European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2056

26.7.2024

CINNEADH (CBES) 2024/2056 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Iúil 2024

lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a chumhdaítear le Comhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2024/332

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 27 Nollaig 2001, ghlac an Chomhairle Comhsheasamh 2001/931/CBES (1).

(2)

An 16 Eanáir 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/332 (2), lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá faoi réir Chomhsheasamh 2001/931/CBES (‘an liosta’).

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 1(6) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES, tá gá le hathbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar ainmneacha na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá ar an liosta chun a áirithiú go bhfuil forais ann lena gcoimeád ar an liosta.

(4)

Leis an gCinneadh seo, leagtar amach toradh an athbhreithnithe a rinne an Chomhairle i dtaca leis na daoine, na grúpaí agus na heintitis a chumhdaítear leis na bearta in Airteagail 2, agus 3 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES.

(5)

Chinn an Chomhairle gur cheart iontráil a bhaineann le duine amháin a scriosadh ón liosta. Ag an am céanna, tá sé fíoraithe ag an gComhairle go bhfuil údaráis inniúla, dá dtagraítear in Airteagal 1(4) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES, tar éis cinntí a dhéanamh i dtaca le gach duine eile, gach grúpa eile agus gach eintiteas eile atá ar an liosta lena léirítear go raibh baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1(3) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES. Ina theannta sin, chinn an Chomhairle gur cheart leanúint de na bearta in Airteagail 2 agus 3 den Chomhsheasamh sin a chur i bhfeidhm maidir leis na daoine, na grúpaí agus na heintitis sin.

(6)

Chinn an Chomhairle freisin gur ghlac údaráis inniúla de réir bhrí Airteagal 1(4) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES cinneadh i ndáil le grúpa breise a raibh baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1(3) den Chomhsheasamh sin. Chinn an Chomhairle gur cheart na bearta dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 den Chomhsheasamh sin a chur i bhfeidhm maidir leis an ngrúpa sin.

(7)

Ba cheart an liosta a nuashonrú dá réir sin, agus Cinneadh (CBES) 2024/332 a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a chumhdaítear leis na bearta in Airteagail 2 agus 3 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES.

Airteagal 2

Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2024/332 a aisghairm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Iúil 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

BÓKA J.


(1)  Comhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac ( IO L 344, 28.12.2001, lch. 93).

(2)  Cinneadh (CBES) 2024/332 ón gComhairle an 16 Eanáir 2024 lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a chumhdaítear le Comhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/1514 (IO L, 2024/332, 16.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/332/oj).


IARSCRÍBHINN

Liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1

I.   Daoine

1.

ABDOLLAHI, Hamed (ar a dtugtar freisin Mustafa Abdullahi), a rugadh an 11.8.1960 san Iaráin. Uimhir an phas: D9004878.

2.

AL-DIN Hasan Izz (ar a dtugtar freisin Garbaya Ahmed, ar a dtugtar freisin. Sa’id, ar a dtugtar freisin Salwwan Samir), an Liobáin, a rugadh in 1963 sa Liobáin, saoránach de chuid na Liobáine.

3.

AL-NASSER Abdelkarim Hussein Mohamed, a rugadh in Al Ihsa (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

4.

AL-YACOUB Ibrahim Salih Mohammed, a rugadh an 16.10.1966 in Tarut (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

5.

ARBABSIAR Manssor (ar a dtugtar freisin Mansour Arbabsiar), a rugadh an 6.3.1955 nó an 15.3.1955 san Iaráin. Náisiúnach de chuid na hIaráine agus de chuid SAM, uimhir an phas: C2002515 (Iaráin); uimhir an phas: 477845448 (SAM). Uimhir aitheantais náisiúnta: 07442833, dáta éaga 15.3.2016 (ceadúnas tiomána SAM).

6.

ASSADI Assadollah (ar a dtugtar freisin Assadollah Asadi), a rugadh an 22.12.1971 in Tehran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas taidhleoireachta Iaránaigh: D9016657.

7.

BOUYERI Mohammed (ar a dtugtar freisin Abu Zubair, ar a dtugtar freisin Sobiar, ar a dtugtar freisin Abu Zoubair), a rugadh an 8.3.1978 in Amstardam (an Ísiltír).

8.

DEIF Mohammed (ar a dtugtar freisin AL-DAYF Muhammad; AL-MASRI Mohammed), a rugadh an 12.8.1965 in Khan Younis, Stráice Gaza.

9.

HASHEMI MOGHADAM Saeid, a rugadh an 6.8.1962 in Tehran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas: D9016290, bailí go dtí an 4.2.2019.

10.

HASSAN EL HAJJ Hassan, a rugadh an 22.3.1988 in Zaghdraiya, Sidon, an Liobáin, saoránach de chuid Cheanada. Uimhir an phas: JX446643 (Ceanada).

11.

