|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2059 |
2.8.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/2059 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Bealtaine 2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cur ar fionraí sealadach na díolúine víosa le haghaidh náisiúnaigh Vanuatú a fhadú
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (1), agus go háirithe Airteagal 8(6), pointe (b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá Poblacht Vanuatú liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806 mar cheann de na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh i gcás tréimhse fanachta nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá. Tá an díolúine ón gceanglas víosa le haghaidh náisiúnaigh Vanuatú infheidhme ó bhí an 28 Bealtaine 2015 ann, an dáta a síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (2) (‘an Comhaontú’) agus a cuireadh tús lena chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Chomhaontú. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Aibreán 2017. |
|
(2) |
Trí bhíthin scéimeanna saoránachta Vanuatú d’infheisteoirí, scéimeanna atá á n-oibriú aige ón 25 Bealtaine 2015 ar aghaidh, tá an deis ag náisiúnaigh tríú tír ar gá víosa a bheith ina seilbh acu seachas sin, saoránacht Vanuatú a fháil mar mhalairt ar infheistíocht, agus rochtain gan víosa a fháil ar an Aontas ar an gcaoi sin. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 8(2)(d), 8(3) agus 8(6) pointe (a) de Rialachán (AE) 2018/1806, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur riosca méadaithe do shlándáil inmheánach agus do bheartas poiblí na mBallstát é saoránacht a bheith á deonú ag Vanuatú faoina scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí, agus ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/693 (3) maidir leis an díolúine víosa le haghaidh náisiúnaigh Vanuatú a chur ar fionraí go sealadach. Bhí feidhm ag an bhfionraíocht ón 4 Bealtaine 2022 go dtí an 3 Feabhra 2023. |
|
(4) |
Tar éis thús chur i bhfeidhm an Rialacháin Cur Chun Feidhme sin, i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 8(6), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/1806, sheol an Coimisiún idirphlé feabhsaithe le Vanuatú d’fhonn na dálaí as ar tháinig cur ar fionraí sealadach na díolúine víosa a leigheas. Mar sin féin, níor ghlac Vanuatú páirt ar bhealach fiúntach le linn na céime sin den idirphlé. Dá bhrí sin, ós rud é go raibh na himthosca ba chúis leis an bhfionraí fós ann, i gcomhréir le hAirteagal 8(6), pointe (b) de Rialachán (AE) 2018/1806, an 1 Nollaig 2022, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/222 lena gcuirtear cur i bhfeidhm Iarscríbhinn II ar fionraí go sealadach ar feadh tréimhse 18 mí i gcás náisiúnaigh uile Vanuatú (4). Tá feidhm ag an bhfionraíocht ón 4 Feabhra 2023 go dtí an 3 Lúnasa 2024. |
|
(5) |
Tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin Tharmligthe sin, lean an Coimisiún den idirphlé le Vanuatú, le ceithre chruinniú a tionóladh idir mí Feabhra 2023 agus mí Aibreáin 2024, agus roinnt mhaith malartuithe faisnéise i scríbhinn. |
|
(6) |
Is ann fós d’fhormhór na n-ábhar imní maidir leis na scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí arna n-oibriú ag Vanuatú ar chuir an Coimisiún i láthair iad i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/693. Cé gur ghlac Vanuatú roinnt athruithe reachtacha in 2023 arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin, níor chuir sé cruthúnas sásúil ar fáil go bhfuil na hathruithe sin á gcur chun feidhme agus gur leor iad chun na rioscaí slándála a bhaineann lena scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí a mhaolú. |
|
(7) |
Ní chuireann na scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí arna n-oibriú ag Vanuatú aon cheanglas ar na hiarratasóirí cónaí éifeachtach nó láithreacht fhisiciúil Vanuatú a bheith acu. Is iad gníomhaireachtaí speisialaithe atá lonnaithe lasmuigh de Vanuatú a bhainistíonn an próiseas iarratais go fóill, agus ar an gcaoi sin ní gá don iarratasóir aon teagmháil dhíreach a bheith aige le húdaráis Vanuatú. Ní chuirtear an t-iarratasóir faoi agallamh le linn an phróisis iarratais. In éagmais ceanglas le maidir le hagallamh fisiceach a dhéanamh, laghdaítear na deiseanna d’údaráis Vanuatú an t-iarratasóir a mheasúnú go cuí nó an fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas a chomhthacú, lena n-áirítear fírinneacht agus creidiúnacht an iarratais. |
