European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2010

23.7.2024

CINNEADH (CBES) 2024/2010 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Iúil 2024

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na hAirméine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (CBES) 2021/509 (1) ón gComhairle, bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána (an tSaoráid) chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, i gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle, tá an tSaoráid Eorpach Síochána le húsáid chun bearta cúnaimh a mhaoiniú, amhail gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú i ndáil le cúrsaí míleata agus cosanta.

(2)

Leagtar amach mar chuspóirí i Straitéis Dhomhanda 2016 maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh neartú na slándála agus na cosanta, infheistiú a dhéanamh in athléimneacht na Stát agus na sochaithe lastoir den Aontas, cur chuige comhtháite a fhorbairt maidir le coinbhleachtaí agus le géarchéimeanna, oird réigiúnacha chomhoibríocha a chur chun cinn agus tacú leo, agus an rialachas domhanda a atreisiú ar bhonn an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta.

(3)

An 21 Márta 2022, d’fhormheas an tAontas an Compás Straitéiseach, agus é mar chuspóir aige soláthraí slándála níos láidre agus níos cumasaí a dhéanamh den Aontas, lena n-áirítear trí úsáid mhéadaithe a bhaint as an tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le cumais chosanta na gcomhpháirtithe.

(4)

Tá an tAontas tiomanta d’fheabhas a chur ar an gcomhar agus ar an gcomhpháirtíocht chuimsitheach pholaitiúil agus eacnamaíoch le Poblacht na hAirméine, bunaithe ar an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (2) (‘an Comhaontú Comhpháirtíochta Feabhsaithe’), agus forbairt dlúthchaidrimh pholaitiúil a chur chun cinn. De bhun Airteagal 5(1) den Chomhaontú Comhpháirtíochta Feabhsaithe, tá an tAontas agus Poblacht na hAirméine lena n-idirphlé agus lena gcomhar a threisiú i réimse an bheartais eachtraigh agus slándála, lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta (CBSC), agus tá siad le haghaidh a thabhairt go háirithe ar shaincheisteanna a bhaineann le coinbhleachtaí a chosc agus géarchéimeanna a bhainistiú, le laghdú riosca, leis an gcibearshlándáil, le hathchóiriú na hearnála slándála, le cobhsaíocht réigiúnach, leis an dí-armáil, leis an neamhleathadh, le rialú arm agus le rialú onnmhairí.

(5)

Aithníonn an tAontas go bhfuil sé ar intinn ag Poblacht na hAirméine rannchuidiú le misin agus oibríochtaí CBSC an Aontais amach anseo agus is díol sásaimh dó an iarraidh fhoirmiúil ó Phoblacht na hAirméine ó mhí na Samhna 2023 chun tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontaithe lena mbunófar creat dá rannpháirtíocht in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais.

(6)

An 30 Eanáir 2024, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála iarraidh ó Phoblacht na hAirméine ar iarraidh ar an Aontas cúnamh a thabhairt d’Fhórsaí Armtha Phoblacht na hAirméine trealamh barrthábhachtach a fháil chun acmhainneachtaí a n-aonad lóistíochta agus a n-aonad leighis mhíleata a neartú.

(7)

Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme agus aird á tabhairt ar na prionsabail agus ar na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509, agus go háirithe ar chomhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (3), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

(8)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh (‘an beart cúnaimh’) a rachaidh chun tairbhe do Phoblacht na hAirméine (‘an tairbhí’) agus atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

2.   Is iad seo a leanas cuspóirí an bhirt cúnaimh:

(a)

rannchuidiú le hacmhainneachtaí Fhórsaí Armtha Phoblacht na hAirméine a neartú d’fhonn an tslándáil, an chobhsaíocht agus an athléimneacht náisiúnta in earnáil na cosanta a fheabhsú, i gcomhréir le beartas foriomlán an Aontais i dtaobh Phoblacht na hAirméine;

(b)

cur ar a gcumas d’Fhórsaí Armtha Phoblacht na hAirméine a n-éifeachtacht oibríochtúil a fheabhsú, dlús a chur le comhlíonadh chaighdeáin agus idir-inoibritheacht an Aontais agus, ar an gcaoi sin, an pobal sibhialta a chosaint ar bhealach níos fearr le linn géarchéimeanna agus i gcásanna éigeandála;

(c)

acmhainneachtaí Phoblacht na hAirméine maidir lena rannpháirtíocht i misin agus oibríochtaí míleata CBSC an Aontais amach anseo a neartú.

3.   Chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 a ghnóthú, maoineofar leis an mbeart cúnaimh trealamh lóistíochta nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a sheachadadh, eadhon cumas campa allamuigh shoghluaiste le haghaidh aonad méid cathláin, lena n-áirítear saoráid cóireála leighis ról-1.

Leis an mbeart cúnaimh, maoineofar freisin seirbhísí agus saoráidí ábhartha, lena n-áirítear oiliúint theicniúil, arna iarraidh sin:

4.   Mairfidh an beart cúnaimh ar feadh tréimhse 30 mí ón dáta a ghlacfar an Chinnidh seo.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 10 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána le cur chun feidhme.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonfaidh na haonaid sin d’Fhórsaí Armtha Phoblacht na hAirméine dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

go mbaintear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(c)

go ndéantar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil go hoibríochtúil i gcaitheamh a saolré;

(d)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ón gCoiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 chuig aon duine nó eintiteas seachas chucu siúd a shainaithnítear sna socruithe sin, ag deireadh a saolré.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus leis na rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme agus leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Is é an riarthóir um bearta cúnaimh a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) den Chinneadh seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí shocruithe riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 37 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar a mhéid a chomhlíonfaidh an tairbhí na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3 agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag na haonaid d’Fhórsaí Armtha Phoblacht na hAirméine dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.

2.   Déanfar rialú an trealaimh, na soláthairtí agus na seirbhísí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:

(a)

fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, le deimhnithe seachadta na Saoráide a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht;

(b)

tuairisciú, trína bhfuil an tairbhí le tuairisciú go bliantúil ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh leis an trealamh, leis na soláthairtí agus na seirbhísí arna soláthar faoin mbeart cúnaimh agus ar fhardal na míreanna ainmnithe go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) nach bhfuil gá leis an tuairisciú sin a thuilleadh;

(c)

cuairteanna ar an láthair, trína ndeonóidh an tairbhí rochtain don Ardionadaí agus d’iniúchóirí na Saoráide chun cigireachtaí ar an láthair agus iniúchtaí na Saoráide a dhéanamh, arna iarraidh sin.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh ach a gcríochnófar an beart cúnaimh chun a mheas ar rannchuidigh an beart cúnaimh leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1(2) a bhaint amach.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha tráthrialta faoi bhráid an Choiste Polaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an Riarthóir um Bearta Cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

1.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a chinneadh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

2.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh go ndéanfaidh an Chomhairle an beart cúnaimh a fhoirceannadh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Iúil 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)   IO L 23, 26.1.2018, lch. 4.

(3)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe trealaimh agus teicneolaíochta míleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2010/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)