MELIAD Farah, a rugadh an 5.11.1980 in Sydney (an Astráil), saoránach de chuid na hAstráile. Uimhir an phas: M2719127 (an Astráil).

12.

MOHAMMED Khalid Sheikh (ar a dtugtar freisin Ali Salem, ar a dtugtar freisin Bin Khalid Fahd Bin Abdallah, ar a dtugtar freisin Henin Ashraf Refaat Nabith, ar a dtugtar freisin Wadood Khalid Abdul), a rugadh an 14.4.1965 nó an 1.3.1964 sa Phacastáin, uimhir an phas: 488555.

13.

SHAHLAI Abdul Reza (ar a dtugtar freisin Abdol Reza Shala’i, ar a dtugtar freisin Abd-al Reza Shalai, ar a dtugtar freisin Abdorreza Shahlai, ar a dtugtar freisin Abdolreza Shahla’i, ar a dtugtar freisin Abdul-Reza Shahlaee, ar a dtugtar freisin Hajj Yusef, ar a dtugtar freisin Haji Yusif, ar a dtugtar freisin Hajji Yasir, ar a dtugtar freisin Hajji Yusif, ar a dtugtar freisin Yusuf Abu-al-Karkh), a rugadh thart ar 1957 san Iaráin. Seoltaí: Seoltaí: (1) Kermanshah, an Iaráin, (2) Bunáit Mhíleata Mehran, cúige Ilam, an Iaráin.

14.

SHAKURI Ali Gholam, a rugadh thart ar 1965 in Tehran na hIaráine.

15.

SINOUAR Yahia (ar a dtugtar freisin Yehya AL-SINWAR, Yahya Ibrahim Hassan SINWAR, Yehia SINWAR, Yehiyeh SINWAR), a rugadh idir 1.1.1961 agus 31.12.1963 in Khan Younis, Stráice Gaza.

II.   Grúpaí agus eintitis

1.

‘Abu Nidal Organisation’ – ‘ANO’ (ar a dtugtar freisin ‘Fatah Revolutionary Council’, ar a dtugtar freisin ‘Arab Revolutionary Brigades’, ar a dtugtar freisin ‘Black September’, ar a dtugtar freisin ‘Revolutionary Organisation of Socialist Muslims’).

2.

‘Al-Aqsa Martyrs’ Brigade’.

3.

‘Al-Aqsa e.V.’.

4.

‘Babbar Khalsa’.

5.

‘Communist Party of the Philippines’, lena n-áirítear ‘New People’s Army’ – ‘NPA’, na hOileáin Fhilipíneacha.

6.

Stiúrthóireacht na Slándála Inmheánaí in Aireacht Faisnéise agus Slándála na hIaráine.

7.

‘Gama’a al-Islamiyya’ (ar a dtugtar freisin ‘Al-Gama’a al-Islamiyya’) (‘Islamic Group’ – ‘IG’).

8.

‘İslami Büyük Doğu Akıncılar Cephesi’ — ‘IBDA-C’ (‘Great Islamic Eastern Warriors Front’).

9.

‘Hamas’, lena n-áirítear ‘Hamas-Izz al-Din-al-Qassem’.

10.

‘Hizballah Military Wing’ (ar a dtugtar freisin ‘Hezbollah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hizbullah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hizbollah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hezballah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hisbollah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hizbu’llah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hizb Allah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Jihad Council’ (agus gach aonad a thuairiscíonn di, lena n-áirítear an Eagraíocht Slándála Seachtraí)).

11.

‘Hizbul Mujahideen’ — ‘HM’.

12.

‘Khalistan Zindabad Force’ — ‘KZF’.

13.

‘Kurdistan Workers’ Party’ — ‘PKK’ (ar a dtugtar freisin ‘KADEK’, ar a dtugtar freisin ‘KONGRA-GEL’).

14.

‘Liberation Tigers of Tamil Eelam’ — ‘LTTE’.

15.

‘Ejército de Liberación Nacional’ (‘National Liberation Army’).

16.

‘Palestinian Islamic Jihad’ — ‘PIJ’.

17.

‘Popular Front for the Liberation of Palestine’ — ‘PFLP’.

18.

‘Popular Front for the Liberation of Palestine — General Command’ (ar a dtugtar freisin ‘PFLP – General Command’).

19.

‘Devrimci Halk Kurtuluș Partisi-Cephesi’ — ‘DHKP/C’ (ar a dtugtar freisin ‘Devrimci Sol’ (‘Revolutionary Left’), ar a dtugtar freisin ‘Dev Sol’) (‘Revolutionary People’s Liberation Army/Front/Party’).

20.

‘Sendero Luminoso’ — ‘SL’ (‘Shining Path’).

21.

‘Teyrbazen Azadiya Kurdistan’ — ‘TAK’ (ar a dtugtar freisin ‘Kurdistan Freedom Falcons’, ar a dtugtar freisin ‘Kurdistan Freedom Hawks’).

22.

‘The Base’.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2056/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)