|
(8) |
Leanfar de phróiseáil na n-iarratas laistigh de spriocdhátaí an-ghearr. Go háirithe, tógann an próiseas scagtha agus díchill chuí a bhaineann le hiarratas 14 lá ar a mhéad, agus is féidir é a fhadú go 30 lá. Tá an ráta diúltaithe an-íseal go fóill, rud a neartaíonn le measúnú an Choimisiúin maidir le hiontaofacht íseal an phróisis scagtha. De réir na faisnéise a chuir Vanuatú ar fáil, in 2022 agus 2023, fuair Vanuatú 1988 n-iarratas ar shaoránacht mar mhalairt ar infheistíocht, agus níor diúltaíodh ach do 27 gcinn díobh sin. |
|
(9) |
I mí an Mhárta 2023, leasaigh Vanuatú a Acht Saoránachta trí ionadú a dhéanamh ar na hinstitiúidí agus na nósanna imeachta maidir le scagadh agus seiceálacha díchill chuí na n-iarratas. Go háirithe, cuireadh trí institiúid in ionad an Choiste um Scagadh Inmheánach a bhí ann roimhe seo agus a cheap an Príomh-Aire: mar atá, Fórsa Póilíneachta Vanuatú, an tAonad um Fhaisnéis Airgeadais agus Seirbhísí Inimirce Vanuatú. Déanann na hinstitiúidí sin na seiceálacha, lena n-áirítear seiceálacha ar bhunachair sonraí Interpol, agus tuairiscíonn siad d’Ard-Rúnaí an Choimisiúin Saoránachta. Cé gur cosúil, ar thaobh amháin, go maolaítear leis an nós imeachta nua sin an riosca a bhaineann le saoránacht a dheonú do dhaoine atá liostaithe i mbunachair sonraí Interpol, ar an taobh eile ní áirítear leis gnéithe riachtanacha eile chun measúnú cuí a dhéanamh ar easpa rioscaí slándála na n-iarratasóirí. Go háirithe, níl bealach leordhóthanach ann le gur féidir le húdaráis Vanuatú fírinneacht na ndoiciméad arna n-eisiúint ag tír thionscnaimh nó chónaithe an iarratasóra a fhíorú, lena n-áirítear doiciméid aitheantais agus taifid choiriúla, ós rud é nach ndéanann na húdaráis sin faisnéis a mhalartú le tír thionscnaimh nó tír chónaithe na n-iarratasóirí. |
|
(10) |
Áirítear ar thíortha tionscnaimh na n-iarratasóirí ar éirigh leo in 2022 agus 2023, den chuid is mó, tíortha a dteastaíonn víosa óna náisiúnaigh le haghaidh tréimhse gearrfhanachta san Aontas. In 2023, tháinig formhór na n-iarratas ó náisiúnaigh de chuid na Síne (519) agus na Rúise (237). Murab ionann agus tríú tíortha eile a bhfuil scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí á n-oibriú acu, lean Vanuatú de ghlacadh le hiarratais ó náisiúnaigh Rúiseacha agus de bheith ag próiseáil na n-iarratas sin tar éis thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. |
|
(11) |
Roimh 2021, d’fhéadfadh daoine a fuair saoránacht Vanuatú trí chlár saoránachta d’infheisteoirí iarratas a dhéanamh ina dhiaidh sin ar athrú ainm in Vanuatú. Le linn an idirphlé, chuir Vanuatú an Coimisiún ar an eolas gur leasaíodh an reachtaíocht ábhartha in 2021 lena bhforáiltear nach bhféadfadh daoine a bhfuil déshaoránacht acu athrú ainm a bheith cláraithe in Vanuatú. Mar sin féin, chuir Vanuatú in iúl don Choimisiún freisin nach bhfuil aon taifead aige ar athruithe ar ainmneacha ó 2019 i leith, agus mar sin nach bhféadfadh sé aon fhaisnéis a sholáthar maidir le líon na ndaoine a fuair an tsaoránacht trí infheistíocht agus a d’athraigh a n-ainm ina dhiaidh sin, ná maidir le haon seiceálacha leantacha ar na daoine sin. |
|
(12) |
Cé gur chuir Vanuatú an Coimisiún ar an eolas gur féidir, bunaithe ar a chásdlí, an tsaoránacht a chúlghairm i gcás ina bhfuarthas é sin trí chalaois nó in aghaidh an dlí, níor chuir sé faisnéis ar fáil maidir le cásanna iarbhír cúlghairme saoránachta a fuarthas trí na scéimeanna d’infheisteoirí. Thairis sin, níl aon sásra faireacháin ex post struchtúrach curtha chun feidhme ag Vanuatú chun aghaidh a thabhairt ar na lúba ar lár maidir le slándáil a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás breis agus 10 000 pas a eisíodh sular athraíodh an reachtaíocht agus roimh an nós imeachta um scagadh a líomhnaítear a bheith níos stóinsithe. I mí Feabhra 2023, bhunaigh Vanuatú Coimisiún fiosrúcháin a raibh sé de chúram air imscrúdú a dhéanamh ar aon drochghníomh líomhnaithe a rinneadh le linn oibriú na scéimeanna ó bunaíodh iad. I mí Aibreáin 2024, chuir Vanuatú in iúl go raibh imscrúdú an Choimisiúin fiosrúcháin fós ar siúl agus nach bhféadfadh sé dáta áirithe a chur ar fáil maidir le soláthar a thorthaí. |
