European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2057

1.8.2024

CINNEADH (AE) 2024/2057 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Feabhra 2023

maidir le Státchabhair SA.48556 (2019/C) (ex 2018/N) — An Ungáir — LIP — Cabhair faoi choinne infheistíocht réigiúnach do Samsung SDI

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 1478)

(Is é an leagan EN amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 108(2), an chéad fhomhír, de,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch,

Tar éis a iarraidh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach de bhun na bhforálacha thuasluaite (1), agus ag féachaint dá mbarúlacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

(1)

Trí fhógra leictreonach a cláraíodh an 16 Bealtaine 2018, thug an Ungáir fógra don Choimisiún go raibh sé ar intinn aici cabhair faoi choinne infheistíocht réigiúnach a dheonú i bhfabhar Samsung SDI Magyarország Zrt. (‘Samsung SDI’ nó ‘an tairbhí’).

(2)

I litir dar dáta an 14 Deireadh Fómhair 2019 (‘an cinneadh tosaigh’), chuir an Coimisiún an Ungáir ar an eolas go raibh cinneadh déanta aige tús a chur leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) i ndáil leis an mbeart cabhrach sin faoi choinne infheistíocht réigiúnach (‘an beart cabhrach’) agus d’iarr sé ar an Ungáir a barúlacha a chur isteach laistigh de 1 mhí amháin.

(3)

Foilsíodh an cinneadh tosaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). San fhoilseachán céanna, d’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach.

(4)

Chuir an Ungáir, Samsung SDI agus an Chóiré Theas barúlacha isteach maidir leis an gcinneadh tosaigh.

(5)

I litir dar dáta an 29 Meitheamh 2021, chuir an Coimisiún an Ungáir ar an eolas go raibh cinneadh déanta aige síneadh a chur le raon feidhme an chinnidh tosaigh (‘an cinneadh maidir le síneadh’) i leith an bhirt cabhrach (3). D’iarr sé ar an Ungáir a barúlacha a chur isteach laistigh de 1 mhí amháin. Foilsíodh an cinneadh maidir le síneadh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (4).

(6)

Chuir an Ungáir, Samsung SDI agus an Chóiré Theas barúlacha isteach maidir leis an gcinneadh maidir le síneadh. Sholáthair an Ungáir barúlacha maidir leis an gcinneadh sin i litir dar dáta an 9 Lúnasa 2021. Sheol Samsung SDI a réamhbharúlacha maidir leis an gcinneadh sin an 28 Eanáir 2022 agus na barúlacha deiridh an 14 Márta 2022. Sheol an Chóiré Theas a barúlacha an 18 Márta 2022.

(7)

An 21 Márta 2022, sheol an Ungáir a barúlacha maidir le haighneacht Samsung SDI agus dheimhnigh sí nach raibh aon bharúil aici maidir le haighneacht na Cóiré Theas.

(8)

Sheol an Coimisiún tuilleadh iarrataí ar fhaisnéis chuig an Ungáir, an ceann is déanaí i mí na Nollag 2022, ar thug an Ungáir freagra orthu in am trátha.

(9)

I litir dar dáta an 17 Feabhra 2023, chomhaontaigh an Ungáir go nglacfaí an Cinneadh seo agus go dtabharfaí fógra faoi i mBéarla.

2.   TUAIRISC MHIONSONRAITHE AR AN mBEART CABHRACH

2.1.   Cuspóir an bhirt cabhrach

(10)

Tá sé beartaithe ag an Ungáir forbairt réigiúnach a chur chun cinn trí chabhair réigiúnach a sholáthar chun cur le hacmhainneacht bhunaíocht Samsung SDI atá ann cheana, ina dtáirgtear cealla ceallraí le haghaidh feithiclí leictreacha in Göd, i gContae Pest, san Ungáir Láir. Tá Göd lonnaithe i limistéar atá incháilithe do chabhair réigiúnach faoi Airteagal 107(3), pointe (c) CFAE, agus uasteorainn chaighdeánach 35 % ann ar chabhair réigiúnach faoin mapa den chabhair réigiúnach don Ungáir le haghaidh na tréimhse 2017 go 2020 (5).

2.2.   An tairbhí

(11)

Is é Samsung SDI faighteoir na cabhrach, ar fochuideachta í faoi lánúinéireacht Samsung SDI Co. Ltd. (‘Samsung SDI Group’) a bhfuil a ceanncheathrú sa Chóiré Theas. Is gnóthas mór é Samsung SDI Group a bhfuil beagnach 19 000 fostaí aige ar fud an domhain agus a thaifead láimhdeachas de thart ar EUR 4 bhilliún in 2016.

(12)

Tá baint ag Samsung SDI Group le monarú ceallraí in-athluchtaithe a úsáidtear sa tionscal teicneolaíochta faisnéise (TF), i bhfeithiclí leictreacha agus i gcórais stórála fuinnimh (‘ESSanna’).

(13)

In 2016, bhunaigh Samsung SDI gléasra ceallraí feithiclí leictreacha in Göd (‘Infheistíocht 1’) ag a bhfuil acmhainneacht uasta [100 000–400 000] (6) ceall ceallraí feithiclí leictreacha in aghaidh na míosa, atá coibhéiseach le hacmhainneacht bhliantúil [0,1–0,5] GWh. Cuireadh tús le táirgeadh trialach sa tsaoráid mhonaraíochta sin sa dara ráithe de 2017 agus le holltáirgeadh i mí na Bealtaine 2018. Níor deonaíodh aon státchabhair le haghaidh Infheistíocht 1.

(14)

Dheimhnigh an Ungáir nach gnóthas i gcruachás é an tairbhí de réir bhrí na dTreoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (7). Má fuair an tairbhí cabhair neamhdhleathach níos luaithe a dearbhaíodh a bheith neamh-chomhoiriúnach le cinneadh ón gCoimisiún, gheall an Ungáir dámhachtain agus/nó íocaíocht na cabhrach faoinar tugadh fógra don tairbhí a chur ar fionraí go dtí go mbeidh an chabhair neamhdhleathach neamh-chomhoiriúnach agus an t-ús gnóthaithe comhfhreagrach aisíoctha nó íoctha isteach i gcuntas ar leithligh ag an tairbhí.

2.3.   An tionscadal infheistíochta agus costais incháilithe

2.3.1.   An tionscadal infheistíochta

(15)

Baineann an tionscadal a fhaigheann tacaíocht ón mbeart cabhrach (‘Infheistíocht 2’) le méadú acmhainneachta a chur leis an tsaoráid táirgthe ceall ceallraí feithiclí leictreacha laistigh de bhunaíocht atá ann cheana agus atá faoi úinéireacht an tairbhí in Göd (i.e. laistigh den bhunaíocht a bhunaítear faoi Infheistíocht 1). Leis an méadú atáthar ag brath a dhéanamh, beartaíodh go sroichfeadh acmhainneacht táirgeachta Samsung SDI san Ungáir 6 mhilliún ceall ceallraí in aghaidh na míosa in […], atá coibhéiseach le hacmhainneacht bhliantúil [17–20] GWh (8). Bhí sé beartaithe ag Samsung SDI [50–90] % den acmhainneacht sin a úsáid chun freastal ar mhargadh an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (‘LEE’) agus [10–40] % di a úsáid chun freastal ar […]. (9)

(16)

Tacaíonn an beart cabhrach le hinfheistíochtaí i dtrealamh agus in innealra a bhaineann le táirgeadh ceall ceallraí, agus sna saoráidí is gá chun na cealla ceallraí sin a tháirgeadh. Bhí sé beartaithe ag Samsung SDI an infheistíocht i dtáirgeadh ceall a chomhlánú trí infheistíochtaí breise a dhéanamh i dtáirgeadh modúl ceallraí agus pacáistí ceallraí (10) nach n-iarrfaí aon chabhair ina leith. Bhí Infheistíocht 2 le cur chun feidhme in dhá chéim (11) (féach tábla 1, aithris (16) den chinneadh tosaigh).

(17)

Cuireadh tús le hoibreacha ar Infheistíocht 2 an 1 Nollaig 2017, tar éis don tairbhí an t-iarratas ábhartha ar chabhair a chur faoi bhráid na hUngáire an 13 Meán Fómhair 2017. Bhí coinne leis go gcruthófaí 1 200 post díreach nua de bharr Infheistíocht 2.

(18)

Dheimhnigh an Ungáir gur thug Samsung SDI ceannach an trealaimh is gá le haghaidh Infheistíocht 2 i gcrích faoi dheireadh 2021 agus go raibh an acmhainneacht táirgeachta iomlán bainte amach ag Infheistíocht 2 i mí Eanáir 2022, mar a bhí beartaithe.

(19)

De réir na hUngáire, bhí sé beartaithe ag Samsung SDI olltáirgeadh ceall ceallraí feithiclí leictreacha a fhorbairt agus a dhéanamh agus úsáid á baint as athruithe móra ar theicnící, trealamh agus bogearraí.

(20)

Ba é ab aidhm do nuálaíochtaí próisis nua Samsung SDI laghdú a dhéanamh ar an am agus na costais a bhaineann le cealla ceallraí a mhonarú. Mar thoradh ar chur chun feidhme na nuálaíochtaí próisis le linn an dá chéim d’Infheistíocht 2, mhodhnófaí na cealla ceallraí táirgthe agus roinnt de na hábhair ionchuir a úsáidtear sa phróiseas táirgthe.

(21)

Mhínigh an Ungáir freisin go bhfuil trí bhunstruchtúr ceall sainiúil ann ar mhargadh ceallraí feithiclí leictreacha (i.e. cealla priosmacha — a chomhfhreagraíonn do na cinn a tháirgeann Samsung SDI in Göd de réir Infheistíocht 1, cealla púitse agus cealla sorcóireacha) agus nach ionann na próisis táirgthe is bun leo, mar a mhínítear in aithris (17) den chinneadh tosaigh.

(22)

Mhínigh an Ungáir go bhfuil trí chéim sa phróiseas táirgthe ceall ceallraí (aithris (18) den chinneadh tosaigh) agus gur cumhdaíodh gach ceann de na trí chéim sin (aithris (19) den chinneadh tosaigh, ina liostaítear freisin na próisis nuálaíochta aonair is ábhartha de réir na hUngáire) leis na nuálaíochtaí próisis aonair a bhfuil an beart cabhrach le tacú leo.

(23)

Mhínigh an Ungáir freisin go mbeadh roinnt de na heilimintí núíosacha sin faoi chosaint ag paitinní ach, go bunúsach, go gcosnódh Samsung SDI Group an chuid is mó den phróiseas nua táirgthe trí úsáid a bhaint as an mbosca dubh (12). Bhí ‘cruachadh’ leictreoidí, atá le tabhairt isteach le hInfheistíocht 2, fós á fhorbairt agus á thástáil in […] tráth an fhógra, ach bhí sé beartaithe é a chur i bhfeidhm san olltáirgeadh in […].

(24)

Mheas an Ungáir go dtabharfaí isteach na próisis agus an trealamh nuálach thuasluaite san earnáil táirgthe ceallraí feithiclí leictreacha agus ceall stórais den chéad uair ar fud an domhain (féach aithris (21) den chinneadh tosaigh).

(25)

Mar chonclúid, mheas an Ungáir gur cháiligh an próiseas táirgthe nua mar ‘nuálaíocht próisis nua’ de réir bhrí mhír 15 de na Treoirlínte maidir le Cabhair Réigiúnach ab infheidhme tráth an fhógra (13) (‘RAG’). Mhínigh an Ungáir freisin go bhfuil coinne leis, tar éis na hinfheistíochta atá i gceist, go dtiocfaidh méadú ar sciartha margaidh Samsung SDI ó [7–10] % in 2019 go [20–25] % in 2023 ar an leibhéal Eorpach agus ó [7–10] % in 2019 go [10–13,5] % in 2023 ar an leibhéal domhanda.

2.3.2.   Costais infheistíochta incháilithe

(26)

Luach ainmniúil HUF 380,628 billiún arna slánú (EUR 1,2 billiún (14) arna slánú), is é sin luach láithreach HUF 376,540 billiún arna slánú (EUR 1,187 billiún arna slánú), atá sna costais iomlána infheistíochta incháilithe ar tugadh fógra fúthu le haghaidh Infheistíocht 2 (15). Is é atá sna costais incháilithe costais foirgneamh, innealra agus trealaimh (féach táblaí 2 agus 3 in aithris (23) den chinneadh tosaigh).

(27)

Dheimhnigh an Ungáir nár glacadh ach sócmhainní nua mar chaiteachas incháilithe. Ní áirítear ar na costais incháilithe le haghaidh Infheistíocht 2 aon chostas a bhaineann le sócmhainní neamhábhartha ná costais léasaithe (féach aithris (155) den chinneadh tosaigh).

2.4.   Foirm na cabhrach, an t-údarás deonaithe cabhrach agus an bunús dlí náisiúnta

(28)

Is deontas airgid neamh-in-aisíoctha é an beart cabhrach agus is cabhair ad hoc is infhógartha go haonarach é, a thagann lasmuigh de raon feidhme díolúine scéime cabhrach a bhí díolmhaithe ón oibleagáid fógra a thabhairt faoi Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (16).

(29)

Is é Foraithne Rialtais Uimh. 210/2014 maidir le húsáid na scéime atá curtha in áirithe chun infheistíocht a chur chun cinn an bunús dlí náisiúnta le fógra a thabhairt faoin mbeart cabhrach. Is é Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hUngáire an t-údarás deonaithe cabhrach.

2.5.   An méid cabhrach

(30)

Luach ainmniúil HUF 34,891 billiún arna slánú (EUR 110 milliún arna slánú) agus luach láithreach HUF 34,304 billiún arna slánú (EUR 108 milliún arna slánú) atá sa chabhair ar tugadh fógra fúithi. Dhámh an Ungáir an chabhair, faoi réir fhormheas an Choimisiúin amháin, an 27 Nollaig 2021.

2.6.   Déine cabhrach agus carnadh le cabhair infheistíochta eile

(31)

Ar bhonn luach ainmniúil HUF 380,628 billiún, arna slánú, de chostais incháilithe iomlána ar tugadh fógra fúthu (EUR 1 200,000 milliún arna slánú), is é HUF 376,540 billiún luach lascainithe an chaiteachais incháilithe iomláin arna slánú (EUR 1 187,111 milliún arna slánú). Agus na figiúirí sin á nglacadh mar bhonn, agus an uasteorainn chaighdeánach 35 % ar chabhair réigiúnach do ghnóthais mhóra a bhí infheidhme in Göd faoin mapa den chabhair réigiúnach le haghaidh na tréimhse 2017-2021 á cur i bhfeidhm, mar aon leis na rialacha maidir le laghdú (17) i mír 20(c), agus mír 86 de RAG, ríomh an Coimisiún gurb é luach lascainithe HUF 49,360 billiún arna slánú (EUR 155,616 milliún arna slánú), atá coibhéiseach le huasdéine cabhrach 13,11 %, an t-uasmhéid cabhrach réigiúnaí iomlán is incheadaithe le haghaidh Infheistíocht 2.

(32)

An chabhair bheartaithe de luach láithreach HUF 34,304 billiún arna slánú (EUR 108 milliún arna slánú) le haghaidh caiteachas incháilithe beartaithe de luach láithreach HUF 376,540 billiún arna slánú (EUR 1 187 milliún arna slánú), comhfhreagraíonn sí do dhéine cabhrach 9,11 %, arna ríomh ar bhonn na gcostas incháilithe iomlán ar tugadh fógra fúthu.

(33)

Ina fógra, dhearbhaigh an Ungáir nach ndéanfaí an tacaíocht airgeadais faoin mbeart cabhrach a chomhcheangal le haon tacaíocht airgeadais eile a d’eisíocfaí as na costais incháilithe chéanna ó aon fhoinse áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó Eorpach eile.

(34)

Deimhníonn an Ungáir nach sárófar luach láithreach an uasmhéid cabhrach fhormheasta ná an déine cabhrach fhormheasta má imíonn méid an chaiteachais incháilithe ón méid measta.

2.7.   Ranníocaíocht dhílis

(35)

Dheimhnigh an Ungáir go soláthródh tairbhí na cabhrach ranníocaíocht airgeadais arbh fhiú 25 % ar a laghad de na costais incháilithe í, trína hacmhainní dílse nó trí mhaoiniú seachtrach, i bhfoirm nach bhfuil aon tacaíocht airgeadais phoiblí inti.

2.8.   An ghníomhaíocht chuidithe a choinneáil ar bun

(36)

Dámhtar an beart cabhrach ar choinníoll go gcoinneoidh an tairbhí an infheistíocht sa réigiún cuidithe ar bun ar feadh íostréimhse 5 bliana tar éis a chur i gcrích.

2.9.   Na forais chun an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a thionscnamh

(37)

Sa chinneadh tosaigh, ba é tuairim an Choimisiúin gur cháiligh an infheistíocht bheartaithe mar nuálaíocht próisis nua agus go raibh sí incháilithe dá bhrí sin do chabhair faoi RAG. Mar sin féin, sa chinneadh tosaigh agus sa chinneadh maidir le síneadh araon, chuir an Coimisiún amhras in iúl go háirithe maidir le héifeacht shubstainteach dreasachta na cabhrach agus inchreidteacht an cháis mhalartaigh infheistíochta sa tSín, a chuir an Ungáir i láthair (féach roinn 3.4.1.4. den chinneadh tosaigh agus aithris (3) den chinneadh maidir le síneadh).

(38)

Ar an gcéad dul síos, ní fhéadfadh an Coimisiún an fhéidearthacht a chur as an áireamh nach mbeadh meascán de thosca straitéiseacha amhail leathnú mear an mhargaidh Eorpaigh, an ghaireacht do chustaiméirí Eorpacha, an riosca maidir le haistriú éigeantach teicneolaíochta agus an aeráid naimhdeach pholaitiúil agus eacnamaíoch sa tSín i leith gnóthais na Cóiré Theas, ina mbreithnithe straitéiseacha sáraitheacha a thabharfadh ar an gcuideachta a hinfheistíocht a lonnú san Ungáir in aon chás, fiú in éagmais cabhrach.

(39)

Ar an dara dul síos, ba é réamhthuairim an Choimisiúin nach raibh an chabhair réigiúnach atá beartaithe ríthábhachtach chun cinneadh dearfach maidir le suíomh a dhéanamh i bhfabhar na hUngáire. B’amhlaidh sin toisc go raibh amhras ar an gCoimisiún gur ann don bhearna EUR 173 mhilliún a mhaítear a bheith i nglanluach láithreach Infheistíocht 2 i gcomparáid leis an infheistíocht fhrithfhíorasach sa tSín agus, más ann do bhearna, agus a mhéad atá sí. Thug an Coimisiún dá aire go raibh an bhearna sin bunaithe den chuid is mó ar dhifríochtaí móra i gcostais infheistíochta idir an dá shuíomh infheistíochta mhalartacha, a dtugann an Ungáir agus an tairbhí údar leo ar bhonn beartas foinsithe áitiúil (18). Chuir an Coimisiún in iúl go beacht, áfach, go raibh amhras air maidir le beartas foinsithe áitiúil den sórt sin, beartas nach raibh réalaíoch ná inchreidte prima facie dar leis. Chaith an Coimisiún amhras freisin ar thacaíocht phoiblí líomhnaithe a bheith sa tSín don chinneadh a rinne an tairbhí maidir le suíomh, agus ábharthacht aon tacaíochta den sórt sin, toisc gur léirigh doiciméid inmheánacha ó Samsung SDI Group faoin gcinneadh maidir le suíomh go raibh an chabhair ón Ungáir ina toisc chinntitheach i ndáil leis an rogha suímh, agus níor léirigh siad tacaíocht phoiblí ó údaráis na Síne.

(40)

Ós rud é gur chuir sé amhras in iúl maidir leis an gcás frithfhíorasach agus leis an gcomparáid leis an nglanluach láithreach, chuir an Coimisiún amhras in iúl freisin maidir le comhréireacht na cabhrach (féach roinn 3.4.1.5. den chinneadh tosaigh). Ina theannta sin, chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir le rannchuidiú na cabhrach leis an bhforbairt réigiúnach (féach roinn 3.4.1.1. den chinneadh tosaigh) agus maidir lena iomchuí atá foirm na cabhrach (féach roinn 3.4.1.3. den chinneadh tosaigh) (féach freisin aithris (4) den chinneadh maidir le síneadh).

(41)

Ar deireadh, shainaithin an Coimisiún an fhéidearthacht go mbeadh éifeachtaí diúltacha míchuí ann de dheasca na cabhrach. Go sonrach, ní fhéadfadh sé a chur as an áireamh go bhféadfadh an infheistíocht a bheith ina cúis, go hindíreach ar a laghad, le gníomhaíochtaí táirgthe pacáistí ceallraí Samsung SDI Group a athlonnú ón Ostair go dtí an Ungáir, rud a bheadh ina éifeacht dhiúltach fhollasach ar an trádáil de réir bhrí mhír 122 de RAG (féach roinn 3.4.2.4. den chinneadh tosaigh agus aithris (4) den chinneadh maidir le síneadh). Sa chinneadh maidir le síneadh, mheas an Coimisiún freisin go bhféadfadh éifeacht fhrith-chomhtháthaithe a bheith ag an gcabhair trí infheistíochtaí a mhealladh ó réigiún beagfhorbartha sa Pholainn, a bheadh incháilithe do chabhair réigiúnach de bhun Airteagal 107(3), pointe (a), CFAE (féach aithris (72) den chinneadh sin).

(42)

Ar na cúiseanna thuas, sa chinneadh tosaigh agus sa chinneadh maidir le síneadh araon, chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir le comhoiriúnacht an bhirt cabhrach leis an margadh inmheánach.

3.   Barúlacha ón Ungáir agus ó Samsung SDI

(43)

Mar thaca lena mhaíomh go bhféadfadh Infheistíocht 2 tairbhiú de chabhair réigiúnach, d’agair an Ungáir cás ar de chineál ‘cás 2’ é de réir bhrí mhír 61 de RAG, á áitiú go mbeadh an tionscadal infheistíochta curtha chun feidhme in Xi’an (an tSín) murach an beart cabhrach, áit a bhfuil saoráid táirgthe ceall ceallraí feithiclí leictreacha faoi úinéireacht chomhpháirteach ag Samsung SDI Group, i gcomhfhiontar (19), agus talamh saor leordhóthanach chun go gcuirfí síneadh leis an ngléasra ann. (20)

(44)

D’áitigh an Ungáir gur cháiligh Infheistíocht 2 mar nuálaíocht próisis nua agus go bhfuil sí incháilithe dá bhrí sin do chabhair faoi RAG. Thug an Ungáir dá haire gur chomhaontaigh an Coimisiún leis an gconclúid sin ina chinneadh tosaigh.

3.1.   Rannchuidiú le forbairt réigiúnach agus comhtháthú críochach

(45)

Mhínigh an Ungáir go rannchuideodh an infheistíocht le forbairt réigiúnach réigiún na hUngáire Láir (féach aithris (34) den chinneadh tosaigh). In 2016, bhí olltáirgeacht intíre (‘OTI’) per capita 54 % de mheán AE-28 ag contae Pest.

(46)

Ina theannta sin, liostaigh an Ungáir roinnt éifeachtaí dearfacha a ghinfeadh an infheistíocht ar mhaithe le forbairt an réigiúin, lena n-áirítear 1 200 post díreach a chruthú (féach aithris (35) den chinneadh tosaigh).

3.2.   Éifeacht dreasachta

(47)

D’athdhearbhaigh an Ungáir gur chuir Samsung SDI an t-iarratas ar chabhair isteach an 13 Meán Fómhair 2017, agus gur cuireadh tús leis an obair ar Infheistíocht 2 an 1 Nollaig 2017. Thug an Ungáir dá haire gur chomhaontaigh an Coimisiún sa chinneadh tosaigh gur comhlíonadh an tástáil fhoirmiúil ar éifeacht dreasachta.

(48)

D’áitigh an Ungáir agus Samsung SDI freisin go gcomhlíonann an chabhair an tástáil shubstainteach ar éifeacht dreasachta. Sna freagraí a thug siad ar an gcinneadh tosaigh, áfach, tharraing an Ungáir agus Samsung SDI araon siar ó ráitis tosaigh áirithe a bhí san fhógra agus sholáthair siad argóintí agus fianaise nua a bhí ag teacht salach go páirteach ar ráitis roimhe sin.

3.2.1.   Frithfhíorasach

(49)

Áiríodh infheistíochtaí comhchosúla i dtéarmaí foirgneamh, innealra agus trealaimh sa tionscadal infheistíochta in Göd agus sa chás frithfhíorasach in Xi’an a cuireadh i láthair sna doiciméid fógartha. Go sonrach, dheimhnigh an Ungáir go mbeadh cineál, toilleadh agus cainníocht an innealra agus an trealaimh comhionann sa dá chás infheistíochta. D’ainneoin sin, bheadh an caiteachas caipitiúil iomlán a bhaineann leis an infheistíocht i bhfad níos airde san Ungáir ná sa tSín (luach láithreach EUR 215,3 milliún níos airde). Cé go bhfuil costais foirgneamh beagán níos ísle san Ungáir ná iad siúd sa tSín (ós rud é go bhféadfadh Samsung SDI foirgneamh atá ann cheana a úsáid le haghaidh a thionscadail infheistíochta in Göd), bheadh na costais innealra agus trealaimh i bhfad níos airde san Ungáir ná sa tSín. De réir na faisnéise a fuarthas den chéad uair ón Ungáir an 16 Deireadh Fómhair 2018, tá an difríocht sin mar gheall ar bheartas foinsithe áitiúil Samsung SDI Group, ar dá réir a cheannófaí innealra agus trealamh go hiomlán in LEE (dá ndéanfaí an infheistíocht san Ungáir) nó sa tSín (dá ndéanfaí an infheistíocht sa tSín).

