|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1973 |
19.7.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1973 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Iúil 2024
lena mbunaítear liosta d’ábhair fhrithmhiocróbacha nach n-úsáidfear i gcomhréir le hAirteagail 112 agus 113 de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó nach n-úsáidfear ach i gcomhréir leis na hAirteagail sin faoi réir coinníollacha áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (1), agus go háirithe Airteagal 107(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2019/6 leagtar síos rialacha maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a úsáid, lena n-áirítear an ceanglas iad a úsáid i gcomhréir le téarmaí a n-údaruithe margaíochta. I gcás nach bhfuil aon táirge íocshláinte tréidliachta údaraithe nó ar fáil do speiceas nó do thásc i mBallstát, féadfaidh tréidlianna, go háirithe chun fulaingt dho-ghlactha an ainmhí a sheachaint, faoina bhfreagracht dhíreach, táirgí íocshláinte a úsáid lasmuigh de théarmaí a n-údaruithe margaíochta i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagail 112, 113 nó 114 den Rialachán sin, de réir mar is infheidhme maidir leis an speiceas ainmhíoch lena mbaineann. |
|
(2) |
Le hAirteagal 107(6), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2019/6, déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht liostaí a bhunú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus comhairle eolaíoch na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (an ‘Ghníomhaireacht’) á cur san áireamh, ar liostaí iad lena dtoirmeasctar úsáid ábhar frithmhiocróbach áirithe i gcomhréir le hAirteagail 112, 113 agus 114 den Rialachán sin nó lena gcuirtear srian ar úsáid ábhar frithmhiocróbach áirithe i gcomhréir le hAirteagail 112, 113 agus 114 den Rialachán sin ach amháin faoi réir coinníollacha áirithe. |
|
(3) |
Le hAirteagal 114(3) de Rialachán (AE) 2019/6 déantar foráil, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maidir le liosta substaintí a bhunú, ar substaintí iad a úsáidtear i dtáirgí íocshláinte tréidliachta atá údaraithe san Aontas lena n-úsáid i speicis talún ar bia-ainmhithe iad, nó substaintí atá i dtáirge íocshláinte lena n-úsáid ag an duine atá údaraithe san Aontas i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) nó Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus a fhéadfar a úsáid i mbia-speicis uisceacha i gcomhréir le hAirteagal 114(1) de Rialachán (AE) 2019/6. |
|
(4) |
Le hAirteagal 115(5) de Rialachán (AE) 2019/6, déantar foráil, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maidir le liosta substaintí a bhunú, ar substaintí iad atá riachtanach le cóireáil a chur ar speicis eachaí, nó a bhfuil breisluach cliniciúil ag baint leo i gcomparáid le cineálacha eile cóireála atá ar fáil do speicis eachaí agus a mbeidh 6 mhí i gceist lena dtréimhse tarraingthe siar do speicis eachaí. |
|
(5) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do na húdaráis inniúla, tréidlianna, coimeádaithe ainmhithe agus oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, chomh maith le comhleanúnachas idir forálacha an Rialacháin seo agus na gníomhartha cur chun feidhme atá le glacadh faoi Airteagail 114(3) agus 115(5) de Rialachán (AE) 2019/6, ba cheart bia-speicis uisceacha agus speicis eachaí a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. |
|
(6) |
Ar bhonn na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 107(6), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2019/6, rinne an Ghníomhaireacht meastóireacht ar ábhair fhrithmhiocróbacha agus ar ghrúpaí ábhar frithmhiocróbach a bhféadfaí úsáid tréidliachta a bhaint astu san Aontas (4), agus an fhianaise eolaíoch is déanaí atá ar fáil, Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún (6) á gcur san áireamh. Mheas an Ghníomhaireacht freisin faisnéis a bailíodh ó ‘ghlao oscailte ar shonraí’ (7) inar iarradh ar pháirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach maidir le húsáidí agus infhaighteacht ábhar frithmhiocróbach san Aontas lenar féidir ionfhabhtuithe tromchúiseacha in ainmhithe a chóireáil, lena n-áirítear úsáidí lasmuigh de théarmaí údaraithe margaíochta, agus d’úsáid sí catagóirí éagsúla ábhar frithmhiocróbach arna bhforbairt ag eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ag an nGníomhaireacht mar thagairt. |
