|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2013 |
26.7.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2013 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Iúil 2024
maidir le bearta chun bunú agus leathadh Pomacea (Perry) laistigh de chríoch an Aontais a chosc agus chun é a dhíothú agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/697/AE
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 28(1), pointí (d) go (g), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/697/AE ón gCoimisiún (2) leagtar amach bearta chun cosc a chur le tabhairt isteach agus leathadh an ghéinis Pomacea (Perry) (‘an lotnaid shonraithe’) laistigh den Aontas. |
|
(2) |
Is léir ón taithí a fuarthas le linn chur i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme 2012/697/AE gur gá na bearta sin a thabhairt cothrom le dáta chun rialacha mionsonraithe a bheith ann maidir le suirbhéanna a dhéanamh agus chun tuilleadh mionsonraí a thabhairt maidir leis na bearta chun an lotnaid shonraithe a dhíothú. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 (3), i gCuid B d’Iarscríbhinn II, leagtar síos an liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais is eol a bheith ann i gcríoch an Aontais. |
|
(4) |
Áirítear an lotnaid shonraithe sa liosta sin, mar is eol go dtagann sí chun cinn i gcodanna áirithe de chríoch an Aontais, agus tá tionchar mór aici ar phlandaí le haghaidh plandú, seachas síolta, nach féidir leo fás ach i bhfionnuisce nó in ithir atá sáithithe go buan le fionnuisce (‘na plandaí sonraithe’). |
|
(5) |
Chun a áirithiú go mbraithfear an lotnaid shonraithe go luath agus go ndíothófar go pras í, ba cheart suirbhéanna bliantúla a dhéanamh i limistéir de chríoch an Aontais nach eol an lotnaid shonraithe a bheith iontu, mar a leagtar amach in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1231 ón gCoimisiún (4). Ba cheart na suirbhéanna sin a bheith bunaithe ar an gcárta suirbhé lotnaidí maidir leis an lotnaid shonraithe arna fhoilsiú ag an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, toisc go gcuirtear san áireamh ann na forbairtí eolaíochta agus teicniúla is déanaí. |
|
(6) |
I bhfianaise bhitheolaíocht na lotnaide sonraithe, ba cheart crios inmhíolaithe 10 m ar a laghad a bheith sna limistéir chríochaithe timpeall ar an suíomh inar aimsíodh an lotnaid shonraithe, nó timpeall ar an bpáirc ar fad i gcás inar aimsíodh í i bpáirc shaothraithe, agus crios maolánach 500 m ar a laghad a bheith timpeall ar an gcrios inmhíolaithe, ach gan ach cúrsaí uisce agus limistéir atá sáithithe le fionnuisce a áireamh. I gcás ina n-áirítear cuid de shruthchúrsa sa chrios inmhíolaithe, áfach, ba cheart a áireamh sa chrios maolánach freisin an sruthchúrsa sin le haghaidh faid atá 1 000 m ar a laghad le sruth agus 500 m ar a laghad in aghaidh an tsrutha ón suíomh inar aimsíodh an lotnaid shonraithe, chun leathadh féideartha na lotnaide sonraithe le sreabhadh an uisce a chur san áireamh. |
|
(7) |
Is léir ón taithí a fuarthas le cur i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme 2012/697/AE gur gnách le daoine an lotnaid shonraithe a aistriú lasmuigh de na limistéir chríochaithe, gan iad a bheith ar an eolas gur lotnaid choraintín í a bhfuil toirmeasc ar a tabhairt isteach agus ar a gluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais. Ar an gcúis sin, ba cheart do na húdaráis inniúla feasacht an phobail a mhúscailt laistigh de na limistéir chríochaithe maidir le bagairt na lotnaide sin agus maidir leis na bearta atá i bhfeidhm chun a leathadh breise lasmuigh de na limistéir sin a chosc. |
|
(8) |
A luaithe a bhraitear an lotnaid shonraithe, ba cheart a áireamh ar na bearta díothaithe an lotnaid shonraithe a bhaint agus a scriosadh, lena n-áirítear a huibheacha, prótacail sláinteachais le haghaidh innealra agus trealaimh, chomh maith le teaglaim cóireálacha agus straitéisí bainistithe uisce chun í a dhíothú. |