(50)

Chuir an Ungáir agus Samsung SDI i gcoinne réamhthuairim an Choimisiúin (mar a cuireadh in iúl sa chinneadh tosaigh) lena gcaitear amhras ar bheartas foinsithe áitiúil iomlán den sórt sin a bheith ann. Go sonrach, mhínigh siad i gcás Infheistíocht 1 go ndearna Samsung SDI an cinneadh, i gcomhréir le srian a áiríodh ina bheartas foinsithe áitiúil, brath ar sholáthróirí innealra agus trealaimh ón gCóiré Theas a bhfuil taithí acu seachas ar sholáthróirí LEE, chun na rioscaí a íoslaghdú. (21) Ní fhéadfadh imthoisc ar leith den sórt sin amhras a chaitheamh ar bheartas a bheadh ina bheartas foinsithe áitiúil foriomlán ina mhalairt de chás.

(51)

Mhínigh an Ungáir, áfach, cé go raibh an anailís fhrithfhíorasach a rinne Samsung SDI ar fhoinsiú áitiúil sa chás seo bunaithe ar bhonn lenar léiríodh beartas socraithe Samsung SDI Group, go bhféadfadh sé go raibh measúnú ex ante choiste infheistíochta Samsung SDI ‘ró-dhóchúil maidir lena chumais foinsithe áitiúil’. (22)

(52)

Dheimhnigh an Ungáir nár bhain Samsung SDI úsáid as soláthróirí LEE go dtí tús 2019, tráth a rinneadh thart ar [35–50] % d’Infheistíocht 2 Samsung SDI a ordú ó sholáthróirí (féach aithris (44) den chinneadh tosaigh). Ina ionad sin, ba ón gCóiré Theas a tháinig formhór mór an trealaimh agus an innealra a fuarthas le haghaidh an bhirt cabhrach, de réir na hUngáire. Mheas an Ungáir, áfach, nach féidir leis an gCoimisiún brath ar fhíorais ex post maidir le foinsiú iarbhír chun amhras a chaitheamh ar inchreidteacht toimhdí gnó a rinneadh tráth an chinnidh maidir le suíomh.

(53)

Mhínigh an Ungáir go raibh ar Samsung SDI Group dul i muinín soláthróirí ón gCóiré Theas le haghaidh an tsuímh Ungáraigh — agus neamhshuim a dhéanamh dá phleananna bunaidh a cuireadh i láthair sna doiciméid fógartha — toisc nár tháinig ann do na torthaí a raibh coinne leo as a chuardach ar sholáthróirí áitiúla iomchuí in LEE.

(54)

De réir na hUngáire, thosaigh Samsung SDI ag cuardach soláthróirí LEE chomh luath le 2015 agus, ó mhí na Bealtaine 2019, bhí an cuardach ar siúl go leanúnach. Cé is moite de theagmhálacha déthaobhacha le cúig tháirgeoir trealaimh, ar táirgeoirí LEE iad, in 2015, 2016 agus 2017 (a tugadh chun críche fiúntaí i gcás dhá cheann díobh) (23), is é an toradh a bhí ar an gcuardach go bunúsach comhdháil a d’eagraigh Samsung SDI Group agus an […] go comhpháirteach (24), a reáchtáladh an 24 Feabhra 2017 in […] (i.e. 8 mí roimh an gcinneadh infheistíochta a rinne Samsung SDI). De réir na hUngáire, as 24 rannpháirtí comhdhála (agus as cúig chuideachta eile, a ndeachaigh Samsung SDI Group i dteagmháil go déthaobhach leo tar éis na comhdhála), cuireadh an chuid is mó (23) de sholáthróirí ionchasacha LEE ar leataobh ar chúiseanna éagsúla (25) sula ndearnadh an cinneadh críochnaitheach infheistíocht a dhéanamh san Ungáir an 27 Samhain 2017. Tar éis an chinnidh infheistíochta, leanadh den phlé le sé sholáthróir ionchasacha LEE ach ní fhéadfaidís trealamh a sholáthar ach le haghaidh cuid bheag de riachtanais Samsung SDI i dtaca le hInfheistíocht 2 san Ungáir.

(55)

De réir na hUngáire, ba leordhóthanach an taithí (26) agus na teagmhálacha a bhí ag Samsung SDI Group le soláthróirí áitiúla sa tSín agus, dá bhrí sin, níor ghá dó — le linn chéim phleanála na hinfheistíochta ar tugadh fógra fúithi — gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh chun faisnéis a bhailiú maidir lena gcumais theicniúla ná maidir le praghsáil trealaimh chaighdeánaigh.

(56)

Mhínigh an Ungáir freisin, i gcás an trealaimh agus an innealra a úsáidtear chun an nuálaíocht próisis nua a chur chun feidhme, go ndearna Samsung SDI Group athbhreithnithe teicniúla sa tSín ón 8 go dtí an 12 Eanáir 2017. Ba iad conclúidí na n-athbhreithnithe teicniúla sin, cé go ndearna táirgeoirí Síneacha feabhsuithe teicneolaíocha móra i gcomparáid leis an staid mar a bhí 2–3 bliana roimhe sin agus go raibh iomaíochas praghsanna bainte amach acu idir an dá linn (ós rud é go raibh siad [5–30] % níos saoire ná soláthróirí na Cóiré Theas), nár chomhlíon siad ceanglais cháilíochta Samsung SDI Group.

(57)

Ar bhonn níos ginearálta, chuir an Ungáir i gcoinne amhras an Choimisiúin maidir leis an gcás frithfhíorasach Síneach a bheith amhlaidh i ndáiríre.

(58)

Ar an gcéad dul síos, dhiúltaigh an Ungáir straitéis infheistíochta réigiúnaithe (27) a bheith ann, a mbeadh sé mar thoradh uirthi go ndéanfaí an tionscadal infheistíochta san Ungáir in aon chás. Measann an Ungáir go bhfuil an t-amhras sin bunaithe iarbhír ar an míthuiscint a bhain an Coimisiún as miontuairiscí ó chruinniú inmheánach de chuid Samsung SDI Group a reáchtáladh an 21 Meán Fómhair 2017, maidir leis an ‘Athbhreithniú ar infheistíocht táirgeachta nua don Aontas agus […]’ (28) ar ar fhreastail roinnt de bhainisteoirí Samsung SDI Group agus a Phríomhoifigeach Airgeadais. Tugann an Ungáir dá haire, dá mbeadh straitéis den sórt sin ann, go bhfágfadh sé go ndéanfaí infheistíocht chomhchosúil in […], nárbh amhlaidh an cás.

(59)

Ar an dara dul síos, mhínigh an Ungáir agus Samsung SDI go raibh na hacmhainní agus an taithí ag Samsung SDI chun a chearta maoine intleachtúla a chosaint go leormhaith sa tSín. Mhínigh Samsung SDI go raibh taithí nach beag aige cheana féin, tráth an chinnidh maidir le suíomh, ar ghléasraí táirgthe a bhunú sa tSín (bunaíodh monarcha Tianjin in 1996) agus ar a bheith ag déileáil le cosaint a cheart maoine intleachtúla. Rinneadh bearta sonracha cheana féin, mar a léiríodh le fianaise a chuir Samsung SDI ar fáil, chun na cearta sin a chosaint, amhail úsáid an bhosca dhuibh (féach aithris (23)), comhaontuithe rúndachta d’fhostaithe agus do scairshealbhóirí Síneacha agus beartais dhiana maidir le rochtain ar an monarcha (amhail scanadh slándála, rialú ar ghléasanna leictreonacha), a bhí leormhaith sa chleachtas chun aon riosca go ndéanfaí sárú ar mhaoin intleachtúil a chosc. Sholáthair Samsung SDI faisnéis bhreise a chruthaíonn gur fhógair riarachán na Síne reachtaíocht chun cosaint ceart maoine intleachtúla a threisiú i mí Dheireadh Fómhair 2017 (i.e. roimh an gcinneadh infheistíochta) ag an 19ú comhdháil náisiúnta den pháirtí cumannach. Maíonn an Ungáir agus Samsung SDI, mar thoradh air sin, nach mbeadh aon chúis ag Samsung SDI Group infheistíocht fhrithfhíorasach sa tSín a chur as an áireamh mar gheall ar ábhair imní faoi mhaoin intleachtúil.

(60)

Ar an tríú dul síos, chuir an Ungáir agus Samsung SDI i gcoinne réamhamhras an Choimisiúin maidir le timpeallacht naimhdeach líomhnaithe sa tSín i leith chuideachtaí na Cóiré Theas. Dheimhnigh Samsung SDI go raibh dea-chaidreamh gnó ag Samsung SDI Group le húdaráis na Síne, mar atá deimhnithe ag na tairiscintí cabhrach a fuair sé i ndáil leis an infheistíocht seo nó le hinfheistíochtaí eile. Mhínigh Samsung SDI gur bhain an timpeallacht naimhdeach líomhnaithe le díolacháin ar mhargadh intíre na Síne, nach mbeadh ábhartha sa chás seo, toisc go mbeadh an táirgeadh san infheistíocht seo tiomnaithe do mhargaí onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, bheadh an t-amhras a chuir an Coimisiún in iúl ina leith sin gan bhunús. Sholáthair Samsung SDI cur i láthair inmheánach freisin a d’ullmhaigh foireann pleanála Rannán Mótarfheithiclí agus Gnó ESS Samsung SDI agus a cuireadh i láthair ag cruinniú an 21 Meán Fómhair 2017 (féach aithris (58)) (‘tuarascáil inmheánach an 21 Meán Fómhair 2017’); de réir Samsung SDI, léiríonn an doiciméad sin (comparáid cháilíochtúil ar bhonn láithreán ar láithreán) gur thug Samsung SDI Group rátáil […] dá chaidreamh le húdaráis na Síne.

(61)

Ar an gceathrú dul síos, chun a chruthú nach fíor an toimhde ghinearálta gur saothraíodh Infheistíocht 1 san Ungáir chun borradh a chur fúithi níos déanaí, chuir an Ungáir tábla Excel arna sholáthar ag Samsung SDI ar aghaidh chuig an gCoimisiún á léiriú nach raibh ach dhá líne táirgeachta ag saoráid táirgthe Xi’an in 2020 (a chomhfhreagraíonn don dá líne táirgeachta bhunaidh a bunaíodh faoi Infheistíocht 1).

3.2.2.   Leibhéil foinsithe áitiúil athríofa i gcásanna frithfhíorasacha Xi’an (an tSín) agus Göd (an Ungáir) araon

3.2.2.1.   Xi’an (an tSín)

(62)

Rinne an Ungáir agus Samsung SDI agóid in aghaidh thoimhde an Choimisiúin nach bhfoinseodh Samsung SDI Group aon trealamh go háitiúil sa tSín dá mbeadh Xi’an roghnaithe aige mar an suíomh infheistíochta. Na saincheisteanna […] agus rúndachta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh, prima facie, d’iontaofacht soláthróirí Síneacha (29), mhínigh siad go bhféadfaí dul i ngleic leo trí rannpháirt a thabhairt d’údaráis na Síne (30) (rud nach mbeadh indéanta, áfach, ach amháin dá ndéanfaí an infheistíocht sa tSín), trí thacaíocht theicniúil a sholáthar do sholáthróirí Síneacha agus trí innealtóirí SDI a sheoladh ó Cheanncheathrú Samsung SDI na Cóiré Theas chun oibriú i ndlúthchomhar leo (31) agus trí úsáid a bhaint as socruithe conarthacha sonracha agus comhaontuithe forbartha comhpháirteacha le díoltóirí (32). A mhéid a bhaineann le saincheisteanna rúndachta, d’áitigh an Ungáir freisin, cé is moite de mheaisíní sonracha, nach bhfuil aon ábhar imní rúndachta ann maidir le soláthróirí innealra agus trealaimh a úsáidtear le haghaidh na gcéimeanna éagsúla sa phróiseas táirgthe ceallraí. Ina barúlacha maidir leis an gcinneadh tosaigh, mhaígh an Ungáir freisin, bunaithe ar athríomhanna ex post Samsung SDI a úsáideann sonraí a bhí ar fáil tráth an chinnidh infheistíochta, go mbeadh cion d’fhoinsiú áitiúil trealaimh agus innealra atá cothrom le [31–35] % (33) den chaiteachas infheistíochta incháilithe réalaíoch in Xi’an na Síne tráth an chinnidh maidir le suíomh.

(63)

Bhí an ráta foinsithe áitiúil bonnlíne [31–35] % sa tSín bunaithe ar an hipitéis go bhfoinseodh Samsung SDI Group:

a.

thart ar [15–20] % de luach an trealaimh is gá le haghaidh na hinfheistíochta frithfhíorasaí in Xi’an ó sholáthróirí Síneacha ónar cheannaigh Samsung SDI Group trealamh comhchosúil cheana féin sa tSín dá ghléasra táirgthe in Tianjin. Thug Samsung SDI dá aire ina leith sin freisin, murab ionann agus tuairimí an Choimisiúin a cuireadh in iúl sa chinneadh maidir le síneadh (aithris (41)), nár baineadh amach an sciar d’fhoinsiú áitiúil a baineadh amach ina ghléasra in Tianjin ([25–30] % in 2015–2016, [15–20] % in 2018–2019) tar éis 20 bliain oibríochta, ó tharla nár tosaíodh ar chealla ceallraí a mhonarú sa ghléasra go dtí 2008 (agus 2016 fiú i gcás cealla sorcóireacha);

b.

thart ar [10–15] % de luach an trealaimh is gá le haghaidh na hinfheistíochta frithfhíorasaí in Xi’an ó sholáthróirí Síneacha gan taifead idirbhirt le Samsung SDI sa tSín, ach a rinne trealamh bunaithe ar an teicneolaíocht chéanna (34) a úsáidtear sa tionscadal infheistíochta frithfhíorasaí a dhíol le custaiméirí Síneacha eile, lena n-áirítear monaróirí ceallraí feithiclí leictreacha;

c.

thart ar [3,5–5] % de luach an trealaimh is gá le haghaidh na hinfheistíochta frithfhíorasaí in Xi’an ó sholáthróirí Síneacha gan taifead idirbhirt le Samsung SDI sa tSín, ach a rinne trealamh a úsáidtear sna próisis táirgthe chéanna (35) leo siúd a úsáidtear sa tionscadal infheistíochta frithfhíorasaí a dhíol le custaiméirí Síneacha eile, lena n-áirítear monaróirí ceallraí feithiclí leictreacha.

(64)

Ina barúlacha maidir leis an gcinneadh tosaigh, chuir an Ungáir dhá argóint bhreise i láthair chun tacú lena maíomh go raibh leibhéal mór foinsithe áitiúil sa tSín réalaíoch tráth an chinnidh infheistíochta i mí na Samhna 2017.

(65)

Ar an gcéad dul síos, d’áitigh sé gur bhain Samsung SDI Group cóimheas foinsithe áitiúil innealra agus trealaimh idir [10–15] % agus [25–30] % amach ina ghléasra in Tianjin le linn 2015–2016 agus 2018–2019 ([25–30] % le haghaidh 2015–2016 agus [15–20] % le haghaidh 2018–2019 ar an meán). Mheas an Ungáir gur tagarmharc ábhartha a bhí in infheistíocht Tianjin le haghaidh an tionscadail infheistíochta ar tugadh fógra faoi toisc go bhfuil ‘saintréithe comhchosúla’ ag na línte monaraíochta faoi seach agus go bhfuil siad ‘ag brath ar innealra agus ar threalamh den chineál céanna’. Ar an dara dul síos, chuir an Ungáir fianaise i láthair maidir leis an leibhéal forbartha teicneolaíche i margadh trealaimh agus innealra na Síne in 2017 (chun achoimre a fháil uirthi, féach aithris (11) den chinneadh maidir le síneadh).

(66)

Mheabhraigh an Ungáir agus Samsung SDI freisin gur próiseas dinimiciúil é an cuardach ar sholáthróirí áitiúla ar féidir forbairt a dhéanamh air le himeacht ama, a bhféadfadh sciartha níos airde d’fhoinsiú áitiúil a bheith mar thoradh air ná an sciar a fhaightear tráth an chinnidh infheistíochta.

(67)

Mheas an Ungáir agus Samsung SDI freisin, in éagmais foinsiú áitiúil, go n-úsáidfeadh an tairbhí a sholáthróirí ón gCóiré Theas. Sa chás sin, níor mhór eilimintí costais breise a chur san áireamh. Áirítear orthu sin costais loingseoireachta an innealra agus an trealaimh chuig an ngléasra sa tSín (a mheastar a bheith [2–3] % de chostais an innealra agus an trealaimh faoi seach), uasmharcáil [18–22] % chun rannpháirtíocht cheanncheathrú Samsung SDI Group sa Chóiré Theas (‘Ceanncheathrú Samsung SDI’) a chur san áireamh sa phróiseas soláthair (36) agus dleachtanna custaim 1,1 % atá le híoc as innealra agus trealamh den sórt sin a allmhairiú isteach sa tSín ón gCóiré Theas.

3.2.2.2.   Göd (an Ungáir)

(68)

Ina barúlacha maidir leis an gcinneadh tosaigh, mheas an Ungáir nach raibh ‘aon fhoras [ag an gCoimisiún] amhras a chaitheamh ar fhoinsiú áitiúil a bheith ina thoimhde inchreidte ex ante ag Samsung SDI tráth a rinneadh sé an cinneadh infheistíocht a dhéanamh in Göd’. Mhaígh an Ungáir go raibh sé ‘neamhábhartha conas a tharlódh foinsiú trealaimh agus innealra don Ungáir ex post, i gcomparáid lena raibh beartaithe ar dtús ag Samsung i gcomhréir lena bheartas foinsithe áitiúil socraithe’.

(69)

Mhínigh an Ungáir, murab ionann agus réamhthuairimí an Choimisiúin, nárbh fhéidir le Samsung SDI Group trealamh a fháil ó sholáthróirí Síneacha níos saoire, mar gheall ar […] (go háirithe […]). In aon chás, thug an Ungáir dá haire, ós rud é go raibh na costais thoimhdithe foinsithe ó sholáthróirí na Cóiré Theas beagnach comhionann leis na costais foinsithe in LEE (cé is moite de na costais loingseoireachta, a mheastar a bheith ag [3–4] % de chostais an innealra agus an trealaimh faoi seach), go mbeadh tionchar an-teoranta ag céatadán foinsithe áitiúil níos ísle ná 100 % san Ungáir ar thoradh ghlanluach láithreach ex ante na hinfheistíochta san Ungáir.

(70)

De réir na hUngáire, in ionad iarrachtaí Samsung SDI foinsiú áitiúil a sholáthar aon uair nach mbeadh an cás deireanach indéanta, d’fhéadfaí an t-innealra agus an trealamh a fhoinsiú trí Cheanncheathrú Samsung SDI agus é ag gníomhú dó mar idirghabhálaí. I gcás foinsiú lárnach trí Cheanncheathrú Samsung SDI, bheadh feidhm ag costais loingseoireachta agus uasmharcáil [18–22] % (agus ní bheadh aon dleacht chustaim iníoctha).

(71)

Tar éis malartú comhfhreagrais ina dhiaidh sin idir an Coimisiún agus an Ungáir, chuir an Ungáir bearna glanluacha láithrigh athríofa isteach i mí Eanáir 2023, inar léiríodh gurb é [94–99] % an sciar d’fhoinsiú innealra agus trealaimh ó lasmuigh de LEE le haghaidh ghléasra Göd ag deireadh 2021, agus go raibh an sciar den fhoinsiú ó laistigh de LEE socraithe ag [1–1,5] %.

3.2.2.3.   Uasmharcáil [18–22] % ar threalamh nach bhfoinsítear go háitiúil

(72)

Áitíonn an Ungáir agus Samsung SDI, dá ndiúltódh an Coimisiún do thoimhde tosaigh Samsung SDI go mbeadh foinsiú áitiúil iomlán ann, bunaithe ar bheartas Samsung SDI Group, gur cheart uasmharcáil [18–22] % a áireamh sna ríomhanna ar ghlanluach láithreach (37). I gcomhréir le taithí iarbhír Samsung SDI, bheadh údar leis an uasmharcáil sin toisc go gceannódh Ceanncheathrú Samsung SDI an t-innealra agus an trealamh ar dtús ó tháirgeoirí na Cóiré Theas agus go ndíolfaí an trealamh ansin le Samsung SDI san Ungáir nó sa tSín faoi seach, tar éis uasmharcáil [18–22] % a chur i bhfeidhm maidir leis an mbonn costais fholuitigh (ina mbeadh an praghas éadála agus gach costas eile a thabhódh Ceanncheathrú Samsung SDI i ndáil leis an innealra agus an trealamh a cheannach, a sheachadadh agus a bhunú ag an láithreán infheistíochta áitiúil go dtí gur féidir olltáirgeadh a dhéanamh leis). Comhfhreagraíonn an uasmharcáil [18–22] % sin don difríocht ainmniúil idir praghsanna ceannaigh Cheanncheathrú Samsung SDI agus na praghsanna athdhíola bunaithe ar shonraisc a ghearrann sé ar a chleamhnaithe áitiúla. Leibhéal réasúnta agus iomchuí a bheadh ann i gcás idirbhearta inghrúpa den sórt sin, lena n-áirítear ceannach an trealaimh mar aon le seirbhísí breise arna soláthar ag Ceanncheathrú Samsung SDI. Áitíonn an Ungáir agus Samsung SDI gurb é a bheadh san uasmharcáil [18–22] % sin praghas atá i gcomhréir leis an margadh, mar a léirítear le staidéir roimh an gcinneadh maidir le suíomh sa chás seo agus le staidéir a cuireadh ar fáil don Choimisiún le linn an imscrúdaithe seo (38).

3.2.3.   Tacaíocht phoiblí don suíomh malartach atá beartaithe in Xi’an na Síne

(73)

Cé gur chuir an Ungáir in iúl don Choimisiún ar dtús ‘nach bhfuair [an tairbhí] aon tairiscint fóirdheontais’ ó rialtas na Síne le linn an phróisis cinnteoireachta (féach aithris (13) den chinneadh maidir le síneadh), rinne an Ungáir í féin a dhealú ón ráiteas sin ina dhiaidh sin.

(74)

Mhaígh an Ungáir agus Samsung SDI ina dhiaidh sin go mbeadh deontas infheistíochta dírí lena gcumhdófaí [15–20] % de na costais infheistíochta ar fáil sa tSín. Mhaígh siad freisin dá ndéanfaí an infheistíocht sa tSín, gur dócha go dtairbheodh sí de ráta cánach corparáide 15 % seachas an ráta caighdeánach 25 %.

(75)

Maidir leis an deontas, chuir an Ungáir agus Samsung SDI tairiscint neamhshínithe neamhstampáilte ó rialtas áitiúil na Síne dar dáta an 23 Feabhra 2017 ar fáil, ina raibh dhá rogha (féach aithris (16) den chinneadh maidir le síneadh). Sholáthair an Ungáir agus Samsung SDI fianaise bhreise, go háirithe fianaise lenar doiciméadaíodh an cúrsa caibidlíochta idir Samsung SDI Group agus rialtas áitiúil na Síne ó mhí Eanáir go mí Iúil 2017 (39) agus tairiscint nuashonraithe ar chabhair dar dáta an 23 Bealtaine 2018. I bhfianaise na fianaise breise sin, maíonn an Ungáir agus Samsung SDI go raibh an chaibidlíocht maidir le deontas [15–20] % dáiríre agus réalaíoch; ba é an t-aon rud amháin a bhí fós doiléir an fhéidearthacht go bhfaighfí deontas níos airde fós a shroichfeadh [25–30] % de chostais na hinfheistíochta.

(76)

Maidir le leibhéal níos ísle cánach corparáide 15 % a d’fhéadfadh a bheith ann, mhínigh an Ungáir go raibh toimhde tosaigh Samsung SDI Group maidir le ráta cánach corparáide 25 % sa tSín bunaithe ar mheastachán réasúnta coimeádach. Mhaígh an Ungáir go mbeadh sé dlisteanach dá nglacfadh Samsung SDI Group le ráta cánach i bhfad níos ísle sa tSín, is é sin ráta 15 %, mar bhonn lena ríomhanna ar ghlanluach láithreach (féach aithrisí (25) agus (26) den chinneadh maidir le síneadh) (40).

(77)

Mhínigh an Ungáir agus an tairbhí go léirítear le tuarascáil inmheánach an 21 Meán Fómhair 2017 go raibh Samsung SDI Group ar an eolas faoin tairiscint fhéideartha fóirdheontais ón tSín. De réir Samsung SDI, ní ábhartha an rud é nár cuireadh fóirdheontais den sórt sin san áireamh sna ríomhanna ar bhearna inmharthanachta a cuireadh faoi bhráid Choiste Infheistíochta SDI agus Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Samsung SDI sna céimeanna cinnteoireachta comhleanúnacha as ar tháinig an cinneadh maidir le suíomh agus an cinneadh infheistíochta: is é beartas caighdeánach Samsung SDI Group é gan cabhair a chur san áireamh go dtí go mbeidh na ríomhanna ar ghlanluach láithreach déanta, rud a léirítear freisin san fhíoras nár cuireadh cabhair fhéideartha ón Ungáir san áireamh ag céim ríomhanna an ghlanluacha láithrigh.

