European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2002

26.7.2024

MOLADH (AE) 2024/2002 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Iúil 2024

lena leagtar síos treoirlínte maidir le léirmhíniú Airteagal 11 de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le córais bainistíochta fuinnimh agus iniúchtaí fuinnimh

(tugadh fógra faoi le doiciméad C(2024) 5155)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) tugadh isteach ceanglas maidir le coigilteas fuinnimh 32,5 % ar a laghad ar leibhéal an Aontais a bhaint amach faoi 2030.

(2)

Sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD (2013) 447 final (2), thug an Coimisiún treoir do na Ballstáit i ndáil leis na hiniúchtaí fuinnimh agus na córais bainistíochta fuinnimh a thrasuí agus a chur i bhfeidhm faoi Threoir 2012/27/AE, ag tacú leo na scéimeanna, na huirlisí agus na modheolaíochtaí leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun bheith in ann leas iomlán a bhaint as a n-acmhainneacht coigiltis fuinnimh agus an phríomhsprioc éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach.

(3)

Glacadh Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) an 13 Meán Fómhair 2023. Rinneadh Treoir 2012/27/AE a athmhúnlú léi, agus cuid dá forálacha a choinneáil gan athrú agus, an tráth céanna, ceanglais nua a thabhairt isteach. Go háirithe, ardaíodh go mór léi an leibhéal uaillmhéine le haghaidh 2030 i dtéarmaí éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear córais bainistíochta fuinnimh agus iniúchtaí fuinnimh.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir (AE) 2023/1791, beidh meántomhaltas fuinnimh fiontair ina chritéar chun cur i bhfeidhm córas bainistíochta fuinnimh nó iniúchtaí fuinnimh a shainiú.

(5)

Dá bhrí sin, maidir le fiontair a bhfuil meántomhaltas bliantúil fuinnimh acu atá níos airde ná 10TJ, a ghlacann na hiompróirí fuinnimh go léir le chéile agus a mheánaítear le linn na 3 bliana roimhe sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na fiontair sin faoi réir iniúchtaí fuinnimh, ach áiritheoidh siad go ndéanfaidh fiontair a bhfuil tomhaltas fuinnimh níos mó ná 85TJ acu córais bainistíochta fuinnimh a chur chun feidhme.

(6)

Mar sin féin, ba cheart fiontair atá faoi bhun na tairsí tomhaltais in Airteagal 11(1) de Threoir (AE) 2023/1791 a spreagadh chun iniúchtaí fuinnimh a dhéanamh agus na moltaí a eascraíonn as sin a chur chun feidhme.

(7)

Chun dálaí iomchuí a chruthú agus tacaíocht a chur ar fáil d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna), moltar do na Ballstáit sásraí a chur chun feidhme amhail lárionaid iniúchóireachta fuinnimh le haghaidh FBManna agus micrifhiontar, i gcás nach bhfuil siad in iomaíocht le hiniúchóirí príobháideacha, chun iniúchtaí fuinnimh a sholáthar, chomh maith le scéimeanna tacaíochta eile le haghaidh FBManna. Agus a scéimeanna tacaíochta agus a gcláir thacaíochta le haghaidh FBManna á bhforbairt ag na Ballstáit, ba cheart dóibh a áirithiú go n-áireofar ina gcláir freisin tacaíocht do FBManna chun tairbhí iomadúla na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh a chainníochtú, treochláir éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt agus líonraí éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt do FBManna, arna n-éascú ag éascaitheoirí neamhspleácha.

(8)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear san áireamh sna hiniúchtaí fuinnimh agus sna córais bainistíochta fuinnimh Caighdeáin ábhartha Eorpacha nó Idirnáisiúnta, amhail EN ISO 50001 (Córais Bainistíochta Fuinnimh), nó EN 16247-1 (Iniúchtaí Fuinnimh), nó, má chuirtear iniúchadh fuinnimh san áireamh, EN ISO 14000 (Córais Bainistíochta Comhshaoil) agus, dá bhrí sin, ba cheart dóibh a bheith i gcomhréir freisin le forálacha Iarscríbhinn VI a ghabhann le hathmhúnlú na Treorach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh.

(9)

Cé gur féidir iniúchtaí fuinnimh a dhéanamh ar bhonn neamhspleách nó cé gur féidir leo a bheith ina gcuid de chóras bainistíochta comhshaoil níos leithne nó de chonradh feidhmíochta fuinnimh, i ngach cás den sórt sin comhlíonfaidh na cineálacha cur chuige sin ceanglais íosta Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791.

(10)

Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin lena dtrasuitear Airteagal 11 de Threoir (AE) 2023/1791, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 11 Deireadh Fómhair 2025, seachas forálacha Airteagal 11(1) maidir le cur chun feidhme na gcéad chóras bainistíochta fuinnimh agus forálacha Airteagal 11(2) maidir leis an gcéad iniúchadh fuinnimh a dhéanamh sna cuideachtaí a cuireadh faoi oibleagáid le déanaí faoi raon feidhme na Treorach, ar forálacha iad sin atá le trasuí faoin 11 Deireadh Fómhair 2027 agus 2026 faoi seach.

(11)

Tá lánrogha ag na Ballstáit maidir leis an mbealach is fearr a oireann dá gcúinsí náisiúnta chun na ceanglais maidir le córais bainistíochta fuinnimh agus iniúchtaí fuinnimh a thrasuí agus a chur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, mholfaí forálacha ábhartha de Threoir (AE) 2023/1791 a léirmhíniú ar bhealach comhsheasmhach a rannchuideodh le tuiscint chomhleanúnach ar Threoir (AE) 2023/1791 ó Bhallstát go chéile agus iad ag ullmhú a mbeart trasuite,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

Ba cheart do na Ballstáit na treoirlínte léirmhínitheacha atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo a leanúint agus Airteagal 11 de Threoir (AE) 2023/1791 á thrasuí ina ndlí náisiúnta.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Kadri SIMSON

Comhalta den Choimisiún


(1)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/27/oj).

(2)  Nóta treorach i dtaca le Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh – Airteagal 8: Iniúchtaí fuinnimh agus córais bainistíochta fuinnimh, SWD (2013) 447 final, 6.11.2013.

(3)  Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/1791/oj).


IARSCRÍBHINN

1.   RÉAMHRÁ

Leis na treoirlínte seo, tugtar treoir do na Ballstáit maidir le conas Airteagal 11 de Threoir (AE) 2023/1791 a léirmhíniú agus é á thrasuí ina reachtaíocht náisiúnta.

Tagann na treoirlínte seo in ionad an nóta treorach a bhí ann roimhe seo, Nóta treorach i dtaca le Treoir 2012/27/AE an 6 Samhain 2013 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh — Airteagal 8: Iniúchtaí fuinnimh agus córais bainistíochta fuinnimh SWD (2013) 447 final. D’fhéadfadh codanna áirithe den nóta treorach a bhí ann roimhe seo a bheith úsáideach fós do na Ballstáit chun na forálacha a bhaineann le hiniúchadh fuinnimh a chur chun feidhme.

Mar sin féin, baineann an léirmhíniú ceangailteach ar reachtaíocht an Aontais le hinniúlacht eisiach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

2.   COMHTHÉACS DLÍTHIÚIL AGUS BEARTAIS

Is uirlisí fíor-riachtanacha iad iniúchtaí fuinnimh agus córais bainistíochta fuinnimh do chuideachtaí (agus d’eintitis eile amhail comhlachtaí poiblí) chun measúnú a dhéanamh ar an tomhaltas fuinnimh atá ann cheana agus chun deiseanna a shainaithint maidir le fuinneamh a choigilt. Dá bhrí sin, coinnítear i dTreoir (AE) 2023/1791 cuid mhaith de na forálacha ó Threoir (AE) 2018/2002.

Cuirtear Airteagal 11 de Threoir (AE) 2023/1791 in ionad Airteagal 8 de Threoir 2012/27/AE.

Baineann an difríocht is tábhachtaí idir Airteagal 11 de Threoir (AE) 2023/1791 agus Airteagal 8 de Threoir (AE) 2018/2002 le raon feidhme na hoibleagáide atá ar fhiontair córas bainistíochta fuinnimh nó iniúchadh fuinnimh a chur chun feidhme.

Le forálacha Threoir (AE) 2018/2002, áfach, sainítear an raon feidhme trí chineál an fhiontair (i.e. FBM nó eile), faoi Airteagal 11(1) de Threoir (AE) 2023/1791: ‘Maidir le fiontair a bhfuil meántomhaltas bliantúil fuinnimh acu atá níos airde ná 85 TJ fuinnimh le linn na 3 bliana roimhe sin, a ghlacann na hiompróirí fuinnimh go léir le chéile, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na fiontair sin córas bainistíochta fuinnimh chun feidhme’.

Thairis sin, faoi Airteagal 11(2), ‘Maidir le fiontair a bhfuil meántomhaltas bliantúil fuinnimh acu atá níos airde ná 10 TJ fuinnimh le linn na 3 bliana roimhe sin, a ghlacann na hiompróirí fuinnimh go léir le chéile, ach nach gcuireann córas bainistíochta fuinnimh chun feidhme, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirtear na fiontair sin faoi réir iniúchadh fuinnimh’.

Le hAirteagal 11(1) agus (2), ní eisiatar aon earnáil bunaithe ar a gníomhaíocht (mar shampla, suiteálacha na gCóras Trádála Astaíochtaí (CTA) nó ceadúnaithe um Chosc agus Rialú Comhtháite ar Thruailliú (IPPC)).

3.   NA PRÍOMHTHÉARMAÍ A ÚSÁIDTEAR SNA TREOIRLÍNTE SEO

Is iad seo a leanas na príomhthéarmaí is ábhartha i gcomhthéacs raon feidhme na n-oibleagáidí faoi Airteagal 11 de Threoir (AE) 2023/1791 a léirmhíniú.

3.1.   Téarmaí a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2023/1791 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)

Táirgí fuinnimh

Ciallaíonn ‘táirgí fuinnimh’ breoslaí indóite, teas, fuinneamh in-athnuaite, leictreachas, nó aon fhoirm eile fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (d), de Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008.

Córas bainistíochta fuinnimh

Ciallaíonn ‘córas bainistíochta fuinnimh’ tacar gnéithe idirghaolmhara nó idirghníomhacha de straitéis ina leagtar síos cuspóir éifeachtúlachta fuinnimh agus plean chun an cuspóir sin a bhaint amach, lena n-áirítear faireachán ar thomhaltas fuinnimh iarbhír, gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus dul chun cinn a thomhas, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (16), de Threoir (AE) 2023/1791.

Iniúchadh fuinnimh

Ciallaíonn ‘iniúchadh fuinnimh’ nós imeachta córasach a bhfuil sé de chuspóir leis eolas leordhóthanach a fháil ar phróifíl tomhaltais fuinnimh foirgnimh nó grúpa foirgneamh, oibríochta nó suiteála tráchtála nó tionsclaíche nó seirbhíse poiblí nó príobháidí, lena sainaithnítear agus lena gcainníochtaítear deiseanna chun coigilteas fuinnimh costéifeachtach a dhéanamh, lena sainaithnítear an fhéidearthacht le haghaidh úsáid costéifeachtach fuinnimh in-athnuaite nó le haghaidh táirgeadh costéifeachtach fuinnimh in-athnuaite agus na torthaí sin a thuairisciú, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (32), de Threoir (AE) 2023/1791.

