Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2066 |
1.8.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2066 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Iúil 2024
lena ndiúltaítear d’údarú Zesti Smoke Code 10 (SF-002) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 3702)
(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna (1), agus go háirithe Airteagal 12(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 nach bhféadfar ach blastáin deataigh a áirítear i liosta an Aontais de tháirgí príomhúla um blastán deataigh údaraithe (‘liosta an Aontais’) a chur ar an margadh laistigh den Aontas, agus iad sin amháin. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 ón gCoimisiún (2) bunaíodh liosta an Aontais. Airíodh Zesti Smoke Code 10 (SF-002) sa liosta sin agus ba é an 1 Eanáir 2024 dáta éaga an údaraithe. |
(3) |
I litir dar dáta an 10 Meitheamh 2022, chuir Kerry Ingredients (UK) Limited, a bhíodh ag oibriú faoin trádainm Mastertaste, an Coimisiún ar an eolas go ndéanfadh Kerry Inc. ionadaíocht air i ndáil leis an iarratas ar athnuachan Zesti Smoke Code 10 (SF-002) agus go raibh sé ar intinn aige an t-údarú a chlárú leis an ainm Kerry Inc. |
(4) |
An 30 Meitheamh 2022, chuir an chuideachta Kerry Inc. iarratas isteach chun údarú Zesti Smoke Code 10 (SF-002) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh. |
(5) |
An 28 Meán Fómhair 2023 ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) an tuairim eolaíoch uaidh maidir le sábháilteacht Zesti Smoke Code 10 (SF-002) (3). |
(6) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire go bhfuil na substaintí fúrán-2(5H)-ón agus beinséin–1,2-dé-ól in Zesti Smoke Code 10 (SF-002) agus tháinig sé ar an gconclúid gur sainaithníodh cúis imní in vivo maidir le géineatocsaineacht na substaintí sin nuair a tugadh de bhéal iad. I gcomhréir le ráiteas an Údaráis maidir leis an measúnú géineatocsaineachta ar na meascáin cheimiceacha (4) agus ós rud é go bhfuil na meastacháin nochta ar an dá chomhpháirt sin os cionn thairseach bhaol na tocsaineachta (TTC) de 0,0025 μg/kg bw in aghaidh an lae le haghaidh só-ghineacha ADN-imoibríocha agus/nó carcanaiginí, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur cúis imní maidir le géineatocsaineacht Zesti Smoke Code 10 (SF-002). Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh sé gur chúis imní maidir le géineatocsaineacht ceithre chomhpháirt eile de Zesti Smoke Code 10 (SF-002) agus an chuid neamhaitheanta de. |
(7) |
De bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ní fhéadfar ach blastáin deataigh nach mbaineann riosca sábháilteachta do shláinte an duine leo a údarú agus a chur ar an margadh. Dá bhrí sin, is iomchuí diúltú d’údarú Zesti Smoke Code 10 (SF-002) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh. |
(8) |
Mar sin féin, chun go bhféadfaidh oibreoirí gnó bia Zesti Smoke Code 10 (SF-002) a úsáid mar tháirge príomhúil um blastán deataigh chun bianna a tháirgeadh atá le cur ar an margadh go dtí an 1 Iúil 2029, mar a fhoráiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2067 (5) ón gCoimisiún, ba cheart a bheith in ann Zesti Smoke Code 10 (SF-002) a chur ar an margadh go dtí an dáta sin. |
(9) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Diúltaítear d’údarú Zesti Smoke Code 10 (SF-002) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh.
Airteagal 2
Féadfar leanúint de Zesti Smoke Code 10 (SF-002) a chur ar an margadh go dtí an 1 Iúil 2029.
Airteagal 3
Dírítear an Cinneadh seo chuig Kerry Inc, Global Technology and Innovation Centre, 3400 Milington Road, Beloit, WI 53511, na Stáit Aontaithe.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 309, 26.11.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/2065/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2013 lena mbunaítear liosta an Aontais de tháirgí príomhúla um blastán deataigh lena n-úsáid sa riocht sin i mbianna agus nó ar bhianna chun blastáin deataigh dhíorthaithe a tháirgeadh (IO L 333, 12.12.2013, lch. 54, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/1321/oj).
(3) EFSA 2023. Tuairim eolaíoch maidir le húdarú Zesti Smoke Code 10 (SF-002) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh. EFSA Journal [Iris EFSA], 21(11), https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8364
(4) EFSA (2019). EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(1):5519, 11 lch.https://doi.org/10.2903/j.efsa.2019.5519.
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2067 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 a mhéid a bhaineann le scriosadh iontrálacha SF-001 go SF-010 ó lista an Aontais de tháirgí príomhúla um blastán deataigh údaraithe (OJ L, 2024/2067, 1.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2067/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2066/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)