Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2044 |
30.7.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2044 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Iúil 2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí agus coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh bithmhais giosta Yarrowia lipolytica
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus atá curtha ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas. |
(2) |
De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta an Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2). |
(3) |
Áirítear bithmhais giosta Yarrowia lipolytica mar bhia núíosach atá údaraithe i liosta an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. |
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/760 ón gCoimisiún (3) údaraíodh bithmhais giosta Yarrowia lipolytica a chur ar an margadh mar bhia núíosach lena úsáid i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), seachas forbhianna do naíonáin agus leanaí óga. |
(5) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/938 ón gCoimisiún (5) údaraíodh athrú ar choinníollacha úsáide an bhia núíosaigh bithmhais giosta Yarrowia lipolytica, go háirithe úsáid an bhia núíosaigh a leathnú chun ionadaigh ar bhéilí chun meáchan a rialú atá beartaithe don phobal fásta. |
(6) |
An 5 Iúil 2020 chuir an chuideachta Skotan S.A. (‘an t-iarratasóir’) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283, iarratas ar athrú ar choinníollacha úsáide an bhia núíosaigh bithmhais giosta Yarrowia lipolytica. Go háirithe, d’iarr an t-iarratasóir úsáid bithmhaise giosta Yarrowia lipolytica a leathnú chun roinnt bianna a chumhdach. |
(7) |
An 9 Samhain 2020 d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) measúnú a dhéanamh ar an leathnú ar úsáid bithmhaise giosta Yarrowia lipolytica mar bhia núíosach. |
(8) |
An 26 Deireadh Fómhair 2023 ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch uaidh maidir leis an ‘Sábháilteacht a bhaineann le leathnú úsáide bithmhaise giosta Yarrowia lipolytica mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283’ (6) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283. |
(9) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil an leathnú atá beartaithe ar úsáid an bhia núíosaigh bithmhais giosta Yarrowia lipolytica sábháilte faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe, agus dá bhrí sin is iomchuí coinníollacha úsáide bithmhaise giosta Yarrowia lipolytica a leasú. |
(10) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire, i bhfianaise úsáidí nua-bheartaithe an bhia núíosaigh, gur cheart teorainneacha le haghaidh luaidhe, mearcair, caidmiam agus arsanaice a chur leis na sonraíochtaí. |
(11) |
Leis an bhfaisnéis a sholáthraítear san iarratas agus sa tuairim ón Údarás, tá forais leordhóthanacha ann chun a shuíomh go bhfuil na hathruithe ar shonraíochtaí agus ar choinníollacha úsáide an bhia núíosaigh i gcomhréir le coinníollacha Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus ba cheart iad a fhormheas. |
(12) |
Is iomchuí go mbeadh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2015/2283 san áireamh ar na hathruithe ar choinníollacha úsáide an bhia núíosaigh. I ndáil leis sin, agus úsáidí breise an bhia núíosaigh á gcur san áireamh, is iomchuí athrú a dhéanamh ar na ceanglais lipéadaithe sonracha a bhaineann le húsáid an bhia núíosaigh i bhforbhianna. |
(13) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir. |
(14) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 327, 11.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2283/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2470/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/760 ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2019 lena n-údaraítear bithmhais giosta Yarrowia lipolytica a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 125, 14.5.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/760/oj)
(4) Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/46/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/938 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh bithmhais giosta Yarrowia lipolytica (IO L 125, 11.5.2023, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/938/oj).
(6) EFSA Journal [Iris EFSA]. 2023;21:e8416.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:
(1) |
i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le ‘bithmhais giosta Yarrowia lipolytica’:
|
(2) |
i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le ‘bithmhais giosta Yarrowia lipolytica’:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2044/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)