Tomhaltas fuinnimh deiridh

Sainmhínítear ‘tomhaltas fuinnimh deiridh’ nó ‘FEC’ in Airteagal 2, pointe (6) de Threoir (AE) 2023/1791 mar an fuinneamh ar fad a sholáthraítear don earnáil tionsclaíochta, don iompar, lena n-áirítear tomhaltas fuinnimh san eitlíocht idirnáisiúnta, do theaghlaigh, do sheirbhísí poiblí agus príobháideacha, don talmhaíocht, don fhoraoiseacht, don iascaireacht agus d’earnálacha críochúsáide eile, seachas tomhaltas fuinnimh i mbuncair mhuirí idirnáisiúnta, fuinneamh comhthimpeallachta agus seachadtaí chuig earnáil an chlaochlaithe agus chuig earnáil an fhuinnimh, agus caillteanais i ngeall ar tharchur agus ar dháileadh mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008.

3.2.   Téarmaí nach sainmhínítear i dTreoir (AE) 2023/1791 ná i ngníomhartha eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí

Fiontar

Ní shainmhínítear ‘fiontar’ i dTreoir (AE) 2023/1791. Mar sin féin, tagraítear don Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE (2) in Airteagal 2(30) agus (31) de Threoir (AE) 2023/1791. Tagraítear in Airteagal 1 de Theideal I den Iarscríbhinn sin do ‘fiontar’ mar ‘aon eintiteas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil. Áirítear leis sin, go háirithe, daoine féinfhostaithe agus gnólachtaí teaghlaigh a ghabhann do ghníomhaíochtaí ceirde nó do ghníomhaíochtaí eile, agus comhpháirtíochtaí nó comhlachais a ghabhann do ghníomhaíocht eacnamaíoch rialta’  (3).

I gcomhthéacs Threoir (AE) 2023/1791, is é an chiall a bhaineann an Coimisiún as sin:

Níl sé d’oibleagáid ach ar fhiontair laistigh de chríoch Ballstáit an Treoir a chomhlíonadh. Mar sin féin, agus measúnú á dhéanamh ar a dtomhaltas fuinnimh, ba cheart gach fiontar nasctha laistigh de chríoch an Aontais a chur san áireamh.

Fiontair atá faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí poiblí, go páirteach nó go hiomlán, cumhdaítear iad freisin le hoibleagáidí Airteagal 11(1) agus Airteagal 11(2).

Ba cheart do na Ballstáit cur chun feidhme córas bainistíochta fuinnimh agus iniúchtaí fuinnimh a chur chun cinn laistigh den riarachán poiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, mar a léirítear in Aithris (84) de Threoir (AE) 2023/1791.

4.   MODHEOLAÍOCHTAÍ CHUN MEÁNTOMHALTAS BLIANTÚIL FIONTAIR A RÍOMH

Na critéir a úsáidtear chun a chinneadh an dtagann fiontar faoi raon feidhme na hoibleagáide i mbliain ar leith ‘n’ faoi Airteagal 11(1) nó Airteagal 11(2), tá siad bunaithe ar an meántomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil le linn na 3 bliana roimhe sin (n-3, n-2 agus n-1). Le sprioc-am trasuite an 10 Deireadh Fómhair 2025, ní mór an oibleagáid le haghaidh 2025 a mheasúnú bunaithe ar mheán fiontair i dtaca le méideanna tomhaltais fuinnimh deiridh bhliantúil in 2022, 2023 agus 2024.

An cur chuige molta chun an mhéadracht sin ar a dtugtar tuairisc sa roinn seo a ríomh, is é is aidhm dó iarracht réasúnach a áirithiú le haghaidh na mBallstát agus na bhfiontar araon, agus dá bhrí sin, ní bhreithnítear ach na billí fuinnimh a shonrasctar (4) d’fhiontar (féach 4.2) agus an féintomhaltas fuinnimh a tháirgtear le fuinneamh in-athnuaite.

Mar sin féin, má tá meastachán níos cruinne ag fiontar cheana féin ar a thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil, mar shampla toisc go bhfuil córas bainistíochta fuinnimh curtha chun feidhme aige cheana féin nó toisc go bhfuil iniúchadh fuinnimh déanta aige cheana féin, ba cheart an fhaisnéis sin a úsáid.

4.1.   Teorainneacha córais

Ní shainmhínítear teorainneacha córais i dTreoir (AE) 2023/1791 agus ba cheart an roinn seo a bheith ina treoirlíne amháin. Is féidir breathnú ar theorainneacha córais mar theorainneacha fisiciúla nó eagraíochtúla córais a ndearnadh anailís air, i gcás iniúchtaí fuinnimh agus chórais bainistíochta fuinnimh an fhiontair atá i gceist.

I gcomhthéacs Threoir (AE) 2023/1791, ba cheart tomhaltas fuinnimh a mheas i dtéarmaí ‘tomhaltas fuinnimh deiridh’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(5).

Ba cheart gach iompróir fuinnimh agus gach úsáid fuinnimh (e.g., aeráil, soilsiú, téamh, fuarú, iompar, stóráil sonraí, agus próisis táirgthe) a chur san áireamh agus meántomhaltas fuinnimh bliantúil fiontair á ríomh.

4.2.   Billí fuinnimh a shonrasctar don fhiontar

Agus meántomhaltas bliantúil fiontair á ríomh chun fiontair faoi oibleagáid a shainaithint, chuirfí na billí fuinnimh a shonrasctar don fhiontar san áireamh den chuid is mó. Mar sin féin, an fuinneamh arna thomhailt, a sholáthair soláthraí seirbhísí fuinnimh (5) don fhiontar (e.g., trí chonraitheoireacht um sheirbhísí fuinnimh), ba cheart don fhiontar an fuinneamh sin a chur san áireamh freisin.

Maidir leis an sciar d’fhéintomhaltas fuinnimh a tháirgtear le fuinneamh in-athnuaite laistigh de theorainneacha an chórais (e.g. nuair a tháirgeann painéil fhótavoltacha leictreachas ar shuíomh an fhiontair), ba cheart é a chur san áireamh freisin (6). Mar sin féin, an sciar den fhuinneamh táirgthe a chuirtear isteach san eangach nó sa líonra, ba cheart é a dhealú ón tomhaltas méadraithe agus sonrasctha, mura ndearnadh é sin go huathoibríoch cheana féin.

4.3.   Measúnú ar fhiontair a bhfuil struchtúir chasta acu

Tá sé réasúnta simplí do na fiontair uathrialacha measúnú a dhéanamh ar mheántomhaltas bliantúil fuinnimh thar thréimhse 3 bliana (7). I gcás fiontair a bhfuil struchtúr níos casta acu, is féidir an tomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil a ríomh ar an mbealach céanna a ndéantar na figiúirí maidir le fostaithe, láimhdeachas bliantúil nó cláir chomhardaithe bhliantúla a ríomh i gcomhréir leis an ‘treoir úsáideora maidir leis an sainmhíniú ar FBM’  (8). Tá eolas maith ag údaráis náisiúnta agus fiontair ar an modheolaíocht sin chun measúnú a dhéanamh ar stádas FBM.

Tugtar treoir sa doiciméad sin maidir le conas na sonraí a phróiseáil de réir na catagóire fiontair agus de réir na gcaidreamh le fiontair eile (féach Fíor 1). Leis an gcur chuige a mholtar sa treoir sin chun an tomhaltas fuinnimh bliantúil a ríomh, chuirfí san áireamh fiontair nasctha (a bhfuil níos mó ná 50 % den rialú acu) ach ní chuirfí san áireamh fiontair chomhpháirtíochta.

Image 1

Fíor 1

Cur chuige chun tomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil na bhfiontar níos casta a ríomh (bunaithe ar an Treoir úsáideora maidir leis an sainmhíniú ar FBM, CE 2020)

Ní mór do na fiontair féin tuairisciú d’údarás náisiúnta, má sháraíonn a dtomhaltas fuinnimh an tairseach 10 TJ nó 85 TJ i mbliain ar leith, mar a luaitear in Airteagal 11(3) de Threoir (AE) 2023/1791. Dá réir sin, beidh fiontair freagrach as measúnú a dhéanamh ar a dtomhaltas fuinnimh agus féadfaidh siad an cur chuige a chuirtear i láthair i bhFíor 1 a úsáid agus faisnéis a sholáthar maidir leis na modheolaíochtaí ríofa, lena n-áirítear na toimhdí a dhéantar.

Chun é sin a éascú, moltar do na Ballstáit faisnéis a thabhairt d’fhiontair faoi oibleagáidí a eascraíonn as Treoir (AE) 2023/1791, chomh maith le treoirlínte chun an tomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil a ríomh. Uirlis tuairiscithe ar líne (is féidir a bheith bunaithe ar mhodheolaíocht Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún) nó córas eile chun an fhaisnéis is gá a thuairisciú, ba cheart iad a chur san áireamh freisin. Bheadh gach fiontar, lena n-áirítear na fiontair sin a bhfuil struchtúir chasta acu, in ann a dtomhaltas fuinnimh bliantúil a ríomh de réir a cháis shonraigh agus an fhaisnéis is gá a sholáthar.

Sa sampla atá sa phictiúr i bhFíor 1, fiontar A, a thomhlaíonn níos mó ná 10 TJ é féin, dá mba fhiontar uathrialach é, bheadh sé d’oibleagáid air iniúchadh fuinnimh a dhéanamh. Ós rud é gur fiontar nasctha é A, ní mór gach fiontar atá nasctha le A a chur san áireamh agus tomhaltas fuinnimh A á ríomh. Ós rud é go bhfuil A nasctha le B agus D, cuirtear tomhaltas fuinnimh B agus D le tomhaltas A dá bhrí sin. Ós rud é go bhfuil níos lú ná 50 % de C faoi úinéireacht A, ní fiontar nasctha le A é C agus dá bhrí sin, ní féidir tomhaltas fuinnimh C a chur san áireamh (9). Is é 91 TJ tomhaltas fuinnimh iomlán A agus a fhiontar nasctha agus, dá bhrí sin, tá sé d’oibleagáid ar fhiontar A córas bainistíochta fuinnimh a chur chun feidhme.

Moltar do na Ballstáit a áirithiú go dtuigeann fiontair conas measúnú a dhéanamh ar an tomhaltas fuinnimh trí shamplaí agus, más gá, teimpléid agus/nó uirlisí a sholáthar.

4.4.   Sainaithint na bhfiontar faoi oibleagáid ag na Ballstáit

Chun sainaithint na bhfiontar a thagann faoi raon feidhme Airteagal 11(1) agus Airteagal 11(2) a éascú, féadfaidh na Ballstáit é a chur d’oibleagáid ar gach fiontar tuairisc a thabhairt gach bliain d’údarás náisiúnta maidir lena dtomhaltas fuinnimh bliantúil, agus Airteagal 11(3) á thrasuí acu sa reachtaíocht náisiúnta.