|
(9) |
I gcásanna aonair ina n-aimsítear an lotnaid shonraithe, áfach, nó i gcásanna ina n-aimsítear an lotnaid shonraithe i dtíortha nach féidir leis an lotnaid shonraithe í féin a bhunú iontu de bharr na ndálaí aeráide, níor cheart é a bheith ina cheangal limistéar críochaithe a bhunú nuair a dhíothaítear an lotnaid shonraithe láithreach agus nuair atá fianaise ann nach meastar go mbunófar an lotnaid de bharr aimsiú na lotnaide. Is é sin an cur chuige is iomchuí i gcásanna aonair ina n-aimsítear an lotnaid shonraithe, ar choinníoll go ndéantar suirbhéanna chun a dheimhniú nach ann don lotnaid shonraithe. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, agus ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/697/AE a aisghairm, toisc gur cheart an Rialachán seo, go páirteach, agus Iarscríbhinní VII agus VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, go páirteach, a chur in ionad na bhforálacha atá ann maidir le bunú agus leathadh na lotnaide sonraithe a chosc. |
|
(11) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 26 Eanáir 2025 chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag na forálacha faoi seach a bhaineann leis an lotnaid shonraithe ón dáta céanna leis na forálacha a leagtar amach in Rialachán (AE) 2024/2004 (5) ón gCoimisiún maidir leis an lotnaid sin. |
|
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar amach sa Rialachán seo bearta chun bunú agus leathadh Pomacea (Perry) laistigh de chríoch an Aontais a chosc agus bearta chun é a dhíothú.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘lotnaid shonraithe’ gach céim saoil den ghéineas Pomacea (Perry); |
|
(2) |
ciallaíonn ‘plandaí sonraithe’ plandaí le haghaidh plandú, seachas síolta, nach féidir leo fás ach i bhfionnuisce nó in ithir atá sáithithe go buan le fionnuisce; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘an cárta suirbhé lotnaidí’ an foilseachán ‘Cárta suirbhé lotnaidí ar Pomacea spp.’ (6) de chuid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia. |
Airteagal 3
Suirbhéanna ar chríoch an Aontais
1. Déanfaidh na húdaráis inniúla suirbhéanna rioscabhunaithe bliantúla maidir le láithreacht na lotnaide sonraithe lasmuigh de na limistéir chríochaithe dá dtagraítear in Airteagal 4, sna limistéir den Aontas nach eol gur ann don lotnaid shonraithe, ach ina bhféadfadh sé go mbunófaí í, agus an fhaisnéis dá dtagraítear sa chárta suirbhé lotnaidí á cur san áireamh.
2. Is éard a bheidh sna suirbhéanna scrúduithe amhairc, ag na hamanna is iomchuí, chun an lotnaid shonraithe a bhrath, ar ghoirt na bplandaí sonraithe agus ar bhogaigh nádúrtha nó shaorga, amhail aibhneacha, lochanna, linnte, cainéil uiscithe.
Airteagal 4
Limistéir chríochaithe a bhunú
1. I gcás ina ndeimhnítear go hoifigiúil láithreacht na lotnaide sonraithe, bunóidh an Ballstát lena mbaineann limistéar críochaithe gan mhoill arb é a bheidh ann:
|
(a) |
crios inmhíolaithe, lena n-áirítear ar a laghad an limistéar laistigh de gha 10 m timpeall ar an suíomh ina bhfuarthas amach go raibh an lotnaid shonraithe i láthair nó i gcás ina n-aimsítear an lotnaid shonraithe i ngort saothraithe, an gort iomlán, agus |
|
(b) |
i gcrios maolánach ar leithead 500 m, ar a laghad, thart timpeall ar an gcrios inmhíolaithe. |
2. Ní áireofar sa chrios maolánach ach sruthchúrsaí agus limistéir atá sáithithe le fionnuisce. I gcás ina n-áirítear cuid de chúrsa uisce sa chrios inmhíolaithe áireofar sa chrios maolánach freisin an sruthchúrsa sin le haghaidh faid atá 1 000 m ar a laghad le sruth agus 500 m ar a laghad in aghaidh an tsrutha ón suíomh ina bhfuarthas amach go raibh an lotnaid shonraithe i láthair.