|
(7) |
Tá toirmeasc ar na hábhair fhrithmhiocróbacha agus na grúpaí ábhar frithmhiocróbach a áirítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1255 ón gCoimisiún (8) a úsáid in ainmhithe, lena n-áirítear úsáidí i gcomhréir le hAirteagail 112 agus 113 de Rialachán (AE) 2019/6. Dá bhrí sin, ní dhearna an Ghníomhaireacht meastóireacht ar na hábhair fhrithmhiocróbacha sin. |
|
(8) |
Rinne an Ghníomhaireacht scrúdú ar na cásanna úsáide éagsúla i gcomhréir le hAirteagail 112 agus 113 de Rialachán (AE) 2019/6. Áiríodh leis sin úsáid le haghaidh tásc, speicis ainmhíocha nó trí bhealaí tabhartha nach n-áirítear i dtéarmaí an údaraithe margaíochta le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta, úsáid táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE nó Rialachán (CE) Uimh. 726/2004, úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta arna n-ullmhú ar an toirt i gcomhréir le téarmaí oidis tréidliachta agus úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta arna n-údarú i dtríú tír don speiceas ainmhíoch céanna agus don tásc céanna. |
|
(9) |
Maidir le húsáid roinnt ábhair fhrithmhiocróbacha i gcomhréir le hAirteagail 112 agus 113 de Rialachán (AE) 2019/6 sna cásanna ina n-éilíonn riachtanais theiripeacha go n-úsáidfí táirge íocshláinte trí bhealaí tabhartha nach n-áirítear i dtéarmaí a údaraithe margaíochta, mheas an Ghníomhaireacht go bhféadfadh na rioscaí maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a mhéadú go mór mar gheall ar úsáid den chineál sin. Chun cuidiú leis na rioscaí sin a mhaolú, moladh coinníoll chun úsáid na n-ábhar frithmhiocróbach sin a shrianadh d’ainmhithe aonair amháin. |
|
(10) |
I gcomhréir le hAirteagal 113(4) de Rialachán (AE) 2019/6, ní fhéadfar ach substaintí gníomhacha a cheadaítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 agus aon ghníomh a glacadh ar a bhonn a úsáid chun críocha an Airteagail sin. Dá bhrí sin, ba cheart na coinníollacha a fhorchuirtear leis an Rialachán seo a bheith gan dochar don fhoráil sin. |
|
(11) |
Agus comhairle na Gníomhaireachta á cur san áireamh, ba cheart úsáid ábhar frithmhiocróbach áirithe i gcomhréir le hAirteagail 112 agus 113 de Rialachán (AE) 2019/6 a bheith faoi réir coinníollacha áirithe, lena n-áirítear i gcásanna áirithe, toirmeasc ar a n-úsáid i speicis shonracha. |
|
(12) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht toirmisc agus srianta a fhorchur ar úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta chun galair áirithe a chosc agus a rialú. Faoi Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), féadfar úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta a thoirmeasc mar chuid de chláir rialaithe náisiúnta. Ina theannta sin, le hAirteagal 107(7) de Rialachán (AE) 2019/6, ceadaítear do na Ballstáit bearta a ghlacadh lena ndéanfar úsáid ábhar frithmhiocróbach in ainmhithe ar a gcríocha féin a shrianadh nó a thoirmeasc a thuilleadh má tá tabhairt na n-ábhar frithmhiocróbach sin d’ainmhithe contrártha do chur chun feidhme beartais náisiúnta maidir le húsáid stuama ábhar frithmhiocróbach. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan dochar d’aon bheart náisiúnta den sórt sin ná do na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin sin ná d’aon ghníomh arna ghlacadh ar a mbonn. |
|
(13) |
