|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2030 |
24.7.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2030 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Iúil 2024
lena ndéantar foráil maidir le tacaíocht airgeadais éigeandála d’earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus d’earnáil an fhíona, atá buailte ag teagmhais dhíobhálacha aeráide san Ostair, sa tSeicia agus sa Pholainn, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 221(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le linn earrach 2024, bhuail teagmhais dhíobhálacha aeráide nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo (sioc) codanna den Ostair, agus i mí Eanáir, i mí Feabhra agus i mí an Mhárta roimhe sin, bhí teas ann thar mar is iondúil don tráth sin bliana. Dá bhrí sin, bhí an fásra, a d’fhás 3 seachtaine róluath ar an meán, níos so-ghabhálaí do na teochtaí a bhí ann le linn an earraigh, ar teochtaí iad a bhí níos ísle ná mar a bheadh de ghnáth. Bhí tionchar suntasach ag an rabharta seaca ar thorthaí póma agus clochthorthaí, agus ar earnáil an fhíona. |
|
(2) |
Le linn an 2 sheachtain sa dara leath de mhí Aibreáin 2024, bhuail teagmhais dhíobhálacha aeráide nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo (sioc) críoch na Seicia, rud ba chúis le teochtaí a bhí ní b’ísle ná mar is gnách agus a mhair ar feadh roinnt laethanta. I bhfianaise leibhéal an-ard na forbartha fásra mar gheall ar an aimsir an-te i mí an Mhárta, rinneadh damáiste d’úlloird agus d’fhíniúnacha nach raibh a leithéid ann riamh cheana. Bhí tionchar suntasach ag an rabharta seaca ar tháirgeadh torthaí agus ar earnáil an fhíona. |
|
(3) |
Le linn mhí Aibreáin 2024, bhí codanna den Pholainn buailte go dona ag teagmhais dhíobhálacha aeráide nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo (sioc). I bhfianaise leibhéal ard fhorbairt an fhásra mar gheall ar dhálaí fabhracha i mí an Mhárta, bhí tionchar diúltach ag an sioc ar thorthaí agus ar ghlasraí, go háirithe úlloird agus caora, agus ar earnáil an fhíona. Le linn mhí na Bealtaine 2024, bhí earnáil na dtorthaí agus na nglasraí buailte ag teagmhais dhíobhálacha aeráide bhreise (cloichshneachta) agus damáistí breise san earnáil sin dá mbarr. |
|
(4) |
Cé go bhfuil an chosúlacht air go dtarlaíonn teagmhais dhíobhálacha aeráide chosúla i gcomhthéacs foriomlán rioscaí méadaitheacha don talmhaíocht de dheasca an athraithe aeráide, bhí déine na dteagmhas san Ostair, sa tSeicia agus sa Pholainn neamhghnách, rud a rinne difear do limistéar suntasach agus do sciar suntasach den táirgeadh. |
|
(5) |
Leis an damáiste mór a rinne na teagmhais dhíobhálacha aeráide sin do tháirgeoirí talmhaíochta agus an caillteanas ioncaim a bhí ann dá mbarr d’fheirmeoirí san Ostair, sa tSeicia agus sa Pholainn, cuirtear inmharthanacht eacnamaíoch gabháltas talmhaíochta i mbaol. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, beart eisceachtúil a ghlacadh chun rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sonracha tar éis na dteagmhas díobhálach aeráide sin. |
|
(7) |
Is fadhb shonrach iad na damáistí suntasacha agus an caillteanas eacnamaíoch a bhain do tháirgeoirí talmhaíochta de bharr teagmhais dhíobhálacha aeráide de réir bhrí Airteagal 221 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nach féidir aghaidh a thabhairt orthu go héasca le bearta a dhéantar de bhun Airteagail 219 nó 220 den Rialachán sin. Níl baint shonrach ag an staid le suaitheadh uathúil sa mhargadh a sainaithníodh nó le bagairt shonrach suaite. Níl baint aici ach oiread le bearta a ndéanfadh leathadh galar ainmhithe a chomhrac ná le laghdú ar mhuinín tomhaltóirí i ngeall ar rioscaí sláinte don phobal, d’ainmhithe nó do phlandaí. |
|
(8) |