3. I gcásanna ina bhforluíonn criosanna maolánacha de limistéir chríochaithe éagsúla, bunófar limistéar críochaithe nua lena n-áireofar an limistéar a chumhdaítear leis na criosanna inmhíolaithe ábhartha agus leis na criosanna maolánacha ábhartha, chun teorannú soiléir an limistéir chríochaithe a áirithiú.
4. Má fhaightear amach go bhfuil an lotnaid shonraithe i láthair sa chrios maolánach, leasófar teorannú an chreasa inmhíolaithe agus an chreasa mhaolánaigh dá réir.
5. Laistigh de na limistéir chríochaithe, déanfaidh na húdaráis inniúla feasacht an phobail a mhúscailt maidir le bagairt na lotnaide sonraithe agus maidir leis na bearta a glacadh chun a leathadh breise lasmuigh de na limistéir sin a chosc. Áiritheoidh siad go bhfuil an pobal i gcoitinne agus na hoibreoirí gairmiúla ar an eolas faoi theorannú na limistéar críochaithe.
Airteagal 5
Maolú ar bhunú limistéar críochaithe
1. De mhaolú ar Airteagal 4(1), féadfaidh na húdaráis inniúla rogha a dhéanamh gan limistéar críochaithe a bhunú má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
|
(a) |
aimsíodh an lotnaid shonraithe i gceann amháin díobh seo a leanas:
|
|
(b) |
tá fianaise ann nár éalaigh an lotnaid shonraithe ón áit inar aimsíodh í; |
|
(c) |
tá fianaise ann gur cás aonair é inar aimsíodh an lotnaid agus nach bhfuil coinne leis go mbunófar an lotnaid shonraithe dá dheasca; |
|
(d) |
níl aon nasc uisce ann lenar féidir leis an lotnaid shonraithe leathadh go nádúrtha idir suíomh an bhraith agus an timpeallacht nádúrtha sna cásanna a thuairiscítear i bpointí 1(a)(i) agus (ii); |
|
(e) |
i gcás ina bhfuil córas íonúcháin sa dobharlach, tá an córas sin glanta chun a áirithiú nach bhfuil an lotnaid shonraithe ann. |
2. I gcás ina gcuireann an t-údarás inniúil an maolú dá bhforáiltear i mír 1 i bhfeidhm, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
|
(a) |
na bearta a dhéanamh chun díothú pras na lotnaide sonraithe a áirithiú agus chun an fhéidearthacht go leathfadh sí a eisiamh; |
|
(b) |
tionscnamh an inmhíolaithe a rianú siar a mhéid is féidir agus imscrúdú a dhéanamh ar na bealaí atá bainteach leis an lotnaid a aimsiú a mhéid is féidir; |
|
(c) |
feasacht an phobail a mhúscailt maidir leis an mbagairt a bhaineann leis an lotnaid shonraithe; agus |
|
(d) |
scrúduithe amhairc a dhéanamh ar an láithreán inar aimsíodh an lotnaid shonraithe agus a timpeallacht, ar feadh 2 bhliain ar a laghad tar éis í a aimsiú, chun a áirithiú nach ann don lotnaid shonraithe sna cásanna a dtugtar tuairisc orthu i bpointí 1(a)(i) agus (ii). |
Airteagal 6
Bearta díothaithe
Áireofar ar na bearta díothaithe an méid seo a leanas:
|
(a) |
an lotnaid shonraithe a bhaint agus a scriosadh; |
|
(b) |
dianfhaireachán a dhéanamh ar láithreacht na lotnaide sonraithe, trí chigireachtaí a dhéanamh dhá uair sa bhliain agus béim ar leith á leagan ar an gcrios maolánach; |
|
(c) |
prótacal sláinteachais le haghaidh gach innealra talmhaíochta agus dobharshaothraithe úsáidte, a d’fhéadfadh teacht i dteagmháil leis an lotnaid shonraithe agus a bheith in ann í a leathadh; |
|
(d) |
prótacal sláinteachais maidir leis an trealamh go léir le haghaidh gníomhaíochtaí muirí agus bád, lena n-áirítear líonta iascaireachta, a fhanann ina stad sa limistéar críochaithe; |
|
(e) |
teaglaim cóireálacha in aghaidh bhainistiú na lotnaide sonraithe agus an uisce, lena n-áirítear triomú dáileachtaí, lochanna saorga, linnte agus bealaí uiscithe, sna limistéir sin ina bhfuil sé infheidhme. |
Airteagal 7
Suirbhéanna bliantúla i limistéir chríochaithe
1. Sna limistéir chríochnaithe, déanfaidh na húdaráis inniúla suirbhéanna bliantúla, dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2016/2031, chun láithreacht na lotnaide sonraithe a bhrath, agus an fhaisnéis dá dtagraítear sa chárta suirbhé lotnaidí á cur san áireamh.