Sa chomhairle eolaíoch uaithi, mhol an Ghníomhaireacht gur cheart úsáid ábhar frithmhiocróbach áirithe i gcomhréir le hAirteagail 112 agus 113 de Rialachán (AE) 2019/6 a bheith bunaithe ar thorthaí na tástála a dhéantar roimh ré maidir le haithint na spriocphataigine agus le soghabháltacht i leith an ábhair fhrithmhiocróbaigh lena léirítear gur dócha go mbeidh an t-ábhar frithmhiocróbach lena mbaineann éifeachtach agus nach mbeadh ábhair fhrithmhiocróbacha thosaíochta i gcomhréir le hAicmiú antaibheathach san Aontas Eorpach arna dhéanamh ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (11) éifeachtach. Mar sin féin, ní féidir leis an tréidlia i gcónaí, sa chleachtas, an rogha maidir le hábhar frithmhiocróbach atá le húsáid i gcomhréir leis na hairteagail sin a bhunú ar thástáil den sórt sin maidir le haithint agus le soghabháltacht. Sna cásanna sin, ba cheart don tréidlia freagrach a bheith in ann a léiriú cén fáth nach bhféadfaí úsáid ábhair fhrithmhiocróbaigh áirithe a bhunú ar thástáil den sórt sin maidir le haithint agus le soghabháltacht. I gcásanna ina n-éilíonn riocht na n-ainmhithe go dtosóidh an tréidlia ag úsáid an ábhair fhrithmhiocróbaigh lena mbaineann gan mhoill, ba cheart cead a bheith ag na tréidlianna atá freagrach tosú ag úsáid an ábhair fhrithmhiocróbaigh lena mbaineann sula mbeidh torthaí na tástála a dhéantar roimh ré maidir le haithint na spriocphataigine agus le soghabháltacht i leith an ábhair fhrithmhiocróbaigh ar eolas. Chun úsáid stuama ábhar frithmhiocróbach a áirithiú, ba cheart an rogha ábhar frithmhiocróbach a oiriúnú, más gá, nuair a bheidh torthaí na tástála den sórt sin a dhéantar roimh ré maidir le haithint na spriocphataigine agus le soghabháltacht i leith an ábhair fhrithmhiocróbaigh ar fáil. |
|
(14) |
I gcás ina bhfuil ábhar frithmhiocróbach údaraithe cheana féin lena úsáid in eallach, caoirigh le haghaidh táirgeadh feola, muca, sicíní, madraí nó cait, is dócha gur réasúnta beag a bheidh méid an nochta breise don ábhar frithmhiocróbach sin nuair a úsáidtear é in ainmhithe eile. Ina theannta sin, tá níos lú táirgí íocshláinte tréidliachta frithmhiocróbacha údaraithe lena n-úsáid i gcaoraigh, lena n-áirítear caoirigh le haghaidh táirgeadh feola. Dá bhrí sin, chun nach gcuirfear earnálacha na n-ainmhithe sin faoi mhíbhuntáiste, earnálacha ar lú na hábhair fhrithmhiocróbacha atá ar fáil ina leith agus chun a áirithiú go mbeidh ábhair fhrithmhiocróbacha ar fáil d’ainmhithe seachas eallach, muca, sicíní, madraí nó cait agus chun leas na n-ainmhithe sin a choinneáil ar bun, níor cheart an coinníoll maidir le tástáil maidir le haithint na spriocphataigine agus le soghabháltacht i leith an ábhair fhrithmhiocróbaigh a fhorchur ar na hainmhithe sin maidir lena n-úsáid i gcomhréir le hAirteagail 112 nó 113 de Rialachán (AE) 2019/6, i gcás ina bhfuil an t-ábhar frithmhiocróbach lena mbaineann i dtáirge íocshláinte tréidliachta atá údaraithe san Aontas lena úsáid in eallach, caoirigh le haghaidh táirgeadh feola, muca, sicíní, madraí nó cait. |
|
(15) |
Chun an t-am is gá a thabhairt do na húdaráis inniúla, do thréidlianna, do choimeádaithe ainmhithe agus d’oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann oiriúnú do cheanglais an Rialacháin seo, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar. |
|
(16) |
Ba cheart an liosta d’ábhair fhrithmhiocróbacha agus na srianta gaolmhara a leagtar síos sa Rialachán seo a choinneáil faoi athbhreithniú leanúnach i bhfianaise fianaise eolaíoch nua nó faisnéis atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear teacht chun cinn galar nua, athruithe ar eipidéimeolaíocht galar atá ann cheana, athruithe ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha nó athruithe ar infhaighteacht nó ar phatrúin úsáide ábhar frithmhiocróbach, chomh maith le húdarú margaíochta táirgí íocshláinte tréidliachta nua nó táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine. |
|
(17) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le húsáid ábhar frithmhiocróbach i gcomhréir le hAirteagail 112 agus 113 de Rialachán (AE) 2019/6 in ainmhithe seachas ainmhithe den speiceas eachaí.
Airteagal 2
Coinníollacha a bhaineann le húsáid ábhar frithmhiocróbach i gcomhréir le hAirteagail 112 agus 113 de Rialachán (AE) 2019/6
1. Na hábhair fhrithmhiocróbacha nó na grúpaí ábhar frithmhiocróbach a liostaítear san Iarscríbhinn, úsáidfear iad faoi réir na gcoinníollacha is infheidhme maidir leo mar a shonraítear san Iarscríbhinn sin.
