European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2026

23.7.2024

CINNEADH (CBES) 2024/2026 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Iúil 2024

lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1).

(2)

Sna conclúidí uaithi an 27 Meitheamh 2024, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach na conclúidí uaithi roimhe seo maidir le tacaíocht leanúnach a thabhairt do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus d’athdhearbhaigh sí tiomantas daingean an Aontais tacaíocht leanúnach pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a chur ar fáil don Úcráin. Cháin an Chomhairle Eorpach go láidir freisin an géarú ar an gcogaíocht a rinne Cónaidhm na Rúise le déanaí, go háirithe na hionsaithe níos déine breise ar shibhialtaigh agus ar bhonneagar sibhialtach agus criticiúil, go háirithe ar an earnáil fuinnimh.

(3)

Fad a leanfaidh gníomhaíochtaí neamhdhleathacha Chónaidhm na Rúise de rialacha bunúsacha an dlí idirnáisiúnta a shárú, lena n-áirítear, go háirithe, an toirmeasc ar úsáid fornirt a chumhdaítear in Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe, nó rialacha an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a shárú, is iomchuí na bearta uile arna bhforchur ag an Aontas a choinneáil i bhfeidhm agus bearta breise a dhéanamh, más gá. Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/512/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 9 de Chinneadh 2014/512/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Eanáir 2025.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Iúil 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2026/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)