2. Is éard a bheidh sna suirbhéanna sin:
|
(a) |
scrúduithe amhairc, ag na hamanna is iomchuí, chun an lotnaid shonraithe a bhrath, ar ghoirt na bplandaí sonraithe agus ar bhogaigh nádúrtha nó shaorga, amhail aibhneacha, lochanna, linnte, cainéil uiscithe. agus |
|
(b) |
sampláil agus tástáil, i gcás inar aimsíodh an lotnaid shonraithe nó go bhfuil amhras ann gur aimsíodh í. |
Airteagal 8
Deireadh a chur leis an gcríochú
Féadfar deireadh a chur leis an gcríochú dá dtagraítear in Airteagal 4 murar braitheadh an lotnaid shonraithe sa limistéar críochaithe ar feadh ceithre bliana as a chéile ar a laghad, bunaithe ar na suirbhéanna dá dtagraítear in Airteagal 7.
Airteagal 9
Oibleagáidí tuairiscithe
Faoin 30 Aibreán gach bliain, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin agus faoi bhráid na mBallstát eile torthaí na suirbhéanna a rinneadh, sa bhliain féilire roimhe sin, de bhun:
|
(a) |
Airteagal 3, lasmuigh de na limistéir chríochaithe, le linn na bliana féilire roimhe sin, agus úsáid á baint as na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1231; |
|
(b) |
Airteagal 7, sna limistéir chríochaithe, le linn na bliana féilire roimhe sin, agus úsáid á baint as ceann amháin de na teimpléid a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 10
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/697/AE a aisghairm
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/697/AE.
Airteagal 11
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón an 26 Eanáir 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/697/AE ón gCoimisiún an 8 Samhain 2012 a mhéid a bhaineann le bearta chun cosc a chur le tabhairt isteach agus leathadh an ghéinis Pomacea (Perry) laistigh den Aontas (IO L 311, 10.11.2012, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2012/697/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta in aghaidh lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1231 ón gCoimisiún an 27 Lúnasa 2020 maidir leis an bhformáid agus na treoracha le haghaidh na dtuarascálacha bliantúla maidir le torthaí na suirbhéanna agus maidir le formáid na gclár ilbhliantúil suirbhéireachta agus na socruithe praiticiúla, dá bhforáiltear faoi seach in Airteagail 22 agus 23 de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 280, 28.8.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1231/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2004 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a mhéid a bhaineann le liostú lotnaidí agus rialacha maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thabhairt isteach san Aontas agus a ngluaiseacht laistigh de (IO L, 2024/2004, 26.7.2024, , ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2004/oj).
(6) EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2020. Cárta suirbhé lotnaidí ar Pomacea spp., foilseachán tacaíochta EFSA 2020:EN-1877. 37 lch. doi:10.2903/sp.efsa.2020.EN-1877.
