|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1986 |
16.7.2024 |
TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2024/1986 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Bealtaine 2024
lena leasaítear Treoir (AE) 2019/997 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcrios meaisín-inléite de Dhoiciméad Taistil Éigeandála AE
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/997 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Doiciméad Taistil Éigeandála AE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 96/409/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 8(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir (AE) 2019/997 leagtar síos rialacha maidir leis na coinníollacha agus an nós imeachta i dtaca le saoránaigh nach bhfuil ionadaíocht acu i dtríú tíortha chun go bhféadfaidís Doiciméad Taistil Éigeandála AE (‘DTÉ AE’) a fháil agus bunaítear formáid aonfhoirmeach le haghaidh an doiciméid sin. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir (AE) 2019/997, beidh foirm aonfhoirmeach DTÉ AE agus greamán aonfhoirmeach DTÉ AE le bheith in DTÉnna AE. Beidh an fhoirm agus an greamán i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin agus leis na sonraíochtaí teicniúla breise a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 9 den Treoir sin. Nuair a bheidh greamán aonfhoirmeach DTÉ AE líonta isteach, ní mór na ranna a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2019/997 agus sa chrios meaisín-inléite a líonadh isteach, i gcomhréir leis na caighdeáin a bunaíodh le cuid 3 de Dhoiciméad 9303 ón Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO). |
|
(3) |
Foráiltear le pointe 10 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2019/997 go mbeidh an fhaisnéis mheaisín-inléite ábhartha i gcomhréir le Doiciméad 9303 ICAO ar ghreamán aonfhoirmeach DTÉ AE chun rialuithe ag teorainneacha seachtracha a éascú. Tá na ceannlitreacha ‘AE’ le húsáid mar an chéad dá charachtar sa chrios meaisín-inléite chun an doiciméad a ainmniú mar Dhoiciméad Taistil Éigeandála AE. |
|
(4) |
Nuair a glacadh Treoir (AE) 2019/997, ní raibh rialacha sonracha i gcaighdeáin ICAO maidir leis an gcéad dá charachtar a bhí le húsáid sa chrios meaisín-inléite de dhoiciméid taistil éigeandála. |
|
(5) |
I gcomhthéacs an chruinnithe a bhí aige an 26 Feabhra go dtí an 1 Márta 2024, d’fhormhuinigh Painéal Éascaithe ICAO úsáid na bpríomhlitreacha ‘PU’ i ndoiciméid taistil éigeandála aonbhileoige. |
|
(6) |
Chun a áirithiú go leanfaidh DTÉ AE de bheith ailínithe leis an dul chun cinn teicniúil i gcaighdeáin idirnáisiúnta le haghaidh na ndoiciméad sin, is gá an tagairt do na ceannlitreacha ‘AE’ mar an chéad dá charachtar den chrios meaisín-inléite in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2019/997 a ionadú le ‘PU’. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2019/997 a leasú dá réir sin. |
|
(8) |
Chun a áirithiú go mbeidh Treoir (AE) 2019/997 go hiomlán i gcomhréir leis an dul chun cinn teicniúil ó dháta tosaigh a cur i bhfeidhm arna chinneadh trí thagairt a dhéanamh do ghlacadh Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2452 ón gCoimisiún (2), ba cheart an caighdeán teicniúil a leagtar síos sa Treoir seo a bheith infheidhme ón dáta a thiocfaidh Treoir (AE) 2019/997 i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2019/997, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 10:
|
‘10. |
Is éard a bheidh sa ghreamán aonfhoirmeach DTÉ AE an fhaisnéis mheaisín-inléite ábhartha i gcomhréir le Doiciméad 9303 ICAO chun rialuithe ag teorainneacha seachtracha a éascú. Úsáidfear na ceannlitreacha ‘PU’ mar an chéad dá charachtar sa chrios meaisín-inléite chun an doiciméad a ainmniú mar Dhoiciméad Taistil Éigeandála AE. Sa chrios meaisín-inléite beidh téacs priontáilte sa phriontáil chúlra infheicthe, i dteannta na bhfocal ‘an tAontas Eorpach’ i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais. Ní bheidh éifeacht ag an téacs sin ar ghnéithe teicniúla an chreasa mheaisín-inléite ná ar inléiteacht an chreasa sin.’. |
Airteagal 2
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 9 Nollaig 2024 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 9 Nollaig 2025.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach chun tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Bealtaine 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 163, 20.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/997/oj.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2452 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2022 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla breise i ndáil leis an Doiciméad Taistil Éigeandála AE arna bhunú le Treoir (AE) 2019/997 ón gComhairle (IO L 320, 14.12.2022, lch. 47, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2452/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2024/1986/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)