3.2.4.   Cur chuige ‘scoite’ agus ‘dóchúlaíoch’ a bheith tugtha isteach ag Samsung SDI chun bearna inmharthanachta a ríomh

(78)

Cé nár aontaigh an Ungáir le hamhras an Choimisiúin maidir le comparáidí glanluacha láithrigh, mhínigh sí go raibh sí toilteanach roinnt cásanna inmharthanachta inchreidte eile a chur i gcomparáid le chéile, agus é de chuspóir aici léiriú a thabhairt ar an gcaoi a mbeadh an bhearna inmharthanachta idir an Ungáir agus an tSín mór go fóill sna cásanna sin agus, dá thoradh sin, go gcoinneofaí éifeacht dreasachta na státchabhrach a thairg an Ungáir do Samsung SDI ar bun. Go sonrach, rinne Samsung SDI an bhearna glanluacha láithrigh a athríomh tar éis an chinnidh tosaigh, lena mbeartaítear dhá chur chuige: cur chuige ‘scoite’, a bhfuil ceithre chás éagsúla i gceist leis, agus cur chuige ‘dóchúlaíoch’, as a dtagann trí chás fhéideartha.

(79)

Faoin gcur chuige scoite, ríomh Samsung SDI dhá bhearna glanluacha láithrigh gan aon fhoinsiú áitiúil sa tSín ná san Ungáir, ach inar cuireadh san áireamh deontas áitiúil Síneach ag [15–20] % den infheistíocht, nó ráta cánach corparáide 15 %. Sa dá chás, áitíonn Samsung SDI go mbeadh an bhearna inmharthanachta fós inchomparáide leis an mbearna bhunaidh EUR 173 mhilliún, nó os a cionn. Dá ndéanfaí an tríú bearna glanluacha láithrigh a athríomh bunaithe ar ráta foinsithe áitiúil [31–35] % le haghaidh na hinfheistíochta sa tSín (agus gan aon fhoinsiú áitiúil a bheith ann le haghaidh na hinfheistíochta san Ungáir), ar fhóirdheontas ar bith a bheith ann agus ar ráta cánach corparáide 25 % le haghaidh na hinfheistíochta sa tSín, bheadh bearna glanluacha láithrigh ann a bheadh ní b’ísle ná an ceann bunaidh ach ar aon dul leis an méid státchabhrach a mhol an Ungáir. Ar deireadh, dá ndéanfaí an ceathrú bearna glanluacha láithrigh a athríomh bunaithe ar ráta foinsithe áitiúil [25–30] % le haghaidh na hinfheistíochta sa tSín (agus gan aon fhoinsiú áitiúil san Ungáir), gan aon fhóirdheontas agus ráta cánach corparáide 25 % le haghaidh na hinfheistíochta sa tSín, bheadh bearna glanluacha láithrigh ann a bheadh ní b’ísle fós ná an bhearna glanluacha láithrigh bhunaidh agus an méid státchabhrach a mhol an Ungáir araon.

(80)

D’áitigh Samsung SDI nár thug an mhodheolaíocht scoite thuas léiriú cruinn ar an bpróiseas cinnteoireachta as a dtagann an infheistíocht. Ina ionad sin, mheas sé gur léiriú níos réalaíche a bheadh i gcur chuige dóchúlaíoch a chuirfeadh san áireamh na tosca uile a bhí ábhartha do Samsung SDI nuair a rinne sé an cinneadh maidir le suíomh na hinfheistíochta.

(81)

Leis na trí ‘chás dhóchúlaíocha’ a mhol Samsung SDI tar éis an chinnidh tosaigh, comhcheanglaítear na trí thoisc éagsúla (i.e. foinsiú áitiúil [25–30] % le haghaidh na hinfheistíochta sa tSín, deontas [15–20] % ó údaráis na Síne agus ráta cánach corparáide 15 %) a gcuirtear comhéifeachtaí dóchúlachta éagsúla i bhfeidhm maidir leo chun léiriú a thabhairt ar an neamhchinnteacht go dtiocfaidh ann do na tosca sin. Is iad na comhéifeachtaí dóchúlachta atá beartaithe 100 % le haghaidh na toisce a bhaineann le foinsiú áitiúil coimeádach [25–30] % sa tSín i ndáil le gach ceann de na trí chás agus, de rogha air sin, 25 % nó 0 % le haghaidh an dá thoisc eile (in dhá chás) nó 25 % (sa tríú cás) (41). Míníonn Samsung go bhfuil gach ceann de na trí bhearna glanluacha láithrigh athríofa a leanann as sin laistigh de raon na bearna glanluacha láithrigh bunaidh, agus go bhfuil gach ceann de na trí bhearna sin níos airde ná an méid státchabhrach a mhol an Ungáir. I bhfianaise an mhéid thuas, d’áitigh an Ungáir go ndeimhneofaí éifeacht dreasachta an mhéid cabhrach faoinar tugadh fógra.

(82)

D’áitigh an Ungáir gur cheart don Choimisiún an t-athríomh ex post sin ar bhearnaí glanluacha láithrigh a chur san áireamh, ar athríomh é a dhéantar ar bhonn sonraí stairiúla cé nár bhreithnigh faighteoir na cabhrach é tráth a roghnaigh sé an suíomh infheistíochta.

(83)

Ina gcuid barúlacha i ndáil leis an gcinneadh maidir le síneadh, d’áitigh an Ungáir agus Samsung SDI go dtugann doiciméad inmheánach cuideachta atá comhaimseartha leis an bpróiseas cinnteoireachta arna sholáthar ag Samsung SDI tacaíocht don maíomh gur chuir an tairbhí cur chuige atá dóchúlaíoch ó nádúr i bhfeidhm ag céim ex ante an mheasúnaithe infheistíochta. I ndáil leis sin, thagair siad, ar bhealach níos beaichte, do thuarascáil inmheánach an 21 Meán Fómhair 2017.

3.3.   Comhréireacht

(84)

Leis an mbeart cabhrach, mhínigh an Ungáir gur féachadh leis an míbhuntáiste costais EUR 173 mhilliún a mhaítear a bheith ann a chúiteamh — go páirteach — chun an infheistíocht a mhealladh chuig limistéar fóirithinte. Dheimhnigh an Ungáir go raibh Samsung SDI Group toilteanach an míbhuntáiste costais EUR 65 mhilliún a bhí fágtha a íoc, toisc gur mheas sé go dtairbheodh sé de bhuntáistí cáilíochtúla agus straitéiseacha áirithe a bhaineann leis an láithreán san Ungáir.

(85)

D’athdhearbhaigh an Ungáir agus Samsung SDI, fiú dá mba ghá an bhearna glanluacha láithrigh a athríomh (féach roinn 3.2.4), go mbeadh an méid cabhrach comhréireach i gcónaí, a mhéid a d’fhanfadh sé laistigh de theorainn na bearna glanluacha láithrigh athbhreithnithe sin.

3.4.   Riachtanas agus oiriúnacht

(86)

Mhínigh an Ungáir gurb é a stádas mar limistéar fóirithinte faoi Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE a dhearbhaíonn an gá le cabhair sa limistéar lena mbaineann, is é sin an Ungáir Láir. San am a chuaigh thart, thairbhigh réigiún na hUngáire Láir de bhearta iomadúla neamhchabhrach agus cothrománacha, nach raibh leordhóthanach iontu féin chun aghaidh a thabhairt ar bhaic réigiúnacha an limistéir. Tá Contae Pest fós tearcfhorbartha go mór i gcomparáid leis an gcuid eile de réigiún na hUngáire Láir.

(87)

Mheas an Ungáir, de réir chleachtas an Choimisiúin, gur ionstraim chabhrach iomchuí é deontas díreach chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach, is é sin an infheistíocht a mhealladh chuig Göd.

3.5.   Éifeachtaí diúltacha míchuí ar an iomaíocht agus ar an trádáil

(88)

Ar an gcéad dul síos, thug an Ungáir dá haire go bhfreastalófaí ar na custaiméirí céanna gan beann ar cé acu sa tSín nó san Ungáir a tháirgtear na cealla ceallraí feithiclí leictreacha. Dhéanfaí méideanna comhionanna a tháirgeadh agus a dhíol ar na praghsanna céanna, chun soláthar a dhéanamh do na margaí geografacha céanna (i.e. LEE agus […]).

(89)

Ar an dara dul síos, níor chuir an Ungáir ina choinne gurb amhlaidh go raibh na trí ghléasra ceall ceallraí atá ag Samsung SDI Group cheana féin sa tSín, sa Chóiré Theas agus san Ungáir (mar a maíodh san fhógra agus le linn chéim an réamhscrúdaithe) san áireamh sa chuardach ar shuíomh don tionscadal infheistíochta, ach go ndearnadh láithreáin infheistíochta úrnua a mheas sa tSín (Wuxi), sa Pholainn (Środa), sa tSlóvaic (Sereď), san Ungáir (Tatabánya) agus sa tSeicia (Most Joseph) freisin. Mhínigh an Ungáir agus Samsung SDI, áfach, gur cuireadh na féidearthachtaí eile sin, a bheadh ina n-infheistíochtaí úrnua, as an áireamh ag céim luath sa phróiseas cinnteoireachta. Mheabhraigh Samsung SDI go raibh acmhainneacht a Ghrúpa an tráth sin gann ar a sprioc díolacháin san Eoraip agus […]; dá bhrí sin, mhol foireann pleanála Rannán Gnó Samsung SDI plean infheistíochta chun an acmhainneacht sin a mhéadú a luaithe is féidir. Ní bhainfeadh infheistíochtaí úrnua an cuspóir sin amach dá réir sin. Níor choinnigh an fhoireann pleanála ach dhá láithreán athfhorbraíochta: Göd agus Xi’an. Bheadh léirmhíniú an Choimisiúin ar na doiciméid inmheánacha a bhaineann le cruinniú an 21 Meán Fómhair 2017 (42) mícheart dá bhrí sin.

(90)

Ar an tríú dul síos, maidir le hathlonnú féideartha laistigh de LEE, d’áitigh an Ungáir ar dtús go raibh na gníomhaíochtaí táirgthe san Ostair (pacáistí ceallraí) agus an ghníomhaíocht dá dtugtar cabhair san Ungáir (cealla ceallraí) éagsúil le chéile go hábhartha agus go teicneolaíoch (ghlac an Coimisiún féin gur ‘nuálaíocht próisis nua’ a bhí sa phróiseas táirgthe le haghaidh na gceall ceallraí nua in Göd (féach aithrisí (89) go (101) den chinneadh tosaigh). Thairis sin, an laghdú ar ghníomhaíochtaí i ngléasra Samsung SDI Group san Ostair, luigh sé le hatreorú ar mhisean an ghléasra sin agus níor dhúnadh páirteach a bhí ann de réir bhrí RAG. In aon chás, ní bheadh aon nasc cúisíoch idir laghdú gníomhaíochtaí san Ostair agus an chabhair san Ungáir ar mhaithe le láithreán Göd a leathnú.

4.   Barúlacha ó Aireacht Trádála, Tionscail agus Fuinnimh na Cóiré Theas i ndáil leis an gcinneadh maidir le síneadh

(91)

Sna barúlacha uaithi, d’aithin an Chóiré Theas iarrachtaí an Choimisiúin na saincheisteanna a tuairiscíodh ina nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil leanúnach a réiteach. Thug sí le fios freisin go bhféadfadh coinne a bheith le tuilleadh infheistíochtaí ag Samsung SDI san Eoraip agus, dá nglacfadh an Coimisiún cinneadh dearfach sa chás seo, go gcuirfeadh sé sin borradh faoi infheistíochtaí breise Samsung SDI.

(92)

Dheimhnigh an Ungáir nach raibh aon bharúil aici maidir leis na barúlacha a chuir an Chóiré Theas isteach.

5.   Measúnú

5.1.   Cabhair a bheith ann

(93)

Ar na cúiseanna a leagtar amach sa chinneadh tosaigh (aithrisí (71) go (76) de), mheas an Coimisiún gur státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE a bhí sa bheart cabhrach, ós rud é go raibh sé inchurtha i leith an Stáit agus gur deonaíodh trí acmhainní Stáit é, go raibh sé roghnaitheach, gur thug sé buntáiste eacnamaíoch do Samsung SDI, gur dócha go ndéanfadh sé difear don trádáil idir na Ballstáit agus gur shaobh sé, nó go raibh an bhagairt ann go saobhfadh sé, an iomaíocht. Tá an measúnú sin fós bailí, agus dá bhrí sin is státchabhair é an beart i dtrácht.

5.2.   Dlíthiúlacht an bhirt cabhrach

(94)

Mheabhraigh an Coimisiún sa chinneadh tosaigh (aithrisí (77) go (80) de), más mó an méid cabhrach faoi choinne infheistíocht réigiúnach atá le deonú ná an tairseach fógartha a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014, nach gcumhdaítear cabhair leis an díolúine dá bhforáiltear leis an Rialachán sin agus nach mór, dá bhrí sin, fógra a thabhairt don Choimisiún go haonarach faoi. Sa chás sin, i limistéar Göd, is é EUR 26,25 milliún an tairseach is infheidhme. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir an beart cabhrach EUR 108 milliún atá beartaithe a dhíolmhú ó fhógra a thabhairt.

(95)

Ina theannta sin, de réir mhír 15 de RAG, ní mheastar cabhair réigiúnach d’infheistíochtaí gnóthas mór i limistéir atá incháilithe do chabhair réigiúnach faoi Airteagal 107(3), pointe (c) CFAE a bheith comhoiriúnach ach amháin má dheonaítear í le haghaidh infheistíochtaí tosaigh lena gcruthaítear gníomhaíochtaí eacnamaíocha nua sna limistéir sin, nó chun bunaíochtaí atá ann cheana a éagsúlú i dtreo táirgí nua nó nuálaíochtaí próisis nua. Tá cabhair le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin infhógartha go haonarach ach amháin má thacaíonn sí le hinfheistíochtaí tosaigh lena gcruthaítear gníomhaíochtaí eacnamaíocha nua sna limistéir sin. An oibleagáid fógra aonair a thabhairt faoi chabhair chun bunaíochtaí atá ann cheana a éagsúlú i dtreo táirgí nua nó nuálaíochtaí próisis nua, tá feidhm aici gan beann ar an méid cabhrach atá beartaithe.

(96)

Sa chinneadh tosaigh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid (in aithris (79) den chinneadh sin) gur chomhlíon an Ungáir a hoibleagáidí faoi Airteagal 108(3) CFAE trí fhógra a thabhairt faoi dhámhachtain na cabhrach sin faoi réir fhormheas an Choimisiúin (féach freisin aithris (30) thuas). Tá an measúnú sin fós bailí.

5.3.   Comhoiriúnacht an bhirt cabhrach

(97)

De mhaolú ar an toirmeasc ginearálta ar státchabhair a leagtar síos in Airteagal 107(1) CFAE, féadfar a dhearbhú go bhfuil cabhair comhoiriúnach más féidir léi tairbhiú de cheann de na maoluithe a leagtar amach in CFAE. Ós é is cuspóir don bheart cabhrach forbairt réigiúnach a chur chun cinn i limistéar a ainmnítear a bheith incháilithe do chabhair réigiúnach i gcomhréir le hAirteagal 107(3), pointe (c), CFAE, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhoiriúnacht an bhirt cabhrach i bhfianaise na forála sin, mar a léirmhínítear in RAG.

(98)

Dhámh an Ungáir an chabhair, faoi réir fhormheas an Choimisiúin amháin, an 27 Nollaig 2021 (aithris (30)). Dá bhrí sin, déantar measúnú ar an gcabhair faoin RAG is infheidhme ón 1 Iúil 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021. (43)

(99)

I gcomhréir le forálacha RAG, rinne an Coimisiún measúnú ar dtús sa chinneadh tosaigh (féach aithris (83) de) an bhféadfaí Infheistíocht 2, atá le déanamh ag gnóthas mór i limistéar atá incháilithe do chabhair réigiúnach faoi Airteagal 107(3), pointe (c) CFAE, agus nach mbaineann le hinfheistíocht tosaigh i bhfabhar gníomhaíocht eacnamaíoch nua de réir bhrí mhír 20(i) de RAG, a chinneadh a bheith incháilithe do chabhair réigiúnach, ó tharla gur mhaígh an Ungáir go raibh a próiseas táirgthe bunaithe ar nuálaíocht próisis nua. Chinn an Coimisiún freisin nár ghnóthas i gcruachás é Samsung SDI (aithris (8) den chinneadh tosaigh) (agus nach bhfuil aon fhaisnéis dá mhalairt aige go dtí seo). Ar deireadh, tugann an Coimisiún dá aire, má fuair an tairbhí cabhair neamhdhleathach níos luaithe a dearbhaíodh a bheith neamh-chomhoiriúnach le cinneadh ón gCoimisiún, [gur] gheall an Ungáir dámhachtain agus/nó íocaíocht na cabhrach faoinar tugadh fógra don tairbhí a chur ar fionraí go dtí go mbeidh an chabhair neamhdhleathach neamh-chomhoiriúnach agus an t-ús gnóthaithe comhfhreagrach aisíoctha nó íoctha isteach i gcuntas ar leithligh ag an tairbhí. Dá bhrí sin, comhlíontar míreanna 18 agus 19 de RAG sa chás seo.

(100)

Ghlac an Coimisiún leis gur cháiligh an próiseas táirgthe le haghaidh na gceall ceallraí nua in Göd mar ‘nuálaíocht próisis nua’, agus dá bhrí sin gur infheistíocht tosaigh a bhí ann de réir bhrí RAG (aithris (37) thuas agus aithrisí (89) go (101) den chinneadh tosaigh). Níor sainaithníodh in imscrúdú foirmiúil an Choimisiúin aon eilimint a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar an measúnú sin. Dá thoradh sin, tá conclúid an Choimisiúin fós bailí chun críocha an Chinnidh seo.

(101)

Dá bhrí sin, iarrtar ar an gCoimisiún a mheasúnú an gcomhlíonann an beart cabhrach na critéir a leagtar síos in Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE, i.e. cé acu atá nó nach bhfuil sé ina ‘chabhair chun forbairt (…) limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, i gcás nach ndéanfaidh an chabhair sin dochar do dhálaí trádála a mhéid a bheadh bunoscionn leis an leas comhchoiteann’. Déantar an measúnú sin faoi threoir na gcritéar a leagtar síos in RAG.

5.3.1.   An cuspóir go gcuirfear forbairt réigiúnach chun cinn

5.3.1.1.   Fíor-rannchuidiú leanúnach leis an bhforbairt réigiúnach

(102)

Le RAG, ceanglaítear ar an mBallstát a chruthú i dtéarmaí coincréiteacha fíor-rannchuidiú leanúnach na hinfheistíochta dá dtugtar cabhair le forbairt réigiúnach an spriocréigiúin. Chun na críche sin, liostaítear i Roinn 3.2.2. de RAG roinnt táscairí a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid chun rannchuidiú réigiúnach na cabhrach infheistíochta aonair a léiriú.

(103)

Sa chinneadh tosaigh, dheimhnigh an Coimisiún go raibh limistéar Göd incháilithe do chabhair réigiúnach de bhun Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE.

(104)

Chun an fíor-rannchuidiú leanúnach a chruthú, b’éigean don Bhallstát a léiriú freisin gur léiríodh inmharthanacht an bhirt cabhrach le ranníocaíocht airgeadais ó thairbhí na cabhrach arbh ionann í agus 25 % ar a laghad de na costais incháilithe (44), arna soláthar trína acmhainní dílse nó trí mhaoiniú seachtrach, i bhfoirm atá saor ó aon tacaíocht airgeadais phoiblí. Ina theannta sin, b’éigean an infheistíocht (na sócmhainní dá dtugtar cabhair) a choinneáil ar bun sa limistéar lena mbaineann ar feadh íostréimhse 5 bliana tar éis an infheistíocht a thabhairt i gcrích (45). Thug an Coimisiún dá aire gur comhlíonadh na coinníollacha sin (féach aithrisí (31) agus (32) den chinneadh tosaigh).

(105)

Sa chinneadh tosaigh (féach aithris (105) de), chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir le cé acu a bheadh nó nach mbeadh na héifeachtaí tairbhiúla uile a dtugtar tuairisc orthu sna doiciméid fógartha ag an infheistíocht, toisc gur cosúil nár tháinig ann don bheartas foinsithe áitiúil a luaitear iontu, ní chun an t-innealra agus an trealamh a úsáidtear sa tionscadal infheistíochta a fháil ar a laghad.

(106)

Mar sin féin, tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an bhfianaise fhoriomlán sa chomhad, tugann an Coimisiún dá aire gur agair an Ungáir roinnt éifeachtaí réigiúnacha dearfacha a bhí ag an infheistíocht. I measc nithe eile (féach aithris (35) den chinneadh tosaigh), bhí coinne leis go gcruthófaí 1 200 post díreach nua leis an mbeart cabhrach. Mar gheall ar a suíomh, is dócha go meallfaidh an infheistíocht comaitéirí ó réigiúin chomharsanacha ar limistéir fóirithinte iad faoi Airteagal 107(3), pointe (a) CFAE. Bhí coinne leis go gcruthófaí thart ar 200 post indíreach san Ungáir mar thoradh ar an infheistíocht, agus bhí coinne leis go meallfadh na hoibreacha foirgníochta, mar atá, níos mó ná [30–60] cuideachta tógála éagsúla agus níos mó ná [800–1 100] oibrí (aithris (46)). Bhí sé beartaithe ag an tairbhí freisin oiliúint chuimsitheach a sholáthar chun feabhas a chur ar scileanna ginearálta agus sonracha a lucht saothair agus chun dul i gcomhar le hinstitiúidí ardoideachais na hUngáire (agus seach-iarmhairtí eolais agus aistrithe teicneolaíochta a chur chun cinn dá bhrí sin). Thagair an Ungáir freisin d’infheistíochtaí leantacha agus do ghníomhaíocht taighde, forbartha agus nuálaíochta atá beartaithe sa réigiún. Cinneann an Coimisiún nach bhfuil aon eilimint sa chomhad ar dá réir a dhéanfaí agóid in aghaidh fhírinne na dtairbhí sin a bhfuil coinne leo tráth deonaithe na cabhrach coinníollaí. Maidir leis an amhras a bhí aige ar dtús i ndáil le foinsiú áitiúil, tugann an Coimisiún dá aire nach bhféadfadh an t-amhras sin difear a dhéanamh in aon chás d’fhíor-rannchuidiú Infheistíocht 2 le forbairt réigiúnach an limistéir (mar a shuitear thuas) agus nach bhféadfadh sé ach difear a dhéanamh dá raon feidhme.

(107)

Dá thoradh sin, measann an Coimisiún gur cruthaíodh go leormhaith go rannchuideodh an infheistíocht go dearfach le forbairt an réigiúin.

5.3.1.2.   Éifeacht dreasachta

(108)

De réir Roinn 3.5 de RAG, ní féidir a chinneadh go bhfuil cabhair réigiúnach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ach amháin má tá éifeacht dreasachta aici. Bíonn éifeacht dreasachta ann i gcás ina ndéanann an chabhair athrú ar iompraíocht gnóthais i riocht agus go ngabhann sé do ghníomhaíocht bhreise a rannchuidíonn le forbairt limistéir, nach ngabhfadh sé di gan an chabhair nó nach ngabhfadh sé di ach ar bhealach srianta nó ar bhealach éagsúil nó in áit eile. Ní mór nach bhfóirdheonaítear costais ghníomhaíochta leis an gcabhair, a bheadh tabhaithe ag gnóthas in aon chás, agus ní mór nach cúiteamh atá inti as an ngnáthriosca gnó a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch.

(109)

Mar a mhínítear in aithris (116) den chinneadh tosaigh, i gcás Infheistíocht 2, urramaíodh an ceanglas foirmiúil maidir le héifeacht dreasachta a leagtar síos i míreanna 64, 65 agus 69 de RAG, is é sin nach féidir tús a chur leis na hoibreacha go dtí go mbeidh an fhoirm iarratais ar chabhair curtha isteach.

(110)

Mar sin féin, ós rud é go bhféadfadh roinnt mhaith cúiseanna bailí a bheith ag cuideachta lena hinfheistíocht a lonnú i réigiún áirithe, fiú gan aon chabhair a bheith deonaithe, ceanglaítear le RAG ar an gCoimisiún a fhíorú go mionsonraithe freisin go bhfuil gá leis an gcabhair chun éifeacht dreasachta shubstainteach a sholáthar don infheistíocht. Sa chomhthéacs sin, ceanglaítear ar an mBallstát a shonrú cén cás ar a dtugtar tuairisc i mír 61 de RAG a bhfuil feidhm aige (cinneadh infheistíochta – cás 1; nó cinneadh maidir le suíomh – cás 2).