IARSCRÍBHINN
Teimpléid chun torthaí na suirbhéanna bliantúla arna ndéanamh de bhun Airteagal 7 a thuairisciú
CUID A
1. Teimpléad chun torthaí na suirbhéanna bliantúla a thuairisciú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Ainm |
Dáta bunaíochta |
Tuairisc |
Uimhir |
|
Uimhir |
Dáta |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
A |
B |
C |
D |
E |
F |
G |
H |
I |
i |
ii |
iii |
iv |
i |
ii |
iii |
iv |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
2. Treoracha maidir le conas an teimpléad a líonadh isteach
Má líontar isteach an teimpléad seo, níl an teimpléad i gCuid B le líonadh isteach.
Le haghaidh colún 1: Sonraigh ainm an limistéir gheografaigh, uimhir na ráige nó aon fhaisnéis lenar féidir an limistéar críochaithe (LC) sin a shainaithint mar aon le dáta a bhunaithe.
Le haghaidh colún 2: Sonraigh méid an LC roimh thús an tsuirbhé.
Le haghaidh colún 3: Sonraigh méid an LC i ndiaidh an tsuirbhé.
Le haghaidh colún 4: Sonraigh an cur chuige: Díothú nó imshrianadh. Cuir isteach an oiread rónna agus is gá, de réir an líon LC in aghaidh na lotnaide agus de réir na gcineálacha cur chuige a bhfuil na limistéir sin faoina réir.
Le haghaidh colún 5: Sonraigh crios an LC ina ndearnadh an suirbhé, agus úsáid á baint as an oiread rónna agus is gá: Crios inmhíolaithe (CI) nó crios maolánach (CM), i rónna ar leith. Nuair is infheidhme, sonraigh limistéar an CI ina ndearnadh an suirbhé (e.g. an 20 km deiridh cóngarach don chrios maolánach, timpeall ar phlandlanna, etc.) i rónna éagsúla.
Le haghaidh colún 6: Sonraigh uimhir na láithreán suirbhéireachta agus an tuairisc orthu, trí cheann de na hiontrálacha seo a leanas a roghnú le haghaidh na tuairisce:
|
1. |
Faoin aer (limistéar táirgthe): 1.1 gort (arúil, féarach); 1.2. úllord/fíonghort; 1.3. plandlann; 1.4. foraois; |
|
2. |
Faoin aer (eile): 2.1. gairdín príobháideach; 2.2. láithreáin phoiblí; 2.3. limistéar caomhnaithe; 2.4. plandaí fiáine i limistéir nach limistéir chaomhnaithe iad; 2.5. eile, agus an cás faoi leith á shonrú (e.g. ionad garraíodóireachta, láithreáin tráchtála ina n-úsáidtear ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid, bogaigh, gréasán uisciúcháin agus draenála); |
|
3. |
Dálaí atá dúnta go fisiceach: 3.1. teach gloine; 3.2. láithreán príobháideach, seachas teach gloine; 3.3. láithreán poiblí, seachas teach gloine; 3.4. eile, agus an cás faoi leith á shonrú (e.g. ionad garraíodóireachta, láithreáin tráchtála ina n-úsáidtear ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid). |
Le haghaidh colún 7: Sonraigh cad iad na limistéir riosca a sainaithníodh ar bhonn bhitheolaíocht na lotnaide, láithreacht plandaí óstacha, dálaí éicea-aeráide agus suíomhanna riosca.
Le haghaidh colún 8: Sonraigh na limistéir riosca a áirítear sa suirbhé, ó na limistéir riosca sin a shainaithnítear i gcolún 7.
Le haghaidh colún 9: Sonraigh plandaí, torthaí, síolta, ithir, ábhar pacáistíochta, adhmad, innealra, feithiclí, uisce, eile, agus sonraigh an cás sonrach.
Le haghaidh colún 10: Sonraigh an liosta speiceas/géineas plandaí a ndearnadh suirbhé orthu, agus úsáid á baint as ró amháin in aghaidh an speicis/an ghéinis planda.
Le haghaidh colún 11: Sonraigh na míonna den bhliain ina ndearnadh an suirbhé.