Ba cheart na méideanna a chuirtear ar fáil don Ostair, don tSeicia agus don Pholainn a chinneadh agus aird á tabhairt go háirithe ar ualú na hOstaire, na Seicia agus na Polainne faoi seach in earnáil talmhaíochta an Aontais, ar bhonn na nglan-uasteorainneacha d’íocaíochtaí díreacha a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus aird á tabhairt freisin ar thionchar na dteagmhas díobhálach aeráide a bhí ann le déanaí sna Ballstáit sin. |
|
(9) |
Ba cheart don Ostair, don tSeicia agus don Pholainn an chabhair a dháileadh trí na bealaí is éifeachtaí ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, ar critéir iad lena gcuirtear san áireamh méid na ndeacrachtaí agus na ndamáistí eacnamaíocha iarbhír a bhfuil aghaidh á tabhairt ag na feirmeoirí lena mbaineann orthu. Ba cheart dóibh a áirithiú gurb iad na feirmeoirí a thairbheoidh den chabhair ar deireadh agus go seachnófar aon saobhadh ar an margadh ná ar an iomaíocht. |
|
(10) |
Ós rud é nach rachadh na méideanna a leithdháiltear ar an Ostair, ar an tSeicia agus ar an bPolainn i ngleic ach i bpáirt leis na deacrachtaí eacnamaíocha atá ag feirmeoirí, ba cheart cead a bheith ag an mBallstát tacaíocht náisiúnta bhreise a dheonú d’fheirmeoirí, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo. |
|
(11) |
Chun an tsolúbthacht a thabhairt don Ostair, don tSeicia agus don Pholainn an chabhair a dháileadh de réir mar a éilítear le himthosca na bhfeirmeoirí, ba cheart cead a bheith ann an chabhair sin a charnadh le tacaíocht eile arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, gan róchúiteamh a dhéanamh leis na feirmeoirí. |
|
(12) |
Chun an róchúiteamh a sheachaint, ba cheart don Ostair, don tSeicia agus don Pholainn a chur san áireamh an tacaíocht arna deonú faoi ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó faoi ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais nó faoi scéimeanna príobháideacha chun freagairt do na caillteanais eacnamaíocha lena mbaineann. |
|
(13) |
Ar chúiseanna buiséadacha, níor cheart don Aontas an caiteachas a thabhóidh an Ostair, an tSeicia agus an Pholainn faoin mbeart eisceachtúil sin a mhaoiniú ach amháin i gcás ina ndéanfar an caiteachas sin faoi dháta incháilitheachta áirithe. Dá bhrí sin, ba cheart an tacaíocht don bheart eisceachtúil sin a íoc faoin 31 Eanáir 2025. |
|
(14) |
Ó tharla nár cheart íocaíochtaí a dhéanamh tar éis an 31 Eanáir 2025, ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún (3), lena ndéantar foráil maidir le laghdú comhréireach ar na híocaíochtaí míosúla a dhéantar tar éis an sprioc-ama. |
|
(15) |
Ba cheart don Ostair, don tSeicia agus don Pholainn faisnéis mhionsonraithe faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo a chur in iúl don Choimisiún chun go mbeidh an tAontas in ann faireachán a dhéanamh ar éifeachtúlacht an bhirt a thugtar isteach leis an Rialachán seo. |
|
(16) |
Chun a áirithiú go bhfaighidh feirmeoirí cabhair a luaithe is féidir, ba cheart a chur ar a gcumas don Ostair, don tSeicia agus don Pholainn an Rialachán seo a chur chun feidhme gan mhoill. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(17) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Beidh cabhair ón Aontas dar méid iomlán EUR 10 milliún ar fáil don Ostair, cabhair ón Aontas dar méid iomlán EUR 15 mhilliún ar fáil don tSeicia agus cabhair ón Aontas dar méid iomlán EUR 37 milliún ar fáil don Pholainn chun tacaíocht eisceachtúil a sholáthar d’fheirmeoirí faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.
2. Úsáidfidh an Ostair, an tSeicia agus an Pholainn na méideanna dá dtagraítear i mír 1 do bhearta arb é is aidhm dóibh na feirmeoirí is mó atá buailte in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus in earnáil an fhíona a chúiteamh as na caillteanais eacnamaíocha a bhfuil tionchar acu ar inmharthanacht feirmeoirí.