(111)

Thug an Ungáir fógra faoin mbeart cabhrach mar bheart a thagann faoi chás 2 de mhír 61 de RAG. De réir mhír 61 de RAG, tá cás 2 ann i gcás ina dtugtar dreasacht leis an gcabhair rogha a dhéanamh infheistíocht bheartaithe a lonnú sa limistéar ábhartha seachas in áit eile toisc go gcúitíonn sí na glan-mhíbhuntáistí agus na costais a bhaineann le suíomh sa limistéar lena mbaineann. Mar a leagtar amach i Roinn 3.5.2 de RAG, i gcás chás 2, ní mór don Bhallstát fianaise shoiléir a sholáthar go bhfuil fíorthionchar ag an gcabhair ar an rogha suímh infheistíochta. Cuireann sé an dualgas cruthúnais ar an mBallstát, dá réir sin, maidir le héifeacht dreasachta a bheith ann. Chuige sin, ní mór don Bhallstát tuairisc chuimsitheach a sholáthar ar an gcás frithfhíorasach nach ndeonódh aon údarás poiblí in LEE aon chabhair don tairbhí (lena n-áirítear sa suíomh roghnaithe). Léirítear i mír 71 de RAG, i gcás chás 2 — dá dtagraíonn an Ungáir sa chás seo — go bhféadfadh an Ballstát éifeacht dreasachta na cabhrach a chruthú trí dhoiciméid chuideachta a sholáthar lena léirítear go ndearnadh comparáid idir na costais agus na tairbhí a ghabhann leis an infheistíocht a lonnú sa limistéar fóirithinte lena mbaineann agus iad siúd a ghabhann lena lonnú i limistéar malartach nó limistéir mhalartacha. Ba cheart doiciméid den sórt sin a bheith comhaimseartha leis an bpróiseas cinnteoireachta a bhaineann leis an infheistíocht nó le roghnú a suímh. Chun na críche sin, iarrtar ar an mBallstát brath ar dhoiciméid oifigiúla an bhoird, ar mheasúnuithe riosca, ar thuarascálacha airgeadais, ar phleananna inmheánacha gnó, ar thuairimí saineolacha agus ar staidéir agus ar dhoiciméid eile ina ndéantar mionsaothrú ar chásanna infheistíochta éagsúla.

(112)

Ní mór don Choimisiún a fhíorú an bhfuil an cás frithfhíorasach a chuir an Ungáir i láthair réalaíoch agus inchreidte.

(113)

De réir mhír 68 de RAG, tá cás frithfhíorasach inchreidte má tá sé fíor agus má bhaineann sé leis na tosca cinnteoireachta atá forleathan tráth a dhéanann an tairbhí an cinneadh maidir leis an infheistíocht. (46)

(114)

Sa chás seo, rinne an Ungáir roinnt éileamh agus sholáthair sí fianaise dhoiciméadach chun tacú lena seasamh gur chomhlíon Infheistíocht 2 ceanglais RAG mar thionscadal a thagann faoi chás 2 de mhír 61 de RAG. D’áitigh sé go bhfuil bearna inmharthanachta de ghlanluach láithreach EUR 173 mhilliún i gcomparáid le suíomh infheistíochta malartach in Xi’an na Síne. D’eascair an bhearna sin go bunúsach as difríocht mhór i gcostais infheistíochta bheartaithe an bhirt cabhrach sa dá shuíomh mhalartacha. Cé go ndéanfadh an tairbhí infheistíocht de luach ainmniúil EUR 1,2 billiún (luach láithreach EUR 982 mhilliún (47)) i bhfoirgnimh, i dtrealamh agus in innealra san Ungáir, ní raibh sna costais choibhéiseacha sa tSín ach luach ainmniúil EUR […] milliún (luach láithreach EUR 766,7 milliún). Ba é costas innealra agus trealaimh amháin ba chúis leis an difríocht EUR 215,3 milliún (luach láithreach), a cuireadh i láthair san fhógra mar chostas a bhí beagnach [35–50] % níos airde san Ungáir ná sa tSín.

(115)

Sa chinneadh tosaigh, thug an Coimisiún dá aire go ndearnadh an difríocht EUR 215,3 milliún i gcostais infheistíochta a fhritháireamh go páirteach le glanbhuntáistí infheistíocht na hUngáire (EUR 42,3 milliún), rud a d’fhág gurb é EUR 173 mhilliún an ghlanbhearna inmharthanachta deiridh idir na suíomhanna sa tSín agus san Ungáir, ar míbhuntáiste don suíomh san Ungáir é. Thug an Coimisiún dá aire freisin gur mhaígh an Ungáir go raibh an chabhair de luach láithreach EUR 108 milliún ar tugadh fógra fúithi ina cúiteamh páirteach as an nglan-mhíbhuntáiste EUR 173 mhilliún a bhaineann leis an gcinneadh an infheistíocht a lonnú san Ungáir seachas sa tSín.

(116)

Mar is léir ón gcinneadh maidir le síneadh (go háirithe aithrisí (5) agus (6)), mar fhreagra ar an gcinneadh tosaigh, rinne an Ungáir agus Samsung SDI iad féin a dhealú ó ráitis áirithe a rinneadh le linn chéim an réamhscrúdaithe agus chuir siad éilimh agus fianaise nua i láthair maidir leis na toimhdí a rinne an tairbhí sa chás frithfhíorasach, a tháinig salach go páirteach ar a laghad ar ráitis agus ar éilimh roimhe sin.

(117)

Sa chinneadh tosaigh agus sa chinneadh maidir le síneadh, chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir le hinchreidteacht an cháis fhrithfhíorasaigh (infheistíocht sa tSín), ós rud é go gcuirfeadh breithnithe straitéiseacha sáraitheacha faoi deara don chuideachta a hinfheistíocht a lonnú san Ungáir in aon chás. Chuir sé amhras in iúl freisin maidir le comparáidí idir bearnaí glanluacha láithrigh, nach raibh an chuma orthu go raibh siad réalaíoch ná inchreidte i bhfianaise na fianaise a bhí ar fáil.

(118)

Sa roinn seo a leanas, déanann an Coimisiún measúnú ar gach ceann de na pointí ar chuir sé amhras in iúl ina leith i ndáil leis an mbearna glanluacha láithrigh agus leis an gcinneadh maidir le suíomh. Is féidir na pointí sin a ghrúpáil faoi thrí cheannteideal: breithnithe straitéiseacha sáraitheacha a bheith ann lena gcuirtear inchreidteacht an tsuímh mhalartaigh sa tSín ar neamhní ón tús; an difríocht idir costais innealra agus trealaimh sa dá shuíomh mhalartacha (agus go háirithe na leibhéil foinsithe áitiúla lena bhfuil coinne); agus an tacaíocht airgeadais líomhnaithe ó údaráis na Síne i bhfabhar an tsuímh sa tSín.

5.3.1.2.1.   Breithnithe straitéiseacha sáraitheacha a bheith ann lena gcuirtear inchreidteacht an tsuímh mhalartaigh sa tSín ar neamhní ón tús

(119)

Sa chinneadh tosaigh, chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir le hinchreidteacht chás frithfhíorasach na Síne, ós rud é nárbh fhéidir a chur as an áireamh leis go ndéanfaí an infheistíocht san Ungáir in aon chás agus sraith imthosca ann. Ba iad na himthosca sin: (i) an timpeallacht eacnamaíoch naimhdeach sa tSín i leith tháirgeoirí ceallraí feithiclí leictreacha ón gCóiré Theas, (ii) an riosca go ndéanfaí aistriú éigeantach teicneolaíochta, (iii) an mhídhóchúlacht go ndéanfadh Samsung SDI Infheistíocht 1 in Göd gan cuimhneamh ar infheistíocht um borradh a dhéanamh ag céim níos déanaí, (iv) na buntáistí a bhaineann le suíomh Eorpach, amhail an margadh Eorpach atá ag leathnú go tapa agus an ghaireacht do chustaiméirí Eorpacha (in éineacht le straitéis infheistíochta réigiúnaithe a d’fhéadfadh Samsung SDI Group a shaothrú, de réir réamhthuairim an Choimisiúin).

(120)

Maidir leis an timpeallacht eacnamaíoch naimhdeach sa tSín i leith tháirgeoirí ceallraí feithiclí leictreacha ón gCóiré Theas (féach aithris (139) den chinneadh tosaigh), tugann an Coimisiún dá aire, mar a léirítear le doiciméid inmheánacha atá comhaimseartha leis an bpróiseas cinnteoireachta, agus mar a áitítear san fhógra, go mbeadh an infheistíocht mhalartach a bhí beartaithe in Xi’an ina bonn le honnmhairí (ní raibh coinne leis go nginfeadh sé díolacháin ar mhargadh na Síne (48)). Dá thoradh sin, glacann an Coimisiún leis nach cosúil gur chruthaigh bearta a chuir an tSín chun feidhme in 2016, ar bearta iad a chuir bac ar dhíolacháin tháirgeoirí ceallraí feithiclí leictreacha ón gCóiré Theas ar mhargadh intíre na Síne, timpeallacht eacnamaíoch naimhdeach don infheistíocht atá i gceist, rud nach raibh beartaithe chun freastal ar mhargadh na Síne. Ina theannta sin, chuir Samsung SDI doiciméid chomhaimseartha agus faisnéis atá ar fáil go poiblí isteach lena léirítear dea-chaidreamh gnó leanúnach idir údaráis na Síne agus Samsung SDI Group (go háirithe an tairiscint fóirdheontais ó údaráis na Síne an 23 Feabhra 2017) agus táirgeoirí eile ceallraí ón gCóiré Theas. Tugann an Coimisiún dá aire ar deireadh nach dtacaíonn aon doiciméad sa cháschomhad leis an gconclúid gur mheas Samsung SDI Group gur thoisc chinntitheach í an timpeallacht naimhdeach sin tráth an chinnidh maidir le suíomh. Os a choinne sin, léirítear le tuarascáil inmheánach an 21 Meán Fómhair 2017 gur thug Samsung SDI Group, go gairid roimh an gcinneadh infheistíochta, rátáil […] dá chaidreamh le húdaráis na Síne — arb é an scór céanna a tugadh d’údaráis na hUngáire, agus atá níos airde ná an ráta a tugadh d’údaráis Eorpacha eile. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach raibh an tionscadal infheistíochta faoi bhagairt ag timpeallacht eacnamaíoch a d’fhéadfadh a bheith naimhdeach sa tSín agus, in aon chás, níor mheas an tairbhí go raibh an timpeallacht ghnó sa tSín diúltach ná ina toisc sháraitheach tráth an chinnidh maidir le suíomh.

(121)

A mhéid a bhaineann leis an riosca a d’fhéadfadh a bheith ann go ndéanfaí aistriú éigeantach teicneolaíochta sa tSín (féach aithris (138) den chinneadh tosaigh), sholáthair an Ungáir agus Samsung SDI faisnéis bhreise lena gcruthaítear go raibh roinnt beart beartaithe ag an tairbhí sa chás infheistíochta frithfhíorasaí chun a áirithiú go ndéanfaí a chearta maoine intleachtúla a chosaint go leormhaith sa tSín, bunaithe ar a thaithí ar a bheith ag oibriú gléasraí inti (aithris (59)). Mhínigh Samsung SDI freisin gur fhógair riarachán na Síne i mí Dheireadh Fómhair 2017 (i.e. roimh an gcinneadh infheistíochta) reachtaíocht chun cosaint maoine intleachtúla a threisiú (aithris (59)). I bhfianaise na mbarúlacha sin, measann an Coimisiún nach raibh an t-amhras a bhí air ar dtús maidir le haistriú éigeantach féideartha ceart maoine intleachtúla de chineál a chuirfeadh suíomh frithfhíorasach sa tSín as an áireamh.

(122)

Argóint eile (féach aithris (140) den chinneadh tosaigh) a tharraing anuas ceisteanna maidir le hinchreidteacht ghinearálta chás infheistíochta frithfhíorasaí na Síne is ea nár dhócha, de réir réamhthuairim an Choimisiúin, go gcuirfeadh Samsung SDI tús le saoráid táirgthe mioncheall gan chabhair, amhail an ceann in Göd (i.e. Infheistíocht 1), dá mba rud é nár chuimhnigh sé ar bhorradh a chur faoin infheistíocht ag céim níos déanaí. Thabharfadh sé sin le tuiscint go raibh sé i gceist cheana féin, tráth a saothraíodh Infheistíocht 1 in 2016, infheistíocht a dhéanamh in Göd agus borradh a chur faoin acmhainneacht ann. Mar sin féin, léirigh doiciméad inmheánach Samsung SDI nár cuireadh borradh faoina infheistíocht bhunaidh, is é sin Infheistíocht 1, in Xi’an: b’fhéidir dá bhrí sin nach ndéanfaí forbairt ar láithreán táirgthe de chuid Samsung SDI Group a rachadh ní b’fhaide ná an chéad chéim infheistíochta dá ndéanfaí cinneadh maidir le suíomh i bhfabhar an láithreáin iomaíoch. Thairis sin, ní fhágann infheistíocht tosaigh a bheith déanta in Göd nach raibh aon rogha idir Göd agus Xi’an, óir bhí infheistíocht déanta cheana féin sa dá láithreán a bhféadfaí borradh a chur fúithi. Ar bhonn níos ginearálta, aithníonn an Coimisiún nach gá go bhfágann rún intuigthe nó sainráite a bheith ann borradh a chur faoi láithreán táirgthe (amhail píosa talún a bheith ceannaithe ag cuideachta atá níos mó ná an méid is gá le haghaidh na chéad mhonarchan) go ndéanfar an infheistíocht nua in aon chás. Ina leith sin, tugann an Coimisiún dá aire nach bhfuil aon rud sa cháschomhad a léiríonn go sainráite go raibh sé beartaithe ag Samsung SDI ón tús borradh a chur faoin infheistíocht in Göd.

(123)

Thairis sin, mheas an Coimisiún go ginearálta sa chinneadh tosaigh (aithris (143) den chinneadh tosaigh) go bhféadfadh sé gur breithnithe straitéiseacha sáraitheacha a bhí i roinnt buntáistí a bhaineann le láithreán táirgthe Eorpach (mar shampla, an margadh Eorpach atá ag leathnú go tapa agus an ghaireacht do chustaiméirí Eorpacha) a d’fhágfadh go lonnódh Samsung SDI Group a infheistíocht san Ungáir in aon chás. Rinneadh tuilleadh forbartha ar an amhras sin sa chinneadh maidir le síneadh (aithris (57) den chinneadh maidir le síneadh) inar mheas an Coimisiún go bhféadfadh sé gur lean Samsung SDI Group straitéis infheistíochta réigiúnaithe a d’fhágfadh go ndéanfadh sé infheistíocht i láithreáin táirgthe san Eoraip in aon chás. Mar sin féin, cé go dtugtar le fios le doiciméad inmheánach amháin de chuid Samsung SDI Group (49)‘go bhféadfadh’ éagsúlú láithreán táirgthe ar gach mór-roinn ‘a bheith ina chuidiú’, léiríonn éirim aireach an doiciméid sin agus comhthéacs an ráitis sin (ní raibh san éagsúlú ach ceann amháin de roinnt paraiméadar sa chomparáid cháilíochtúil ar bhonn láithreán ar láithreán, mar aon le breithnithe eile amhail sreabhadh lóistíochta ar thraein idir láithreán féideartha Xi’an agus an Eoraip) nach raibh an toisc sin ina breithniú straitéiseach sáraitheach ag Samsung SDI Group. I ndoiciméid inmheánacha chomhaimseartha eile de chuid Samsung SDI Group, ní deirtear ach ‘nár cheart neamhaird a thabhairt’ ar thosca cáilíochtúla den sórt sin. (50) Níl aon rud eile sa cháschomhad a thacaíonn leis an amhras a cuireadh in iúl ina leith sin ná le straitéis infheistíochta réigiúnaithe sháraitheach a bheith ann tráth an chinnidh infheistíochta. Go sonrach, níl aon chuid den fhianaise a bhaineann leis an gceathrú céim ná leis an gcúigiú céim i bpróiseas cinnteoireachta an tairbhí (aithrisí (68) agus (69) den chinneadh tosaigh) — a rinneadh tar éis chruinniú an 21 Meán Fómhair 2017 sa dá chás — ina léiriú ar aon treoraíocht i bhfabhar éagsúlú réigiúnach sa phróiseas cinnteoireachta maidir le suíomh deiridh. Thairis sin, mar a thug an Ungáir dá haire, dá mbeadh an ghaireacht do chustaiméirí ina príomhspreagadh i straitéis infheistíochta Samsung SDI Group tráth an chinnidh maidir le suíomh, bheadh tús curtha le gléasra táirgthe ceallraí feithiclí leictreacha an tráth céanna aige in […]. Léiríonn doiciméid inmheánacha na cuideachta, áfach, nár breithníodh ach dhá rogha mhalartacha san Ungáir agus sa tSín chun an bhearna soláthair a sainaithníodh i margadh […] a líonadh. Léiriú breise ar gan straitéis infheistíochta réigiúnaithe sháraitheach den sórt sin a bheith ann, tá sé le fáil i ndoiciméid inmheánacha Samsung SDI arna soláthar ag an Ungáir, ar dá réir a bheadh an infheistíocht tosaigh in Xi’an chomh maith leis an mborradh a beartaíodh a chur faoi láithreán Xi’an ag freastal ar mhargaí eachtracha (an Eoraip agus […], agus ní ar mhargadh intíre na Síne). (51)

(124)

I bhfianaise na mbreithnithe thuasluaite, measann an Coimisiún nach raibh na breithnithe straitéiseacha a sainaithníodh thuas cinntitheach, agus/nó nár cuireadh san áireamh iad (mar a bhí nó mar bhreithnithe a raibh tábhacht sháraitheach ag baint leo) sa chinneadh maidir le suíomh an tionscadail infheistíochta. Dá réir sin, d’fhéadfadh Samsung SDI Group infheistíocht den sórt sin sa tSín a bheartú go réalaíoch.

5.3.1.2.2.   Difríochtaí i gcostais innealra agus leibhéil foinsithe áitiúil in Xi’an agus Göd

5.3.1.2.2.1.   Easpa inchreidteachta na toimhdean tosaigh go bhfoinseofaí iomlán an trealaimh agus an innealra go háitiúil sa dá shuíomh

(125)

San fhógra, thug an Ungáir údar leis an difríocht mhór sna costais infheistíochta as trealamh agus innealra trí bheartas foinsithe áitiúil Samsung SDI Group a agairt, lena gceanglaítear i bprionsabal ar an ngrúpa an trealamh agus an t-innealra agus na hionchuir eile is gá le haghaidh na hinfheistíochta a cheannach ó fhoinsí áitiúla (féach aithrisí (42) agus (130) den chinneadh tosaigh). Sa chinneadh tosaigh, mheas an Coimisiún nár inchreidte ná réalaíoch é an maíomh go bhfoinseodh Samsung SDI 100 % dá innealra agus dá threalamh go háitiúil sa dá chás a breithníodh (i.e. dá ndéanfaí an infheistíocht in Xi’an nó in Göd).

(126)

A mhéid a bhaineann le foinsiú áitiúil trealaimh le haghaidh an láithreáin san Ungáir (i.e. foinsiú ó sholáthróirí LEE), thug an Coimisiún dá aire (aithris (47) den chinneadh tosaigh) na céimeanna teoranta a rinne Samsung SDI chun soláthróirí áitiúla a shainaithint (teagmhálacha déthaobhacha le cúig sholáthróir LEE in 2015, 2016 agus 2017, comhdháil i mí Feabhra 2017) agus chuir sé toradh teoranta na gcéimeanna sin i dtábhacht, óir cuireadh 23 as 29 soláthróir LEE a breithníodh ar leataobh ar chúiseanna éagsúla roimh an gcinneadh infheistíochta (agus ní raibh plé á dhéanamh ach le sé sholáthróir tráth an chinnidh infheistíochta, nach bhféadfadh trealamh a sholáthar ach le haghaidh sciar beag d’infheistíocht Samsung SDI san Ungáir). Thug an Coimisiún dá aire freisin (aithris (48) den chinneadh tosaigh) nach ndearnadh aon chuid den trealamh le haghaidh na chéad infheistíochta ag Samsung SDI (Infheistíocht úrnua 1) in Göd a fhoinsiú ó sholáthróirí LEE. Ní dhearna Samsung SDI, i gcomhréir le srian ar a bheartas foinsithe áitiúil, iarracht úsáid a bhaint as foinsiú áitiúil an tráth sin agus dá bhrí sin níor fhorbair sé teagmhálacha le soláthróirí áitiúla (féach aithris (50) agus fonóta 20 thuas). Níor mhínigh an Ungáir ach gur iarracht leanúnach é soláthróirí LEE a chuardach agus, ar deireadh, go bhféadfaí roinnt trealaimh a fhoinsiú ó na soláthróirí sainaitheanta. I bhfianaise an mhéid thuas agus i bhfianaise nach raibh aon léiriú ann, tráth an chinnidh infheistíochta, gur breithníodh i ndáiríre soláthróirí atá bunaithe in LEE chun aon chuid mhór den innealra agus den trealamh a sheachadadh chun críocha Infheistíocht 2, seasann an Coimisiún lena chonclúid nach bhféadfadh Samsung SDI glacadh leis go hinchreidte go bhféadfadh sé 100 % den trealamh le haghaidh an ghléasra san Ungáir a fhoinsiú go háitiúil. Tugann an Coimisiún dá aire, i gcás Infheistíocht 2, gur beag nár fhoinsigh Samsung SDI aon chuid den trealamh in aon chor ó sholáthróirí LEE. (52)

(127)

A mhéid a bhaineann le foinsiú áitiúil le haghaidh na hinfheistíochta malartaí in Xi’an, tugann an Coimisiún dá aire ar dtús go raibh a fhios ag Samsung SDI Group, tráth an chinnidh maidir le suíomh, nár baineadh ach leibhéal teoranta foinsithe áitiúil amach dá ghléasra in Tianjin a mhonaraíonn cealla ceallraí le haghaidh gléasanna móibíleacha. De réir fianaise (a chuir an Ungáir isteach an 3 Samhain 2020, aithris (63)(a)) a d’fhéadfadh a bheith ar fáil tráth an chinnidh maidir le suíomh, rinneadh meánsciar foinsithe áitiúil [25–30] % a bhaint amach in 2015–2016 i gcás ghléasra Tianjin (agus ba é sin an meánsciar foinsithe áitiúil ab airde a taifeadadh don ghléasra sin go dtí sin).

(128)

Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire gur mheas Samsung SDI Group, tráth an chinnidh maidir le suíomh, go bhféadfadh úsáid soláthróirí Síneacha fadhbanna a chruthú go ginearálta i dtéarmaí […] agus rúndachta (aithris (62)). Cé gur áitigh an Ungáir agus Samsung SDI ina dhiaidh sin go bhféadfaí dul i ngleic leis na saincheisteanna sin ar bhealaí éagsúla (féach foroinn 5.3.1.2.2.2.2 thíos), measann an Coimisiún nach ndíreodh doiciméid inmheánacha cuideachta ar na saincheisteanna sin dá mba rud é go bhféadfaí iad a réiteach go tráthúil, gan aon chostas breise agus i ngach cás, i gcás gach soláthróra agus meaisín.

(129)

Seasann an Coimisiún leis, dá bhrí sin, nach bhféadfadh Samsung SDI Group glacadh leis go hinchreidte go bhféadfadh sé 100 % den trealamh le haghaidh an ghléasra sa tSín a fhoinsiú go háitiúil. Deimhnítear sin leis an measúnú ex post ar an leibhéal foinsithe áitiúil a bhféadfaí glacadh leis go réalaíoch tráth an chinnidh infheistíochta: ní mó ná [40–45] % na cóimheasa foinsithe áitiúil is airde a chuir Samsung SDI agus an Ungáir isteach. (53)

(130)

Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh an beartas foinsithe áitiúil 100 % in Göd agus in Xi’an araon inchreidte ná réalaíoch tráth an chinnidh maidir le suíomh. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh an foinsiú áitiúil iomlán a bheith ina chuid de chomparáidí glanluacha láithrigh Samsung SDI go réasúnta. Dá thoradh sin, an difríocht mhaíte sna costais infheistíochta idir an Ungáir agus an tSín, is é sin EUR 237,5 milliún (luach láithreach) — i gcás ina raibh costais an innealra agus an trealaimh san Ungáir thart ar [40–45] % ní b’airde ná sa tSín — ní féidir údar a thabhairt léi.

(131)

Ós rud é nach séanann an Coimisiún gur chuir an tairbhí foinsiú áitiúil san áireamh ina mheasúnú ar ghlanluach láithreach, agus gur toisc ábhartha é foinsiú áitiúil a bhfuil measúnú le déanamh uirthi, agus nach dtagann sé ach ar an gconclúid nár inchreidte ná réalaíoch an toimhde maidir le foinsiú áitiúil iomlán, déanfaidh sé measúnú ar a mhéid a d’fhéadfaí foinsiú áitiúil iomlán a mheas a bheith inchreidte agus réalaíoch tráth an chinnidh maidir le suíomh.