Le haghaidh colún 12: Tabhair sonraí an tsuirbhé, de réir na gceanglas dlíthiúil sonrach i leith gach lotnaide. Sonraigh le N/B i gcás nach mbaineann an fhaisnéis i gcolún áirithe le hábhar.
I gcás colúin 13 agus 14: Sonraigh na torthaí, má bhaineann siad le hábhar, agus soláthair an fhaisnéis atá ar fáil sna colúin chomhfhreagracha. Is éard is ‘neamhchinntithe’ ann na samplaí a ndearnadh anailís orthu agus nach bhfuarthas aon toradh ina leith mar gheall ar thosca éagsúla (e.g. faoi bhun an leibhéil braite, sampla neamhphróiseáilte – neamhshainaitheanta, sean).
Le haghaidh colún 15: Sonraigh fógraí ráigeanna na bliana ina ndearnadh an suirbhé le haghaidh torthaí sa CM. Ní gá an uimhir fógartha ráige a chur isteach i gcás inar chinn an t-údarás inniúil go bhfuil an brath ar cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) nó Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/2031. Sa chás sin, sonraigh an chúis nár soláthraíodh an fhaisnéis sin i gcolún 16 (‘Nótaí’).
CUID B
1 Teimpléad chun na torthaí ó shuirbhéanna bliantúla atá bunaithe ar staidreamh a thuairisciú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Ainm |
Dáta an bhunaithe |
Tuairisc |
Uimhir |
Speiceas óstach |
Achar (ha nó aonad eile atá níos ábhartha) |
Aonaid chigireachta |
Tuairisc |
Aonaid |
Scrúduithe amhairc |
Gaisteoireacht |
Tástáil |
Modhanna eile |
Toisc riosca |
Leibhéil riosca |
An líon suíomhanna |
Rioscaí coibhneasta |
Cion an phobail óstaigh |
Deimhneach |
Diúltach |
Neamhchinntithe |
Uimhir |
Dáta |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||||||||||||||||
2. Treoracha maidir le conas an teimpléad a líonadh isteach
Mínigh na toimhdí bunúsacha le haghaidh dhearadh an tsuirbhé de réir na lotnaide. Déan achoimre orthu seo a leanas agus tabhair údar leo:
|
— |
an spriocphobal, an t-aonad eipidéimeolaíoch agus na haonaid chigireachta; |
|
— |
an modh braite agus íogaireacht an mhodha; |
|
— |
an toisc riosca nó na tosca riosca, agus sonraigh na leibhéil riosca agus rioscaí coibhneasta comhfhreagracha agus cion coibhneasta comhfhreagrach an phobail plandaí óstacha. |
Le haghaidh colún 1: Sonraigh ainm an limistéir gheografaigh, uimhir na ráige nó aon fhaisnéis lenar féidir an limistéar críochaithe (LC) sin a shainaithint mar aon le dáta a bhunaithe.
Le haghaidh colún 2: Sonraigh méid an LC roimh thús an tsuirbhé.
Le haghaidh colún 3: Sonraigh méid an LC i ndiaidh an tsuirbhé.
Le haghaidh colún 4: Sonraigh an cur chuige: Díothú nó imshrianadh. Cuir isteach an oiread rónna agus is gá, de réir an líon LC in aghaidh na lotnaide agus de réir na gcineálacha cur chuige a bhfuil na limistéir sin faoina réir.
Le haghaidh colún 5: Sonraigh crios an LC ina ndearnadh an suirbhé, agus úsáid á baint as an oiread rónna agus is gá: Crios inmhíolaithe (CI) nó crios maolánach (CM), i rónna ar leith. I gcás inarb infheidhme, sonraigh limistéar an CI ina ndearnadh an suirbhé (e.g. an 20 km deiridh in aice leis an CM, thart timpeall ar phlandlanna, etc.) i rónna éagsúla.