2. Na coinníollacha is infheidhme maidir leis na hábhair fhrithmhiocróbacha nó na grúpaí ábhar frithmhiocróbach faoi seach a liostaítear san Iarscríbhinn, is coinníollacha carnacha a bheidh iontu.
3. Beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn gan dochar do chur i bhfeidhm na nithe seo a leanas:
|
(a) |
Airteagal 113(4) de Rialachán (AE) 2019/6; |
|
(b) |
aon bheart a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 107(7) de Rialachán (AE) 2019/6; |
|
(c) |
aon srian ar úsáid ábhar frithmhiocróbach nó grúpaí ábhar frithmhiocróbach arna fhorchur le Rialachán (AE) 2016/429 nó le Rialachán (CE) 2160/2003 agus aon ghníomh arna ghlacadh ar a bhonn sin. |
Airteagal 3
Coinníoll maidir le tástáil a dhéantar roimh ré maidir le haithint na spriocphataigine agus le soghabháltacht i leith an ábhair fhrithmhiocróbaigh
1. Measfar nach féidir tástáil a dhéantar roimh ré maidir le haithint na spriocphataigine nó le soghabháltacht i leith an ábhair fhrithmhiocróbaigh a dhéanamh i gcás inar féidir leis an tréidlia atá freagrach a léiriú nach bhfuil an tástáil sin maidir le haithint nó le soghabháltacht indéanta.
2. I gcás ina n-éilíonn riocht cliniciúil an ainmhí go dtosóidh an tréidlia ag úsáid an ábhair fhrithmhiocróbaigh lena mbaineann sula mbeidh torthaí na tástála a dhéantar roimh ré maidir le haithint na spriocphataigine agus le soghabháltacht i leith an ábhair fhrithmhiocróbaigh ar fáil, féadfaidh an tréidlia atá freagrach an t-ábhar frithmhiocróbach lena mbaineann a úsáid, sula mbeidh na torthaí sin ar fáil.
Sa chás sin, léireoidh an tréidlia go raibh an rogha ábhair fhrithmhiocróbaigh lena mbaineann bunaithe ar fhaisnéis ábhartha a léiríonn gur dócha go mbeidh an t-ábhar frithmhiocróbach lena mbaineann éifeachtach go cliniciúil agus nach mbeadh ábhair fhrithmhiocróbacha thosaíochta éifeachtach go cliniciúil, lena n-áirítear riocht cliniciúil nó stair leighis an ainmhí, faisnéis eipidéimeolaíoch agus eolas faoi shoghabháltacht na spriocphataigine i leith an ábhair fhrithmhiocróbaigh ar leibhéal na feirme, ar an leibhéal áitiúil nó ar an leibhéal réigiúnach. Déanfaidh an tréidlia an rogha ábhar frithmhiocróbach a oiriúnú, más gá, bunaithe ar thástáil a dhéantar roimh ré maidir le haithint na spriocphataigine agus le soghabháltacht i leith an ábhair fhrithmhiocróbaigh a luaithe a bheidh siad ar fáil.
3. Ní bheidh gá le tástáil a dhéantar roimh ré maidir le haithint na spriocphataigine agus le soghabháltacht i leith an ábhair fhrithmhiocróbaigh i gcás ina bhfuil an t-ábhar frithmhiocróbach lena mbaineann i dtáirge íocshláinte tréidliachta atá údaraithe san Aontas le haghaidh eallaigh, caoirigh le haghaidh táirgeadh feola, muc, sicíní, madraí nó cat agus i gcás ina bhfuil sé le húsáid i gcomhréir le hAirteagail 112 nó 113 de Rialachán (AE) 2019/6 in ainmhithe seachas eallach, muca, sicíní, madraí nó cait.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 8 Lúnasa 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 4, 7.1.2019, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/6/oj.
(2) Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/83/oj).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/726/oj).
(4) Comhairle eolaíoch faoi Airteagal 107(6) de Rialachán (AE) 2019/6 chun liosta d’ábhair fhrithmhiocróbacha a bhunú nach n-úsáidfear i gcomhréir le hAirteagail 112, 113 agus 114 den Rialachán céanna nó nach n-úsáidfear ach i gcomhréir leis na hearraí sin faoi réir coinníollacha áirithe (EMA/CVMP/151584/2021, an 15 Meitheamh 2023).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/470/oj).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú i ndáil le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/37(1)/oj).