3. Déanfar na bearta dá dtagraítear i mír 2 ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha lena gcuirfear san áireamh na caillteanais eacnamaíocha iarbhír a sheas na feirmeoirí atá buailte agus lena n-áiritheofar nach mbeidh na híocaíochtaí a thiocfaidh astu ina gcúis le haon saobhadh ar an margadh ná ar an iomaíocht.
4. Áiritheoidh an Ostair, an tSeicia agus an Pholainn, i gcás nach iad na feirmeoirí a thairbheoidh go díreach d’íocaíochtaí na cabhrach ón Aontas, go gcuirfear sochar eacnamaíoch na cabhrach ón Aontas ar aghaidh chucu ina iomláine.
5. Caiteachas a sheasfaidh an Ostair, an tSeicia agus an Pholainn dá dtagraítear i mír 1 i ndáil leis na híocaíochtaí i leith na mbeart dá dtagraítear i mír 2, ní bheidh sé incháilithe do chabhair ón Aontas ach amháin má dhéantar na híocaíochtaí sin faoin 31 Eanáir 2025.
6. Féadfar bearta faoin Rialachán seo a charnadh in éineacht le tacaíocht eile arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.
7. Féadfaidh an Ostair, an tSeicia agus an Pholainn tacaíocht náisiúnta bhreise a dheonú le haghaidh na mbeart arna ndéanamh faoi mhír 2 suas le huasmhéid 200 % de na méideanna faoi seach a leagtar amach i mír 1, ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, ar choinníoll nach mbeidh na híocaíochtaí is toradh ar na bearta ina gcúis le haon saobhadh ar an margadh ná ar an iomaíocht, ná le róchúiteamh.
8. Chun an róchúiteamh a sheachaint, agus tacaíocht á deonú faoin Rialachán seo, cuirfidh an Ostair, an tSeicia agus an Pholainn san áireamh an tacaíocht arna deonú faoi ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó faoi ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais nó faoi scéimeanna príobháideacha chun freagairt do na caillteanais eacnamaíocha lena mbaineann.
Airteagal 2
1. Tabharfaidh an Ostair, an tSeicia agus an Pholainn fógra don Choimisiún, gan mhoill agus tráth nach déanaí ná an 31 Deireadh Fómhair 2024, faoin méid seo a leanas i ndáil leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1:
|
(a) |
tuairisc ar na bearta atá le déanamh; |
|
(b) |
na critéir a úsáidtear chun na modhanna maidir le deonú na cabhrach agus méideanna na ndeonuithe sin a chinneadh, agus an réasúnaíocht i dtaca leis an gcabhair a dháileadh ar fheirmeoirí; |
|
(c) |
an tionchar atá beartaithe leis na bearta d’fhonn feirmeoirí a chúiteamh as caillteanais eacnamaíocha; |
|
(d) |
na bearta a rinneadh lena fhíorú go mbainfear amach leis na bearta an tionchar atá beartaithe; |
|
(e) |
na bearta a rinneadh chun an saobhadh ar an iomaíocht agus an róchúiteamh a sheachaint; |
|
(f) |
an réamhaisnéis maidir le híocaíochtaí chaiteachas an Aontais arna miondealú in aghaidh na míosa go dtí an 31 Eanáir 2025; |
|
(g) |
leibhéal na tacaíochta breise arna deonú de bhun Airteagal 1(7); |
|
(h) |
na bearta a rinneadh chun incháilitheacht feirmeoirí a rialú agus chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. |
2. Tráth nach déanaí ná an 15 Meitheamh 2025, tabharfaidh an Ostair, an tSeicia agus an Pholainn fógra don Choimisiún faoi na méideanna iomlána a íocadh in aghaidh an bhirt, i gcás inarb infheidhme, arna miondealú de réir chabhair an Aontais agus de réir na cabhrach náisiúnta breise, mar aon le líon agus cineál na dtairbhithe agus an measúnú ar éifeachtacht an bhirt.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.
(2) Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 20, 31.1.2022, lch. 95, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/127/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2030/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)