Le haghaidh colún 6: Sonraigh uimhir na láithreán suirbhéireachta agus an tuairisc orthu, trí cheann de na hiontrálacha seo a leanas a roghnú le haghaidh na tuairisce:
|
1 |
Faoin aer (limistéar táirgthe): 1.1 gort (arúil, féarach); 1.2. úllord/fíonghort; 1.3. plandlann; 1.4. foraois; |
|
2. |
Faoin aer (eile): 2.1. gairdíní príobháideacha; 2.2. láithreáin phoiblí; 2.3. limistéar caomhnaithe; 2.4. plandaí fiáine i limistéir nach limistéir chaomhnaithe iad; 2.5. eile, agus an cás faoi leith á shonrú (e.g. ionad garraíodóireachta, láithreáin tráchtála ina n-úsáidtear ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid, bogaigh, gréasán uisciúcháin agus draenála); |
|
3. |
Dálaí atá dúnta go fisiceach: 3.1. teach gloine; 3.2. láithreán príobháideach, seachas teach gloine; 3.3. láithreán poiblí, seachas teach gloine; 3.4. eile, agus an cás faoi leith á shonrú (e.g. ionad garraíodóireachta, láithreáin tráchtála ina n-úsáidtear ábhar pacáistíochta adhmaid, tionscal an adhmaid). |
Le haghaidh colún 7: Sonraigh na míonna den bhliain ina ndearnadh na suirbhéanna.
Le haghaidh colún 8: Sonraigh an spriocphobal a roghnaíodh agus soláthair dá réir liosta na speiceas/géineas agus an limistéar a cumhdaíodh. Sainmhínítear an spriocphobal mar iomlán na n-aonad cigireachta. Is iondúil go sainítear a mhéid ina heicteáir i gcás limistéir talmhaíochta, ach d’fhéadfadh sé gur lotaí, páirceanna, tithe gloine etc. a bheadh i gceist. Sonraigh údar leis an rogha a rinneadh sna toimhdí foluiteacha. Sonraigh na haonaid chigireachta a ndearnadh suirbhé orthu. Ciallaíonn ‘aonad cigireachta’ plandaí, codanna plandaí, tráchtearraí, ábhair, veicteoirí lotnaidí a ndearnadh grinnscrúdú orthu chun na lotnaidí a shainaithint agus a bhrath.
Le haghaidh colún 9: Sonraigh na haonaid eipidéimeolaíocha a ndearnadh suirbhé orthu, agus sonraigh tuairisc agus aonad tomhais na n-aonad sin. Ciallaíonn ‘aonad eipidéimeolaíoch’ limistéar aonchineálach ina mbeadh an eipidéimeolaíocht chéanna mar thoradh ar na hidirghníomhaíochtaí idir an lotnaid, na plandaí óstacha agus na tosca agus na dálaí aibitheacha agus bitheacha, dá mbeadh an lotnaid i láthair. Is fo-rannán den spriocphobal iad na haonaid eipidéimeolaíocha, tá siad aonchineálach ó thaobh na heipidéimeolaíochta de, agus tá planda óstach amháin ar a laghad iontu. I gcásanna áirithe, féadfar an pobal óstach iomlán i réigiún/limistéar/tír a shainiú mar aonad eipidéimeolaíoch. D’fhéadfadh sé gur réigiúin iad um aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS), limistéir uirbeacha, foraoisí, gairdíní róis nó feirmeacha, nó heicteáir. Ní mór údar a thabhairt sna toimhdí foluiteacha maidir le rogha na n-aonad eipidéimeolaíoch.
Le haghaidh colún 10: Sonraigh na modhanna a úsáideadh le linn an tsuirbhé, lena n-áirítear an líon gníomhaíochtaí i ngach cás, de réir na gceanglas dlíthiúil sonrach i leith gach lotnaide. Sonraigh le N/B i gcás nach bhfuil fáil ar an bhfaisnéis i gcolún áirithe.
Le haghaidh colún 11: Sonraigh meastachán ar éifeachtacht na samplála. Ciallaíonn ‘éifeachtacht na samplála’ an dóchúlacht go roghnófaí codanna plandaí ionfhabhtaithe ó phlanda ionfhabhtaithe. I gcás veicteoirí, is é atá inti éifeachtacht an mhodha chun veicteoir deimhneach a ghabháil nuair a bhíonn sé i láthair i limistéar an tsuirbhé. I gcás ithreach, is é atá inti an éifeachtacht lena roghnaítear sampla ithreach ina bhfuil an lotnaid nuair a bhíonn an lotnaid i láthair i limistéar an tsuirbhé.