5.3.1.2.2.2.   Measúnú an Choimisiúin ar leibhéal réalaíoch costas innealra agus trealaimh agus ar an sciar d’fhoinsiú áitiúil

5.3.1.2.2.2.1.   Breithnithe ginearálta

Úsáid soláthairtí ón gCóiré Theas in éagmais foinsiú áitiúil

(132)

D’áitigh an Ungáir agus Samsung SDI ina mbarúlacha maidir leis an gcinneadh tosaigh, i bhfianaise bheartas foinsithe áitiúil Samsung SDI Group, agus in éagmais soláthróirí áitiúla leordhóthanacha, go mbaineann Samsung SDI úsáid as a ghnáthsholáthróirí iontaofa ón gCóiré Theas mar an dara rogha is fearr. Cé gur aithin an Coimisiún an méid in aithris (131) den chinneadh tosaigh, chuir sé amhras in iúl ina dhiaidh sin (féach aithris (45) den chinneadh maidir le síneadh) faoin bhfáth, dá measfaí go bhfuil foinsiú páirteach ó sholáthróirí Síneacha réalaíoch, nár cheart riachtanais innealra agus trealaimh san Ungáir a fhoinsiú ó sholáthróirí Síneacha atá i bhfad níos saoire (seachas ón gCóiré Theas), rud a laghdódh costais innealra agus trealaimh i gcás na hUngáire agus a laghdódh an bhearna glanluacha láithrigh idir an dá shuíomh.

(133)

Mhínigh Samsung SDI, áfach, ina bharúlacha i ndáil leis an gcinneadh maidir le síneadh nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna uainiúcháin (moill seachadta) ach trí rannpháirtíocht údaráis na Síne (aithrisí (62) agus (69)). D’áitigh Samsung SDI nach bhféadfadh coinne a bheith le rannpháirtíocht den sórt sin mura ndéanfaí an infheistíocht féin sa tSín. Glacann an Coimisiún leis nach mbeadh sé inchreidte, ó pheirspictíocht Samsung SDI, innealra agus trealamh le haghaidh na hinfheistíochta san Ungáir a fhoinsiú ó sholáthróirí Síneacha, toisc go nochtfadh sé sin Samsung SDI do na saincheisteanna […] a chuirfeadh an buntáiste praghais gearrthéarmach prima facie ó mhaith. Measann an Coimisiún dá réir sin, murab ionann agus a dhearbhuithe tosaigh, a mhéid nach raibh foinsiú áitiúil réalaíoch i gceachtar den dá chás infheistíochta (i.e. an Ungáir agus an tSín), gur dócha go mbainfeadh Samsung SDI úsáid as a sholáthróirí iontaofa ón gCóiré Theas.

Costais bhreise i gcás foinsiú neamháitiúil: costais loingseoireachta agus dleachtanna custaim

(134)

Dá ndéanfaí innealra agus trealamh le haghaidh na hinfheistíochta a fhoinsiú ó sholáthróirí na Cóiré Theas, in ionad iad a fháil go háitiúil, measann an Coimisiún, mar a ghlac an Ungáir agus Samsung SDI leis freisin, go dtiocfadh costais bhreise chun cinn (costais loingseoireachta, dleachtanna custaim, más ann dóibh). Tugann an Coimisiún dá aire go ndearna an Ungáir na costais loingseoireachta (féach aithris (69) thuas) ón gCóiré Theas go dtí an Ungáir a mheas a bheith ag [3–4] %, agus gur measadh gur [2–3] % de na costais innealra agus trealaimh faoi seach a bhí sna costais loingseoireachta ón gCóiré Theas go dtí an tSín (aithris (67) thuas). Ina theannta sin, glacann an Coimisiún leis freisin (mar a luaitear in aithris (67) thuas) go mbeadh feidhm ag dleachtanna custaim 1,1 % freisin maidir le trealamh nach bhfoinsítear go háitiúil sa chás ina ndéanfaí an infheistíocht sa tSín, agus nach ngearrfaí aon dleacht chustaim dá ndéanfaí an infheistíocht san Ungáir (aithris (70) thuas).

Costais bhreise i gcás foinsiú neamháitiúil: uasmharcáil ag Ceanncheathrú Samsung SDI

(135)

Mar a thuairiscítear in aithrisí (44) agus (45) den chinneadh tosaigh, ní dhearna an tairbhí an t-innealra agus an trealamh a úsáideadh suas le mí an Mhárta 2019 le haghaidh na hinfheistíochta in Göd (54) a cheannach go díreach ó sholáthróirí ón gCóiré Theas. Ina ionad sin, ghníomhaigh Ceanncheathrú Samsung SDI mar idirghabhálaí, tríd an innealra agus an trealamh a cheannach sa Chóiré Theas agus iad a athdhíol le Samsung SDI san Ungáir, tar éis méadú (uasmharcáil) [18–22] % a chur i bhfeidhm maidir leis an mbonn costas foluiteach (55). Mhínigh Samsung SDI go bhfuil rannpháirtíocht Cheanncheathrú Samsung SDI i gcomhréir lena bheartas foinsithe áitiúil agus ligeann sé go háirithe do Cheanncheathrú Samsung SDI cumarsáid dhíreach a dhéanamh leis na soláthróirí ón gCóiré Theas agus iad a spreagadh gníomhú go tapa má thagann fadhb chun cinn i gceann de láithreáin táirgthe Samsung SDI Group. De réir Samsung SDI, bheadh Ceanncheathrú Samsung SDI páirteach freisin i gcás foinsiú neamháitiúil dá ndéanfaí an infheistíocht sa tSín.

(136)

Chuir an Coimisiún amhras in iúl ar tháinig praghas a bhí i gcomhréir leis an margadh as na hidirbhearta inghrúpa sin agus arb amhlaidh nár bhoilscigh siad go saorga costais incháilithe an cháis ina raibh an infheistíocht le lonnú san Ungáir, agus an bhearna glanluacha láithrigh dá réir sin (aithris (136) den chinneadh tosaigh agus aithris (47) den chinneadh maidir le síneadh).

(137)

Tugann an Coimisiún dá aire ar an gcéad dul síos gur chuir an Ungáir, in éineacht lena barúlacha maidir leis an gcinneadh tosaigh, doiciméad inmheánach ó Samsung SDI an 10 Eanáir 2017 isteach lena léirítear go raibh an uasmharcáil [18–22] % bunaithe ar staidéar a rinne comhairleoir seachtrach agus ar thorthaí tagarmharcála cuideachtaí eile a sholáthraíonn trealamh. Shoiléirigh an Ungáir freisin ina barúlacha i ndáil leis an gcinneadh maidir le síneadh nár cuireadh san áireamh sna luachanna níos ísle [13–17] % (meánluach) agus [14–18] % (i gcás Samsung SDI), ar luadh an dá cheann díobh i dtuarascáil ó Deloitte i mí na Nollag 2018 (ar ar a bhonn a chuir an Coimisiún amhras in iúl), costais bhreise [3–4] % a thabhaigh Ceanncheathrú Samsung SDI agus trealamh á cheannach aige, rud a mhíníonn an difríocht idir sin agus an uasmharcáil ainmniúil [18–22] % a úsáideadh san athríomh.

(138)

Ar deireadh, sholáthair Samsung SDI staidéar breise ó Copenhagen Economics, dar dáta an 13 Aibreán 2020, (56) lena ndearnadh measúnú ar cé acu a bhí nó nach raibh luach saothair idirbheart inghrúpa laistigh de Samsung SDI Group ar neamhthuilleamaí, agus úsáid á baint as modheolaíocht Threoirlínte na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) (57). Thángthas ar an gconclúid sa staidéar sin go dtagann [18–22] % sa raon idircheathairíle de ghlanchostas cuideachtaí inchomparáide móide corrlach (i.e. idir luach airmheánach 16,8 % agus luach tríú ceathairíle 23,5 %) agus deimhníodh leis dá réir sin gur ar neamhthuilleamaí a bhí an uasmharcáil a chuir Ceanncheathrú Samsung SDI i bhfeidhm maidir le hidirbhearta inghrúpa.

(139)

I bhfianaise na n-argóintí agus na fianaise breise a sholáthair an Ungáir agus Samsung SDI, measann an Coimisiún, a mhéid nach ndéanfaí innealra agus trealamh le haghaidh na hinfheistíochta a fhoinsiú go háitiúil (i ndáil leis an dá shuíomh a breithníodh), go bhfuil sé réalaíoch agus inchreidte glacadh leis go ndéanfaí an foinsiú neamháitiúil sin trí Cheanncheathrú Samsung SDI agus go mbeadh uasmharcáil [18–22] % ar chostais an innealra agus an trealaimh i gceist leis, i gcomhréir leis an margadh.

Costais bhreise i gcás foinsiú áitiúil: costais soláthair

(140)

Ós rud é go gcumhdaítear go háirithe leis an uasmharcáil [18–22] % costais soláthair a dtacaíonn Ceanncheathrú Samsung SDI leo nuair a fhoinsíonn sé innealra agus trealamh thar ceann fochuideachta (san Ungáir nó sa tSín), measann an Coimisiún go mbeadh sé réalaíoch costais soláthair chomhfhreagracha a chur san áireamh i gcás ina bhfuil trealamh arna fhoinsiú go háitiúil (go díreach ag an bhfochuideachta san Ungáir nó sa tSín). Ina aighneacht dar dáta an 1 Iúil 2022, shonraigh Samsung SDI gur deimhin go mbeadh costais bhreise mar thoradh ar fhoinsiú áitiúil a threalaimh sa tSín agus san Ungáir (a chomhfhreagraíonn go háirithe do thástáil agus do bhailíochtú). Mhínigh Samsung SDI go mbeadh na costais sin ní b’airde (rud a bheadh loighciúil) i gcás trealamh núíosach ná i gcás trealamh nach bhfuil núíosach (58). Ós amhlaidh, faoi na toimhdí athbhreithnithe níos inchreidte (féach thíos), nach mbeadh an trealamh uile (agus go háirithe gan aon chuid den trealamh núíosach) foinsithe go háitiúil, tá na costais bhreise soláthair atá le cur i bhfeidhm réasúnta teoranta. De réir ríomhanna a sholáthair Samsung SDI, is é [3,5–5] % den chostas innealra a bheadh sna costais sin. Níl aon chúis fhíorasach ag an gCoimisiún le hamhras a chaitheamh ar an leibhéal sin costas.

5.3.1.2.2.2.2.   Leibhéal inchreidte foinsithe áitiúil innealra agus trealaimh sa chás frithfhíorasach

(141)

Mar a leagtar amach in aithris (130) thuas, cé go dtagann an Coimisiún ar an gconclúid nach toimhde inchreidte ná réalaíoch é go ndéanfaí iomlán an innealra agus an trealaimh a fhoinsiú go háitiúil i gceachtar den dá shuíomh infheistíochta, aontaíonn an Coimisiún gur toisc ábhartha é an sciar d’fhoinsiú áitiúil a chuir Samsung SDI san áireamh tráth an chinnidh maidir le suíomh. Dá bhrí sin, is gá don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an sciar d’fhoinsiú áitiúil a d’fhéadfaí a chinneadh a bheith inchreidte agus réalaíoch i gcás gach ceann de na láithreáin a breithníodh tráth an chinnidh maidir le suíomh, bunaithe ar an bhfianaise a bhí ar fáil an tráth sin. Sa chinneadh tosaigh, mheas an Coimisiún roimh ré gur thoimhde níos réalaíche a bheadh ann – i gcás an dá láithreán – go bhfoinseodh Samsung SDI an trealamh agus an t-innealra faoi seach ó na soláthróirí iontaofa a bhí aige cheana féin sa Chóiré Theas a bhfuil taithí acu.

(142)

Mar a mhínítear thuas (féach foroinn 5.3.1.2.2.1), bhí easpa inchreidteachta i dtaobh foinsiú áitiúil (iomlán) sa tSín bunaithe go háirithe ar an bhfíoras go bhféadfadh úsáid soláthróirí Síneacha fadhbanna a chruthú go ginearálta i dtéarmaí (i) […], (ii) […] agus (iii) rúndachta. Aithníonn an Coimisiún gur mhínigh an Ungáir agus Samsung SDI go háititheach (aithris (62)) go raibh sé beartaithe ag Samsung SDI dul i ngleic leis na saincheisteanna sin, agus go bhféadfadh sé dul i ngleic leo, go feadh méid áirithe ar a laghad, trí, faoi seach, (i) rannpháirt a thabhairt d’údaráis na Síne (nach mbeadh indéanta, áfach, ach amháin dá mbeadh an infheistíocht le déanamh sa tSín), (ii) innealtóirí SDI a sheoladh ó Cheanncheathrú Samsung SDI na Cóiré Theas chun tacaíocht a thabhairt do na soláthróirí Síneacha; agus (iii) úsáid a bhaint as socruithe conarthacha sonracha agus comhaontuithe forbartha comhpháirteacha le díoltóirí i gcás inar ghá (i.e. i gcás meaisíní sonracha amháin). Dá réir sin, léiríonn an fhianaise sa chomhad, murab ionann agus an réamhchinneadh in aithris (131) den chinneadh tosaigh, gur féidir a mheas go bhfuil leibhéal áirithe foinsithe áitiúil inchreidte agus réalaíoch maidir leis an gcás frithfhíorasach.

(143)

Thairis sin, tar éis don Choimisiún an cinneadh tosaigh a ghlacadh, chuir an Ungáir agus Samsung SDI faisnéis isteach a léiríonn, maidir le gléasra Síneach Samsung SDI Group atá lonnaithe in Tianjin, go raibh meánleibhéil shubstaintiúla foinsithe áitiúil bainte amach ([25–30] % in 2015–2016, [15–19] % in 2018–2019). Sa chinneadh maidir le síneadh (aithris (41)), chuir an Coimisiún roinnt amhrais in iúl, go háirithe maidir le hinchomparáideacht an dá chás (gléasra Tianjin agus an gléasra atá beartaithe in Xi’an). Thug an Ungáir agus Samsung SDI mínithe, áfach, a léiríonn go raibh an foinsiú áitiúil a baineadh amach i gcás ghléasra Tianjin ina phíosa ábhartha faisnéise. Mheabhraigh siad ar dtús go mbaineann na nuálaíochtaí sa phróiseas le haghaidh na hinfheistíochta atá beartaithe (suíomh malartach in Xi’an), mar riail ghinearálta, leis an gcaoi a n-úsáidtear an t-innealra agus an trealamh agus ní leis an innealra agus an trealamh iad féin. Dá thoradh sin, ós rud é nach mbeadh an próiseas táirgthe agus na táirgí deiridh i ngléasra Tianjin chomh sofaisticiúil céanna, aithníonn an Coimisiún nach bhfuil sé sin ábhartha go deimhin chun neamhshuim a dhéanamh den taithí a fuarthas ar innealra agus trealamh a cheannach le haghaidh ghléasra Tianjin (59). Ina theannta sin, ós rud é nach bhféadfadh na figiúirí le haghaidh 2018–2019 a bheith ar eolas tráth an chinnidh maidir le suíomh, níl mar thoradh air sin ach gurb é an céatadán níos airde [25–30] % le haghaidh 2015–2016 (maidir le sonraí roimhe seo a d’fhéadfadh a bheith ar eolas tráth an chinnidh maidir le suíomh) agus é sin amháin a bheadh ábhartha. Shoiléirigh an Ungáir freisin nár baineadh amach na figiúirí foinsithe áitiúil sin tar éis beagnach 20 bliain d’oibriú an ghléasra (rud a d’fhéadfadh a fhágáil nach mbeadh gléasra Xi’an in ann leibhéil foinsithe áitiúil chomh mór sin a bhaint amach tar éis achar ama comhchosúil) toisc nár tosaíodh ar chealla ceallraí a mhonarú sa ghléasra go dtí 2008 (agus 2016 fiú i gcás cealla sorcóireacha) (aithris (63)(a)). Ar deireadh, dheimhnigh an Ungáir nach raibh ach innealra agus trealamh sna céatadáin foinsithe áitiúla a cuireadh isteach agus nár áiríodh go háirithe orthu páirteanna spártha. Ar an mbonn sin, is féidir deireadh a chur leis an amhras a cuireadh in iúl sa chinneadh maidir le síneadh: aithníonn an Coimisiún go ndeimhníonn an méid foinsithe áitiúil a baineadh amach i ngléasra Tianjin in 2015–2016 go bhféadfadh coinne a bheith ag Samsung SDI Group, tráth an chinnidh maidir le suíomh, le leibhéal mór foinsithe áitiúil a bhaint amach le haghaidh na hinfheistíochta frithfhíorasaí sa tSín.

(144)

A mhéid a bhaineann leis an infheistíocht fhrithfhíorasach in Xi’an ar bhealach níos beaichte, ba ina bharúlacha maidir leis an gcinneadh tosaigh a ríomh Samsung SDI, den chéad uair, an leibhéal foinsithe áitiúil arbh fhéidir a bhaint amach go hinchreidte, i dtuairim Samsung SDI. Chun na críche sin, liostaigh Samsung SDI an trealamh a bhí ceannaithe le haghaidh ghléasra Göd suas leis an bpointe ama sin (bhí an infheistíocht ar siúl ag an am) agus rinne sé measúnú ar cé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí gach píosa trealaimh a fháil ó sholáthróir Síneach i gcás na hinfheistíochta frithfhíorasaí in Xi’an. Léiríodh leis an ríomh sin cóimheas [31–35] % idir luach an trealaimh a d’fhéadfaí a fháil go háitiúil sa tSín agus luach iomlán an trealaimh arna cheannach an tráth a rinneadh an ríomh (60). Léirigh Samsung SDI freisin gur tháinig méadú ar an leibhéal forbartha teicneolaíche san innealra agus sa trealamh Síneach le himeacht ama (féach aithris (65)), rud a d’fhág gur dhóchúla go mbainfeadh sé leibhéal foinsithe áitiúil níos airde amach ná san am a chuaigh thart.

(145)

Sa chinneadh maidir le síneadh (aithrisí (41) go (44)), chuir an Coimisiún roinnt amhrais in iúl ina leith sin. I dteannta an amhrais ghinearálta i dtaobh an mbeadh sé inchreidte brath ar sholáthróirí Síneacha (rioscaí […] agus rúndachta, a luaitear cheana sa chinneadh tosaigh agus ar tugadh aghaidh orthu in aithris (142)), mheas an Coimisiún go háirithe nach raibh an sampla a d’úsáid Samsung SDI ionadaíoch, go háirithe toisc gur bhain sé go príomha leis an gcéad chéim den infheistíocht in Göd nach raibh chomh nuálach céanna. Chuir an Ungáir i dtábhacht, áfach, gurb é a bhí sa sampla níos mó ná [75–80] % de luach iomlán an innealra (lena n-áirítear meaisíní a úsáidtear sa dara céim den infheistíocht) (61) agus, in aon chás, go n-áirítear eilimintí nuálaíochta próisis nua sa dá chéim den infheistíocht. (62) Shoiléirigh an Ungáir freisin nach é atá sa teicneolaíocht cruachta le haghaidh chéim 2 a bhí fós á forbairt tráth an réamhscrúdaithe ach codán an-bheag (níos lú ná 5 %) de na costais iomlána trealaimh agus, fiú i gcás roinnt meaisíní a úsáidtear sa phróiseas cruachta, go bhféadfaí a bheartú go n-úsáidfí soláthróirí Síneacha.

(146)

Thug an Coimisiún dá aire freisin go raibh na sonraí maidir le cumais soláthróirí Síneacha áirithe, a dtugtar tuairisc orthu in aithrisí (9)(b) agus (10) den chinneadh maidir le síneadh, ag brath ar fhianaise a tiomsaíodh ex post (aithris (42) den chinneadh maidir le síneadh). Mar sin féin, mar a shoiléirigh an Ungáir, bhí formhór na sonraí lena mbaineann, fiú má tiomsaíodh ex post iad, ar fáil do Samsung SDI Group tráth an chinnidh infheistíochta. Cé go mbaineann cuid de na sonraí sin leis an tréimhse tar éis an chinnidh infheistíochta, shoiléirigh an Ungáir nach amhlaidh ach i gcás ceann amháin de na sé sholáthróir Shíneacha a luaitear in aithrisí (9)(b) agus (10) den chinneadh maidir le síneadh nach ndeachthas i dteagmháil leis in aon chor roimh an gcinneadh infheistíochta. A mhéid a bhaineann leis na soláthróirí eile, cuireadh tús le cruinnithe leis na soláthróirí sin roimh an gcinneadh infheistíochta (fiú má leanadh leo ina dhiaidh sin). Mar sin féin, measann an Coimisiún go bhféadfadh coinne réasúnta a bheith ag Samsung SDI leis, tráth an chinnidh infheistíochta, dá roghnófaí an suíomh Síneach, go mbeadh tuilleadh teagmhálacha nó teagmhálacha treisithe aige nó go ndéanfadh sé teagmhálacha nua le soláthróirí Síneacha ionchasacha trealaimh le haghaidh ghléasra Xi’an. Tá sé sin fíor go háirithe ós rud é, mar a chuireann Samsung SDI i dtábhacht (féach aithris (11) den chinneadh maidir le síneadh), gur tháinig forbairt dhearfach ar sholáthróirí Síneacha sa slabhra ceallraí i dtéarmaí cainníochtúla agus cáilíochtúla araon, sa chaoi gur tháinig méadú – is mó ná méadú líneach – ar an seans go sainaithneofaí soláthróirí leordhóthanacha le himeacht ama. Dá thoradh sin, measann an Coimisiún gur leormhaith an léiriú a thugann an fhianaise sa cháschomhad go bhféadfadh Samsung SDI ráta foinsithe áitiúil [31–35] % a mheas a bheith inchreidte dá ndéanfaí an infheistíocht sa tSín.

(147)

Ar deireadh, toisc gur mheas an Coimisiún sa chinneadh maidir le síneadh go bhféadfadh sé nach mbeadh taithí Samsung SDI Group ar fhoinsiú áitiúil innealra agus trealaimh le haghaidh a ghléasra in Tianjin inchomparáide le hinfheistíocht Xi’an, chuir an Coimisiún amhras in iúl go hintuigthe freisin maidir leis an gcomhpháirt shonrach den ráta foinsithe áitiúil [31–35]% a chomhfhreagraíonn don fhoinsiú áitiúil a d’fhéadfaí a bhaint amach i gcás Xi’an agus úsáid á baint as soláthróirí iarbhír Samsung SDI Group le haghaidh ghléasra Tianjin (comhpháirt ar a ndéantar achoimre in aithris (9)(a) den chinneadh maidir le síneadh). Ós rud é gur mhínigh an Ungáir agus Samsung SDI go cuí go raibh an dá chás inchomparáide (aithris (143)), níl aon chúis ag an gCoimisiún a thuilleadh amhras a bheith air maidir le fírinne na comhpháirte sin.

(148)

I bhfianaise an mhéid thuas, is é conclúid an Choimisiúin gur féidir a mheas go bhfuil leibhéal [31–35] % d’fhoinsiú áitiúil innealra agus trealaimh chun críocha na hinfheistíochta frithfhíorasaí sa tSín inchreidte agus réalaíoch.

5.3.1.2.2.2.3.   Leibhéal inchreidte foinsithe áitiúil innealra agus trealaimh le haghaidh Infheistíocht 2 in Göd

(149)

Maidir le foinsiú áitiúil innealra agus trealaimh (foinsiú ó sholáthróirí LEE) i gcás Infheistíocht 2 san Ungáir, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid cheana féin in aithris (126) nár inchreidte ná réalaíoch an toimhde go mbeadh sciar 100 % d’fhoinsiú áitiúil ann. Tugann an Coimisiún dá aire nach raibh ach faisnéis theoranta ag Samsung SDI, tráth an chinnidh maidir le suíomh, maidir lena mbeadh i gceist le leibhéal réalaíoch foinsithe áitiúil innealra agus trealaimh le haghaidh Infheistíocht 2. Go sonrach, dheimhnigh an Ungáir (aithris (50) thuas) nár chuir Samsung SDI a bheartas foinsithe áitiúil i bhfeidhm maidir le hInfheistíocht 1, ó tharla gurbh í Infheistíocht 1 an chéad infheistíocht ceall ceallraí a bhí aige laistigh de LEE, dar ndearnadh sé an cinneadh brath ar sholáthróirí innealra agus trealaimh de chuid na Cóiré Theas a bhfuil taithí acu chun rioscaí a íoslaghdú. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh Infheistíocht 1 tagarmharc ceart a sholáthar ná bonn eolais a chur faoi anailís Samsung SDI maidir le hInfheistíocht 2.

(150)

Tugann an Coimisiún dá aire gur thosaigh Samsung SDI ag cuardach soláthróirí áitiúla in 2015. Faoin tráth a rinneadh an cinneadh maidir le suíomh, chuir Samsung SDI ar leataobh, ar chúiseanna éagsúla, 23 as 29 soláthróir ionchasacha a bhí bunaithe ar LEE agus sainaitheanta aige agus ní raibh sé ag leanúint den phlé ach leis na soláthróirí a bhí fágtha, nach bhféadfadh trealamh a sholáthar ach le haghaidh cuid bheag d’Infheistíocht 2 (aithrisí (54), (126) agus (146). Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach bhféadfaí ach sciar imeallach den innealra agus den trealamh a foinsíodh ó LEE, dá mba ann dó, a mheas a bheith réalaíoch agus inchreidte i gcás Infheistíocht 2.

(151)

Rud eile a chomhthacaíonn leis an gcinneadh sin is ea nach ndearna Samsung SDI ach méid diomaibhseach innealra agus trealaimh le haghaidh a ghléasra in Göd a fhoinsiú iarbhír in LEE (thart ar [1–1,5] % den innealra agus den trealamh, féach aithris (71)).