Mura gcuireann na Ballstáit d’oibleagáid ar fhiontair tuairisc a thabhairt ach amháin nuair a bheidh tairseach 10 TJ nó 85 TJ sáraithe acu, beidh easpa sonraí ann chun an meántomhaltas fuinnimh thar thréimhse 3 bliana a ríomh. Dá réir sin, d’fhéadfadh na Ballstáit cur chuige níos mionsaothraithe a fhorbairt chun na fiontair ábhartha a shainaithint. Bunaithe go páirteach ar dhea-chleachtais chur chun feidhme Threoir 2018 maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, is é seo a leanas cur chuige a d’fhéadfadh a bheith ann (Fíor 2):

Image 2

Fíor 2

Cur chuige molta chun na fiontair faoi oibleagáid a shainaithint

Féadfaidh na Ballstáit oibleagáid a chur ar fhiontar ar an leibhéal náisiúnta measúnú a dhéanamh ar a thomhaltas fuinnimh bliantúil bunaithe ar thuairisciú ó chóras bainistíochta fuinnimh leanúnach nó bunaithe ar iniúchadh fuinnimh a rinneadh le déanaí (nach sine ná 4 bliana) nó féadfaidh na Ballstáit oibleagáid a chur orthu féinmheasúnú a dhéanamh (féach pointe 4.3).

Gach bliain, d’fhéadfadh na Ballstáit liosta réamhroghnaithe d’fhiontair a fhoilsiú, ar fiontair iad a mheastar a bheith faoi réir Airteagal 11(1) nó Airteagal 11(2). Mar a léirítear i bhFíor 2, d’fhéadfadh na fiontair seo a leanas a bheith sa liosta réamhroghnaithe:

Fiontair a thuairiscigh don údarás náisiúnta tomhaltas fuinnimh bliantúil de níos mó ná 10 TJ uair amháin ar a laghad sna 3 bliana roimhe sin (féach thuas).

Fiontair a raibh oibleagáid orthu cheana féin faoi Airteagal 8 de Threoir 2018 maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh nó faoi Airteagal 11(1) nó Airteagal 11(2) de Threoir (AE) 2023/1791. D’fhéadfadh na fiontair sin a bheith liostaithe cheana féin i mbunachar sonraí náisiúnta.

Fiontair a bhfuil fianaise ar fáil ina leith gur sháraigh a dtomhaltas fuinnimh bliantúil tairseach áirithe, e.g., 8 TJ, uair amháin sna 3 bliana roimhe sin. D’fhéadfadh sé gur sháraigh na fiontair sin an tairseach 10 TJ laistigh de na 3 bliana roimhe sin. Féadfar a áireamh san fhianaise sonraí arna soláthar ag fóntais, faoi chuimsiú chur chun feidhme CTA AE (Treoir 2003/87/CE, arna leasú le Treoir (AE) 2023/959), figiúirí ó iniúchtaí fuinnimh, cláir dreasachta d’fhiontair, agus tuarascálacha poiblí (e.g., dearbhuithe nó tuarascálacha EMAS faoin Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (10)).

Moltar do na Ballstáit an liosta réamhroghnaithe a fhoilsiú agus teagmháil a dhéanamh leis na fiontair shainaitheanta. Ba cheart an fhaisnéis seo a leanas a bheith sa liosta réamhroghnaithe:

Ainm an fhiontair.

Seoladh an fhiontair.

Tomhaltas fuinnimh deiridh de 10 TJ ar a laghad: Is ea/Ní hea.

Tomhaltas fuinnimh deiridh de 85 TJ ar a laghad: Is ea/Ní hea.

Ina theannta sin, ba cheart ainm, sloinne agus seoladh ríomhphoist theagmhálaí an fhiontair a bhailiú freisin, ach níor cheart iad a fhoilsiú.

D’fhéadfadh na Ballstáit a cheangal ar fhiontair an méid seo a leanas a dhéanamh ansin:

i gcás na bhfiontar ar an liosta réamhroghnaithe, tomhaltas fuinnimh bliantúil gach ceann de na 3 bliana roimhe sin a thuairisciú in éineacht leis an meántomhaltas fuinnimh thar an tréimhse ama sin; ba cheart d’fhiontair neamh-uathrialacha faisnéis bhreise a sholáthar freisin (tomhaltas fuinnimh agus scairsheilbh) maidir leis na fiontair nasctha.

I gcás aon fhiontar nach n-áirítear sa liosta réamhroghnaithe ach a chomhlíonann ceanglais Airteagal 11(1) nó Airteagal 11(2), tomhaltas fuinnimh bliantúil gach ceann de na 3 bliana roimhe sin a fhéindearbhú agus a thuairisciú in éineacht leis an meántomhaltas fuinnimh thar an tréimhse ama sin; ba cheart d’fhiontair neamh-uathrialacha faisnéis bhreise a sholáthar freisin (tomhaltas fuinnimh agus scairsheilbh) maidir leis na fiontair nasctha.

Ina theannta sin, d’fhéadfadh údaráis náisiúnta seiceálacha samplála a dhéanamh (dírithe go príomha ar fhiontair ar an liosta réamhroghnúcháin) chun a sheiceáil an bhfuil an fhaisnéis arna tuairisciú ag na fiontair ceart.

Ba cheart d’fhiontair an fhaisnéis is gá a thuairisciú don údarás náisiúnta atá i gceannas ar Airteagal 11 a chur chun feidhme trí úsáid a bhaint as ardán náisiúnta, nó as uirlis eile ar líne, atá ann cheana nó atá deartha go sonrach chun na críche sin.

D’fhéadfadh na húdaráis náisiúnta liosta deiridh na bhfiontar a thagann faoi oibleagáid Airteagal 11(1) nó Airteagal 11(2) a fhoilsiú ar bhonn bliantúil, chomh maith leis an meántomhaltas fuinnimh 3 bliana, agus an cineál oibleagáide (iniúchadh fuinnimh nó córas bainistíochta fuinnimh).

Féadfaidh údaráis náisiúnta teagmháil a dhéanamh ansin leis na fiontair uile atá faoi réir Airteagal 11(1) nó Airteagal 11(2) chun iad a chur ar an eolas faoina n-oibleagáidí (lena n-áirítear sprioc-amanna).

Chun an t-ualach ar fhiontair a laghdú, féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh ag gach céim den phróiseas:

Na fiontair a chur ar an eolas (trí e.g. comhlachais earnála freisin) faoi oibleagáid Airteagal 11(1) agus Airteagal 11(2).

Treoirlínte agus/nó Ceisteanna Coitianta a ullmhú chun cumarsáid a fheabhsú.

An próiseas féindearbhaithe a éascú (e.g., trí chóras ar líne a sholáthar).

5.   OIBLEAGÁIDÍ A BHAINEANN LE FORÁLACHA AN CHÓRAIS BAINISTÍOCHTA FUINNIMH FAOI AIRTEAGAL 11(1)

5.1.   Raon feidhme an cheanglais i gcomhréir le Treoir (AE) 2023/1791

Maidir le fiontair a bhfuil meántomhaltas fuinnimh bliantúil acu atá níos airde ná 85 TJ le linn na 3 bliana roimhe sin, tá sé d’oibleagáid orthu córas bainistíochta fuinnimh a chur chun feidhme.

Ní mór na córais bainistíochta fuinnimh a bheith ‘deimhnithe ag comhlacht neamhspleách i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha Eorpacha nó idirnáisiúnta’ . Chun ardcháilíocht an chórais bainistíochta fuinnimh a áirithiú atá inchomparáide go hidirnáisiúnta agus lena gcuimsítear spriocanna, próisis, cumhdach na ndeighleog fuinnimh, cur chun feidhme agus nuashonruithe, ba cheart do na Ballstáit fiontair a spreagadh chun tagairt a dhéanamh do na caighdeáin sin agus iniúchtaí fuinnimh a dhéanamh i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791 laistigh de chur chun feidhme an chórais bainistíochta fuinnimh. Is é ISO 50001 an caighdeán idirnáisiúnta is ábhartha ón taobh sin de, ar caighdeán é a chuirtear i bhfeidhm go forleathan. Is réamhriachtanas tábhachtach é córais bainistíochta fuinnimh ardcháilíochta a áirithiú chun ráta ard cur chun feidhme a bhaint amach maidir leis na bearta coigiltis fuinnimh a sainaithníodh agus a moladh.

I gcomhréir le ISO 50001, áirítear le córais bainistíochta fuinnimh athbhreithnithe fuinnimh mar dhlúthchuid den timthriall leanúnach ‘pleanáil-déan-seiceáil-gníomhaigh’. Cé go n-áirítear caighdeáin maidir le hiniúchtaí fuinnimh i bhfine chaighdeán ISO 50000 (féach Fíor 3), ní áirítear tagairt dhíreach do ISO 50002 (iniúchtaí fuinnimh) in ISO 50001. Dá bhrí sin, níl gá le hiniúchtaí fuinnimh (11) i gcomhréir le ISO 50002 nó EN 16247-1 chun córais bainistíochta fuinnimh a dheimhniú. Luaitear in ISO 50001 agus ISO 50002, áfach, gur féidir le hiniúchtaí fuinnimh tacú le hathbhreithnithe fuinnimh.

Is féidir breathnú ar iniúchadh fuinnimh mar ionstraim neamhspleách chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht fuinnimh eintitis (e.g., grúpa fiontar nasctha, fiontar, saoráid nó foirgneamh), lena n-áirítear moltaí maidir le bearta feabhsaithe. Os a choinne sin, déantar athbhreithniú fuinnimh a chomhtháthú laistigh de phróiseas leanúnach chun feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú agus ní mór é a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta, ar bhonn bliantúil de ghnáth.

Image 3

Fíor 3

Creat ginearálta fhine ISO 50000 (bunaithe ar www.weka.de/energie/die-normenfamilie-der-din-en-iso-50001 )

Sa chleachtas, déantar iniúchtaí fuinnimh i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha thuasluaite de ghnáth (mar chuid de chórais bainistíochta fuinnimh), ós rud é go gcuirtear treoir úsáideach ar fáil leis na caighdeáin sin maidir le hiniúchtaí fuinnimh ardcháilíochta ar féidir leo tacú leis an athbhreithniú fuinnimh. Ní mór athbhreithnithe fuinnimh (nó iniúchtaí fuinnimh) i gcórais bainistíochta fuinnimh a thabhairt cothrom le dáta go rialta, i dtimthriallta bliantúla de ghnáth.

Soiléirítear in Iarscríbhinn VI nach mór d’iniúchtaí fuinnimh, lena n-áirítear na hiniúchtaí sin a dhéantar mar chuid de chórais bainistíochta fuinnimh, liosta critéar a chomhlíonadh, atá beartaithe chun ardleibhéal cáilíochta a ráthú, rud a mhéadóidh an dóchúlacht cur chun feidhme as a dtiocfaidh coigilteas fuinnimh agus úsáid fuinnimh in-athnuaite.

Thairis sin, ceanglaítear le hIarscríbhinn VI gur cheart a bheith in ann ‘na sonraí a úsáidfear’ in iniúchtaí fuinnimh ‘a stóráil le haghaidh anailís stairiúil agus feidhmíocht rianaithe’ . Is féidir leis na húdaráis náisiúnta an ceanglas sonraí sin a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar shainaithint agus ar chur chun feidhme na mbeart coigiltis fuinnimh sna Ballstáit. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit sainiú a dhéanamh ar struchtúr agus ar fhormáid na sonraí nach mór a thuairisciú do na húdaráis nó do na comhlachtaí atá freagrach as faireachán a dhéanamh sna Ballstáit.

