European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1980

16.7.2024

CINNEADH (CBES) 2024/1980 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Iúil 2024

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Bheinin le trealamh míleata a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c) den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá úsáid le baint as SES chun bearta cúnaimh a mhaoiniú, mar shampla gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí maidir le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

Tá dálaí slándála ag dul in olcas i réigiúin thuaisceartacha thíortha cósta Mhurascaill na Guine, eadhon Gána, an Cósta Eabhair, Beinin agus Tóga i ngeall ar an ngéarchéim atá ag dul i bhfeidhm ar an tSaiheil láir.

(3)

I bhfianaise na timpeallachta slándála atá ag dul in olcas sa réigiúin máguaird, is gné thábhachtach chun iarrachtaí cobhsaíochta a chumasú agus a thacú i mBeinin é go ndéanfaí na fórsaí cosanta agus slándála a neartú. Sa chomhthéacs sin, agus é go hiomlán ar an eolas go bhfuil gá le freagairt chomhtháite sa chás seo, is príomhthosaíocht de chuid an Aontais é an tsíocháin agus an tslándáil fhadtéarmach i mBeinin a áirithiú.

(4)

An 5 Eanáir 2024, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála iarraidh ó Bheinin go dtabharfadh an tAontas cúnamh d’Fhórsaí Armtha Bheinin le harmlón traenála agus mionairm lena n-úsáid go hoibríochtúil, chun acmhainneachtaí oiliúna agus oibríochtúla réamh-imscartha na n-aonad míleata arna n-imscaradh i dTuaisceart Bheinin laistigh d’Oibríocht Mirador a neartú, chun tacú lena n-iarrachtaí leathnú na bagartha ó ghrúpaí armtha neamhstáit ó Bhuircíne Fasó agus ón Nígir a shrianadh, agus chun gníomhú i gcoinne na ndeiseanna do na grúpaí sin ionsaithe sceimhlitheoireachta a dhéanamh agus na deiseanna sin a laghdú.

(5)

Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh, go háirithe go ndéantar Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (2) a chomhlíonadh, agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoi SES.

(6)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe Bheinin (‘an tairbhí’), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (‘an beart cúnaimh’).

2.   Is iad seo na cuspóirí don bheart cúnaimh:

(a)

chun feabhas a chur ar chumais Fhórsaí Armtha Bheinin chun iomláine chríochach agus ceannasacht Bheinin agus a pobal sibhialta a chosaint ar fhoghanna inmheánacha agus seachtracha;

(b)

chun cur leis an tsíocháin agus leis an gcobhsaíocht sa réigiún.

3.   Chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh na cineálacha trealaimh seo a leanas a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh:

(a)

armlón le haghaidh na n-aonad de chuid Fhórsaí Armtha Bheinin atá suite i dtuaisceart Bheinin chun críche sainiúil na hoiliúna réamh-imscartha;

(b)

mionairm le haghaidh aonaid Fhórsaí Armtha Bheinin arna n-imscaradh i dtuaisceart Bheinin laistigh d’Oibríocht Mirador chun críoch oibríochtúil.

4.   Mairfidh an beart cúnaimh ar feadh tréimhse 24 mhí ón dáta a ghlacfar an Cinneadh seo.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 5 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.

2.   Áireofar ar na socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonfaidh aonaid Fhórsaí Armtha Bheinin dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(c)

go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus ar fáil go hoibríochtúil i gcaitheamh a saolré;

(d)

nach gcailltear sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ón gCoiste um an tSaoráid arna bhunú le Chinneadh (CBES) 2021/509 chuig aon duine nó eintiteas seachas chucu siúd arna sainaithint sna socruithe sin, lena n-áirítear ag deireadh a saolré.

3.   Áireofar ar na socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht faoin mbeart cúnaimh a fhionraí agus a fhoirceannadh i gcás ina suífear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir leis an ioncam agus an caiteachas a mhaoinítear faoi SES a chur chun feidhme, agus leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Is é Défense Conseil International – DCI Group a chuirfidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a chun feidhme.

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar an tairbhí agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3 á gcomhlíonadh aige. Úsáidfear an faireachán sin chun feasacht a mhúscailt ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sárú na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, agus chun cuidiú le sáruithe mar sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag aonaid d’Fhórsaí Armtha Bheinin arna dtacú faoin mbeart cúnaimh.

2.   Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:

(a)

fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, le deimhnithe seachadta SES a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht;

(b)

tuairisciú, trína bhfuil an tairbhí le tuairisciú go bliantúil ar na gníomhaíochtaí a dhéantar leis an trealamh arna sholáthar faoin mbeart cúnaimh agus ar fhardal na n-ítimí ainmnithe go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach bhfuil gá leis an tuairisciú sin a thuilleadh;

(c)

cuairteanna ar an láthair, trína ndeonóidh an tairbhí rochtain don Ardionadaí agus d’iniúchóirí SES chun cigireachtaí ar an láthair agus iniúchtaí SES a dhéanamh, arna iarraidh sin dó.

3.   Ar thabhairt chun críche an bhirt cúnaimh, déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh air chun a mheas ar rannchuidigh an beart cúnaimh leis na gcuspóir a leagtar amach in Airteagal 1(2) a bhaint amach.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí tuarascálacha gach 6 mhí don Choiste Polaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthraithe agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

1.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an beart cúnaimh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

NAGY I.


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe trealaimh agus teicneolaíochta míleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1980/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)