(152)

Tagann an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin gur cheart breithniú a bheith déanta ag Samsung SDI, tráth an chinnidh maidir le suíomh, nach ndéanfadh sé ach méid imeallach a fhoinsiú go háitiúil dá mbeadh Infheistíocht 2 le déanamh san Ungáir. Measann an Coimisiún go mbeadh sé réalaíoch agus inchreidte a mheas nach ndéanfaí ach sciar imeallach den innealra agus den trealamh a úsáidtear in Infheistíocht 2 a fhoinsiú go háitiúil ó sholáthróirí LEE. I ndáil leis sin, ós rud é gur tharraing an Ungáir féin aird ar sciar [1–1,5] % d’fhoinsiú áitiúil ina freagra maidir leis an mbearna glanluacha láithrigh athríofa ó mhí Eanáir 2023 (aithris (71)), a chomhfhreagraíonn ina theannta sin don leibhéal iarbhír foinsithe áitiúil innealra agus trealaimh a baineadh amach le haghaidh Infheistíocht 2, cuirfidh an Coimisiún an méid sin i bhfeidhm chun an sciar imeallach d’fhoinsiú áitiúil thuasluaite a chainníochtú.

5.3.1.2.2.3.   Achoimre

(153)

Ar bhonn na gcóimheas foinsithe áitiúil a cinneadh sa dá fhoroinn roimhe seo (5.3.1.2.2.2.2 agus 5.3.1.2.2.2.3), measann an Coimisiún gur féidir leis na costais inchreidte trealaimh sa dá shuíomh a ríomh i bhfianaise na mbreithnithe ginearálta a leagtar síos sa chéad fhoroinn (5.3.1.2.2.2.1). Déantar é sin trí na costais bhreise soláthair foinsithe áitiúla a chur i bhfeidhm maidir leis an gcodán den innealra agus den trealamh a foinsíodh go háitiúil agus na costais loingseoireachta, na dleachtanna custaim agus an uasmharcáil a chuir Ceanncheathrú Samsung SDI i bhfeidhm a chur i bhfeidhm maidir leis an gcodán den innealra agus den trealamh a foinsíodh ó sholáthróirí ón gCóiré Theas.

Tábla 1

Foinsiú áitiúil — fógra na hUngáire agus measúnú an Choimisiúin

 

an Ungáir

an tSín

 

Foinsiú áitiúil

Foinsiú lárnach

Foinsiú áitiúil

Foinsiú lárnach

An leibhéal a maíodh i bhfógra na hUngáire

100  %

0  %

100  %

0  %

An leibhéal a mheastar a bheith inchreidte sa Chinneadh seo

[1 –1,5 ] %

+ soláthar [3,5 –5 ] %

[94 –99 ] %

+ loingseoireacht ([3 –4 ] %)

+ dleachtanna custaim (0  %)

+ uasmharcáil ([18 –22 ] %)

[31 –35 ] %

+ soláthar [3,5 –5 ] %

[65 –70 ] %

+ loingseoireacht ([2 –3 ] %)

+ dleachtanna custaim (1,1  %)

+ uasmharcáil ([18 –22 ] %)

(154)

Dá bhrí sin, léirigh an Coimisiún na hathruithe thuas sna ríomhanna ar ghlanluach láithreach a sholáthair an Ungáir agus Samsung SDI, agus gach eilimint eile den ghlanluach láithreach nár chuir an Coimisiún aon amhras in iúl ina leith á coimeád mar atá. Go sonrach, déanann an Coimisiún na toimhdí costais a chuir an Ungáir isteach sna ríomhanna tosaigh ar ghlanluach láithreach a choinneáil ar bun a mhéid a bhaineann leis na costais a ghabhann le hinnealra agus trealamh a fhoinsiú sa Chóiré Theas (mar a mhínítear in aithrisí (43) den chinneadh tosaigh agus mar a thaifeadtar in aithris (69) thuas), i.e. glacann sé leis, cé is moite de na costais bhreise a ndéantar achoimre orthu i dTábla 1, go raibh costais innealra agus trealaimh beagnach mar an gcéanna sa Chóiré Theas agus san Ungáir). De thoradh na n-athruithe dá dtagraítear sna haithrisí roimhe seo, laghdaítear an bhearna glanluacha láithrigh idir an dá shuíomh ó EUR 173 mhilliún go EUR 89,6 milliún (i luachanna láithreacha).

5.3.1.2.3.   Tacaíocht phoiblí don suíomh malartach sa tSín

5.3.1.2.3.1.   Deontas infheistíochta féideartha sa tSín

(155)

Ina fógra, dheimhnigh an Ungáir nach ndearna údaráis na Síne aon tairiscint deontais go foirmiúil i ndáil le hinfheistíocht in Xi’an (aithris (13) den chinneadh maidir le síneadh). Mar fhreagra ar an gcinneadh tosaigh, áfach, dhealaigh an Ungáir í féin ó na ráitis a bhí san fhógra, á dhearbhú go raibh mórearráidí, míthuiscintí agus faisnéis earráideach iontu (aithris (14) den chinneadh maidir le síneadh), agus d’áitigh sí go ndearna Samsung SDI Group plé le húdaráis áitiúla na Síne agus nár neamhréalaíoch in aon chor é an seans go ndeonófaí an chabhair sin.

(156)

Sa chinneadh maidir le síneadh, chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir le tairiscint cabhrach a bheith ann ó údaráis áitiúla na Síne le haghaidh an tionscadail atá i gceist (féach aithrisí 48–50 agus 59–61 den chinneadh sin) agus maidir le cé acu ar cuireadh nó nár cuireadh an chabhair sin san áireamh tráth an chinnidh maidir le suíomh (féach aithrisí (51) agus (57) den chinneadh sin).

(157)

Mar fhreagra ar an gcinneadh maidir le síneadh, chuir an Ungáir agus Samsung SDI in aghaidh an dá ábhar imní a chuir an Coimisiún in iúl.

(158)

Mar a luaitear in aithris (113) thuas, tá cás frithfhíorasach inchreidte má tá sé fíor agus má bhaineann sé leis na tosca cinnteoireachta atá forleathan tráth an chinnidh maidir le suíomh. Sa chás seo, gan beann ar cibé acu a sholáthair nó nár sholáthair údaráis áitiúla na Síne tairiscint fóirdheontais le haghaidh na hinfheistíochta in Xi’an, measann an Coimisiún nach dtugann fianaise atá comhaimseartha leis an gcinnteoireacht tacaíocht d’éileamh na hUngáire gur cuireadh tairiscint den sórt sin san áireamh sa phróiseas cinnteoireachta sin tráth a ghlac an tairbhí a chinneadh maidir le suíomh na hinfheistíochta.

(159)

Go deimhin, mar a tugadh faoi deara in aithris (51) den chinneadh maidir le síneadh, chinn an Coimisiún nár luadh an tairiscint deontais cabhrach ón tSín ach i dtuarascáil inmheánach an 21 Meán Fómhair 2017. Thug an Coimisiún dá aire, áfach, nach ndearnadh riamh an tairiscint deontais ó údaráis na Síne a áireamh iarbhír sna comparáidí glanluacha láithrigh idir na cásanna malartacha infheistíochta. Mar sin féin, rinne an Ungáir agus Samsung SDI agóid nach ndéantar an leibhéal cabhrach a d’fhéadfaí a fháil (sa chás seo, ón tSín nó ón Ungáir) a áireamh sna ríomhanna ar ghlanluach láithreach, i bpróiseas cinnteoireachta an tairbhí, ach go gcuirtear é san áireamh i gcéim ina dhiaidh sin.

(160)

Tugann an Coimisiún dá aire nach ndearnadh an fóirdheontas a d’fhéadfaí a fháil ón tSín ná cabhair ón Ungáir a áireamh sna ríomhanna ar ghlanluach láithreach sa chéad chéim chomparáide de phróiseas cinnteoireachta an tairbhí. Is léir sin ó thuarascáil inmheánach an 21 Meán Fómhair 2017: tugann an dá shleamhnán 8 agus 9, a bhaineann le forbhreathnú cainníochtaithe ar shuíomh Xi’an agus suíomh Göd faoi seach, le fios nach n-áirítear san fhorbhreathnú tacaíocht fhéideartha ó údaráis áitiúla na Síne ná ó údaráis na hUngáire. Mar sin féin, is amhlaidh fós, ag na chéad chéimeanna eile de phróiseas cinnteoireachta Samsung SDI (céimeanna 4 agus 5 ar a dtugtar tuairisc in aithrisí (68) agus (69) den chinneadh tosaigh), nach ndearnadh an tairiscint cabhrach mhaíte ó údaráis na Síne a chur san áireamh chun comparáid a dhéanamh idir an dá shuíomh ná sa chinneadh maidir le suíomh deiridh agus nach raibh sí le fáil i ndoiciméid tacaíochta. Dá thoradh sin, níor sholáthair an Ungáir ná Samsung SDI fianaise chun a léiriú gur breithníodh tairiscint den sórt sin ó údaráis na Síne sa chinneadh maidir le suíomh.

(161)

Os a choinne sin, mar a léirítear le doiciméid inmheánacha cuideachta Samsung SDI (63), rinneadh an tairiscint cabhrach ó údaráis na hUngáire a mheas i gcéimeanna 4 agus 5 den phróiseas cinnteoireachta, i.e. cuireadh san áireamh í sa chomparáid deiridh (doiciméad inmheánach ón 26 Deireadh Fómhair 2017) agus cuireadh i láthair í mar phríomhthoisc a thug údar leis an gcinneadh infheistíochta in Göd (an 27 Samhain 2017) (féach aithris (59)).

(162)

Mar chonclúid, measann an Coimisiún nár léirigh an Ungáir ná Samsung SDI gur mheas na cinnteoirí go raibh an tairiscint deontais ó údaráis na Síne, dá mba ann di, ina toisc fhorleathan ná gur cuireadh san áireamh í tráth an chinnidh maidir le suíomh. Dá bhrí sin, ní féidir a mheas gur eilimint inchreidte ná réalaíoch den chás frithfhíorasach í an tairiscint cabhrach ó údaráis áitiúla na Síne.

5.3.1.2.3.2.   Cáin chorparáide 15 % sa tSín in ionad 25 %

(163)

Ina bhfreagraí ar an gcinneadh tosaigh, thug an Ungáir agus Samsung SDI éileamh nua isteach freisin, ar dá réir a thairbheodh Samsung SDI Group de ráta laghdaithe cánach corparáide sa tSín dá mbeadh a infheistíocht lonnaithe in Xi’an, ar bhonn bheartais na Síne maidir le réigiúin Iarthar na Síne, nó bunaithe ar an bhféidearthacht go bhféadfadh Samsung SDI Group tairbhiú de chóras HNTE (64) (aithrisí (24) go (29) agus (58) go (62) den chinneadh maidir le síneadh).

(164)

Sa chinneadh maidir le síneadh, chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir lena inchreidte a bhí laghdú cánach den sórt sin (ós rud é, ar thaobh amháin, gur tarraingíodh tairbhí an laghdaithe sin siar gan choinne ón tionscal ceallraí feithiclí leictreacha sa tSín in 2017 agus, ar an taobh eile, nár cosúil gur chomhlíon Samsung SDI critéir chóras HNTE) agus maidir le cé acu a bhreithnigh nó nár bhreithnigh Samsung SDI an ráta laghdaithe sin i ndáiríre tráth an chinnidh maidir le suíomh.

(165)

Gan beann ar an maíomh go bhféadfadh Samsung SDI Group glacadh leis go hinchreidte go mbeadh ráta laghdaithe cánach corparáide ar fáil dó le haghaidh a infheistíochta in Xi’an, measann an Coimisiún nach dtacaíonn aon fhianaise sa cháschomhad leis an maíomh gur chuir Samsung SDI Group laghdú den sórt sin san áireamh ina chinneadh maidir le suíomh. Mar a tharla i gcás na tairisceana deontais ó údaráis áitiúla na Síne, ag céimeanna deiridh phróiseas cinnteoireachta Samsung SDI Group, níor cuireadh an laghdú maíte ar an ráta cánach corparáide san áireamh sa chomparáid idir an dá shuíomh ná sa chinneadh maidir le suíomh deiridh. Níor sholáthair an Ungáir ná Samsung SDI aon fhianaise chun a léiriú gur breithníodh laghdú den sórt sin sa chinneadh maidir le suíomh.

(166)

Os a choinne sin, léirítear leis na doiciméid inmheánacha a luaitear in aithris (161) go ndearnadh an tairiscint cabhrach ó údaráis na hUngáire a bhreithniú i gcéimeanna 4 agus 5 den phróiseas cinnteoireachta, i.e. gur áiríodh í sa chomparáid deiridh (doiciméad inmheánach ón 26 Deireadh Fómhair 2017) agus gur cuireadh i láthair í mar phríomhthoisc a thug údar leis an gcinneadh infheistíochta in Göd (an 27 Samhain 2017).

(167)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nár léirigh an Ungáir ná Samsung SDI gur mheas na cinnteoirí go raibh an laghdú maíte ar cháin chorparáide, dá mba ann dó, ina thoisc fhorleathan ná gur cuireadh san áireamh é tráth an chinnidh maidir le suíomh. Ní féidir a mheas dá bhrí sin gur gné inchreidte agus réalaíoch den chás frithfhíorasach é an laghdú ar cháin chorparáide.

5.3.1.2.4.   Cineálacha cur chuige scoite agus dóchúlaíocha i leith bearna shochreidte glanluacha láithrigh a ríomh

(168)

Tar éis an cinneadh tosaigh a ghlacadh, chuir Samsung SDI (aithris (34) den chinneadh maidir le síneadh) roinnt cineálacha cur chuige malartacha isteach (cur chuige dóchúlaíoch agus cur chuige scoite, féach aithrisí (79) agus (81) thuas). Leis an gcur chuige scoite féachtar leis an mbearna glanluacha láithrigh idir an dá shuíomh a athríomh i gceithre chás éagsúla (agus ceann amháin nó ceann eile de na bearta tacaíochta maíte ó údaráis na Síne, agus sciartha athbhreithnithe d’fhoinsiú áitiúil i gcás an dá shuíomh, á gcur san áireamh). Mar sin féin, mar a deir Samsung SDI féin (féach aithris (80) thuas), ní thugann an cur chuige sin léiriú cruinn ar an bpróiseas cinnteoireachta as ar tháinig an cinneadh maidir le suíomh. Ina theannta sin, mar a thugtar faoi deara in aithrisí (162) agus (167) thuas, níl aon fhianaise ann gur cuireadh ceachtar de na bearta tacaíochta maíte ó údaráis na Síne san áireamh tráth an chinnidh maidir le suíomh. Thairis sin, níor áiríodh in aon cheann de na ceithre chás éagsúla na heilimintí costais uile a ndearnadh measúnú orthu thuas i roinn 5.3.1.2, rud a dhéanann difear, dar leis an gCoimisiún, dá mhéid is féidir an bhearna glanluacha láithrigh idir an dá shuíomh a chinneadh a bheith inchreidte. Dá bhrí sin, ní féidir leis an gcur chuige sin difear a dhéanamh do chonclúidí an Choimisiúin maidir le héifeacht dreasachta a bheith ag an gcabhair ó údaráis na hUngáire ar chinnteoirí Samsung SDI Group ná le méid na héifeachta sin. A mhéid a bhaineann leis na cineálacha cur chuige dóchúlaíocha, d’fhorbair Samsung SDI iad ar bhonn meastacháin ar an dóchúlacht go dtarlódh teagmhais áirithe (foinsiú áitiúil sa tSín, deontas ó údaráis na Síne, ráta laghdaithe cánach corparáide sa tSín) chun an bhearna glanluacha láithrigh a athríomh. Mar thoradh ar gach ceann de na trí chineál cur chuige dhóchúlaíocha, bhí an bhearna glanluacha láithrigh athríofa cosúil leis an mbearna a chuir an Ungáir isteach ar dtús.

(169)

Thug an Coimisiún dá aire sa chinneadh maidir le síneadh nár sholáthair Samsung SDI aon doiciméad inmheánach comhaimseartha a thacódh leis an maíomh gur measadh an cur chuige dóchúlaíoch sin tráth an chinnidh maidir le suíomh, gan trácht ar luachanna éagsúla tosca dóchúlachta den sórt sin a bheith curtha san áireamh sa phróiseas cinnteoireachta sin.

(170)

Chun a chruthú gur thacaigh doiciméid chomhaimseartha leis an gcur chuige dóchúlaíoch, d’áitigh an Ungáir, ina barúlacha i ndáil leis an gcinneadh maidir le síneadh, go raibh doiciméid chomhaimseartha curtha isteach aici cheana féin chun a léiriú go raibh cinnteoirí Samsung SDI ar an eolas faoin tairiscint fóirdheontais ó údaráis na Síne, agus faoin ráta laghdaithe cánach corparáide a d’fhéadfadh a bheith ar fáil sa tSín. Mar sin féin, ní fhágann feasacht ar na féidearthachtaí sin gur bhreithnigh na cinnteoirí iad iarbhír agus an cinneadh maidir le suíomh á dhéanamh acu, gan trácht ar dhóchúlachtaí sonracha a bheith sannta acu do na heilimintí sin. Thagair an Ungáir freisin do thuarascáil inmheánach an 21 Meán Fómhair 2017. Sa doiciméad sin (ina luaitear critéar maidir le ‘comhsheasmhacht cánach agus beartas’ agus na leibhéil éagsúla deontais a d’fhéadfadh a fháil ó údaráis na Síne), ní chruthaítear, áfach, go raibh an cinneadh infheistíochta a rinneadh an 27 Samhain 2017 bunaithe ar chur chuige dóchúlaíoch. Ina theannta sin, i dtuarascáil inmheánach an 21 Meán Fómhair 2017, ní luaitear aon dóchúlacht i leith aon cheann de na tosca ar ina leith a thugann Samsung SDI agus an Ungáir le fios ex post go gcuirfí an cur chuige dóchúlaíoch i bhfeidhm maidir leo.

(171)

Le linn na gcéimeanna iomadúla d’imscrúdú an Choimisiúin, níor sholáthair an Ungáir ná Samsung SDI fianaise atá comhaimseartha leis an bpróiseas cinnteoireachta gur breithníodh cur chuige dóchúlaíoch den sórt sin tráth an chinnidh maidir le suíomh. Ina ionad sin, dealraíonn sé gur fhorbair Samsung SDI an cur chuige dóchúlaíoch ar dtús ina bharúlacha maidir leis an gcinneadh tosaigh (aithris (78)).

(172)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach raibh an Ungáir in ann a chruthú gur bhreithnigh Samsung SDI cur chuige dóchúlaíoch riamh le linn an phróisis cinnteoireachta maidir le suíomh na hinfheistíochta. Ní féidir a mheas dá bhrí sin gur eilimint inchreidte ná réalaíoch é an cur chuige dóchúlaíoch sin a bheadh curtha san áireamh sa chomparáid idir an dá shuíomh le haghaidh na hinfheistíochta.

5.3.1.2.5.   Conclúid maidir leis an éifeacht dreasachta

(173)

Tagann an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin gur chruthaigh an Ungáir go raibh éifeachtaí dreasachta foirmiúla agus substainteacha ag an mbeart cabhrach. Maidir leis an gceann deireanach sin, áfach, measann an Coimisiún nár léirigh an Ungáir go raibh an toimhde go mbainfí amach ráta foinsithe áitiúil 100 %, i gceachtar de na suíomhanna a breithníodh, ina toimhde inchreidte ná réalaíoch tráth an chinnidh maidir le suíomh. Dar leis an gCoimisiún, ní féidir ach sciar níos ísle d’fhoinsiú áitiúil sa dá chás a mheas a bheith inchreidte agus réalaíoch, i bhfianaise na n-eilimintí a bhí ar fáil do chinnteoirí Samsung SDI Group tráth a roghnaigh siad an suíomh le haghaidh na hinfheistíochta. Tagann an Coimisiún ar an gconclúid freisin nár shuigh an Ungáir gur chuir Samsung SDI Group cabhair ó údaráis na Síne ná an fhéidearthacht go dtairbheodh an infheistíocht de ráta laghdaithe cánach corparáide, fiú dá bhféadfaí a mheas go bhfuil na heilimintí sin inchreidte, san áireamh agus an cinneadh maidir le suíomh á dhéanamh. I bhfianaise na n-eilimintí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go dtabhódh Infheistíocht 2 in Göd míbhuntáiste costais i gcomparáid le hinfheistíocht sa suíomh malartach sa tSín, agus dá bhrí sin gur féidir a mheas gur dreasacht é an beart cabhrach a mhéid nach mbeadh sé brabúsach go leordhóthanach don tairbhí an infheistíocht sin a dhéanamh in Göd in éagmais an bhirt cabhrach. Mar sin féin, ní féidir a mheas go bhfuil éifeacht dreasachta ag an mbeart cabhrach ach a mhéid nach mó an méid cabhrach ná an míbhuntáiste a bhaineann le suíomh Göd i dtéarmaí glanluacha láithrigh, i gcomparáid leis an suíomh frithfhíorasach, agus scrúdú á dhéanamh air sa chomhthéacs ina ndearna an tairbhí an cinneadh maidir le suíomh na hinfheistíochta. Tá suite ag an gCoimisiún nach féidir an bhearna glanluacha láithrigh sin a chainníochtú go hinchreidte ag EUR 173 mhilliún, mar a mhaígh an Ungáir ina fógra, ach go bhfuil an bhearna sin inchreidte suas le EUR 89,6 milliún. Ní bheadh éifeacht dreasachta ag aon chabhair os cionn an mhéid sin don chuid atá níos mó ná an míbhuntáiste costais sin.

5.3.2.   An gá atá le hidirghabháil Stáit

(174)

De réir Roinn 3.3 de RAG, chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil gá le Státchabhair chun an cuspóir leasa choitinn a bhaint amach, is gá an fhadhb a bhfuil aghaidh le tabhairt uirthi a aithint ar dtús. Ba cheart státchabhair a dhíriú ar chásanna inar féidir leis an gcabhair feabhas ábhartha a thabhairt chun cinn nach féidir leis an margadh féin a chur i gcrích.

(175)

Mar a leagtar síos i mír 49 de RAG, meastar go bhfuil údar le hidirghabháil Stáit chun na limistéir a áirítear sa mhapa den chabhair réigiúnach a fhorbairt. I gcomhréir leis an mapa den chabhair réigiúnach don Ungáir le haghaidh na tréimhse 2017–2021 (féach aithris (10)), a bhí i réim tráth a deonaíodh an beart cabhrach (faoi réir fhormheas an Choimisiúin amháin) (aithris (30)), bhí Göd incháilithe do chabhair réigiúnach de bhun Airteagal 107(3), pointe (c) CFAE, rud atá i gcomhréir le Roinn 3.3 de RAG. Dá bhrí sin, seasann an Coimisiún lena mheasúnú gur léirigh an Ungáir go bhfuil gá le hidirghabháil Stáit sa chás seo.

5.3.3.   Oiriúnacht

(176)

Mar a mheabhraítear sa chinneadh tosaigh, de réir mhír 50 de RAG, ní mór an beart cabhrach a dtugtar fógra faoi a bheith ina ionstraim bheartais iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an gcuspóir beartais lena mbaineann. Cuirtear i dtábhacht le RAG nach measfar beart cabhrach a bheith comhoiriúnach má tá ionstraimí beartais eile ar fáil nach bhfuil chomh saobhach céanna nó má tá cineálacha eile ionstraimí cabhrach ar fáil nach bhfuil chomh saobhach céanna. Dá bhrí sin, le Roinn 3.4 de RAG tugtar isteach tástáil oiriúnachta dhá ghné. Faoin gcéad tástáil oiriúnachta, ní mór do na Ballstáit na baic ar fhorbairt réigiúnach agus na míbhuntáistí sonracha atá ag gnólachtaí a oibríonn sa spriocréigiún a shainaithint, agus soiléiriú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfaí spriocdhíriú ar bhaic ar fhorbairt réigiúnach trí bhíthin bearta neamhchabhrach freisin. Faoin dara tástáil oiriúnachta, ní mór don Bhallstát a shonrú, i bhfianaise fhiúntas aonair an cháis, cén fáth arb í an fhoirm roghnaithe den chabhair faoi choinne infheistíocht réigiúnach an ionstraim is fearr chun tionchar a imirt ar an infheistíocht nó ar an gcinneadh áitiúil.

(177)

A mhéid a bhaineann leis an gcéad ghné den tástáil, ghlac an Coimisiún leis sa chinneadh tosaigh gur cineál iomchuí tacaíochta í státchabhair, agus cabhair faoi choinne infheistíocht réigiúnach go háirithe, chun an cuspóir comhtháthaithe a bhaint amach le haghaidh limistéar Göd, ar limistéar é atá incháilithe do chabhair réigiúnach i gcomhréir le hAirteagal 107(3), pointe (c) CFAE. In éagmais aon fhianaise dá mhalairt sa chomhad, tá an cinneadh sin fós bailí.