De ghnáth, is iad saineolaithe inmheánacha fuinnimh nó bainisteoirí fuinnimh a dhéanann athbhreithnithe fuinnimh mar chuid de chórais bainistíochta fuinnimh. Chun neamhspleáchas na saineolaithe inmheánacha fuinnimh a ráthú, níor cheart do na daoine sin a bheith freagrach go díreach as aon cheann de na hearnálacha fuinnimh (foirgnimh, próisis, iompar) atá faoi réir an athbhreithnithe fuinnimh. I gcásanna áirithe, is iad iniúchóirí seachtracha fuinnimh a dhéanann iniúchtaí fuinnimh, lena dtagraítear de ghnáth do na caighdeáin iniúchóireachta fuinnimh. Tacaíonn na hiniúchtaí fuinnimh sin go díreach leis an athbhreithniú fuinnimh. Maidir le deimhniú na gcóras bainistíochta fuinnimh ag comhlacht neamhspleách, tá gá le leanúnachas próiseas agus cuidíonn sé le feabhas a chur ar ráta agus ar cháilíocht chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí feabhsaithe feidhmíochta fuinnimh.

5.2.   Sprioc-amanna

Sainítear in Airteagal 11(1) sprioc-am soiléir 2 bhliain tar éis an sprioc-ama trasuí (i.e., an 10 Deireadh Fómhair 2027) chun córas bainistíochta fuinnimh a bheith i bhfeidhm i bhfiontair, a bhfuil meántomhaltas fuinnimh bliantúil níos mó ná 85 TJ acu.

Cé nach luaitear go sainráite é i dTreoir (AE) 2023/1791, de réir na loighce céanna agus chun caitheamh go cothrom leis na fiontair uile, beidh 2 bhliain ag fiontair a thiocfaidh faoi réir oibleagáid Airteagal 11(1) ar dháta níos déanaí chun an córas bainistíochta fuinnimh a thabhairt isteach.

Mar sin féin, i dTreoir (AE) 2023/1791 ní shocraítear dáta soiléir chun an deimhniú a sholáthar. Dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit deimhniú córais bainistíochta fuinnimh a éileamh mar chruthúnas ar chomhlíonadh na hoibleagáide laistigh den tréimhse 2 bhliain.

5.3.   Cainníochtú an choigiltis (charnaigh) fuinnimh críochúsáide a baineadh amach

I gcomhréir leis na critéir íosta le haghaidh iniúchtaí fuinnimh a chumhdaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791, ba cheart bearta éifeachtúlachta fuinnimh a shainaithint in iniúchtaí fuinnimh chun tomhaltas fuinnimh a laghdú. Ós rud é nach féidir coigilteas fuinnimh a thomhas go díreach, éilítear leis sainiú na bonnlíne fuinnimh chun comparáid a dhéanamh leis an tomhaltas fuinnimh iarbhír – nó leis an tomhaltas fuinnimh a bhfuil coinne leis.

D’fhéadfadh na Ballstáit fiontair a spreagadh chun tagairt a dhéanamh do phrótacail nó do chaighdeáin idirnáisiúnta amhail an Prótacal Idirnáisiúnta maidir le Tomhas agus Fíorú Feidhmíochta (IPMVP), ISO 50006, ISO 50015 nó EN 16212 chun an coigilteas fuinnimh nó an méadú ar an éifeachtúlacht fuinnimh a ríomh. Cuirtear na caighdeáin agus na prótacail sin i bhfeidhm go forleathan i gcórais bainistíochta fuinnimh agus i gconarthaí feidhmíochta fuinnimh.

5.4.   Tomhas, rialú faireacháin, cáilíocht agus fíorú arna ndéanamh ag na Ballstáit

In éineacht le hachoimre ar na hiniúchtaí fuinnimh nó ar na hathbhreithnithe fuinnimh, ba cheart liosta achomair de mholtaí maidir le bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a thuairisciú don údarás náisiúnta atá freagrach as faireachán a dhéanamh, agus ba cheart a áireamh sa liosta sin na figiúirí a eascraíonn as an measúnú eacnamaíoch (tréimhse aisíoca nó táscairí comhchosúla) ar choigilteas fuinnimh. Ba cheart do na Ballstáit treoirdhoiciméid a sholáthar agus íoschaighdeáin maidir le tuairisciú a shainiú (e.g., trí theimpléid agus/nó uirlisí ar líne a sholáthar).

6.   OIBLEAGÁIDÍ A BHAINEANN LE FORÁLACHA AN INIÚCHTA FUINNIMH FAOI AIRTEAGAL 11(2)

6.1.   Raon feidhme an cheanglais

Fiontair ag a bhfuil meántomhaltas fuinnimh bliantúil níos airde ná 10 TJ le linn na 3 bliana roimhe sin agus nach gcuireann córas bainistíochta fuinnimh chun feidhme, ní mór dóibh iniúchadh fuinnimh a dhéanamh agus ní mór Plean Gníomhaíochta nithiúil indéanta a bheith ann mar thoradh ar na moltaí ón iniúchadh fuinnimh.

Cuirfear Plean Gníomhaíochta den sórt sin ‘faoi bhráid bhainistíocht an fhiontair’ agus ní mór a áireamh ann na moltaí uile atá ‘indéanta go teicniúil nó go heacnamaíoch’ . Thairis sin, ní mór an Plean Gníomhaíochta a fhoilsiú ‘i dtuarascáil bhliantúil an fhiontair’ mar aon leis an ‘ráta maidir leis na moltaí a chur chun feidhme’ , nach mór é a chur ‘ar fáil go poiblí’ . Fad atá oibleagáid ar an bhfiontar i gcomhréir le hAirteagal 11(2), an Plean Gníomhaíochta agus stádas an ráta (nuashonraithe) maidir leis na moltaí a chur chun feidhme, ní mór iad a fhoilsiú go bliantúil.

Agus ceanglais á sainiú maidir le hábhar na bPleananna Gníomhaíochta nach mór d’fhiontair a ullmhú, moltar do na Ballstáit na ceanglais sin a theorannú a mhéid is féidir agus aird a thabhairt ar an ngá atá le hualach tuairiscithe neamhriachtanach ar fhiontair a sheachaint.

Moltar do na Ballstáit freisin a áirithiú, a mhéid is féidir, nach mbeidh fiontair faoi réir ceanglais tuairiscithe dhúblacha nó fhorluiteacha. Go háirithe, moltar do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le nochtadh agus ar na pointí sonraí atá sna Caighdeáin Eorpacha um Thuairisciú Inbhuanaitheachta (ESRS) agus sa chaighdeán deonach um thuairisciú inbhuanaitheachta le haghaidh FBManna atá á fhorbairt ag an nGrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG), agus a mhéid is féidir na ceanglais maidir le hábhar na bPleananna Gníomhaíochta a bhunú ar na ceanglais sin maidir le nochtadh agus ar na pointí sonraí sin.

Fiontair atá faoi réir cheanglais tuairiscithe na Treorach maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (12) (Treoir (AE) 2022/2464, dá ngairtear CSRD anseo feasta) agus atá faoi réir na gCaighdeán Eorpach um Thuairisciú Inbhuanaitheachta, ba cheart do na Ballstáit cead a thabhairt dóibh an ceanglas a chomhlíonadh maidir le Plean Gníomhaíochta a fhoilsiú tríd an bhfaisnéis is gá faoi na Pleananna Gníomhaíochta a chomhtháthú sa phlean aistrithe aeráide a fhoilsíonn na fiontair faoi CSRD/ESRS.

Le ESRS E1 (Ceanglais ghinearálta), ceadaítear go sainráite d’fhiontair faisnéis bhreise a chur san áireamh ina ráiteas inbhuanaitheachta, ar faisnéis í a eascraíonn as reachtaíocht eile de chuid an Aontais nó as reachtaíocht náisiúnta eile lena gceanglaítear ar an ngnóthas faisnéis inbhuanaitheachta a nochtadh.

Thairis sin, tuairisceoidh fiontar lena mbaineann cheana féin faoi E1-5 a thomhaltas fuinnimh bliantúil agus faoi E3-4 a thomhaltas uisce iomlán in m3, má mheastar go bhfuil an fhaisnéis sin ábhartha i gcomhréir le ESRS. Sa bhreis air sin, le ESRS1 7.1 áirithítear faisnéis chomparáideach i leith na tréimhse roimhe sin le haghaidh na méadrachta cainníochtúla uile a tuairiscíodh.

Ar bhonn an iniúchta fuinnimh, d’fhéadfaí a sholáthar sa Phlean Gníomhaíochta achoimre struchtúrtha ar na gníomhaíochtaí feabhsaithe feidhmíochta fuinnimh atá ina gcuid den iniúchadh fuinnimh. Dá mbeadh sé úsáideach don fhiontar ar leith, d’fhéadfaí gníomhaíochtaí feabhsaithe feidhmíochta fuinnimh a idirdhealú a thuilleadh ina mbearta infheistíochta ísle (lena n-áirítear gníomhaíochtaí feabhsaithe feidhmíochta fuinnimh gan aon bheart infheistíochta), meánaí agus airde agus d’fhéadfaí léiriú a thabhairt iontu ar na tréimhsí aisíoca faoi seach nó ar tháscairí eacnamaíocha iomchuí eile. Maidir leis na cásanna sonracha, d’fhéadfaí bearta feabhsaithe a shannadh a thuilleadh do phróisis táirgthe lárnacha an fhiontair, lena n-áirítear línte táirgthe, agus próisis choimhdeacha lena n-áirítear soilsiú, téamh, aeráil, aerchóiriú nó aer comhbhrúite.

Chabhródh an fhaisnéis seo uile leis an ráta cur chun feidhme a mhéadú. Tuigtear anseo gurb é atá sa ráta cur chun feidhme an líon gníomhaíochtaí feabhsaithe feidhmíochta fuinnimh atá curtha chun feidhme go hiomlán i gcomparáid le liosta iomlán na ngníomhaíochtaí feabhsaithe feidhmíochta fuinnimh a mholtar, agus d’fhéadfaí an coigilteas fuinnimh ina dhiaidh sin a chur san áireamh freisin.

Ní mór d’fhiontair a bhfuil tomhaltas fuinnimh bliantúil níos mó ná 10 TJ nó 85 TJ acu an fhaisnéis sin a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta atá i gceannas ar Airteagal 11 a chur chun feidhme (féach pointe 4.4). Chun na críche sin, is féidir úsáid a bhaint as ardán atá ann cheana nó as ardán nua chun sonraí a bhailiú. B’fhéidir gur mhaith leis na Ballstáit an Tairseach Rochtana Aonair Eorpach a bheidh ann amach anseo a mheas i ndáil leis sin. Chun na hoibleagáidí a chomhlíonadh a bhfuil gá leo chun córas bainistíochta fuinnimh nó iniúchadh fuinnimh a chur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit na ceanglais mhionsonraithe sonraí agus na hamlínte iomchuí a shainiú.

