|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1964 |
16.7.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/1964 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Iúil 2024
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1544 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 15 Deireadh Fómhair 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1544 (1). |
|
(2) |
Sna conclúidí uaithi an 20 Bealtaine 2021 maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle dar teideal ‘maidir le gníomhaíocht dhaonnúil an Aontais: dúshláin nua, na prionsabail chéanna’, d’athdhearbhaigh an Chomhairle a tiomantas aon tionchair dhiúltacha neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith ag bearta sriantacha an Aontais ar ghníomhaíocht dhaonnúil ar bhonn prionsabal a sheachaint agus, i gcás nach féidir iad a sheachaint, iad a mhaolú a mhéid is féidir. D’athdhearbhaigh an Chomhairle go gcomhlíonann bearta sriantacha an Aontais na hoibleagáidí uile faoin dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta um dhídeanaithe. Chuir sí i dtreis a thábhachtaí atá sé cloí go hiomlán le prionsabail dhaonnúla agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta i mbeartas smachtbhannaí an Aontais, lena n-áirítear trí eisceachtaí daonnúla a áireamh go comhsheasmhach i gcórais beart sriantach an Aontais i gcás inarb ábhartha, agus trína áirithiú go mbeidh creat éifeachtach i bhfeidhm le haghaidh na húsáide a bhaineann eagraíochtaí daonnúla as na heisceachtaí sin. |
|
(3) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh (CBES) 2018/1544, agus chun gníomhaíocht dhaonnúil phrionsabálta a dhéanann gníomhaithe daonnúla neamhchlaonta a éascú, ba cheart eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí áirithe a ghníomhaíonn mar chomhpháirtithe daonnúla de chuid an Aontais a dhíolmhú ón toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine, d’eintitis agus do chomhlachtaí ainmnithe, chun críoch daonnúil amháin. Ina theannta sin, ba cheart sásra maolúcháin a thabhairt isteach do na heagraíochtaí agus na gníomhaithe sin atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí daonnúla nach féidir leo leas a bhaint as an díolúine dhaonnúil sin. Thairis sin, ba cheart clásal athbhreithniúcháin a bhaineann leis na heisceachtaí sin a thabhairt isteach. |
|
(4) |
Tá gá le gníomhaíocht bhreise ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2018/1544 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1544 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 3, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: ‘7. Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le heagraíochtaí agus gníomhaireachtaí a ndéanann an tAontas measúnú colúin orthu agus lenar shínigh an tAontas comhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais ar chomhaontú é ar ar a bhonn a ghníomhaíonn na heagraíochtaí agus na gníomhaireachtaí mar chomhpháirtithe daonnúla de chuid an Aontais, ar choinníoll go bhfuil gá le soláthar na gcistí nó na n-acmhainní eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 2 go heisiach chun críoch daonnúil. 8. I gcásanna nach gcumhdaítear le mír 7, agus de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla Bhallstáit, faoi cibé coinníollacha ginearálta agus sonracha a mheasann siad a bheith iomchuí, údaruithe sonracha nó ginearálta a dheonú chun go scaoilfear cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe nó chun go gcuirfear cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe ar fáil, ar choinníoll go mbeidh gá le soláthar na gcistí nó na n-acmhainní eacnamaíocha sin go heiseach chun críoch daonnúil. 9. Mura ndéanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 8, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin. 10. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údaruithe arna dheonú faoi mhíreanna 8 nó 9 laistigh de 2 sheachtain ón údarú sin.’ |
|
(2) |
In Airteagal 8, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagail 3(7), (8) agus (9) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 3(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta agus ar a laghad gach dhá mhí dhéag nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
NAGY I.
(1) Cinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach, ( IO L 259, 16.10.2018, lch. 25.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1964/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)