|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2045 |
24.7.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2045 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Iúil 2024
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlachtaí Chomhairle na hEorpa i ndáil le stádas an Aontais Eorpaigh sa Pháirt-chomhaontú Méadaithe maidir le Clár an Damáiste arna dhéanamh ag Fogha Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 14 Samhain 2022, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe Rún lena n-aithnítear an gá, i gcomhar leis an Úcráin, atá le sásra idirnáisiúnta a bhunú chun damáiste, caillteanas nó díobháil a chúiteamh de dheasca ghníomhartha Chónaidhm na Rúise san Úcráin nó ina coinne, ar gníomhartha iad atá éagórach go hidirnáisiúnta, agus lena moltar go gcruthódh Ballstáit na Náisiún Aontaithe, i gcomhar leis an Úcráin, clár damáiste idirnáisiúnta chun feidhmiú mar thaifead ar fhianaise agus ar fhaisnéis maidir le héilimh i leith dhamáiste, caillteanas nó díobháil den sórt sin. |
|
(2) |
An 12 Bealtaine 2023, ghlac Coiste Airí Chomhairle na hEorpa Rún lena mbunaítear an Páirt-chomhaontú Méadaithe maidir le Clár an Damáiste arna dhéanamh ag Fogha Chónaidhm na Rúise faoin Úcráin (‘an Clár’). |
|
(3) |
Tá an Clár le feidhmiú mar thaifead, i bhfoirm dhoiciméadach, ar fhianaise agus ar fhaisnéis maidir le héilimh i ndáil le damáiste, caillteanas nó díobháil a bhain do gach duine nádúrtha agus dlítheanach lena mbaineann, chomh maith le Stát na hÚcráine, de dheasca ghníomhartha Chónaidhm na Rúise san Úcráin nó ina coinne ón 24 Feabhra 2022 ar chríoch na hÚcráine, ar gníomhartha iad atá éagórach go hidirnáisiúnta. |
|
(4) |
An 11 Bealtaine 2023, chuaigh an tAontas isteach sa Chlár mar Chomhalta Comhlach bunaidh trí bhíthin fógra a thabhairt d’Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa. An 16 Bealtaine 2023, shínigh an tAontas an Dearbhú mar thaca leis an gClár a leagat amach in Aguisín I a ghabhann leis an nDéarbhú Reykjavík. Chuaigh an tAontas isteach sa Chlár mar Chomhalta Comhlach gan dochar don fhéidearthacht athrú a dhéanamh amach anseo ar a stádas ó Chomhalta Comhlach go Rannpháirtí sa Chlár. |
|
(5) |
An 29 Feabhra 2024, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/792 (1) lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin, ar an gcaoi sin, bunús dlí a chur ar fáil le haghaidh cistiú tionscnamh agus comhlachtaí a bhfuil baint acu le tacú leis an gceartas idirnáisiúnta san Úcráin agus lena fhorfheidhmiú. |
|
(6) |
I bhfianaise leas an Aontais a áirithiú go mbeidh iarmhairtí dlíthiúla ar Chónaidhm na Rúise de dheasca a gníomhartha i gcoinne na hÚcráine, ar gníomhartha iad atá éagórach go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear an oibleagáid cúiteamh a thabhairt i leith aon damáiste, caillteanais agus díobhála de dheasca na ngníomhartha sin, agus i bhfianaise leas an Aontais tairbhiú dá chearta iomlána mar Rannpháirtí sa Chlár, is iomchuí stádas an Aontais sa Chlár a athrú ó Chomhalta Comhlach go Rannpháirtí. Ba cheart athrú stádais an Aontais sa Chlár a bheith gan dochar d’inniúlacht na mBallstát maidir leis an gClár. |
|
(7) |
Tá athrú stádais an Aontais sa Chlár gan dochar do chinntí a d’fhéadfaí a dhéanamh sa todhchaí faoi chuimsiú chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, go háirithe maidir leis an sásra cúitimh idirnáisiúnta a bheidh ann sa todhchaí, a bhféadfadh coimisiún éileamh agus ciste cúitimh a bheith san áireamh ann, dá dtagraítear sa Chlár. |
|
(8) |
Ceanglaítear ar rannpháirtithe sa Chlár ranníocaíocht éigeantach bhliantúil a íoc leis an gClár. I gcás an Aontais, tá an íocaíocht sin le déanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/792. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlachtaí Chomhairle na hEorpa i ndáil le stádas an Aontais Eorpaigh sa Pháirt-chomhaontú Méadaithe maidir le Clár an Damáiste arna dhéanamh ag Fogha Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine (‘an Clár’) fógra a thabhairt faoin athrú ar stádas an Aontais ó Chomhalta Comhlach go Rannpháirtí i gcomhréir le hAirteagal 4.2 de Reacht an Chláir.
2. Beidh an fógra dá dtagraítear i mír 1 agus an t-athrú stádais atá beartaithe gan dochar d’inniúlacht na mBallstát maidir leis an gClár.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Iúil 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2045/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)