6.2.   Sprioc-amanna

Sainítear in Airteagal 11(2) sprioc-am soiléir 1 bhliain amháin chun na ceanglais maidir le hiniúchadh fuinnimh a chomhlíonadh i gcás na bhfiontar a bhfuil meántomhaltas fuinnimh bliantúil de níos mó ná 10 TJ acu tráth thrasuí Threoir (AE) 2023/1791. Cé nach luaitear go sainráite é i dTreoir (AE) 2023/1791, de réir na loighce céanna agus chun caitheamh go cothrom leis na fiontair uile, beidh 1 bhliain amháin ag fiontair a thiocfaidh faoi réir oibleagáidí Airteagal 11(2) ar dháta níos déanaí chun na ceanglais maidir le hiniúchadh fuinnimh a chomhlíonadh.

Má thiteann an meántomhaltas fuinnimh bliantúil faoin tairseach 10 TJ, ní gá iniúchadh fuinnimh a dhéanamh (fiú má bhí oibleagáid ann sa bhliain nó sna blianta roimhe sin faoi Threoir 2018 maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh).

6.3.   Critéir cháilíochta le haghaidh an iniúchta fuinnimh (Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791)

Tá cáilíocht iniúchta fuinnimh cinntitheach maidir le bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme. D’fhéadfadh dearbhú cáilíochta a bheith bainteach le cáilíocht na n-iniúchóirí fuinnimh agus d’fhéadfadh critéir a bheith ann maidir leis an bpróiseas chun iniúchadh fuinnimh a dhéanamh agus maidir leis an ábhar agus an leibhéal mionsonraí a cheanglaítear leis na hiniúchtaí fuinnimh agus leis na tuarascálacha lena mbaineann. Léirítear é sin in Airteagal 11(2), ina luaitear nach mór iniúchtaí fuinnimh a bheith ‘déanta ag saineolaithe cáilithe nó creidiúnaithe ar bhealach neamhspleách costéifeachtach, i gcomhréir le hAirteagal 28’ nó ‘curtha chun feidhme agus maoirsithe ag údaráis neamhspleácha faoin reachtaíocht náisiúnta’.

Tá caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta ann maidir le hiniúchtaí fuinnimh, go háirithe ISO 50002:2014, atá bunaithe ar EN 16247-1:2012. Is tagairtí iontaofa iad an dá chaighdeán sin maidir le cáilíocht na n-iniúchtaí fuinnimh i dtéarmaí spriocanna, próiseas, chumhdach na ndeighleog fuinnimh, measúnú agus moltaí beart. Is féidir leis na caighdeáin sin treoir úsáideach a thabhairt agus critéir íosta náisiúnta á bhforbairt bunaithe ar Iarscríbhinn VI. Thairis sin, EN 16247-1, a nuashonraíodh le déanaí in 2022, forbraíodh go sonrach é i gcomhthéacs na hiar-Treorach um Sheirbhísí Fuinnimh agus d’fhéadfaí é a chur i bhfeidhm mar uirlis chomhsheasmhach mar chuid de chóras bainistíochta níos leithne (e.g., ISO 50001 nó ISO 14000). Ba cheart a thabhairt faoi deara, cé go ndéantar tagairt do ISO 50001 agus ISO 14000 araon, díríonn ISO 50001 go sonrach ar thomhaltas fuinnimh, agus díríonn ISO 14000 ar fheabhsuithe comhshaoil níos ginearálta. In 2021, tugadh isteach ISO 50005 mar an caighdeán atá tiomnaithe do chur chun feidhme céim ar chéim na gcóras bainistíochta fuinnimh in FBManna. Tá sé úsáideach caighdeáin Eorpacha agus/nó idirnáisiúnta a chur san áireamh chun cothrom iomaíochta a chruthú d’fhiontair a bhfuil gníomhaíochtaí acu i roinnt Ballstát.

Ceanglaítear go sainráite le pointe (c) d’Iarscríbhinn VI den chéad uair gur cheart a shainaithint san iniúchadh fuinnimh ‘bearta éifeachtúlachta fuinnimh chun ídiú fuinnimh a laghdú’ . Tá sé sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in ISO 50002:2014 agus EN 16247-1:2012, ina gceanglaítear ar an iniúchóir fuinnimh deiseanna a shainaithint chun feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú. Tá ceanglais chomhchosúla ann freisin i gcás córais bhainistíochta (e.g. ISO 50001 nó ISO 14000). Sa chleachtas, ba cheart meastóireacht ar na deiseanna feabhsúcháin a áireamh san iniúchadh freisin, lena n-áirítear an coigilteas airgeadais, na hinfheistíochtaí a bhfuil gá leo, anailís eacnamaíoch agus tairbhí neamhfhuinnimh. Ba cheart idirghníomhaíochtaí féideartha idir bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur i láthair agus ba cheart comparáid a chur ar fáil, má mholtar bearta malartacha éifeachtúlachta fuinnimh.

Thairis sin, áirítear in Iarscríbhinn VI (d) ceanglas nua maidir leis an ‘acmhainneacht atá le húsáid chostéifeachtach nó táirgeadh costéifeachtach fuinnimh in-athnuaite ’ a shainaithint. Ag brath ar an iompróir fuinnimh, d’fhéadfadh sé sin cur i gcoinne iarrachtaí éifeachtúlachta fuinnimh, e.g., má chuirtear coirí breosla sholadaigh bithmhaise (nach mbíonn chomh héifeachtúil céanna de ghnáth) in ionad coirí gáis (atá an-éifeachtúil). Mar sin féin, laghdaíonn úsáid foinsí fuinnimh in-athnuaite na hastaíochtaí gás ceaptha teasa is gá chun spriocanna aeráide a bhaint amach. Maidir le hiniúchtaí fuinnimh, d’fhéadfaí cur chuige a cuireadh chun feidhme cheana féin i gcomhthéacs na Treorach maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh a chur i bhfeidhm, i gcás nach mór an fhéidearthacht fuinneamh in-athnuaite a úsáid nó a tháirgeadh a chur san áireamh agus anailís a dhéanamh uirthi (13). Níor mhór an anailís a dhoiciméadú san iniúchadh fuinnimh.

6.3.1.   Ábhar an iniúchta agus na tuarascála iniúchóireachta

Luaitear in Iarscríbhinn VI (f) nach mór iniúchtaí fuinnimh a bheith ‘comhréireach, agus sách ionadaíoch ionas gur féidir léargas iontaofa na feidhmíochta fuinnimh foriomláine a tharraingt’ . Dá bhrí sin, is réamhriachtanas tábhachtach é cumhdach íosta (de minimis  (14)) iniúchta fuinnimh a shainiú chun an ceanglas sin a chomhlíonadh (15).

I gcomhthéacs chur chun feidhme Threoir 2018 maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, i roinnt Ballstát, ní mór an tomhaltas fuinnimh iomlán a áireamh san iniúchadh fuinnimh. I mBallstáit éagsúla, ní mór íoschéatadán de thomhaltas fuinnimh iomlán an fhiontair, arna shainiú go sainráite, a chumhdach leis an iniúchadh fuinnimh; bíonn an céatadán sin idir 65 % agus 90 % de ghnáth. Le cur chuige eile, ní mór gach réimse tomhaltais fuinnimh (i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha EN 16247-2 maidir le foirgnimh, EN 16247-3 maidir le próisis, agus EN 16247-4 maidir le hiompar) ag a bhfuil sciar íosta 10 % de thomhaltas fuinnimh a chur san áireamh, rud a mbeidh cumhdach iomlán 80 % ar a laghad ina thoradh air. I gcórais bainistíochta fuinnimh, i gcomhréir le ISO 50001, ní mór úsáidí suntasacha fuinnimh a shainaithint. Sainmhínítear na húsáidí sin mar réimsí ina bhfuil tomhaltas mór fuinnimh agus/nó acmhainneacht mhór maidir le feabhsuithe ar an bhfeidhmíocht fuinnimh. D’fhéadfaí cur chuige comhchosúil a mheas chun cumhdach íosta an tomhaltais fuinnimh in iniúchtaí fuinnimh a shainiú, ós rud é nach mór sonraí le haghaidh gach réimse tomhaltais fuinnimh a bhailiú in iniúchtaí fuinnimh. Réimsí faoi bhun sciar áirithe (e.g., 10 %) den tomhaltas fuinnimh iomlán a eisiamh le haghaidh na grinnanailíse lenar féidir costéifeachtacht iniúchtaí fuinnimh a mhéadú, is cosúil gur leor é sin chun Iarscríbhinn VI (f) a chomhlíonadh.

Ba cheart iniúchtaí fuinnimh a bheith sách ionadaíoch. Féadfaidh Ballstát é a mheas ‘cur chuige samplála’ a chur i bhfeidhm ina chríoch le haghaidh na bhfiontar sin a bhfuil roinnt suíomhanna comhchosúla acu (e.g., slabhraí siopadóireachta). Leis na samplaí a roghnaítear, ní mór ionadaíochas na suíomhanna a ndéantar iniúchadh orthu ina n-iomláine a áirithiú, agus ní mór a chur san áireamh, ar a laghad, fréamh chearnach líon iomlán na réad ag a bhfuil saintréithe comhchosúla amhail próifílí tomhaltais fuinnimh, úsáidí fuinnimh, foinsí agus praghsanna fuinnimh, an líon fostaithe, méid, próiseas, etc. Leis na critéir a bhfuil gá leo chun cosúlachtaí leordhóthanacha idir suíomhanna a áirithiú, d’fhéadfaí a áireamh an t-achar urláir téite agus/nó fuaraithe, aois an fhoirgnimh, trealamh teicniúil etc. D’fhéadfaí íoschéatadán an tomhaltais fuinnimh agus cur chuige samplála a chomhcheangal, mar shampla, trí chur chuige samplála a cheadú lena gceanglaítear fós céatadán áirithe tomhaltais fuinnimh a chumhdach san iniúchadh fuinnimh. Ní mór saintréithe ábhartha na braisle samplála a dhoiciméadú sa tuarascáil iniúchóireachta fuinnimh agus ní mór údar cuí a thabhairt le roghnú an tsampla.

Chun costéifeachtacht na n-iniúchtaí fuinnimh a mhéadú, d’fhéadfadh na Ballstáit treoirlínte a sholáthar maidir le de minimis, braisliú agus sampláil. Moltar cineálacha cur chuige solúbtha a úsáid ar fud fiontair éagsúla. Ní mór údar cuí a thabhairt le roghnú na mbraislí, leis an modheolaíocht samplála agus le hoiriúnacht na rialach de minimis agus ní mór iad a dhoiciméadú (16).

Is gá sainiú a dhéanamh ar an gcaoi a n-áirítear tomhaltas fuinnimh foirgneamh agus iompair in iniúchadh fuinnimh. Ní mór a chinneadh an bhfuil seirbhísí iompair san áireamh san iniúchadh fuinnimh. Má tá na seirbhísí sin san áireamh, beidh gá le treoir maidir le conas olliompar a mheas, lena n-áirítear eitiltí, traenacha, busanna, cóistí, longa agus tacsaithe. Ní mór a shonrú freisin conas iompar trasteorann a láimhseáil mar chuid d’iniúchtaí fuinnimh. D’fhéadfadh na Ballstáit a cheangal go n-áireofaí an t-iompar ar fad atá nasctha le cuspóir an ghnó, lena n-áirítear iompar trasteorann. Maidir le foirgnimh, ba cheart a shoiléiriú cé atá freagrach as iniúchtaí fuinnimh i bhfoirgnimh atá faoi úinéireacht nó ar cíos. D’fhéadfadh sé gurb iad na critéir ábhartha anseo an fhreagracht as úsáid oibríochtúil an fhoirgnimh, nó má tá tionchar mór ag fiontar ar úsáid fuinnimh an fhoirgnimh. D’fhéadfadh sé sin a bheith bunaithe freisin ar an tomhaltas fuinnimh laistigh de raon feidhme an fhiontair (e.g., leictreachas le haghaidh freastalaithe, ríomhairí agus soilsiú oifige) agus raon feidhme na n-úinéirí foirgnimh (lena n-áirítear téamh lárnach agus fuarú) a roinnt ina n-iniúchadh fuinnimh.

