|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2032 |
30.7.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2032 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Iúil 2024
lena leasaítear Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a mhéid a bhaineann le formheas nó aistarraingt an stádais saor ó ghalair atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna díobh a mhéid a bhaineann le galair liostaithe áirithe agus formheas clár díothaithe le haghaidh galair liostaithe áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 31(4), an dara fomhír, Airteagail 36(4) agus 42(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2016/429 rialacha sonracha ó thaobh galair de maidir leis na galair a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de, agus sonraítear an chaoi a bhfuil na rialacha sin le cur i bhfeidhm maidir le catagóirí éagsúla de ghalair liostaithe. Le Rialachán (AE) 2016/429 déantar foráil freisin maidir leis an bhformheas nó an aistarraingt a dhéanfaidh an Coimisiún ar stádas saor ó ghalair Ballstát nó criosanna nó deighleog díobh maidir le galair liostaithe áirithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de. Ina theannta sin, déantar foráil i Rialachán (AE) 2016/429 go mbunóidh na Ballstáit cláir dhíothaithe éigeantacha le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (b), de, agus déantar foráil ann maidir le cláir dhíothaithe roghnacha le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (c), de, agus maidir le formheas na gclár sin ag an gCoimisiún. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 (2) ón gCoimisiún forlíontar Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos na critéir maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú, a choinneáil ar bun, a chur ar fionraí agus a aistarraingt i gcás Ballstát nó criosanna nó deighleoga díobh, agus na ceanglais maidir le formheas clár díothaithe le haghaidh Ballstát nó criosanna nó deighleoga díobh. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún (3) leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429, maidir le hainmhithe, a mhéid a bhaineann le stádas saor ó ghalair agus stádas neamh-vacsaínithe atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna nó deighleoga díobh, agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin. Go háirithe, liostaítear ann sna hIarscríbhinní a ghabhann leis, na Ballstáit nó na criosanna nó deighleoga díobh a bhfuil stádas formheasta saor ó ghalair acu agus a bhfuil cláir dhíothaithe éigeantacha nó roghnacha fhormheasta cheana acu. De thoradh na staide eipidéimeolaíche maidir le galair áirithe a bheith ag athrú, is gá Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú chun stádas saor ó ghalair Ballstát áirithe nó criosanna díobh a fhormheas agus chun an formheas a tharraingt siar i gcás criosanna áirithe de Bhallstáit ina ndeimhnítear ráigeanna galar nó nach bhfuil na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a choinneáil ar bun á gcomhlíonadh iontu a thuilleadh, agus chun an leasú ar chláir dhíothaithe áirithe a fhormheas. |
|
(4) |
Maidir le hionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis, ionfhabhtú le Mycobacterium tuberculosis complex , agus buinneach víreasach bhólachta, chuir roinnt Ballstát iarratas chuig an gCoimisiún le déanaí ar fhormheas ar an stádas saor ó ghalair nó ar leasuithe ar chláir dhíothaithe le haghaidh criosanna áirithe dá gcríoch. Thug dhá Bhallstát fógra freisin faoi ráigeanna ionfhabhtuithe leis an víreas gormtheanga (séiritíopa 1-24). Ní mór na forbairtí sin a léiriú sna hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620. |
|
(5) |
Maidir le hionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis in ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair ar coimeád, chuir an Iodáil faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalar a aithint i gCúige Matera i Réigiún Basilicata, ar coinníollacha iad a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann an t-iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú. Dá bhrí sin, ba cheart an cúige sin a liostú mar chúige saor ó Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis in ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair i gCuid I, Caibidil 2, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620. |
|
(6) |
Maidir le hionfhabhtú le coimpléasc Mycobacterium tuberculosis, chuir an Iodáil faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a aithint i gcúige Sassari i réigiún Sardinia, ar coinníollacha iad a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann an t-iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalar a fhormheas. Dá bhrí sin, ba cheart an cúige sin a liostú mar chúige saor ó ionfhabhtú le coimpléasc Mycobacterium tuberculosis i gCuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620. |
|
(7) |
Maidir le buinneach víreasach bhólachta, chuir an Ghearmáin faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalar a fhormheas i leith buinneach víreasach bhólachta i réigiún Oldenburg i Stát Niedersachsen, agus i réigiún Rendsburg-Eckernförde i Stát Schleswig-Holstein, ar coinníollacha iad a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann na hiarratais sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú i leith buinneach víreasach bhólachta. Dá bhrí sin, ba cheart na réigiúin sin a chur isteach mar réigiúin ag a bhfuil stádas saor ó ghalar i leith buinneach víreasach bhólachta i gCuid I d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620. |
|
(8) |
Maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga, tá fógra tugtha ag an nGearmáin don Choimisiún faoi ráigeanna ionfhabhtaithe leis an víreas gormtheanga séiritíopa 3 i stáit Hessen agus Rheinland-Pfalz, agus tá fógra tugtha ag an Spáinn don Choimisiún faoi ráigeanna ionfhabhtaithe leis an víreas gormtheanga séiritíopa 8 i bpobal féinrialaitheach na Catalóine. Ós rud é go bhfuil stádas saor ó ghalar ag na criosanna sin agus go liostaítear iad i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, ba cheart formheas an stádais saor ó ghalar i leith ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga a aistarraingt ó stáit iomlána Hessen agus Rheinland-Pfalz, agus ó phobal féinrialaitheach na Catalóine, agus ba cheart na hiontrálacha a bhaineann leis an nGearmáin agus leis an Spáinn sa liosta sin a leasú dá réir. |
|
(9) |
Chuir an Spáinn an Coimisiún ar an eolas freisin gur chuir sí le raon feidhme críochach an chláir díothaithe roghnaigh i leith ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga a formheasadh cheana féin le haghaidh na criosanna a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 trí chrios a chur leis a chuimsíonn pobal féinrialaitheach na Catalóine. Dá bhrí sin, ba cheart an limistéar sin a chur leis an iontráil a bhaineann leis an Spáinn i gCuid II d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, agus ba cheart an leasú atá beartaithe ar an gclár díothaithe roghnach i leith ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga a fhormheas. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I, II, VII agus VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú dá réir. |
|
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní I, II, VII agus VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair i ndáil le galair liostaithe áirithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/689/oj.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formheas an stádais saor ó ghalair agus an stádais neamh-vacsaínithe atá ag Ballstát áirithe nó ag criosanna nó deighleoga díobh i ndáil le galair liostaithe áirithe agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin (IO L 131, 16.4.2021, lch. 78, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/620/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní I, II, VII agus VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leanas:
|
|
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinn VIII mar a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2032/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)