|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2038 |
29.7.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/2038 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 17 Iúil 2024
maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht slándála muirí an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2024/1686 (EUNAVFOR ASPIDES/3/2024)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2024/583 ón gComhairle an 8 Feabhra 2024 maidir le hoibríocht slándála muirí an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES) (1), agus go háirithe Airteagal 4(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 8 Feabhra 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/583, lenar bunaíodh oibríocht slándála muirí an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 4(2) de Chinneadh (CBES) 2024/583, d’údaraigh an Chomhairle an Coiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena n-áirítear na cinntí maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar EUNAVFOR ASPIDES. |
|
(3) |
An 11 Meitheamh 2024, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2024/1686 (2), lenar ceapadh an Captaen (Cabhlach) George PASTOOR mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR ASPIDES ón 15 Meitheamh 2024. |
|
(4) |
An 10 Iúil 2024, mhol údaráis mhíleata na hIodáile an Seachaimiréal Massimo BONU a cheapadh i gcomharbas ar an gCaptaen (Cabhlach) George PASTOOR mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR ASPIDES ón 8 Lúnasa 2024 (‘an ceapachán molta’). |
|
(5) |
An 11 Iúil 2024, thacaigh Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh EUNAVFOR ASPIDES leis an gceapachán molta sin. |
|
(6) |
An 12 Iúil 2024, chomhaontaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh a mholadh go bhformheasfadh an Coiste Polaitiúil agus Slándála an ceapachán atá beartaithe. |
|
(7) |
Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an Seachaimiréal Massimo BONU a cheapadh mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR ASPIDES. |
|
(8) |
Ba cheart Cinneadh (CBES) 2024/1686 a aisghairm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar an Seachaimiréal Massimo BONU ina Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh le haghaidh oibríocht slándála muirí an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES) ón 8 Lúnasa 2024.
Airteagal 2
Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2024/1686 a aisghairm.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 8 Lúnasa 2024.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Iúil 2024.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
An tUachtarán
D. PRONK
(1) IO L, 2024/583, 12.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/583/oj.
(2) Cinneadh (CBES) 2024/1686 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 11 Meitheamh 2024 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht slándála muirí an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES/2/2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2024/644 (IO L, 2024/1686, 14.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1686/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2038/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)