6.3.2.   An leibhéal mionsonraí a bhfuil gá leis

Chun leibhéal áirithe mionsonraí a áirithiú, d’fhéadfadh na Ballstáit treoirlínte a sholáthar ina mbeadh samplaí dea-chleachtais agus cláir ábhair agus/nó teimpléid le haghaidh iniúchtaí fuinnimh. Ba cheart na réimsí ábhartha uile (foirgnimh, próisis agus iompar) a áireamh sna teimpléid sin, ach ba cheart an rogha a bheith ann codanna nach bhfuil ábhartha sna cásanna sonracha a scriosadh. I measc na gcodanna ríthábhachtacha tá an achoimre feidhmiúcháin agus liosta na moltaí arb iad is bunús leis an bPlean Gníomhaíochta. Ba cheart an t-ábhar atá riachtanach do na ranna seo a shonrú go mion. Is gá freisin struchtúr sonraí a shainiú go soiléir le haghaidh na sonraí nach mór a sholáthar do na húdaráis náisiúnta, trí iad a uaslódáil chuig bunachar sonraí más féidir (achoimre ar na hiniúchtaí fuinnimh, liosta moltaí, CAPEX, coigilteas, tréimhse aisíoca etc.) (17).

Leagtar amach in Iarscríbhinn VI na critéir íosta le haghaidh iniúchtaí fuinnimh. Ní mór na critéir sin a chomhlíonadh freisin le hiniúchtaí fuinnimh ar cuid iad de chórais bainistíochta fuinnimh nó comhshaoil.

6.4.   Inghlacthacht saineolaithe

Chun iniúchtaí fuinnimh ardcháilíochta a áirithiú, ba cheart na cáilíochtaí riachtanacha a bheith ag iniúchóirí fuinnimh. Níor cheart ach iniúchóirí fuinnimh cáilithe agus/nó creidiúnaithe a áireamh i gclár poiblí.

Ba cheart na critéir seo a leanas ar a laghad a áireamh i scéim deimhniúchán agus/nó creidiúnúcháin (18):

Oideachas iniúchóirí fuinnimh. I bhformhór na mBallstát, ní mór céim bhaitsiléara nó céim mháistir a bheith ag iniúchóirí fuinnimh sna hábhair theicniúla ábhartha (e.g., an innealtóireacht, an ailtireacht). I roinnt Ballstát, d’fhéadfadh sé gur leor oideachas meánscoile, ach níor mhór taithí oibre níos faide nó níos fairsinge a dhéanamh in éineacht leis.

Taithí sa réimse saineolais. Ba cheart deimhniú/creidiúnú a theorannú do thaithí oibre iarbhír sna réimsí ábhartha (e.g., foirgnimh, próisis, soghluaisteacht). Ag brath ar an leibhéal oideachais, ba cheart gá a bheith le líon íosta blianta de thaithí ábhartha, idir 2 bhliain agus 5 bliana de ghnáth. D’fhéadfaí tionscadail tagartha (iniúchtaí fuinnimh nó gníomhaíochtaí comhchosúla) a chur isteach mar chruthúnas.

Oiliúint sa réimse saineolais. Ba cheart do na Ballstáit cláir oiliúna arna bhformheas go hoifigiúil a sholáthar, ar cláir iad a bheidh le forbairt ag an údarás náisiúnta freagrach lena mbaineann. Beidh gá le hoiliúint chun réimsí an deimhnithe/an chreidiúnaithe a leathnú agus d’fhéadfadh gá a bheith léi le haghaidh athdheimhniú nó athchreidiúnú (e.g., gach 3 bliana).

Scrúdú. I roinnt Ballstát, is gnách go mbíonn ar iniúchóirí fuinnimh pas a fháil i scrúdú.

Clárú, deimhniú agus/nó creidiúnú iniúchóirí fuinnimh. Níor cheart cead a bheith ach ag iniúchóirí fuinnimh cláraithe, deimhnithe agus/nó creidiúnaithe iniúchtaí fuinnimh a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 11.

7.   SAMPLAÍ DE CHUR I bhFEIDHM NA nOIBLEAGÁIDÍ I MÍREANNA 1 AGUS 2 D’AIRTEAGAL 11

Tugtar roinnt samplaí sonracha thíos chun a léiriú conas a d’fhéadfaí ceanglais Airteagal 11(1) agus (2) a chur i bhfeidhm i gcásanna ina bhfuil meántomhaltas fuinnimh bliantúil ag fiontar le 3 bliana anuas thart ar an tairseach 10 TJ nó 85 TJ:

Tá an meántomhaltas fuinnimh 3 bliana i mbliain n (19) > 10 TJ, ach tá sé fós < 85 TJ agus sáraíonn sé 85 TJ i mbliain n+1: ba cheart don fhiontar iniúchadh fuinnimh a dhéanamh faoi bhliain n+1 ar a dhéanaí (mura bhfuil iniúchadh fuinnimh ar fáil atá níos lú ná 4 bliana d’aois faoin am sin) agus ba cheart córais bainistíochta fuinnimh a bheith i bhfeidhm aige faoi bhliain n+3 ar a dhéanaí.

Tá an meántomhaltas fuinnimh 3 bliana i mbliain n > 85 TJ: ba cheart córas bainistíochta fuinnimh a bheith i bhfeidhm ag an bhfiontar faoi bhliain n+2. Mar sin féin, má thiteann an meántomhaltas fuinnimh 3 bliana i mbliain n+1 faoi 85 TJ, ní bheidh feidhm ach ag oibleagáid iniúchóireachta fuinnimh ó bhliain n+1, rud a chiallaíonn gur cheart iniúchadh fuinnimh a dhéanamh faoi bhliain n+2 ar a dhéanaí (mura bhfuil iniúchadh fuinnimh ar fáil atá níos lú ná 4 bliana d’aois). I mbliain n+2, áfach, níl aon oibleagáid ann a thuilleadh córas bainistíochta fuinnimh a bheith i bhfeidhm.

Ní sháraíonn an tomhaltas fuinnimh 3 bliana an tairseach 10 TJ ach amháin i mbliain n: bheadh oibleagáid ar an bhfiontar iniúchadh fuinnimh a dhéanamh faoi bhliain n+1 ar a dhéanaí (mura bhfuil iniúchadh fuinnimh ar fáil atá níos lú ná 4 bliana d’aois), gan beann ar an tomhaltas fuinnimh 3 bliana i mbliain n+1.

Bhí an tomhaltas fuinnimh 3 bliana beagán os cionn 10 TJ i gcónaí, ach titeann sé faoi 10 TJ i mbliain n: níl aon oibleagáid ar an bhfiontar i mbliain n. Má sháraíonn an meántomhaltas fuinnimh 3 bliana an tairseach 10 TJ arís i mbliain n+1, bheadh an fiontar faoi réir cheanglais uile Airteagal 11(2). Ba cheart iniúchadh fuinnimh a dhéanamh i mbliain n+2 ar a dhéanaí (mura bhfuil iniúchadh fuinnimh ar fáil atá níos lú ná 4 bliana d’aois faoin am sin).

Moltar go háirithe d’fhiontair a d’fhéadfadh a bheith ag bogadh ó oibleagáid amháin go hoibleagáid eile iniúchadh fuinnimh a dhéanamh seachas athbhreithniú simplí fuinnimh a dhéanamh mar chuid de chóras bainistíochta fuinnimh, ós rud é nach gcomhlíonfaidh athbhreithniú simplí fuinnimh na ceanglais a bhaineann le hiniúchadh fuinnimh.

Thairis sin, i bhfianaise na sprioc-amanna a mhínítear i ranna 4.2 agus 5.2, agus mar a léirítear i roinnt de na samplaí thuas, tá dreasacht láidir ann d’fhiontair a sháraigh tairseach i mbliain ar leith bearta coigiltis fuinnimh a chur chun feidhme a luaithe is féidir chun titim faoi bhun na tairsí arís laistigh de bhliain amháin.

8.   INIÚCHTAÍ FUINNIMH ARDCHÁILÍOCHTA A CHUR CHUN CINN I MEASC NA gCUSTAIMÉIRÍ DEIRIDH UILE

Maidir le hiniúchtaí fuinnimh a chur chun cinn i measc custaiméirí deiridh, cuirtear i dtábhacht i dTreoir (AE) 2023/1791 gur cheart ‘na caighdeáin ábhartha Eorpacha agus idirnáisiúnta’ a chur san áireamh agus ‘na critéir íosta le haghaidh iniúchtaí fuinnimh’ á sainiú. Thairis sin, aithnítear i dTreoir (AE) 2023/1791 an gá atá ann a áirithiú go gcomhlíonfar na hamlínte chun iniúchtaí fuinnimh a dhéanamh a leagtar amach i mír 2 d’Airteagal 11 agus go gcuirfear na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI i bhfeidhm mar is ceart. Le Treoir (AE) 2023/1791, ceanglaítear ar na Ballstáit freisin ‘údarás nó comhlacht inniúil’ a ainmniú don ról sin.

D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag an údarás nó ag an gcomhlacht ainmnithe maidir le hardcháilíocht na n-iniúchtaí fuinnimh a áirithiú. D’fhéadfadh sé a bheith freagrach as an scéim dearbhaithe cáilíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus as na seiceálacha cáilíochta is gá a dhéanamh, lena n-áirítear sampláil randamach. D’fhéadfadh an t-údarás ainmnithe deimhniú agus/nó creidiúnú na n-iniúchóirí fuinnimh a phróiseáil agus d’fhéadfadh sé a bheith freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chláir oiliúna. Thairis sin, d’fhéadfadh an t-údarás ainmnithe sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh ar iniúchtaí fuinnimh agus, ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh sé tuarascálacha achoimre agus tagarmharcanna a sholáthar. In éineacht le comhlachais seirbhísí fuinnimh, d’fhéadfaí cláir cur chun cinn a sheoladh maidir le fiontair atá faoi aon oibleagáid ó Threoir (AE) 2023/1791 (e.g., FBManna, údaráis phoiblí etc.).

8.1.   SEICEÁLACHA CÁILÍOCHTA AR INIÚCHTAÍ FUINNIMH ATÁ LE CUR CHUN FEIDHME AG NA BALLSTÁIT

Ba cheart do na Ballstáit scéim a chur i bhfeidhm chun cáilíocht na n-iniúchtaí fuinnimh a áirithiú agus a sheiceáil. Ba cheart na scéimeanna sin a bheith bunaithe ar shamplaí dea-chleachtais a chonacthas ó na Ballstáit a chuir Treoir 2018 maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh chun feidhme (20). Le scéim den sórt sin, féadfar soláthar na nithe seo a leanas a áireamh:

Treoirlínte mionsonraithe maidir le conas iniúchtaí a dhéanamh.

