European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2046

30.7.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2046 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Iúil 2024

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le ceanglais lipéadaithe shonracha le haghaidh an bhia núíosaigh próitéin hidrealaithe go páirteach arna táirgeadh le heorna chaite (Hordeum vulgare) agus rís (Oryza sativa)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

(3)

Áirítear ‘Próitéin hidrealaithe go páirteach arna táirgeadh le heorna chaite (Hordeum vulgare) agus le rís (Oryza sativa) mar bhia núíosach údaraithe i liosta an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2851 ón gCoimisiún (3), údaraíodh próitéin hidrealaithe go páirteach arna táirgeadh le heorna chaite (Hordeum vulgare) agus rís (Oryza sativa) a chur ar an margadh mar bhia núíosach lena húsáid i roinnt bianna le haghaidh an phobail i gcoitinne.

(5)

An 6 Feabhra 2024, chuir an chuideachta Evergrain LLC (‘an t-iarratasóir’) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283, iarratas ar athrú ar cheanglais lipéadaithe shonracha an bhia núíosaigh ‘Próitéin hidrealaithe go páirteach arna táirgeadh le heorna chaite agus rís’. D’iarr an t-iarratasóir go n-athrófaí na ceanglais lipéadaithe shonracha, go háirithe ainmniú an bhia núíosaigh go ‘Próitéin hidrealaithe arna táirge le heorna agus rís’.

(6)

Ar an lipéadú bunaidh rinneadh tagairt do ‘Próitéin hidrealaithe go páirteach arna táirgeadh le heorna chaite agus rís’. Measann an t-iarratasóir gur gá an t-ainmniú a athrú toisc nach téarma dea-shainithe é na focail ‘go páirteach’, go háirithe don ghnáth-thomhaltóir nach mbeidh a fhios aige a mhéid atá an phróitéin hidrealaithe, go háirithe i gcomparáid le próitéiní plandúla eile. Cuireann an t-iarratasóir in iúl freisin nach n-úsáidtear an focal ‘chaite’ le haghaidh próitéiní núíosacha údaraithe eile a phróiseáiltear ar bhealach comhchosúil, agus dá bhrí sin measann sé go bhféadfadh sé sin mearbhall a chruthú dá n-úsáidfí don bhia núíosach seo é. Thairis sin, cuireann an t-iarratasóir in iúl freisin, nuair a phróiseáiltear bunábhair eorna agus ríse, gurb é an chéad chéim an stáirse a bhaint agus déantar amhlaidh chun aon phróitéin phlandúil eile a phróiseáil.

(7)

An nuashonrú a iarradh ar liosta an Aontais maidir leis an athrú ar na ceanglais lipéadaithe shonracha, go háirithe ainmniú an bhia núíosaigh ‘Próitéin hidrealaithe go páirteach arna táirgeadh le heorna chaite agus rís’ mar atá beartaithe ag an iarratasóir, measann an Coimisiún nach dócha go mbeidh tionchar aige ar shláinte an duine agus nach gá don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) meastóireacht sábháilteachta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283. Bunaithe ar an mbonn cirt a thug an t-iarratasóir, is é tuairim an Choimisiúin go bhféadfar an focal ‘chaite’ a fhágáil ar lár ó ainmniú an bhia núíosaigh chun críocha lipéadaithe. Ní aontaíonn an Coimisiún, áfach, leis na focail ‘go páirteach’ a bhaint d’ainmniú an bhia núíosaigh. I gcomhréir leis na rialacha maidir le lipéadú, go háirithe Airteagal 10(2), pointe (g), de Rialachán (AE) 2015/2283, níor cheart an tomhaltóir a chur amú leis na ceanglais lipéadaithe shonracha. Thairis sin, de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), níor cheart faisnéis bhia a bheith míthreorach, go háirithe maidir le saintréithe, airíonna agus comhdhéanamh an bhia, i measc nithe eile. Ós rud é gurb é 1-7 % méid hidrealaithe an bhia núíosaigh, measann an Coimisiún gur cheart na focail ‘go páirteach’ a choinneáil ar bun in ainmniú an bhia núíosaigh. Ina theannta sin, más mian leis an iarratasóir an tomhaltóir a chur ar an eolas a thuilleadh faoin méid hidrealaithe, féadfaidh sé é a léiriú go deonach ar lipéad an táirge i gcomhréir le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011. Dá bhrí sin, is é ‘Próitéin hidrealaithe arna táirgeadh le heorna agus le rís’ ainmniú an bhia núíosaigh ba cheart a bheith ar lipéadú na n-earraí bia a bhfuil sé iontu.

