 2024 lena ndiúltaítear d’údarú Fumokomp (SF-009) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh (OJ L, 2024/2077, 1.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2077/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2067/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)