Teimpléad le haghaidh iniúchtaí fuinnimh, chun an próiseas tuairiscithe a éascú agus a chaighdeánú, rud a chuirfidh le feabhsú cáilíochta.

Ina theannta sin, chun rochtain éasca a fháil ar na hiniúchtaí fuinnimh iomlána nó ar a laghad ar na hachoimrí ar na hiniúchtaí fuinnimh, is féidir bunachair sonraí náisiúnta a chur ar bun chun faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme agus chun seiceálacha foirmiúla ar iomláine agus ar struchtúr na n-achoimrí ar na hiniúchtaí fuinnimh a cheadú. Más féidir, ba cheart príomhshonraí an iniúchta fuinnimh a bhailiú i bhformáid mheaisín-inléite chun gur féidir earráidí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath agus chun inchreidteacht na bhfigiúirí a sheiceáil (e.g., bunaithe ar thagarmharcáil na mbeart coigiltis fuinnimh (21)). I ndáil leis sin, ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar éascú an phróisis maidir le faisnéis agus sonraí a chur isteach (e.g., trí bheolínte nó seirbhísí deisce cabhrach a chur ar bun, trí rannán Ceisteanna Coitianta a sholáthar, etc.).

Sa bhreis ar na bunseiceálacha bailíochta ar na tuarascálacha iniúchóireachta fuinnimh uile a bhailítear, déanfar grinnseiceálacha cáilíochta ar shampla níos lú ar bhonn randamach. Má tá tuarascálacha iniúchóireachta fuinnimh iomlána ar fáil, d’fhéadfadh an t-údarás náisiúnta an bunachar sonraí sin a úsáid chun measúnuithe mionsonraithe a dhéanamh ar shamplaí (randamacha) d’iniúchtaí fuinnimh. Mura gcuirtear ach achoimrí isteach, ní mór tuarascálacha iniúchóireachta fuinnimh iomlána a sholáthar arna iarraidh sin. Tá éagsúlacht sa líon grinnseiceálacha cáilíochta agus is féidir leo a bheith idir 1 % agus 5 % sna fiontair uile faoi oibleagáid.

8.2.   Costéifeachtacht na n-iniúchtaí fuinnimh

Níl aon sainmhíniú docht ann ar chostéifeachtacht na n-iniúchtaí fuinnimh. Mar sin féin, is féidir measúnú a dhéanamh ar chostéifeachtacht na n-iniúchtaí fuinnimh trí úsáid a bhaint as an tréimhse aisíoca (blianta), arb é atá ann an cóimheas idir na costais chun iniúchadh fuinnimh a dhéanamh agus an glanchoigilteas costais bliantúil (arna shloinneadh i nglanluach láithreach) arna ghiniúint ag na bearta éifeachtúlachta fuinnimh a sainaithníodh san iniúchadh fuinnimh agus arna gcur chun feidhme ag an bhfiontar. Leis an nglanchoigilteas costais, breithnítear an t-ollchoigilteas costais in aghaidh na bliana (a bhaineann leis an tomhaltas fuinnimh laghdaithe) chomh maith leis na hinfheistíochtaí a bhfuil gá leo chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh.

I staidéar a rinneadh le déanaí (22), rinneadh measúnú ar chostéifeachtacht na n-iniúchtaí fuinnimh a shloinntear mar thréimhse aisíoca do roinnt gnáthfhiontar. Go ginearálta, 3,1 bliain nó níos lú atá i dtréimhse aisíoca na n-iniúchtaí fuinnimh, ag brath ar an bhfiontar atá á mheas; i gcás fiontair a bhfuil tomhaltas fuinnimh níos mó ná 10 TJ acu, tá an tréimhse aisíoca níos lú ná 1,16 bliain.

Ar deireadh, costais inmheánacha (e.g., costais phearsanta na foirne a bhfuil baint aici le tacú leis an iniúchadh fuinnimh nó le cur chun feidhme na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh) chomh maith leis an gcoigilteas costais a bhaineann le tairbhí neamhfhuinnimh, féadfar iad a chur san áireamh i ríomh na costéifeachtachta.

8.3.   Tairbhí iomadúla

Ceann de na cúiseanna nach ndéanann fiontair — agus FBManna go háirithe — níos mó infheistíochta san éifeachtúlacht fuinnimh is ea nach ndíríonn tograí tionscadail de ghnáth ach ar choigilteas fuinnimh (féach an cur chuige clasaiceach i bhFíor 4), nach é príomhghnó fhormhór na bhfiontar é. Mar sin féin, trí na tairbhí uile a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe a chainníochtú agus a chur in iúl (féach an cur chuige maidir le tairbhí iomadúla i bhFíor 4) lena n-áirítear cáilíocht táirgí fheabhsaithe, táirgiúlacht fheabhsaithe, timpeallacht níos fearr laistigh, etc., bíonn tograí tionscadail níos iomaíche agus níos tarraingtí d’fhiontair (23).

Image 4

Fíor 4

An cur chuige clasaiceach vs. an cur chuige lena mbaineann tairbhí iomadúla i leith infheistíochtaí i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn (bunaithe ar www.mbenefits.eu )

8.4.   Líonraí éifeachtúlachta fuinnimh

Tá sé cruthaithe gur coincheap é líonra éifeachtúlachta fuinnimh chun cur chun feidhme beart éifeachtúlachta fuinnimh i bhfiontair a chothú. Is féidir coincheap an líonra éifeachtúlachta fuinnimh a shainmhíniú mar mhalartú eolais agus taithí idir fiontair atá struchtúrtha, modhnaithe agus teoranta ó thaobh ama de (idir 2 bhliain agus 4 bliana de ghnáth), agus é d’aidhm aige cur chun feidhme beart éifeachtúlachta fuinnimh a éascú. Is iondúil gurb é an chéad chéim an acmhainneacht coigiltis fuinnimh sna fiontair atá ina gcuid den líonra éifeachtúlachta fuinnimh a shainaithint trí iniúchadh fuinnimh a dhéanamh. Úsáidtear na bearta éifeachtúlachta fuinnimh a mholtar chun spriocanna coigiltis aonair neamhcheangailteacha a leagan síos. De ghnáth, leagtar síos sprioc fhoriomlán maidir le coigilteas don líonra éifeachtúlachta fuinnimh mar ghrúpa freisin. Ina dhiaidh sin, tagann gairmithe fuinnimh inmheánacha agus seachtracha le chéile go rialta chun an éifeachtúlacht fuinnimh agus bearta féideartha a phlé, agus más gá, chun saineolaithe seachtracha a bhfuil réimsí sonracha saineolais acu a thabhairt isteach. Tugann sé sin rochtain do rannpháirtithe an líonra éifeachtúlachta fuinnimh ar eolas, ar dhea-chleachtais agus ar thaithí phearsanta. Cuidíonn an cur chuige sin freisin leis na rannpháirtithe údar cuí a thabhairt leis na hinfheistíochtaí is gá laistigh dá bhfiontar féin agus ráta cur chun feidhme na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú. Rinneadh coincheap agus tionchar na líonraí éifeachtúlachta fuinnimh a dhoiciméadú sa litríocht agus i roinnt tuarascálacha (24).

9.   DÍOLÚINE Ó NA hOIBLEAGÁIDÍ MAR GHEALL AR CHUR CHUN FEIDHME CONARTHA FEIDHMÍOCHTA FUINNIMH

I gcomhréir le hAirteagal 11(10), ba cheart fiontair a dhíolmhú ó cheanglais mhíreanna 1 agus 2 má chuireann siad conradh feidhmíochta fuinnimh chun feidhme lena gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

Cumhdaíonn an conradh feidhmíochta fuinnimh na gnéithe riachtanacha den chóras bainistíochta fuinnimh.

Comhlíonann an conradh feidhmíochta fuinnimh na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (25).

Go ginearálta, ní mór prionsabal an tionchair inchomparáide a chur i bhfeidhm chun go mbeidh an díolúine sin bailí. Ciallaíonn sé sin nár mhór an fiontar ar fad a chumhdach sa chonradh feidhmíochta fuinnimh, lena n-áirítear suíomhanna uile an fhiontair agus a chuid córas agus próiseas uile a thomhlaíonn fuinneamh; níor mhór iad sin a chumhdach le córas bainistíochta fuinnimh a chomhlíonann ceanglais na Treorach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh. Sa chleachtas, is ar éigean is féidir cás den sórt sin a shamhlú, ós rud é go bhfuil teorainneacha córais atá sainithe go soiléir ag conarthaí feidhmíochta fuinnimh agus ós rud é nach gcumhdaítear leo de ghnáth ach suíomhanna sonracha nó córais fuinnimh shonracha.

Mar sin féin, trí úsáid a bhaint as conarthaí feidhmíochta fuinnimh, is féidir tabhairt isteach córais bainistíochta fuinnimh i bhfiontar a éascú. Na codanna sin d’fhiontar a bhfuil feabhas curtha acu cheana féin ar a n-úsáid fuinnimh trí chonradh feidhmíochta fuinnimh, is féidir iad a eisiamh ó na gníomhaíochtaí a cheanglaítear faoin gcóras bainistíochta fuinnimh. Mar shampla, má tá conradh feidhmíochta fuinnimh ann lena ndéantar soilsiú hallaí táirgthe a bharrfheabhsú, ní gá aghaidh a thabhairt ar an réimse sin a thuilleadh sa chóras bainistíochta fuinnimh. An fhaisnéis a bhfuil gá léi agus atá úsáideach don chóras bainistíochta fuinnimh, ní gá a áirithiú ach go soláthraíonn tionscadal an chonartha feidhmíochta fuinnimh an fhaisnéis sin don phróiseas tuairiscithe inmheánach.

10.   DÍOLÚINE Ó NA hOIBLEAGÁIDÍ MAR GHEALL AR CHUR CHUN FEIDHME CÓRAIS BAINISTÍOCHTA COMHSHAOIL

Le hAirteagal 11(11), ceadaítear díolúintí ó cheanglais Airteagal 11(1) agus Airteagal 11(2) maidir le fiontair a chuireann córas bainistíochta comhshaoil chun feidhme ‘atá deimhnithe ag comhlacht neamhspleách i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha Eorpacha nó idirnáisiúnta’ , ar choinníoll go n-áirítear ann iniúchadh fuinnimh ‘ar bhonn na gcritéar íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI’ .

I gcomhthéacs Airteagal 11(11), an díolúine ón oibleagáid maidir leis an gcóras bainistíochta fuinnimh (nó iniúchadh fuinnimh) d’fhiontair os cionn 85 TJ (nó 10 TJ), tagraíonn sí go sonrach do chórais bainistíochta comhshaoil fhoirmiúla a chomhlíonann Caighdeáin ábhartha Eorpacha agus Idirnáisiúnta amhail ISO 14000 (Córais Bainistíochta Comhshaoil) nó an Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS).