(178)

A mhéid a bhaineann leis an dara gné den tástáil, ghlac an Coimisiún leis freisin gur iomchuí an ionstraim chabhrach i bprionsabal é deontas díreach chun bearna inmharthanachta a líonadh (féach aithrisí (113) agus (114) den chinneadh tosaigh). Chuir an Coimisiún amhras in iúl, áfach, maidir le fírinne agus méid na bearna inmharthanachta agus maidir leis an rannchuidiú leis an bhforbairt réigiúnach. I bhfianaise chonclúidí an Choimisiúin maidir le fírinne agus méid na bearna inmharthanachta agus maidir le rannchuidiú an bhirt cabhrach leis an bhforbairt réigiúnach, measann an Coimisiún gur ionstraim chabhrach iomchuí sa chás seo é an deontas díreach do Samsung SDI, má tá sé teoranta do mhéid na bearna inmharthanachta dá dtagraítear in aithris (173).

(179)

Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid gur cineál iomchuí tacaíochta é an beart cabhrach faoi choinne infheistíocht réigiúnach a sholáthraítear i bhfoirm deontais dhírigh (suas leis an mbearna inmharthanachta iarbhír) chun cuspóir forbartha réigiúnaí an limistéir lena mbaineann a bhaint amach.

5.3.4.   Comhréireacht an mhéid cabhrach

(180)

De réir Roinn 3.6 de RAG, ní mór cabhair réigiúnach a bheith teoranta don íosmhéid is gá chun infheistíocht bhreise nó gníomhaíocht bhreise a spreagadh sa limistéar lena mbaineann. Dá bhrí sin, ní féidir an measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an mhéid cabhrach go dtí go ndeimhneofar éifeacht dreasachta na cabhrach. An anailís ar chomhréireacht na cabhrach réigiúnaí le haghaidh infheistíocht ar leith, ní mór í a dhéanamh ar dháta an chinnidh infheistíochta, is é sin le rá, sa chomhthéacs ina ndéanann an gnóthas is faighteoir cinneadh maidir le suíomh a thionscadail. (65)

(181)

Tá an measúnú ar chomhréireacht na cabhrach faoi réir tástáil dhúbailte. Ar an gcéad dul síos, mar riail ghinearálta, measfar go bhfuil cabhair aonair a dtugtar fógra fúithi teoranta don íosmhéid, má chomhfhreagraíonn an méid cabhrach do ghlanchostais bhreise chur chun feidhme na hinfheistíochta sa limistéar lena mbaineann, i gcomparáid leis an gcás frithfhíorasach in éagmais cabhrach. De bhun mhír 80 de RAG, i gcásanna de chineál chás 2, níor cheart an méid cabhrach a bheith níos mó ná an difríocht idir glanluach láithreach na hinfheistíochta sa suíomh malartach agus an glanluach láithreach sa sprioclimistéar, agus na costais agus na tairbhí ábhartha uile á gcur san áireamh. Ar an dara dul síos, níor cheart cabhair chun an difríocht glanluacha láithrigh a chúiteamh a bheith níos mó ná an t-uasmhéid cabhrach a d’fhéadfaí a dheonú de réir na huasteorann cabhrach réigiúnaí is infheidhme maidir leis an spriocréigiún le haghaidh tionscadal infheistíochta den mhéid atá i gceist (agus na rialacha maidir le laghdú a leagtar síos i mír 86 agus i mír 20(c) de RAG á gcur san áireamh).

(182)

Ar an gcéad dul síos, ina chinneadh tosaigh, chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir le comhréireacht na cabhrach, i bhfianaise an amhrais maidir le ríomhanna na bearna inmharthanachta a chuir an Ungáir i láthair ina fógra. Go deimhin, chaith an Coimisiún amhras ar inchreidteacht na faisnéise a chuir an Ungáir isteach agus ba é a réamh–mheas nár réalaíoch an bhearna glanluacha láithrigh idir an dá shuíomh infheistíochta mhalartacha (féach aithris (148) den chinneadh tosaigh).

(183)

Sa chinneadh maidir le síneadh, chuir an Coimisiún tuilleadh amhrais in iúl maidir le fírinne agus inchreidteacht ríomh na bearna glanluacha láithrigh a chuir an Ungáir i láthair.

(184)

Agus measúnú á dhéanamh ar an éifeacht dreasachta (roinn 5.3.1.2.5 thuas), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil an bhearna glanluacha láithrigh mar a thug an Ungáir fógra fúithi bunaithe ar fhaisnéis inchreidte agus nach cosúil go bhfuil sí réalaíoch. Ar na cúiseanna a mhionsonraítear sa roinn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach dtabhódh infheistíocht in Göd míbhuntáiste costais i gcomparáid le hinfheistíocht EUR 173 mhilliún sa suíomh malartach sa tSín, mar a mhaígh an Ungáir ina fógra, ach gurb é EUR 89,6 milliún an míbhuntáiste costais a thabhófaí. I ndáil leis sin, tá an méid cabhrach EUR 108 milliún a dtugtar fógra faoi díréireach. Dá bhrí sin, chun leanúint de bheith comhréireach leis an mbearna glanluacha láithrigh, ní bheidh an méid cabhrach níos mó ná EUR 89.6 milliún.

(185)

Ar an dara dul síos, maidir leis an gceanglas i ndáil le déine cabhrach, mheabhraigh an Coimisiún ina chinneadh tosaigh gurb é 35 % an uasteorainn cabhrach réigiúnaí is infheidhme i limistéar Göd. Mheabhraigh sé freisin nach mór an uasdéine cabhrach do thionscadail mhóra infheistíochta a laghdú agus úsáid á baint as an sásra a leagtar amach i mír 20(c) de RAG, ar ar a bhonn a shroicheann an uasdéine cabhrach incheadaithe coibhéis deontais chomhláin 13,11 % le haghaidh an bhirt cabhrach. Ar an mbonn sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid gur do dhéine cabhrach 9,11 % a chomhfhreagraíonn an chabhair EUR 108 milliún ar tugadh fógra fúithi, i gcomparáid leis an gcaiteachas incháilithe iomlán beartaithe de thart ar HUF 376,540 billiún (thart ar EUR 1 187 milliún) i luach láithreach don bheart cabhrach, méid nach raibh níos airde, dá bhrí sin, ná na huasteorainneacha cabhrach réigiúnaí a ceartaíodh leis an sásra um laghdú. Ós rud é gur tháinig méadú ar an gcaiteachas incháilithe iomlán beartaithe i gcomparáid leis na figiúirí ar tugadh fógra fúthu, agus go ndéantar an méid cabhrach a mheastar a bheith comhoiriúnach sa Chinneadh seo a laghdú go EUR 89,6 milliún, tá an déine cabhrach a leanann as sin níos ísle ná 9,11 % agus fós faoi bhun na n-uasteorainneacha cabhrach réigiúnaí dá réir.

(186)

Ar deireadh, tá conclúid an Choimisiúin maidir le comhlíonadh na gcritéar i ndáil le hincháilitheacht costas a leagtar síos in RAG, mar a thaifeadtar in aithrisí (155) agus (156) den chinneadh tosaigh (66), fós bailí.

(187)

Bunaithe ar a bhfuil thuas, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil an beart cabhrach comhréireach, sa mhéid nach mó é ná an bhearna glanluacha láithrigh EUR 89,6 milliún arna leagan síos ag an gCoimisiún agus sa mhéid sin amháin.

5.3.5.   Éifeachtaí diúltacha follasacha míchuí ar an iomaíocht agus ar an trádáil a sheachaint

(188)

Rinne an Coimisiún anailís bhreise ar cibé acu atá nó nach bhfuil éifeachtaí diúltacha follasacha míchuí ag an gcabhair ar an iomaíocht agus ar an trádáil.

(189)

Liostaítear i Roinn 3.7.2 de RAG sraith cásanna inar follasach gur mó na héifeachtaí diúltacha ar an trádáil agus/nó ar an iomaíocht ná aon éifeacht dhearfach a bheadh ag beart cabhrach réigiúnaí.

5.3.5.1.   Gan aon éifeacht dhiúltach fhollasach ar an trádáil: Ní sháraítear an uasteorainn déine cabhrach choigeartaithe

(190)

De réir mhír 119 de RAG, bheadh éifeacht dhiúltach fhollasach ann i gcás inar mó an méid cabhrach atá beartaithe, i gcomparáid leis an gcaiteachas infheistíochta (caighdeánaithe) incháilithe, ná an uasteorainn déine cabhrach choigeartaithe a bhfuil feidhm aici maidir le tionscadal de mhéid áirithe.

(191)

Sa chinneadh tosaigh, thug an Coimisiún dá aire gur bunaíodh na costais incháilithe i gcomhréir le RAG (aithris (153) den chinneadh tosaigh). In éagmais aon fhianaise dá mhalairt, tá an chonclúid sin fós bailí. Chinn an Coimisiún freisin nár sáraíodh na huasteorainneacha cabhrach (aithris (157) den chinneadh tosaigh). Mar a luaitear in aithris (185) thuas, tá an chonclúid sin fós bailí a fortiori agus costais incháilithe níos airde agus méid cabhrach arna shocrú ag EUR 89,6 milliún ann, ar leibhéal é atá níos ísle ná an méid ar tugadh fógra faoi.

5.3.5.2.   Gan aon éifeacht dhiúltach fhollasach ar an iomaíocht: Ní chruthaíonn an chabhair ró-acmhainneacht i margadh a bhfuil dearbhmheath air

(192)

De réir mhír 120 de RAG, tagann éifeacht dhiúltach fhollasach chun cinn freisin i gcás ina gcruthaíonn cabhair infheistíochta acmhainneacht i margadh a bhfuil dearbhmheath air, ós dócha go mbrúfaidh an chabhair sin iomaitheoirí amach, nó go gcuirfidh sé cosc ar ghnólachtaí ar chostas íseal dul isteach, agus tá an baol ann go lagófaí dreasachtaí d’iomaitheoirí chun nuáil a dhéanamh. Is é an toradh a bheadh air sin go mbeadh struchtúir mhargaidh neamhéifeachtúla ann, a dhéanfadh díobháil freisin do thomhaltóirí san fhadtéarma.

(193)

I bhfianaise coinne a bheith le margadh méadaitheach le haghaidh cealla ceallraí (chomh maith le modúil ceallraí agus pacáistí ceallraí), ar leibhéal LEE agus ar an leibhéal domhanda araon, go háirithe agus fianaise arna soláthar ag an Ungáir (aithris (172) den chinneadh tosaigh) ag tacú leis sin, measann an Coimisiún, gan beann ar an táirge beacht ná ar an sainiú margaidh gheografaigh, nach dócha go mbeidh mar thoradh ar an mbeart cabhrach ró-acmhainneacht i margadh atá ag meath. Ina theannta sin, in aon chás, ós rud é go bhfreastalódh an tsaoráid táirgthe sin ar na cliaint chéanna sna limistéir gheografacha chéanna (féach aithris (88)) gan beann ar shuíomh an ghléasra (Göd nó Xi’an), níl an chabhair ina cúis leis an soláthar méadaithe sa mhargadh (gan beann ar an sainiú geografach nó ar an sainiú táirge). I gcomhréir lena chonclúid sa chinneadh tosaigh, measann an Coimisiún dá bhrí sin go gcomhlíonann an beart cabhrach mír 120 de RAG.

5.3.5.3.   Gan aon éifeacht dhiúltach fhollasach ar an trádáil: Gan aon éifeacht fhrith-chomhtháthaithe

(194)

Le mír 121 de RAG, cuirtear toirmeasc ar réigiún LEE a bhfuil inmharthanacht thionscadalsonrach níos ísle aige rannpháirt a ghlacadh i ‘rásaí fóirdheontais’ chun aimhleasa réigiún atá chomh lag céanna leis nó níos measa as ná é. (67)

(195)

Cé nár chuir sé aon amhras maidir leis sin in iúl ar dtús sa chinneadh tosaigh, níor chuir an Coimisiún an riosca go dtarlódh éifeachtaí frith-chomhtháthaithe as an áireamh sa chinneadh maidir le síneadh, bunaithe ar fhianaise nua a chuir an Ungáir agus Samsung SDI isteach (féach aithris (72) den chinneadh sin). Go deimhin, cé nár thagair an Ungáir ach do shuíomh malartach amháin lasmuigh de LEE (an tSín) ag an gcéim thosaigh den imscrúdú, ba léir ón bhfianaise nua sin go ndearna Samsung SDI Group suíomhanna féideartha eile in LEE (an Pholainn, an tSlóvaic agus Poblacht na Seice) a mheas freisin mar shuíomhanna féideartha le haghaidh na hinfheistíochta. In aithris (68) den chinneadh maidir le síneadh, cé gur ghlac an Coimisiún leis go raibh láithreáin úrnua Phoblacht na Seice agus na Slóvaice eisiata ag Samsung SDI Group ag céim níos luaithe den phróiseas roghnúcháin, ní fhéadfadh an Coimisiún a chur as an áireamh go bhféadfadh éifeacht fhrith-chomhtháthaithe a bheith ag cabhair don suíomh Ungárach in Göd, atá incháilithe do chabhair réigiúnach de bhun Airteagal 107(3), pointe (c) CFAE, trí infheistíocht a mhealladh ó réigiún beagfhorbartha sa Pholainn, atá incháilithe do chabhair réigiúnach de bhun Airteagal 107(3), pointe (a) CFAE.

(196)

Bunaithe ar na hargóintí a sholáthair an Ungáir agus Samsung SDI mar fhreagra ar an gcinneadh maidir le síneadh agus ar an bhfianaise sa chomhad, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go ndearnadh an suíomh malartach féideartha sa Pholainn a eisiamh ó liosta na suíomhanna féideartha luath go leor i bpróiseas roghnúcháin Samsung SDI Group. Mar a léirítear sa chinneadh maidir le síneadh (aithris (69)), is léir nach ndearnadh measúnú ar an suíomh Polannach faoin gcéad chéim eile den phróiseas roghnúcháin (‘anailís mhionsonraithe ar na hiarrthóirí deiridh’) lena gcuimsítear ionsamhlú brabúis agus caillteanais, ionsamhlú amlíne agus seans a leathnaithe. Ní dhearnadh ach réamh-mheasúnú cainníochtúil agus cáilíochtúil ar an suíomh Polannach, mar an gcéanna le suíomhanna malartacha eile. Rangaíodh an suíomh Polannach i bhfad faoi bhun suíomhanna eile ar an taobh cainníochtúil. Ón doiciméad dár thagair an Coimisiún ina chinneadh maidir le síneadh, is cosúil nár roghnaíodh ach láithreáin athfhorbraíochta, agus gur cuireadh láithreáin úrnua amhail an suíomh Polannach as an áireamh (go háirithe agus oibreacha foirgníochta i bhfad níos faide a bheith mar thoradh orthu). Dá bhrí sin, mar is léir ó thuarascáil inmheánach an 21 Meán Fómhair 2017), ní dhearnadh ach dhá láithreán a mheas go dáiríre agus go mion le haghaidh na chéad chéime eile, is iad sin an suíomh sprice in Göd agus an suíomh Síneach in Xi’an.

(197)

I bhfianaise an mhéid sin, measann an Coimisiún, murab ionann agus na dearbhuithe a rinne sé sa chinneadh maidir le síneadh, nach dócha go mbeidh éifeacht fhrith-chomhtháthaithe ag an gcabhair.

5.3.5.4.   Gan aon éifeacht dhiúltach fhollasach ar an trádáil: Deireadh a chur le gníomhaíochtaí in áiteanna eile — athlonnú féideartha ón Ostair

(198)

De bhun mhír 122 de RAG, i gcás ina mbeidh pleananna coincréiteacha ag an tairbhí an ghníomhaíocht chéanna nó gníomhaíocht chomhchosúil i limistéar eile in LEE a dhúnadh, nó i gcás ina ndúnfaidh sé iarbhír í, agus ina n-athlonnóidh sé an ghníomhaíocht sin chuig an sprioclimistéar, má bhíonn nasc cúisíoch idir an chabhair agus an t-athlonnú, beidh éifeacht dhiúltach aige sin nach dócha go gcúiteoidh aon eilimint dhearfach í.

(199)

Dhearbhaigh an Ungáir agus tairbhí na cabhrach (féach aithris (33) den chinneadh tosaigh) nár dhún an tairbhí, ar leibhéal an ghrúpa, an ghníomhaíocht chéanna nó gníomhaíocht chomhchosúil in LEE sa 2 bhliain roimh an iarratas ar chabhair, agus nach raibh aon phlean coincréiteach aige é sin a dhéanamh laistigh de 2 bhliain tar éis dó an infheistíocht a thabhairt i gcrích.

(200)

Mar sin féin, chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir leis sin i bhfianaise tuarascálacha preasa a thug le fios go raibh Samsung SDI Group ag atheagrú a chuid gníomhaíochtaí san Aontas Eorpach (aithris (179) den chinneadh tosaigh). Mar thoradh ar atheagrú den sórt sin, d’fhéadfaí gníomhaíochtaí táirgthe pacáistí ceallraí fhochuideachta Samsung SDI Group, atá lonnaithe san Ostair, a athlonnú go dtí an Ungáir, agus 100 post san fhochuideachta Ostarach a chailleadh.

(201)

Níorbh fhéidir leis an gCoimisiún a chur as an áireamh nach raibh an chabhair le haghaidh infheistíocht a dhéanamh i dtáirgeadh ceall ceallraí feithiclí leictreacha in Göd ina cúis, go hindíreach ar a laghad, leis an ngníomhaíocht chéanna nó le gníomhaíocht chomhchosúil a dhúnadh nó a athlonnú laistigh de LEE.

(202)

Bunaithe ar aighneachtaí breise ón Ungáir agus ó Samsung SDI agus ar an bhfianaise sa chomhad (aithris (90)), tugann an Coimisiún dá aire nár dúnadh an suíomh Ostarach de réir bhrí RAG. Chun cáiliú mar dhúnadh síos chun críoch mhír 122 de RAG, ní mór an ghníomhaíocht a bheith dúnta go hiomlán nó go páirteach agus líon mór post caillte dá dheasca, i.e. caillteanas 100 post ar a laghad nó laghdú 50 % ar a laghad ar an lucht saothair sa bhunaíocht ar dháta an iarratais (i gcomparáid leis an meánleibhéal fostaíochta sa bhunaíocht i gceachtar den 2 bhliain roimh dháta an iarratais (an ‘tréimhse thagartha’) (68). Sholáthair an Ungáir fianaise nár comhlíonadh na coinníollacha sin sa chás seo. Mar thoradh ar an gcaillteanas sceidealaithe de 140 fostaí a bhfuil leibhéal oideachais ísle acu faoi 2021, a chúiteofaí go páirteach le méadú ar an líon oibrithe a bhfuil ardleibhéal oideachais acu, bhí coinne leis go laghdófaí an líon iomlán fostaithe go dtí líon idir 397 agus 417, atá le cur i gcomparáid leis an meánleibhéal fostaíochta 401–470 sa tréimhse tagartha (idir mí Dheireadh Fómhair 2015 agus mí Mheán Fómhair 2017). Dá réir sin, chaillfí níos lú ná 100 post. Ina theannta sin, i bhfianaise an lucht saothair iomláin 401–470 le linn na tréimhse tagartha, bheadh an laghdú (comhlán) 140 fostaí ar an lucht saothair faoi bhun na tairsí 50 %.

(203)

Ina theannta sin, mhínigh an Ungáir nach ndearnadh aon athlonnú ón Ostair go dtí an Ungáir, ós rud é go bhfuil na cealla ceallraí a tháirgtear in Göd éagsúil ó thaobh na teicneolaíochta de leis na cealla a tháirgtear sa ghléasra Ostarach (féach aithris (90)).

(204)

Thairis sin, sholáthair an Ungáir doiciméid inmheánacha chuideachta lena léirítear go raibh an laghdú ar ghníomhaíochtaí i ngléasra Ostarach Samsung SDI ina chuid d’atreorú na bunaíochta sin (ó phacáistí ceallraí a tháirgeadh go gníomhaíochtaí taighde & forbartha agus gníomhaíochtaí tástála agus rialaithe cáilíochta a dhéanamh) tar éis cinneadh a rinne na custaiméirí (monaróirí áirithe gluaisteán) (ní Samsung SDI) a léiríonn easpa suime sna táirgí a tháirgtear sa ghléasra Ostarach. Dá thoradh sin, glacann an Coimisiún leis nach féidir nasc cúisíoch a bhunú idir Infheistíocht 2 agus atheagrú ghléasra Ostarach Samsung SDI Group.

(205)

I bhfianaise na n-eilimintí sin, ní raibh an Coimisiún in ann a shuí go mbeadh an beart cabhrach ina chúis le haon dúnadh nó athlonnú laistigh de LEE.

5.3.5.5.   Conclúid maidir le héifeachtaí diúltacha follasacha ar an iomaíocht agus ar an trádáil a sheachaint

(206)

I bhfianaise an mhéid thuas, tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil aon éifeacht dhiúltach fhollasach ag an gcabhair ar an iomaíocht ná ar an trádáil de réir bhrí Roinn 3.7.2 de RAG.

5.3.6.   Gan aon éifeacht dhiúltach mhíchuí eile

(207)

Cé is moite de roinn 3.7.2 de RAG, sainaithnítear i míreanna 114 agus 115 agus 132 de RAG éifeachtaí diúltacha míchuí ar an iomaíocht atá le cur san áireamh sa tástáil cothromúcháin atá fágtha má dhéantar an infheistíocht i gcomhthéacs chás 2 in dhá mhargadh gheografacha ar leith. Baineann na héifeachtaí sin le staid mhargaidh cheannasach a chruthú nó a threisiú nó le ró-acmhainneachtaí a chruthú nó a threisiú i margadh tearcfheidhmíochta (fiú mura bhfuil dearbhmheath ar an margadh sin).

(208)

Ar an gcéad dul síos, bheadh na méideanna céanna ceall ceallraí á seachadadh chuig LEE agus chuig an margadh domhanda mar thoradh ar an infheistíocht, bíodh an chabhair ann nó ná bíodh (ós rud é go bhfuil na margaí cinn scríbe a bhfuil coinne leo mar an gcéanna gan beann ar an ngléasra a bheith lonnaithe in Xi’an nó in Göd, féach aithris (88)) sa chaoi nach bhfuil an chabhair ina cúis leis na héifeachtaí diúltacha míchuí sin agus nach gá na tástálacha breise sin a dhéanamh.

(209)

In aon chás, ní chruthóidh ná ní threiseoidh an chabhair staid mhargaidh cheannasach toisc go raibh coinne leis go dtiocfadh méadú ar sciartha Samsung SDI den mhargadh (agus an infheistíocht atá i gceist á cur san áireamh) ó [7–10] % in 2019 go [20–25] % in 2023 ar an leibhéal Eorpach agus ó [7–10] % in 2019 go [10–13,5] % in 2023 ar an leibhéal domhanda (féach aithris (25)). Ná ní chruthóidh an chabhair ró-acmhainneachtaí i margadh tearcfheidhmíochta óir tá méadú ag teacht ar an margadh – ar fud an domhain agus ar leibhéal LEE (féach aithris (172) den chinneadh tosaigh).

5.3.7.   Éifeachtaí dearfacha agus diúltacha na cabhrach a chothromú

(210)

Trí spreagadh a thabhairt chun an infheistíocht a dhéanamh i limistéar fóirithinte, rannchuidíonn an chabhair le forbairt réigiúnach Göd, rud a thugann le fios go mbeidh sraith éifeachtaí dearfacha ann le haghaidh an réigiúin sin (féach roinn 5.3.1.1). Thairis sin, léirítear leis an measúnú a leagtar amach sna ranna roimhe seo go bhfuil gá le hidirghabháil Stáit, go bhfuil an chabhair iomchuí agus go bhfuil éifeacht dreasachta ag an gcabhair, fad nach mó í ná an bhearna glanluacha láithrigh a chomhfhreagraíonn do mhéid EUR 89,6 milliún. Tagann an Coimisiún ar an gconclúid freisin go bhfuil idirghabháil Stáit comhréireach, a mhéid a bheidh sí teoranta i gcónaí don bhearna shainaitheanta glanluacha láithrigh sin. Léiríodh leis an measúnú freisin, d’ainneoin an amhrais a cuireadh in iúl ar dtús, nach bhfuil aon éifeacht dhiúltach fhollasach ag an gcabhair ar an iomaíocht ná ar an trádáil. Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le héifeachtaí diúltacha eile ar an iomaíocht agus ar an trádáil, ní chruthóidh ná ní threiseoidh an chabhair staid mhargaidh cheannasach ná ró-acmhainneachtaí i margadh tearcfheidhmíochta.

(211)

Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid gur mó éifeachtaí dearfacha na cabhrach ar an bhforbairt réigiúnach, a mhéid nach mó í ná EUR 89,6 milliún, ná aon éifeacht dhiúltach.

5.3.8.   Trédhearcacht

(212)

I gcomhréir le mír II.2 den Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Trédhearcacht (69), ní mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfoilseofar ar shuíomh gréasáin cuimsitheach státchabhrach, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, téacs iomlán na scéime cabhrach formheasta nó an chinnidh aonair deontais cabhrach agus a fhorálacha cur chun feidhme, nó nasc leis; céannacht an údaráis nó na n-údarás deonúcháin; céannacht na dtairbhithe aonair, foirm agus méid na cabhrach a dheonaítear do gach tairbhí, dáta an deonaithe, an cineál gnóthais (FBM/cuideachta mhór), an réigiún ina bhfuil an tairbhí lonnaithe (ar leibhéal II d’aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS)) agus an phríomhearnáil eacnamaíoch ina ndéanann an tairbhí a ghníomhaíochtaí (ar leibhéal ghrúpa NACE (ainmníocht gníomhaíochtaí eacnamaíocha)). Ní mór faisnéis den sórt sin a fhoilsiú tar éis an cinneadh chun an chabhair a dheonú a bheith déanta, ní mór í a choimeád ar feadh 10 mbliana ar a laghad agus a bheith ar fáil don phobal i gcoitinne gan srianta.

