Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2009 |
22.7.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/2009 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Iúil 2024
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1999 (1). |
(2) |
An 8 Nollaig 2020, sa Dearbhú ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir le córas domhanda smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh i ndáil le cearta an duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le córas domhanda smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine cuirtear i bhfios go láidir a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach den Aontas é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a bhaint amach. Is bunluachanna de chuid an Aontais agus de chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais iad meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an meas ar chearta an duine. |
(3) |
Sna conclúidí uaithi an 14 Samhain 2022, chuir an Chomhairle in iúl gur cúis imní di an éifeacht dhíréireach atá ag coinbhleachtaí armtha i gcónaí ar mhná agus ar chailíní ar fud an domhain, chomh maith le leitheadúlacht an fhoréigin ghnéasaigh agus an fhoréigin inscnebhunaithe, lena n-áirítear foréigean gnéasach a bhaineann le coinbhleachtaí, as líne agus ar líne. Gheall sí go gcuirfí feabhas ar na hiarrachtaí chun an foréigean sin a chomhrac chun cuntasacht iomlán a áirithiú agus chun an tsaoirse ó phionós a chomhrac. Sa bhreis air sin, sna conclúidí uaithi i mí an Mheithimh 2014, chuir an Chomhairle i dtreis an gá atá le beartais chomhordaithe ar gach leibhéal ábhartha mar aon le cur chuige cuimsitheach le go ndéanfar gach cineál foréigin in aghaidh na mban a chomhrac agus a dhíothú, ar beartais iad lena ndíreofar ar na príomh-shaincheisteanna maidir le cosc, tearcthuairisciú, cosaint, tacú le híospartaigh, agus na daoine sin is cúis leis an bhforéigean a ionchúiseamh chomh maith le bearta eile. Treisíonn úsáid straitéiseach na mbeart sriantach an cur chuige sin trí bhreis brú a chur chun tuilleadh sáruithe agus mí-úsáidí a chosc agus, i gcomhar le hionstraimí eile de chuid an Aontais sa bhosca uirlisí um chearta an duine, tarraingíonn sé aird ar na sáruithe agus na mí-úsáidí sin agus ar na daoine atá freagrach astu. |
(4) |
Sa chomhthéacs sin, ba cheart ceathrar agus dhá eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2020/1999 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh in sa Bhruiséil, an 22 Iúil 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 13).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 mar a leanas:
(1) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:
|
(2) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí faoin gceannteideal ‘B Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2009/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)