Níl feidhm ag an díolúine sin ach amháin má áirítear sa chóras bainistíochta comhshaoil lena mbaineann iniúchadh fuinnimh atá bunaithe ar na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI (féach 6.3). Ní mór stádas deimhniúcháin an chórais bainistíochta agus an chomhlachta deimhniúcháin (nó stádas féindeimhniúcháin i gcás inarb infheidhme) a sheiceáil chun a áirithiú go gcomhlíonann cur chun feidhme an chórais bainistíochta na ceanglais a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn VI. Fianaise go gcomhlíonann iniúchadh fuinnimh ceanglais Iarscríbhinn VI, agus ceanglais shonracha an Bhallstáit, ba cheart iad a sholáthar do na húdaráis náisiúnta.

Tá córas bainistíochta comhshaoil bunaithe ar thimthriall ‘pleanáil-déan-seiceáil-gníomhaigh’. Dá réir sin, má tá córas bainistíochta comhshaoil i bhfeidhm ag fiontar lena n-áirítear iniúchadh fuinnimh i gcomhréir le hIarscríbhinn VI, tá próiseas um fheabhas leanúnach á chur chun feidhme aige chun a fheidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú agus meastar go gcomhlíonann sé ceanglais Airteagal 11(1) nó Airteagal 11(2). Dá bhrí sin, tá an fiontar díolmhaithe ó cheanglais na n-airteagal sin.

11.   CEANGLAIS TUAIRISCITHE

11.1.   Pleananna comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide a nuashonrú

I gcomhréir le hAirteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), ceanglaítear ar na Ballstáit fógra a chur isteach faoin 30 Meitheamh 2024, agus faoin 1 Eanáir 2034 agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, nuashonrú ar a bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFA) is déanaí ar tugadh fógra faoi. Le hAirteagal 14(1) ceanglaítear ar na Ballstáit dréacht-nuashonrú ar a PNFA a sholáthar i gcónaí bliain roimh an sprioc-am in Airteagal 14(2).

I gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999, maidir le gné na héifeachtúlachta fuinnimh, ba cheart do na Ballstáit, i measc nithe eile, bearta a áireamh chun iniúchtaí fuinnimh agus córais bainistíochta fuinnimh a chur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir (AE) 2023/1791 (a chuirtear in ionad Airteagal 8 de Threoir 2012/27/AE).

11.2.   Tuairisciú ar dhul chun cinn

Ceanglaítear le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999 ar na Ballstáit a dTuarascálacha Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide ar Dhul Chun Cinn ina gcumhdaítear gach ceann de na cúig ghné den Aontas Fuinnimh, ar gné amháin díobh í an éifeachtúlacht fuinnimh, a chur isteach.

I gcomhréir le hIarscríbhinn IX, cuid 2 a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999, ceanglaítear ar na Ballstáit líon na n-iniúchtaí fuinnimh a rinneadh i mbliain X-3 agus i mbliain X-2 a thuairisciú, chomh maith le líon measta iomlán na gcuideachtaí ina gcríoch a bhfuil feidhm ag Airteagal 11(2) de Threoir (AE) 2023/1791 (a chuirtear in ionad Airteagal 8(4) de Threoir 2012/27/AE) maidir leo agus líon na n-iniúchtaí fuinnimh a rinneadh sna fiontair sin i mbliain X-3 agus i mbliain X-2.

Bhí na chéad Tuarascálacha Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide ar Dhul Chun Cinn le cur isteach faoin 15 Márta 2023, agus is gá do na Ballstáit an dul chun cinn a thuairisciú dhá uair sa bhliain ina dhiaidh sin.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh (IO L 304, 14.11.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1099/oj)

(2)  Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2003) 1422) (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2003/361/oj).

(3)  Breithiúnas an 16 Meitheamh 1987, An Coimisiún v an Iodáil, Cás C-118/85, ECLI:EU:C: 1987: 283, mír 7; breithiúnas an 18 Meitheamh 1998, An Coimisiún v an Iodáil, C-35/96, ECLI:EU:C:1998:303, ECR I-3851, CNSD, mír 36; breithiúnas an 19 Feabhra 2002, Wouters, C-309/99, ECLI:EU:C:2002:98, mír 46.

(4)  I gcás iompróirí fuinnimh nach sonrasctar ar bhonn aonaid fuinnimh, féadfar aonaid mheáchain (e.g., tona i gcás guail) agus aonaid toirte (e.g., m3 i gcás adhmaid) a mheas sna billí fuinnimh.

(5)  Sainmhíniú ar sholáthraí seirbhíse fuinnimh a áirítear in Airteagal 2(29) de Threoir (AE) 2023/1791.

(6)  Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go n-eisiafar féintomhaltas fuinnimh a tháirgtear le fuinneamh in-athnuaite (cé is moite de bhithfhuinneamh).

(7)   ‘Fiontar uathrialaitheach’ atá ann má tá sé go hiomlán neamhspleách nó má tá comhpháirtíocht mhionlaigh amháin nó níos mó aige (gach ceann acu níos lú ná 25 %) le fiontair eile de réir Airteagal 3 §1 i dTeideal I den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún.

(8)  An Coimisiún Eorpach, an Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide, Treoir Úsáideora maidir leis an Sainmhíniú ar FBM, Oifig na bhFoilseachán, 2020, DocsRoom — An Coimisiún Eorpach (europa.eu).

(9)  Féadfaidh na Ballstáit cur chuige difriúil a ghlacadh freisin agus tomhaltas fuinnimh na bhfiontar comhpháirtíochta a chur san áireamh sna ríomhanna freisin.

(10)  Féach 6.1.

(11)  Tabhair do d’aire nár cheart ‘iniúchtaí inmheánacha ar chórais bainistíochta fuinnimh’ a mheascadh le ‘hiniúchtaí fuinnimh’.

(12)  Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (IO L 322, 16.12.2022, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2464/oj).

(13)  Measúnú a dhéanamh ar indéantacht theicniúil, chomhshaoil agus eacnamaíoch na gcóras malartach ardéifeachtúlachta bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite.

(14)  Tá tuilleadh mionsonraí le fáil in: Behling, I. et al., 2018: Development of recommendations on the implementation of certain aspects of Article 8 and Annex VI of the Energy Efficiency Directive. Final Report for DG ENERGY [Moltaí a fhorbairt maidir le gnéithe áirithe d’Airteagal 8 agus d’Iarscríbhinn VI den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a chur chun feidhme. Tuarascáil Chríochnaitheach le haghaidh Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh.].

(15)  An Coimisiún Eorpach, 2016: A Study on Energy Efficiency in Enterprises: Energy Audits and Energy Management Systems [Staidéar ar an Éifeachtúlacht Fuinnimh i bhFiontair: Iniúchtaí Fuinnimh agus Córais Bainistíochta Fuinnimh.]. Tuarascáil maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí atá ar fhiontair mhóra, maidir le cuideachtaí beaga agus meánmhéide a spreagadh agus maidir le dea-chleachtas. Staidéar arna ullmhú ag Fraunhofer Institute for Systems and Innovation Research ISI agus Ricardo Energy & Comhshaol don Choimisiún Eorpach. Karlsruhe/Oxon.

(16)  Féach Behling, I. et al., 2018: Development of recommendations on the implementation of certain aspects of Article 8 and Annex VI of the Energy Efficiency Directive. Final Report for DG ENERGY [Moltaí a fhorbairt maidir le gnéithe áirithe d’Airteagal 8 agus d’Iarscríbhinn VI den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a chur chun feidhme. Tuarascáil Chríochnaitheach le haghaidh Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh.].

(17)  An Coimisiún Eorpach, 2016: A Study on Energy Efficiency in Enterprises: Energy Audits and Energy Management Systems. Library of typical energy audit recommendations, costs and savings [Staidéar ar an Éifeachtúlacht Fuinnimh i bhFiontair: Iniúchtaí Fuinnimh agus Córais Bainistíochta Fuinnimh. Leabharlann de mholtaí, costais agus coigilteas a bhaineann le hiniúchóireacht fuinnimh de ghnáth.]. Staidéar arna ullmhú ag DNV GL. Oxon.

(18)  JRC, 2015: Survey of energy audits and energy management systems in the Member States. Preparation of the transposition of the Energy Efficiency Directive in Member States [Suirbhé ar iniúchtaí fuinnimh agus ar chórais bainistíochta fuinnimh sna Ballstáit. Trasuí na Treorach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh sna Ballstáit a ullmhú]. Tuarascáil maidir le hEolaíocht do Bheartas de chuid an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde.

(19)  I gcás ina dtagraíonn bliain n d’aon bhliain ar leith tar éis thrasuí na Treorach.

(20)  Féach: Guidance for national authorities on overcoming challenges in the implementation of Article 8 EED [Treoir d’údaráis náisiúnta maidir le dúshláin a shárú i gcur chun feidhme Airteagal 8 den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh]. 2021. https://doi.org/10.24406/publica-304, a mionsaothraíodh laistigh de thionscadal H2020 DEESME chun Airteagal 8 den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a bhí ann roimhe seo a chur chun feidhme. Tá go leor de na moltaí fós ábhartha maidir le cur chun feidhme Airteagal 11 den Treoir seo.

(21)  D’fhéadfadh bunachar sonraí DEEP (https://deep.eefig.eu) de chuid an Ghrúpa Institiúidí Airgeadais um Éifeachtúlacht Fuinnimh (EEFIG) a bheith ina thagairt chun sonraí a thagarmharcáil le haghaidh tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh.

(22)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh, Groen, W., Egenhofer, C., Musmeci, R.et al.: Technical assistance on assessing the effectiveness of the implementation of the definition of small and medium-sized enterprises for the purposes of Article 8(4) of the Energy Efficiency Directive – Final report [Cúnamh teicniúil maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht chur chun feidhme an tsainmhínithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide chun críocha Airteagal 8(4) den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh — Tuarascáil chríochnaitheach], Oifig na bhFoilseachán, 2021, https://data.europa.eu/doi/10.2833/051248.

(23)  Ábhair ábhartha (e.g. faisnéis chúlra, treoirlínte, leathanaigh xls...) chun tacú le húdaráis náisiúnta agus le fiontair tairbhí iomadúla na héifeachtúlachta fuinnimh a chur san áireamh, a chainníochtú agus a chur chun cinn, soláthraítear iad i dtionscadail H2020 áirithe amhail: M-Benefits (https://www.mbenefits.eu/), DEESME (https://www.deesme.eu/) nó ICCEE (https://iccee.eu/).

(24)  Mar shampla:

Carlén, A. et al., 2016: Energy efficiency networks for small and medium sized enterprises: boosting the energy efficiency potential by joining forces. In ECEEE Industry Summer Study 2016. An Chomhairle Eorpach um Gheilleagar atá Tíosach ar Fhuinneamh (ECEEE).

IPEEC (an Chomhpháirtíocht Idirnáisiúnta um Chomhar maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh). 2015. Energy Efficiency Networks – An effective policy to stimulate energy efficiency. Páras: ECFE/IPEEC.

Ina theannta sin, is féidir doiciméadacht chuimsitheach (i nGearmáinis) a fháil ar shuíomh gréasáin Energy-Efficiency-Networks Initiative https://www.effizienznetzwerke.org/.

(25)  Sa treoir maidir le hAirteagal 29 tá faisnéis mhionsonraithe maidir leis an sainmhíniú ar an gconraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh.

(26)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 328, 21.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1999/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/2002/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)