European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1982

16.7.2024

CINNEADH (CBES) 2024/1982 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Iúil 2024

lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/1137 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 8 Meitheamh 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1137 (1) lenar bunaíodh beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire.

(2)

An 26 Iúil 2023, de bhun Airteagal 64(1), pointe (b), de Chinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (2), chuir Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an beart cúnaimh chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire ar fionraí go sealadach toisc, tar éis an coup sa Nígir, nárbh fhéidir an beart cúnaimh a chur chun feidhme a thuilleadh agus ráthaíochtaí leordhóthanacha á n-áirithiú ag an am céanna.

(3)

An 23 Aibreán 2024, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála, de bhun Airteagal 64(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, don Chomhairle an beart cúnaimh arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2023/1137 a fhoirceannadh.

(4)

Ba cheart an beart cúnaimh chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire a fhoirceannadh agus ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2023/1137 a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, foirceanntar an beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire, arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2023/1137.

2.   Déantar Cinneadh (CBES) 2023/1137 a aisghairm.

3.   Leanfaidh forálacha Chinneadh (CBES) 2023/1137 d’fheidhm a bheith acu maidir le cur chun feidhme an chaiteachais a gealladh suas le dáta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo agus maidir le cuntasaíocht, fardal, iniúchadh agus tíolacadh gaolmhar na gcuntas, agus dliteanas, go dtí go ndeonófar urscaoileadh don riarthóir um bearta cúnaimh don chaiteachas sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

NAGY I.


(1)  Cinneadh (CBES) 2023/1137 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2023 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire (IO L 149, 9.6.2023, lch. 85).

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1982/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)