|
(13) |
I gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Rialachán (AE) 2018/1806, roimh dheireadh thréimhse bhailíochta Rialacháin Tarmligthe (AE) 2023/222, chuir an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (5) ina ndearnadh cur síos mionsonraithe ar an idirphlé le Vanuatú agus inar thángthas ar an gconclúid nár leigheas Vanuatú na himthosca ba chúis leis an bhfionraí. Tá togra reachtach (6) ag gabháil leis an tuarascáil sin, togra reachtach chun Rialachán (AE) 2018/1806 a leasú chun an tagairt do Vanuatú a aistriú ó Iarscríbhinn II go hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806, agus ar an gcaoi sin an ceanglas víosa le haghaidh náisiúnaigh Vanuatú a thabhairt isteach arís go buan. |
|
(14) |
I gcomhréir le hAirteagal 8(6), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2018/1806, i gcás inar thíolaic an Coimisiún togra reachtach den sórt sin, tá tréimhse fionraíochta na díolúine ón gceanglas víosa a bhaineann le Vanuatú le fadú 6 mí, agus tá an fonóta le leasú dá réir. |
|
(15) |
Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis (7) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (8). |
|
(16) |
Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna shíniú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (9) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí B agus C, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (10). |
|
(17) |
Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (11) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí B agus C, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (12). |
|
(18) |
Níl an Rialachán seo ina fhorbairt ar fhorálacha acquis Schengen ina bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (13). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(19) |
Maidir leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo ná gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An díolúine víosa a chur ar fionraí go sealadach
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806, cuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le Vanuatú:
‘Vanuatú (*1)
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 4 Lúnasa 2024 go dtí an 3 Feabhra 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Bealtaine 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 303, 28.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1806/oj.
(2) IO L 173, 3.7.2015, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2015/1035/oj.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/693 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir leis an díolúine víosa le haghaidh náisiúnaigh Vanuatú a chur ar fionraí go sealadach (IO L 129, 3.5.2022, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/693/oj).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/222 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2022 maidir leis an díolúine víosa le haghaidh náisiúnaigh uile Vanuatú a chur ar fionraí go sealadach (IO L 32, 3.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/222/oj).
(5) Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an díolúine víosa le haghaidh náisiúnaigh Vanuatú a chur ar fionraí, (COM(2024)366 leagan deireanach).
(6) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann le Vanuatú, (COM(2024)365 leagan deireanach).
(7) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1999/439(1)/oj.
(8) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/437/oj).
(9) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2008/178(1)/oj.
(10) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/146/oj).
(11) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/prot/2011/350/oj.
(12) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/350/oj).
(13) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2002/192/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2059/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)