|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2040 |
30.7.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2040 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Iúil 2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1070 a mhéid a bhaineann le bearta idirthréimhseacha a bhunú maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti 25-hiodrocsacolacailciféaról arna tháirgeadh ag Saccharomyces cerevisiae CBS 146008 a athnuachan
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Maidir le húdarú na hullmhóide 25-hiodrocsacolacailciféaról arna tháirgeadh ag Saccharomyces cerevisiae CBS 146008, rinneadh é a athnuachan ar feadh tréimhse 10 mbliana mar bhreiseán a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá mionsainithe ó thaobh ceimiceán de, a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu’ le haghaidh sicíní lena ramhrú, turcaithe lena ramhrú, éanlaith chlóis eile agus muc le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1070 ón gCoimisiún (2). |
|
(2) |
I dtréithriú na substainte gníomhaí 25-hiodrocsacolacailciféaról a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1070, sonraítear go dtáirgtear a chomhdhúil réamhtheachtaithe, 5,7,24-colaistithrí-eanól, le Saccharomyces cerevisiae CBS 146008. Níor áiríodh an sonrú sin san údarú roimhe seo maidir leis an ullmhóid 25-hiodrocsacolacailciféaról, rud a deonaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 887/2009 ón gCoimisiún (3). Dá bhrí sin, déantar foráil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1070 maidir le téarmaí údaraithe níos déine le haghaidh an bhreiseáin beathaithe. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1070, áfach, níor leagadh síos bearta idirthréimhseacha chun go bhféadfadh páirtithe leasmhara oiriúnú do na téarmaí údaraithe níos déine. |
|
(3) |
Maidir leis an modhnú ar na coinníollacha údaraithe maidir leis an mbreiseán a eascraíonn as athnuachan an údaraithe sin le haghaidh sicíní lena ramhrú, turcaithe lena ramhrú, éanlaith chlóis eile agus muc le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1070, ós rud é nach gá an modhnú sin a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan an údaraithe a chomhlíonadh. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1070 a leasú dá réir sin. |
|
(5) |
Chun suaitheadh sa mhargadh agus iarmhairtí díobhálacha do na hoibreoirí lena mbaineann arb é toirmeasc 25-hiodrocsacolacailciféaróil arna tháirgeadh le tréithchineálacha seachas Saccharomyces cerevisiae CBS 146008 ar dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1070 is cúis leo a chosc, i bhfianaise na heaspa bearta idirthréimhseacha arna ndeonú leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus feidhm chúlghabhálach a bheith aige ó dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1070. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1070
Cuirtear an tAirteagal 3a seo a leanas isteach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1070:
‘Airteagal 3a
Bearta idirthréimhseacha
1. An breiseán beathaithe 25-hiodrocsacolacailciféaról, mar a údaraítear é le Rialachán (CE) Uimh. 887/2009, agus réamh-mheascáin ina bhfuil an breiseán sin, nuair a tháirgtear agus a lipéadaítear iad roimh an 5 Samhain 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Bealtaine 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina bhfuil sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh sicíní lena ramhrú, turcaithe lena ramhrú, éanlaith chlóis eile agus muc.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha ina bhfuil an breiseáin beathaithe dá dtagraítear i mír 1, nuair a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Bealtaine 2025 iad i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Bealtaine 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina bhfuil sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh sicíní lena ramhrú, turcaithe lena ramhrú, éanlaith chlóis eile agus muc.’
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 5 Bealtaine 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1070 ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2024 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti 25-hiodrocsacolacailciféaról arna tháirgeadh ag Saccharomyces cerevisiae CBS 146008 a athnuachan le haghaidh sicíní lena ramhrú, turcaithe lena ramhrú, éanlaith chlóis eile agus muc agus maidir le húdarú na hullmhóide sin le haghaidh athchogantach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 887/2009 (IO L, 2024/1070, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1070/oj).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 887/2009 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2009 maidir le foirm chobhsaithe de 25-hiodrocsacolacailciféaról mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, turcaithe lena ramhrú, éanlaith chlóis eile agus muc (IO L 254, 26.9.2009, lch. 68, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/887/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2040/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)