(7) Cuirtear faisnéis chúlra agus tuarascáil achomair pháirteach maidir le torthaí an ghlao oscailte i láthair i Roinn 4. den Iarscríbhinn a ghabhann le Comhairle EMA maidir le hainmniú ábhar frithmhiocróbach nó grúpaí ábhar frithmhiocróbach arna bhforchoimeád chun ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine a chóireáil - i ndáil le bearta cur chun feidhme faoi Airteagal 37(5) de Rialachán (AE) 2019/6 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta (EMA/CVMP/678496/2021-rev, an 25 Bealtaine 2022).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1255 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2022 lena n-ainmnítear frithmhiocróbaigh nó grúpaí frithmhiocróbach arna bhforchoimeád chun ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine a chóireáil, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 191, 20.7.2022, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1255/oj).
(9) Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj).
(10) Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le rialú salmonella agus oibreáin zónóiseacha bia-iompartha sonraithe eile (IO L 325, 12.12.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/2160/oj).
(11) Aicmiú antaibheathach san Aontas Eorpach ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach: Freagra ar an iarraidh ón gCoimisiún Eorpach an 12 Nollaig 2019 maidir le nuashonrú a dhéanamh ar an gcomhairle eolaíoch faoin tionchar a bhíonn ag úsáid antaibheathach in ainmhithe ar an tsláinte phoiblí agus ar shláinte ainmhithe (EMA/CVMP/CHMP/682198/2017).
IARSCRÍBHINN
|
Ábhair fhrithmhiocróbacha nó grúpaí ábhar frithmhiocróbach |
Coinníollacha a bhaineann le húsáid i gcomhréir le hAirteagail 112 agus 113 de Rialachán (AE) 2019/6. |
||||||||||||||||||||
|
Aimínipeinicilliní i gcuingir le coscairí béite-lachtamáise |
|
||||||||||||||||||||
|
Ceifileaspóiriní den tríú agus den cheathrú glúin |
|
||||||||||||||||||||
|
Polaimicsiní |
|
||||||||||||||||||||
|
Aimfeineacóil |
I gcásanna ina n-úsáidtear aimfeineacóil le haghaidh tásca nach n-áirítear i dtéarmaí údaraithe margaíochta táirge íocshláinte atá údaraithe san Aontas agus ina bhfuil na hábhair fhrithmhiocróbacha sin, déanfaidh an tréidlia atá freagrach na hábhair fhrithmhiocróbacha sin a oideasú bunaithe, i gcás inar féidir, ar thástáil a dhéantar roimh ré maidir le haithint na spriocphataigine agus le soghabháltacht i leith an ábhair fhrithmhiocróbaigh. Léireofar an méid seo a leanas sa tástáil maidir le soghabháltacht i leith an ábhair fhrithmhiocróbaigh:
|
||||||||||||||||||||
|
Cuineolóin (lena n-áirítear fluaracuineolóin) |
|
||||||||||||||||||||
|
Riofaimíciní seachas riofaicsimin |
|
||||||||||||||||||||
|
Riofacsaimin |
I gcásanna ina n-úsáidtear táirgí íocshláinte, seachas táirgí íocshláinte tréidliachta atá údaraithe san Aontas, déanfaidh an tréidlia atá freagrach riofacsaimin a oideasú, bunaithe, i gcás inar féidir, ar thástáil a dhéantar roimh ré maidir le haithint na spriocphataigine agus le soghabháltacht i leith an ábhair fhrithmhiocróbaigh. Léireofar an méid seo a leanas sa tástáil maidir le soghabháltacht i leith an ábhair fhrithmhiocróbaigh:
|
||||||||||||||||||||
|
Substaintí nach n-úsáidtear ach chun eitinn nó galair mhíceabaictéaracha eile a chóireáil |
|
||||||||||||||||||||
|
Riminifeinisíní |
|
||||||||||||||||||||
|
Aigéid shúdamónacha |
|
||||||||||||||||||||
|
Remdesivir |
Ní fhéadfar remdesivir a úsáid ach amháin i gcomhréir le hAirteagal 112 de Rialachán (AE) 2019/6 chun peireatóiníteas tógálach féilíneach a chóireáil. |
||||||||||||||||||||
|
Eicíneacaindiní |
|
||||||||||||||||||||
|
Amfaiteiricin B |
I gcás cóireáil léismeainiáise, nó galair eile in ainmhithe i réigiúin ina bhfuil léismeainiáis eindéimeacha, ní fhéadfar amfaiteiricin B a úsáid ach mar rogha dheireanach. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1973/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)