Le haghaidh colún 12: Ciallaíonn ‘íogaireacht an mhodha’ an dóchúlacht go mbraithfear láithreacht lotnaide i gceart le modh ar leith. Sainmhínítear íogaireacht an mhodha mar an dóchúlacht gur toradh deimhneach a bheidh ar thástáil ar óstach atá deimhneach i ndáiríre. Is é atá inti éifeachtacht na samplála (i.e. an dóchúlacht go roghnófar codanna plandaí ionfhabhtaithe ó phlanda ionfhabhtaithe) arna hiolrú faoin íogaireacht dhiagnóiseach (arna saintréithiú tríd an gcigireacht amhairc agus/nó an tástáil saotharlainne a úsáidtear sa phróiseas sainaitheantais).
Le haghaidh colún 13: Sonraigh na tosca riosca i rónna éagsúla, agus úsáid á baint as an oiread rónna agus is gá. I gcás gach toisce riosca, sonraigh an leibhéal riosca agus an riosca coibhneasta comhfhreagrach agus cion an phobail óstaigh.
Le haghaidh colún B: Tabhair sonraí an tsuirbhé, de réir na gceanglas dlíthiúil sonrach i leith gach lotnaide. Sonraigh le N/B i gcás nach mbaineann an fhaisnéis i gcolún áirithe le hábhar. Baineann an fhaisnéis atá le soláthar sna colúin seo leis an bhfaisnéis a áirítear i gcolún 10 ‘Modhanna braite’.
Le haghaidh colún 18: Sonraigh an líon láithreán gaisteoireachta i gcás nach ionann an líon sin agus an líon gaistí (colún 17) (e.g. úsáidtear an gaiste céanna in áiteanna éagsúla).
Le haghaidh colún 21: Sonraigh an líon samplaí a fuarthas deimhneach, diúltach nó neamhchinntithe. Is éard is ‘neamhchinntithe’ ann na samplaí a ndearnadh anailís orthu agus nach bhfuarthas aon toradh ina leith mar gheall ar thosca éagsúla (e.g. faoi bhun an leibhéil braite, sampla neamhphróiseáilte – neamhshainaitheanta, sean).
Le haghaidh colún 22: Sonraigh na fógraí faoi ráigeanna ón mbliain ina ndearnadh an suirbhé. Ní gá an uimhir fógartha ráige a chur isteach i gcás inar chinn an t-údarás inniúil go bhfuil an brath ar cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) nó Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/2031. Sa chás sin, sonraigh an chúis nár soláthraíodh an fhaisnéis sin i gcolún 25 (‘Nótaí’).
Le haghaidh colún 23: Sonraigh íogaireacht an tsuirbhé, mar a shainmhínítear sa Chaighdeán Idirnáisiúnta maidir le Bearta Fíteashláintíochta (ISPM) 31. An leibhéal muiníne sin maidir le saoirse ó lotnaidí a bhaintear amach, déantar an luach sin a ríomh ar bhonn na scrúduithe (agus/nó ar na samplaí) a rinneadh i bhfianaise íogaireacht an mhodha agus leitheadúlacht an dearaidh.
Le haghaidh colún 24: Sonraigh leitheadúlacht an dearaidh ar bhonn meastachán réamhshuirbhé ar leitheadúlacht iarbhír dhóchúil na lotnaide sa ghort. Socraítear leitheadúlacht an dearaidh mar sprioc de chuid an tsuirbhé agus comhfhreagraíonn sí don chomhréiteach atá á dhéanamh ag na bainisteoirí riosca idir an riosca go mbeidh an lotnaid ann agus na hacmhainní atá ar fáil don suirbhé. De ghnáth, socraítear luach 1 % le haghaidh suirbhé braite.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2013/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)