European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1981

17.7.2024

CINNEADH (CBES) 2024/1981 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Iúil 2024

lena gceaptar Cathaoirleach ar Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 240 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2001/79/CBES ón gComhairle an 22 Eanáir 2001 lena mbunaítear Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 3(1) de Chinneadh 2001/79/CBES, tá an Chomhairle le Cathaoirleach ar Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh (‘an Coiste Míleata’) a cheapadh ar mholadh ó chruinniú an Choiste Mhíleata ag teacht le chéile dó ar leibhéal na gCeann Cosanta. Le hAirteagal 3(2) den Chinneadh sin, mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt, sonraítear go mairfidh téarma oifige Chathaoirleach an Choiste Mhíleata 3 bliana.

(2)

An 12 Bealtaine 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/735 (2), lena gceaptar an Ginearál Robert BRIEGER ina Chathaoirleach ar an gCoiste Míleata ón 16 Bealtaine 2022 go dtí an 31 Bealtaine 2025.

(3)

Ag an gcruinniú a bhí aige an 15 Bealtaine 2024, mhol an Coiste Míleata, ag teacht le chéile dó ar leibhéal na gCeann Cosanta, go gceapfaí an Ginearál Seán CLANCY ina Chathaoirleach ar an gCoiste Míleata, go ceann tréimhse 3 bliana, ón 1 Meitheamh 2025 go dtí an 31 Bealtaine 2028,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar an Ginearál Seán CLANCY ina Chathaoirleach ar Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh, ón 1 Meitheamh 2025 go dtí an 31 Bealtaine 2028.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

NAGY I.


(1)   IO L 27, 30.1.2001, lch. 4.

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/735 ón gComhairle an 12 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1200 d’fhonn deireadh théarma oifige an Chathaoirligh reatha ar Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh a chur aniar agus d’fhonn ceapachán an chéad Chathaoirligh eile ar Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh a chur aniar (IO L 136, 13.5.2022, lch. 106).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1981/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)