(8)

Is leor an foras atá le fáil san fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas chun a shuí go bhfuil na hathruithe ar cheanglais lipéadaithe shonracha an bhia núíosaigh i gcomhréir le coinníollacha Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus gur cheart iad a fhormheas.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2283/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2470/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2851 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2023 lena n-údaraítear próitéin hidrealaithe go páirteach arna táirgeadh le heorna chaite (Hordeum vulgare) agus rís (Oryza sativa) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (IO L, 2023/2851, 21.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2851/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1169/oj).


IARSCRÍBHINN

I dtábla 1 (Bia núíosacha údaraithe) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le próitéin hidrealaithe go páirteach arna táirgeadh le heorna chaite (Hordeum vulgare) agus rís (Oryza sativa):

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

Próitéin hidrealaithe go páirteach arna táirgeadh le heorna chaite (Hordeum vulgare) agus rís (Oryza sativa)

Catagóir shonraithe bhia

Uasleibhéil

Is é ‘Próitéin hidrealaithe go páirteach arna táirgeadh le heorna agus rís’ ainmniú an bhia núíosaigh a bheidh ar lipéadú na n-earraí a bhfuil sé iontu’.

I gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

 

Údaraithe an 10 Eanáir 2024. Tá an t-áireamh sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus ar shonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283.

Iarratasóir: Evergrain LLC, 3205 S. 9th St, St. Louis, Missouri, 63118, na Stáit Aontaithe. Le linn na tréimhse cosanta sonraí, is é Evergrain LLC amháin atá údaraithe chun an bia núíosach Próitéin hidrealaithe go páirteach arna táirgeadh le heorna chaite (Hordeum vulgare) agus rís (Oryza sativa) a chur ar an margadh laistigh den Aontas ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh ná do na sonraí eolaíochta arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó Evergrain LLC.

Dáta deiridh na cosanta sonraí: 10 Eanáir 2029.’

Táirgí gránachbhunaithe, táirgí síolbhunaithe nó táirgí fréamhbhunaithe, iad friochta nó easbhrúite

5 g/100 g

Milseogra lena n-áirítear seacláid

5 g/100 g

Gránaigh bhricfeasta

5 g/100 g

Miasa bunaithe ar phasta agus rís (agus ar ghránaigh eile)

8 g/100 g

Anraithí (meascán tirim)

50 g/100 g

Anraithí (réidh le hithe)

5 g/100 g

Anlainn

10 g/100 g

Ullmhóid d’anlann tirim

50 g/100 g

Analóga feola

15 g/100 g

Barraí gránaigh

30 g/100 g

Cumaisc ime agus mhargairín/ola

10 g/100 g

Uachtar reoite bunaithe ar analóga bainne

10 g/100 g

Analóga bainne

5 g/100 ml

Taos/eibleacht cnónna/síolta

15 g/100 g

Deochanna fuinnimh

8 g/100 ml

Deochanna boga a mhargaítear i ndáil le haclaíocht fhisiceach

5 g/100 ml

Deochanna cóla

5 g/100 g

Boinn deochanna phúdraithe

90 g/100 g

Deochanna bunaithe ar shú torthaí agus/nó glasraí

5 g/100 ml

Analóga uachtair, cáise agus iógairt (nach bhfuil soighe iontu)

10 g/100 g

Humas

10 g/100 g

Beoir gan alcól

5 g/100 ml

Malartú ar bhéile chun meáchan a rialú

30 g/100 g


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2046/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)