(213)

Tugann an Coimisiún dá aire gur dheimhnigh an Ungáir go n-urramófar gach ceanglas maidir le trédhearcacht a leagtar amach i mír II.2 den Teachtaireacht maidir le Trédhearcacht (féach aithris (187) den chinneadh tosaigh).

5.3.9.   Gan aon sárú ábhartha ar dhlí an Aontais

(214)

Ní de thoradh an fhógra go bhféadfadh sárú ar aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais a bheith i gceist leis an gcabhair nó leis na coinníollacha a ghabhann léi, nó leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascaítear leis an gcabhair. (70) Go sonrach, níor sheol an Coimisiún tuairim réasúnaithe chuig an Ungáir maidir le sárú féideartha ar dhlí an Aontais a mbeadh baint aige leis an gcás seo. Thairis sin, ní bhfuair an Coimisiún aon ghearán ná aon fhaisnéis a d’fhéadfadh a thabhairt le fios go bhféadfadh an chabhair, na coinníollacha a ghabhann léi nó na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascaítear léi a bheith contrártha d’fhorálacha ábhartha dhlí an Aontais.

5.3.10.   Conclúid maidir le comhoiriúnacht an bhirt cabhrach

(215)

Tagann an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin go bhfuil an beart cabhrach, a mhéid a bheidh sé teoranta i gcónaí d’uasmhéid EUR 89,6 milliún, comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 107(3), pointe (c) CFAE.

6.   Conclúid

(216)

Rinne an Coimisiún an cinneadh dá réir sin go bhfuil an beart cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 107(3), pointe (c) CFAE a mhéid nach mó a mhéid ná EUR 89,6 milliún. An chabhair de bhreis ar an méid sin ar tugadh fógra fúithi, suas le EUR 108 milliún, tá sí neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An státchabhair atá beartaithe ag an Ungáir a chur chun feidhme i bhfabhar Samsung SDI Magyarország Zrt, arb é atá inti EUR 108 milliún (i luachanna láithreacha), tá sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach suas le méid cabhrach EUR 89,6 milliún (i luachanna láithreacha) de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus tá an méid di atá fágtha neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

Dá réir sin, údaraítear suas le EUR 89,6 milliún (i luachanna láithreacha) chun an chabhair a chur chun feidhme. Ní chuirfear chun feidhme an méid atá fágtha den chabhair a bhí beartaithe.

Airteagal 2

Laistigh de 2 mhí tar éis fógra a fháil faoin gCinneadh seo, cuirfidh an Ungáir an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta arna nglacadh chun an Cinneadh seo a chomhlíonadh.

Airteagal 3

Is chuig an Ungáir a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Margrethe VESTAGER

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin


(1)   IO C 112, 3.4.2020, lch. 12.

(2)  Féach fonóta 1.

(3)  C(2021)4454 final, arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin an 17 Eanáir 2022.

(4)  Státchabhair SA.48556 (2019/C) (ex 2018/N) — Cabhair faoi choinne infheistíocht réigiúnach do Samsung SDI — Cuireadh chun barúlacha a chur isteach de bhun Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 82, 18.2.2022, lch. 21).

(5)  SA.46346 (2016/N) (IO C 4, 6.1.2017, lch. 1). Cuireadh síneadh le formheas an Choimisiúin don mhapa sin go dtí deireadh 2021 le Cinneadh ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020 i gcás SA.58164 (2020/N) — Mapa den chabhair réigiúnach don Ungáir don tréimhse 1.1.2021–31.12.2021 a fhadú (IO C 430, 11.12.2020, lch. 1).

(6)  Informations confidentielles.

(7)  Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (IO C 249, 31.7.2014, lch. 1).

(8)  An 12 Eanáir 2023, chuir an Ungáir an Coimisiún ar an eolas gur sháraigh Samsung SDI a spriocanna tosaigh in 2022, agus acmhainneacht táirgeachta de thart ar [6–9] milliún ceall ceallraí in aghaidh na míosa aige (atá coibhéiseach le [18–21] GWh in aghaidh na bliana).

(9)  An 12 Eanáir 2023, chuir an Ungáir an Coimisiún ar an eolas go raibh [69,5–95] % de tháirgeacht an dara gléasra in Göd (an infheistíocht atá i gceist) ag freastal ar mhargadh LEE in 2022 (céatadán níos airde ná a raibh coinne leis).

(10)  Go ginearálta, is éard is modúl ann cealla iomadúla atá nasctha i sraith agus/nó i gcomhthreo, agus iad cásáilte i struchtúr meicniúil. Déantar pacáiste ceallraí a chóimeáil trí mhodúil iomadúla a nascadh le chéile i sraith nó i gcomhthreo in éineacht le braiteoirí agus rialaitheoirí, lena n-áirítear córais bainistithe ceallra agus córais bainistíochta teirmí, agus ansin é a chásáil i bhfeireadh, mar tháirge ceallra deiridh a dheartar go sonrach le haghaidh gach samhla feithicle.

(11)  Sa chéad chéim d’Infheistíocht 2, tháirg Samsung SDI cealla priosmacha i gcannaí móra miotail a bhfuil […] leictreoid acu, atá comhchosúil leis na cealla a tháirgtear trí Infheistíocht 1, ar infheistíocht neamhchuidithe í. Mar sin féin, thiocfadh feabhas mór ar fheidhmíocht i dtéarmaí raon tiomána, luas luchtaithe agus costas in aghaidh kWh mar thoradh ar athruithe ar chéimeanna an phróisis táirgthe agus ar ábhair leictreoidí chéim 1.

Sa dara céim d’Infheistíocht 2, chuir Samsung SDI nuálaíocht mhór chun feidhme sa chur chuige i leith struchtúr cille ceallra priosmaí i gcannaí miotail mórfhormáide (i.e. leictreoidí a chruachadh in ionad iad a thochras) ar dá toradh sin, agus de thoradh tuilleadh athruithe ar chéimeanna próisis agus ábhair ionchuir, bheadh tuilleadh feabhsuithe ar fheidhmíocht na gceall ceallraí.

(12)  Is straitéis cosanta do mhaoin intleachtúil é úsáid an bhosca dhuibh, lena gcuirtear cosc ar nochtadh rúin gnó trí rochtain ar an bhfaisnéis iomlán maidir leis an nuálaíocht fhéideartha a theorannú do líon beag fostaithe iontaofa. Ní chomhdaítear aon iarratas ar phaitinn toisc gur dóigh go nochtfaidh foilsiú ábhar an aireagáin atá le paitinniú cineál an aireagáin do na hiomaitheoirí; thairis sin, tá sé an-deacair sáruithe ar chearta paitinne maidir le nuálaíochtaí próisis a chruthú toisc go n-éilíonn sé sin rochtain ar línte táirgeachta na n-iomaitheoirí. Ciallaíonn úsáid an bhosca dhuibh sa chleachtas gur gá bearta slándála sonracha a chur i bhfeidhm, amhail toirmeasc a chur ar aon taifeadadh laistigh de na saoráidí monaraíochta, comharthaí fóin póca a bhlocáil laistigh de na saoráidí táirgthe, rialacha diana maidir le dul isteach agus amach a fhorfheidhmiú, etc.

(13)   IO C 209, 23.7.2013, lch. 1.

(14)  Tugtar na figiúirí arna sloinneadh in EUR sa chinneadh seo ar bhonn ráta malairte EUR 1 = HUF 317,19, is infheidhme an 16 Bealtaine 2018, arb é an dáta a tugadh fógra don Choimisiún faoin mbeart cabhrach.

(15)  Ríomhtar na luachanna láithreacha sa chinneadh seo ar bhonn ráta lascainithe 1,09 % is infheidhme tráth an fhógra. Déantar luachanna láithreacha a lascainiú go dtí an bhliain 2018, arb í bliain an fhógra í.

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

(17)  Ciallaíonn an méid cabhrach coigeartaithe an t-uasmhéid cabhrach is incheadaithe le haghaidh tionscadal mórinfheistíochta, arna ríomh de réir na foirmle seo a leanas: uasmhéid cabhrach = R x (50 + 0,50 x B + 0,34 x C), i gcás inarb é R an uasdéine cabhrach is infheidhme sa limistéar lena mbaineann, gan an déine mhéadaithe cabhrach d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a áireamh, inarb é B an chuid de na costais incháilithe idir EUR 50 milliún agus EUR 100 milliún agus inarb é C an chuid de na costais incháilithe os cionn EUR 100 milliún.

(18)  De réir na hUngáire, a thagair don ‘Treochlár maidir le Brainse Corparáideach Nua a Bhunú’, ar le Samsung SDI Group é (mí Iúil 2015), bhí an beartas foinsithe áitiúil ina cheangal ar an tairbhí an trealamh agus an t-innealra agus na hionchuir eile is gá le haghaidh na hinfheistíochta a cheannach ó fhoinsí áitiúla.

(19)  Bunaíodh Samsung SDI-ARN Power Battery Co. Ltd (SAPB) in 2014 agus is comhfhiontar trí pháirtí é de chuid Samsung SDI Group, Anging Ring New Group (ar soláthróir páirteanna mótarfheithiclí Síneach é) agus Xi’an Gaoke Group (ar cuideachta Shíneach faoi úinéireacht Stáit í). Tá gnáthscair 50 % sa chomhfhiontar ag Samsung SDI Group.

(20)  Rinneadh gléasra ceall ceallraí Samsung SDI Group in Ulsan (an Chóiré Theas) a eisiamh mar shuíomh infheistíochta malartach go luath sa phróiseas cinnteoireachta mar gheall ar a chostais arda saothair i gcomparáid leo siúd san Ungáir nó sa tSín.

(21)  Barúlacha Samsung SDI maidir leis an gcinneadh tosaigh, mír 43 (‘[…]’).

(22)  Barúlacha na hUngáire maidir leis an gcinneadh tosaigh, míreanna 31 agus 122.

(23)  Chuathas i dteagmháil le soláthróir LEE eile in 2019 agus roghnaíodh é ní ba dhéanaí chun trealamh a sholáthar.

(24)  […].

(25)  […].

(26)  Ó tharla go bhfuil saoráid monaraíochta ceallraí feithiclí leictreacha aige cheana féin in Xi’an (a tógadh in 2015 chun ceallraí feithiclí leictreacha a tháirgeadh).

(27)  Dár thagair an Coimisiún in aithrisí (53) go (57) den chinneadh maidir le síneadh.

(28)  An tAontas Eorpach/[…].

(29)  Féach aithrisí (50) agus (131) den chinneadh tosaigh ([…]), barúlacha Samsung SDI i ndáil leis an gcinneadh maidir le síneadh ([…]), aithris (43) den chinneadh tosaigh agus aithris (44) den chinneadh maidir le síneadh (rúndacht).

(30)  Freagra na hUngáire ar Q.5 den iarraidh ar fhaisnéis an 1 Aibreán 2019; Barúlacha Samsung SDI maidir leis an gcinneadh tosaigh, mír 87, barúlacha Samsung SDI i ndáil leis an gcinneadh maidir le síneadh, lch. 3.

(31)  Barúlacha Samsung SDI maidir leis an gcinneadh tosaigh, mír 87.

(32)  Barúlacha na hUngáire maidir leis an gcinneadh tosaigh, mír 55.

(33)  I mbarúlacha Samsung SDI an 3 Bealtaine 2020 maidir leis an gcinneadh tosaigh, measadh go raibh ráta [30-40] % d’fhoinsiú áitiúil (bonnlíne) réalaíoch (agus cóimheas [25–30] % ann mar thoimhde choimeádach). Nuair a cheistigh an Coimisiún an ráta bonnlíne, rinne Samsung SDI agus an Ungáir é a cheartú, an 3 Samhain 2020, go [31–35] %. Ní áirítear páirteanna spártha sna céatadáin éagsúla d’fhoinsiú áitiúil.

(34)  Chun tacú leis an maíomh sin, sholáthair an Ungáir ainmneacha ceithre tháirgeoir Shíneacha, achoimrí ar shaintréithe teicniúla a dtrealaimh faoi seach, chomh maith le hachoimrí ar chruinnithe leo a reáchtáladh idir 2014 agus 2019.

(35)  Chun tacú leis an maíomh sin, sholáthair an Ungáir ainmneacha dhá tháirgeoir Shíneacha agus achoimrí ar chruinnithe leo a reáchtáladh idir 2014 agus 2019.

(36)  Nó, ina mhalairt de chás, na costais as innealra agus trealamh áitiúil a sholáthar mura bhfuil baint ag Ceanncheathrú Samsung SDI leis an bpróiseas soláthair.

(37)  Níor áiríodh an uasmharcáil [18-22] % sin sna ríomhanna tosaigh ar ghlanluach láithreach, ós rud é go raibh an uasmharcáil sin bunaithe go beacht ar an toimhde go mbeadh foinsiú áitiúil 100 % ann.

(38)  Staidéar Deloitte ó mhí na Nollag 2018 agus staidéar Copenhagen Economics an 13 Aibreán 2020.

(39)  Doiciméad inmheánach an 5 Eanáir 2017 dar teideal ‘Plean Infheistíochta i nGléasra Xi’an # 2’, achoimre an 13 Eanáir 2017 ar ‘Thuras Gnó chun an Síne maidir le hInfheistíocht i nGléasra Xi’an 2’, miontuairiscí an 18 Feabhra 2017 ar chruinniú idir […] an 16 Feabhra 2017, cur i láthair an 3 Márta 2017 a d’ullmhaigh […] Samsung SDI maidir le ‘[…]’, nóta an 14 Márta 2017 dar teideal ‘[…]’, nóta an 20 Márta 2017 dar teideal ‘[…]’, ríomhphost an 21 Iúil 2017 ina bhfuil tuairisc fhaisnéisithe ar chruinniú an 20 Iúil 2017 leis an rialtas áitiúil.

(40)  D’áitigh an Ungáir gur chuimhnigh Samsung SDI (tuarascáil inmheánach Samsung SDI dar dáta an 5 Meitheamh 2017) ar fhéidearthacht mhalartach chun tairbhiú de ráta laghdaithe cánach corparáide 15 %, faoin gcóras ‘Fiontar Ardteicneolaíochta agus Nuatheicneolaíochta’ (HNTE) (Fógra ón Aireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta, ón Aireacht Airgeadais agus ón Údarás Stáit um Chánachas maidir le Bearta a Athbhreithniú agus a Eisiúint chun Deimhniúchán Fiontar Ardteicneolaíochta a Riar (2016)).

(41)  Dúirt Samsung SDI freisin nach ndéanfadh toisc dóchúlachta a bheadh beagán níos airde nó níos ísle ná 25 % difear mór don bhearna glanluacha láithrigh ná don mhéid cabhrach.

(42)  Mar a achoimrítear in aithrisí 68 go 70 den chinneadh maidir le síneadh.

(43)  Cuireadh fadú le RAG go dtí an 31 Nollaig 2021 (féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le fadú agus leasuithe ar na Treoirlínte maidir le státchabhair réigiúnach le haghaidh 2014-2020, Treoirlínte maidir le státchabhair chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a chur chun cinn, Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2014-2020, Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu, Teachtaireacht maidir leis na critéir chun anailís a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí leis an margadh inmheánach atá státchabhair chun tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn, Teachtaireacht ón gCoimisiún — Creat maidir le státchabhair le haghaidh taighde agus forbartha agus nuálaíochta agus Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig na Ballstáit maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le hárachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach, IO C 224, 8.7.2020, lch. 2). Níl na Treoirlínte nua maidir le státchabhair réigiúnach (IO C 153, 29.4.2021, lch. 1) infheidhme ach amháin maidir le ‘cabhair réigiúnach infhógartha arna dámhachtain nó a bheartaítear a dhámhachtain tar éis an 31 Nollaig 2021 ’ (mír 197 de na treoirlínte nua).

(44)  Féach mír 38 de RAG.

(45)  Féach mír 36 de RAG.

(46)  Féach freisin, breithiúnas an 15 Nollaig 2022, Veejaam agus Espo, C-470/20, EU:C:2022:981, mír 35.

(47)  Déantar na luachanna láithreacha a lascainiú go dtí 2018, arb í an bhliain inar tugadh fógra don Choimisiún faoin gcabhair.

(48)  In aithris 18(c) den chinneadh maidir le síneadh, bhí amhras intuigthe ar an gCoimisiún go mbeadh an gléasra a bhí beartaithe in Xi’an tiomnaithe do mhargaí onnmhairiúcháin. Bhí an t-amhras sin mar thoradh ar an tagairt do ‘riosca beartais na Síne’ i ndoiciméad inmheánach a soláthraíodh tar éis an chinnidh tosaigh. Mhínigh Samsung SDI go háititheach, áfach, nár thagair an ‘riosca beartais’ sin, i gcomhthéacs an doiciméid atá i gceist, ach don neamhchinnteacht maidir le leibhéal iarbhír na cabhrach a d’fhéadfaí a fháil sa tSín, agus ní do riosca foriomlán maidir le bearta cosantacha i leith díolacháin intíre. An tráth céanna, tugann an Coimisiún dá aire gur léir nach mbeadh an infheistíocht fhrithfhíorasach sa tSín spriocdhírithe ar mhargadh na Síne (féach miontuairiscí an turais ghnó chun na Síne maidir le hinfheistíocht i nGléasra Xi’an 2, 13 Eanáir 2017).

(49)  Miontuairiscí ó chruinniú ardleibhéil inmheánach Samsung SDI an 21 Meán Fómhair 2017, féach aithrisí (20) agus (53) den chinneadh maidir le síneadh.

(50)  Miontuairiscí ó chruinniú de chuid Choiste Infheistíochta […] an 26 Deireadh Fómhair 2017.

(51)  Mhínigh an Ungáir agus Samsung SDI go háititheach freisin na neamhréireachtaí dealraitheacha – a chuirtear i dtábhacht in aithris (49) den chinneadh maidir le síneadh – idir an tionscadal infheistíochta ar a dtugtar tuairisc i dtuarascálacha lena ndéantar doiciméadú ar an gcaibidlíocht fóirdheontais le rialtas áitiúil na Síne agus ar infheistíocht fhrithfhíorasach na Síne ar a dtugtar tuairisc san fhógra. Is leordhóthanach é sin chun maolú a dhéanamh ar an amhras – a cuireadh in iúl in aithris (54) den chinneadh maidir le síneadh – go raibh gléasra breise sa tSín beartaithe i gcomhthráth ag Samsung SDI a bhí dírithe ar mhargadh intíre na Síne, rud a léirmhínigh an Coimisiún an tráth sin mar léiriú breise ar straitéis infheistíochta réigiúnaithe a d’fhéadfadh a bheith ag Samsung SDI.

(52)  Féach foroinn 5.3.1.2.2.2.3 maidir leis an leibhéal réalaíoch foinsithe áitiúil le haghaidh na hinfheistíochta in Göd.

(53)  Féach foroinn 5.3.1.2.2.2.2 maidir leis an leibhéal réalaíoch foinsithe áitiúil sa tSín.

(54)  I mí an Mhárta agus mí na Bealtaine 2019, bhí cur chun feidhme an bhirt cabhrach ag céim fhorbartha cheana féin (aithris (52) thuas).

(55)  Ní bheadh uasmharcáil den sórt sin ábhartha dá mbeadh iomlán an innealra agus an trealaimh le haghaidh na hinfheistíochta le foinsiú go háitiúil, ós rud é go ndéanfadh fochuideachtaí Samsung SDI Group na ceannacháin go díreach, gan ach rannpháirtíocht theoranta ag Ceanncheathrú Samsung SDI.

(56)  Copenhagen Economics, SAMSUNG SDI — provision of equipment and machinery, Transfer pricing analysis, 13 Aibreán 2020 (Iarscríbhinn 36 a ghabhann le barúlacha Samsung SDI a cuireadh isteach an 3 Bealtaine 2020).

(57)  ECFE (2017), Treoirlínte ECFE maidir le Praghsáil Aistrithe d’Fhiontair Ilnáisiúnta agus Riaracháin Chánach 2017, Foilsitheoireacht ECFE, Páras.

(58)  Áirítear le ‘trealamh nach bhfuil núíosach’ (i) trealamh a suiteáladh cheana féin agus a bailíochtaíodh go hiomlán aon uair amháin i líne olltáirgthe atá ann cheana, fiú i gcás inar modhnaíodh an trealamh sin beagán chun feabhas a chur air, bunaithe ar an trealamh a forbraíodh agus a suiteáladh cheana féin, nó (ii) trealamh atá sainaitheanta ag an bhfochuideachta áitiúil mar threalamh atá leormhaith lena úsáid ar aon líne tháirgthe atá ann cheana (fiú mura bhfuil sé in úsáid go fóill).

(59)  Leis sin, tugtar aghaidh freisin ar na hábhair imní a cuireadh in iúl in aithris (41) den chinneadh maidir le síneadh (faoin bhféidearthacht go gcuirfí soláthróirí Síneacha ghléasra Tianjin san áireamh le haghaidh ghléasra Xi’an, mar a thuairiscítear in aithrisí (9)(a) agus (40)(a) den chinneadh maidir le síneadh.

(60)  Féach aithrisí (9), (10) agus (40) den chinneadh maidir le síneadh.

(61)  De réir na hUngáire, sannadh thart ar [45-50] % de na costais infheistíochta do chéim 1 den infheistíocht, féach fonóta (36) den chinneadh maidir le síneadh.

(62)  Chuir an Ungáir agus Samsung SDI i dtábhacht arís agus arís eile freisin gur leis na próisis iad féin a bhaineann na nuálaíochtaí sa phróiseas agus ní leis an innealra agus an trealamh a úsáidtear, rud a fhágann nach bhfuil an difríocht idir an dá chéim cinntitheach maidir le soláthar innealra agus trealaimh.

(63)  Doiciméad 7.10. Samsung SDI Business Division Investment Committee meeting in October (mí Dheireadh Fómhair 2017). Doiciméad 7.12. Meeting minutes of Business Division’s Investment Committee (26 Deireadh Fómhair 2017). Doiciméad 7.11. Samsung SDI Hungary Investment CEO Committee in November (mí na Samhna 2017). Doiciméad 7.5. Meeting minutes of Investment Committee with CEO decision (27 Samhain 2017). Cuireadh na doiciméid sin isteach an 16 Bealtaine 2018 (mar chuid den fhógra ón Ungáir).

(64)  Féach fonóta 39.

(65)  Breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2017, Bayerische Motoren Werke AG v An Coimisiún, T-671/14, ECLI:EU:T:2017:599, míreanna 115, 127 agus 128, ar seasadh leis ar achomharc i gcás C-654/17 P, ECLI:EU:C:2019:634. Tugann an Coimisiún dá aire freisin, sa chás seo, go ndearnadh cinneadh maidir le suíomh an 27 Samhain 2017 díreach tar éis thús na n-oibreacha an 1 Nollaig 2017 (féach aithris (69) den chinneadh tosaigh agus aithris (17) thuas).

(66)  In aithrisí (155) agus (156) den chinneadh tosaigh, chinn an Coimisiún gur bunaíodh na costais incháilithe i gcomhréir le RAG: beidh na sócmhainní arna n-éadáil nua, baineann an infheistíocht tosaigh le hinfheistíocht tosaigh i bhfoirm sínidh acmhainneachta agus ní chuirtear aon chostas léasaithe ná aon chostas neamhábhartha san áireamh.

(67)  De réir mhír 121 de RAG, an éifeacht fhrith-chomhtháthaithe a eascraíonn as cabhair chun aimhleasa réigiún LEE atá níos laige nó chomh lag céanna, bheadh sí ina heilimint dhiúltach den tástáil cothromúcháin fhoriomláin nach dócha go gcúiteodh aon eilimint dhearfach í, toisc go dtagann sí salach ar réasúnaíocht na cabhrach réigiúnaí féin.

(68)  Cinneadh ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2016, cás SA.44547 (2016/N) — An Iodáil — LIP — Cabhair do STMicroelectronics S.r.l. (IO C 110, 7.4.2017, lch. 1), aithris 106 agus fonóta 41.

(69)  Teachtaireacht ón gCoimisiún, lena leasaítear na Teachtaireachtaí ón gCoimisiún maidir le Treoirlínte an Aontais maidir le cur i bhfeidhm rialacha maidir le Státchabhair i ndáil le cur in úsáid gasta líonraí leathanbhanda, maidir le Treoirlínte maidir le Státchabhair réigiúnach le haghaidh 2014–2020, maidir le Státchabhair maidir le scannáin agus saothair eile closamhairc, maidir le Treoirlínte maidir le Státchabhair chun infheistíochtaí airgeadais a chur chun cinn agus maidir le Treoirlínte maidir le Státchabhair d’aerfoirt agus d’aerlínte, IO C 198, 27.6.2014, lch. 30.

(70)  Féach mír 28 de RAG.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2057/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)