European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1993

23.7.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1993 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Iúil 2024

maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(2)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm.

(3)

De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, ba cheart iad a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin.

(4)

Is iomchuí a fhoráil, i ndáil le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, go bhféadfaidh an sealbhóir, ar feadh tréimhse áirithe, leanúint den fhaisnéis sin a agairt i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad san Ainmníocht Chomhcheangailte faoi na cóid AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.

Airteagal 2

Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Gerassimos THOMAS

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim


(1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj.

(2)  Rialachán (CEE) ón gComhairle Uimh. 2658/87 an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).


IARSCRÍBHINN

Tuairisc ar na hearraí

Aicmiú

(Cód AC)

Cúiseanna

(1)

(2)

(3)

Earra i bhfoirm catalóige cur i láthair atá thart ar 22 × 25 cm, atá déanta as páipéarchlár soladach snasta atá priontáilte i ndathanna a bhfuil faisnéis faoin ruaim gruaige atá fógartha inti.

Tá leathanaigh inmheánacha na catalóige neamhphriontáilte den chuid is mó agus tá samplaí iontu de shnáitheanna gruaige snáithín shintéisigh (atá thart ar 4 cm ar fad agus thart ar 2 cm ar leithead) atá eagraithe de réir imir an datha agus a chuirtear isteach trí ghliúáil nó a cheanglaítear le fáiscíní plaisteacha inbhainte.

Tá an t-earra deartha chun na dathanna éagsúla ruaime gruaige a fhógairt, a chur i láthair agus a léiriú (chun rogha a dhéanamh) i ndíolacháin dhíreacha, i siopaí gruagaireachta nó ag seastáin taispeántais/cur i láthair.

(Féach ar an íomhá) (*1)

4911 10 90

Cinntear an t-aicmiú le rialacha ginearálta 1 agus 6 maidir le léirmhíniú na hainmníochta comhcheangailte, le Nóta 5 a ghabhann le Caibidil 49 agus le foclaíocht na gcód AC 4911 , 4911 10 agus 4911 10 90 .

Tá an t-earra dírithe go bunúsach ar imreacha éagsúla ruaimeanna gruaige a chur chun cinn agus fógraíocht a dhéanamh fúthu. I gcomhréir le Nóta 5 a ghabhann le Caibidil 49, tá bróisiúir agus catalóga trádála le haicmiú faoi cheannteideal 4911 .

Is ábhar fógraíochta é an t-earra a thagann faoi cheannteideal 4911 atá beartaithe chun réimse dathanna de ruaimeanna gruaige a chur chun cinn agus a léiriú, agus ní chumhdaítear é ar bhealach níos mionsonraithe le haon cheann de na ceannteidil roimhe seo de Chaibidil 49 (féach freisin Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe a ghabhann le ceannteideal 4911 , an chéad agus an cúigiú mír, pointe (1)).

Dá bhrí sin, tá an t-earra le haicmiú faoi chód AC 4911 10 90 mar ábhar fógraíochta tráchtála eile agus a leithéid.

Image 1


(*1)  Is le faisnéis a thabhairt, agus lena aghaidh sin amháin, atá an íomhá anseo.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1993/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)