|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1956 |
17.7.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1956 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Iúil 2024
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 lena mbunaítear an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathchúrsáil long
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE (1), agus go háirithe Airteagal 16 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ceanglaítear le hAirteagal 6(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ar úinéirí long a áirithiú nach ndéanfar longa atá le hathchúrsáil a athchúrsáil ach amháin i saoráidí athchúrsála long atá ar an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long (‘an Liosta Eorpach’) a foilsíodh de bhun Airteagal 16(2) den Rialachán sin. |
|
(2) |
Leagtar an Liosta Eorpach amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 ón gCoimisiún (2). |
|
(3) |
Tá údaruithe Arise Recycling AS, saoráid athchúrsála long atá lonnaithe san Iorua, le dul in éag an 1 Deireadh Fómhair 2024. Fuair Coimisiún faisnéis ón Iorua gur fíoraíodh an t-údarú a tugadh don tsaoráid sin chun athchúrsáil long a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013. Ba cheart, dá bhrí sin, an Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin. |
|
(4) |
Chuaigh údarú Sagro Aannemingsmaatschappij Zeeland B.V., atá lonnaithe san Ísiltír, in éag an 28 Márta 2024 agus chuir an t-údarás inniúil an Coimisiún ar an eolas nár iarr an tsaoráid a cead a athnuachan. Ba cheart, dá bhrí sin, an tsaoráid sin a bhaint den Liosta Eorpach. |
|
(5) |
Chuaigh údarú UAB Demeksa, atá lonnaithe sa Liotuáin, in éag an 25 Bealtaine 2024 agus chuir an t-údarás inniúil an Coimisiún ar an eolas nár iarr an tsaoráid a cead a athnuachan. Ba cheart, dá bhrí sin, an tsaoráid sin a bhaint den Liosta Eorpach. |
|
(6) |
Chuaigh údarú Ship and Industrial Service Ltd, atá lonnaithe sa Bhulgáir, in éag an 25 Eanáir 2024 agus chuir an t-údarás inniúil an Coimisiún ar an eolas go bhfuil an tsaoráid ag scor dá gníomhaíocht. Ba cheart, dá bhrí sin, an tsaoráid sin a bhaint den Liosta Eorpach. |
|
(7) |
Chuir an Danmhairg an Coimisiún ar an eolas gur athraigh an tsaoráid JATOB ApS a hainm go Jatob Frederikshavn ApS agus chuir an Ísiltír an Coimisiún ar an eolas faoi athrú ar an modh athchúrsála i gcás Damen Verolme Rotterdam B.V. Thairis sin, d’iarr Kiliçlar píosa faisnéise a chur lena shonraí teagmhála. Ba cheart, dá bhrí sin, an Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta chun na hathruithe sin a léiriú. |
|
(8) |
Fuair an Coimisiún dhá iarratas, i gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, chun Dortel Gemi Söküm Demir Celik San. Ve Tic. Ltd. Şti.agus Ege Gemi Söküm San Ve Metal San.Tic. A.Ş., ar saoráidí athchúrsála long iad atá lonnaithe sa Tuirc, a áireamh ar an Liosta Eorpach. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis agus ar an bhfianaise thacaíochta a soláthraíodh agus a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán sin, measann sé go gcomhlíonann na saoráidí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 13 den Rialachán sin chun athchúrsáil long a dhéanamh agus chun iad a áireamh an Liosta Eorpach. Ba cheart, dá bhrí sin, an Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta chun na saoráidí sin a chur air. |
|
(9) |
Léirigh Anadolu Gemi Sokum atá lonnaithe sa Tuirc go gcomhlíonann sé ceanglais an Rialacháin maidir le hardáin snámha a dhíchóimeáil ar bhealach sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol agus chuir sé nós imeachta sonrach ina phlean saoráide athchúrsála long. Ba cheart, dá bhrí sin, an teorainn a bhaineann le díchóimeáil rigí a bhaint den Liosta Eorpach. An tráth céanna, ba cheart a mheabhrú go bhfanann na clóis faoi cheangal ag teorainn leithead na soithí is féidir leo a fháil. Ní fhéadfaí a mheas gur baineadh an teorainn a leagtar síos le leithead an tsoithigh ach amháin tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar chomhaontú comhair le saoráid athchúrsála long chomharsanach atá liostaithe san Aontas lena gcumhdófaí ar bhealach sásúil cineál agus coinníollacha an chomhair sin. Chun bheith comhsheasmhach leis an téarmaíocht a úsáidtear faoin sainmhíniú in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, agus an gá atá le nósanna imeachta sonracha um dhíchóimeáil á chur san áireamh, ba cheart teorainn maidir le ‘hardáin snámha’ a chur in ionad na dteorainneacha maidir le ‘rigí’. Ba cheart, dá bhrí sin, an Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta chun na hathruithe sin a léiriú. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 a leasú dá réir sin. |
|
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 330, 10.12.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1257/oj.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2016 lena mbunaítear an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathchúrsáil long (IO L 345, 20.12.2016, lch. 119, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2016/2323/oj).
IARSCRÍBHINN
IARSCRÍBHINN
An Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013
Cuid A
Saoráidí athchúrsála long atá lonnaithe i mBallstát
|
Ainm na saoráide |
An modh athchúrsála |
Cineál agus méid na long is féidir a athchúrsáil |
Teorainneacha nó coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid athchúrsála long, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le bainistiú dramhaíola guaisí |
Mionsonraí maidir leis an nós imeachta sainráite nó intuigthe chun go ndéanfaidh an t-údarás inniúil an plean athchúrsála long a fhormheas (1) |
An t-uas-aschur bliantúil athchúrsála long, arna ríomh mar shuim mheáchan na long arna sloinneadh i dtonnaí toillíochta éadroime (LDT) a athchúrsáladh in aon bhliain ar leith sa tsaoráid sin (2) |
Dáta éaga an áirimh sa Liosta Eorpach in éag (3) |
|||||||||
|
AN BHEILG |
|||||||||||||||
Teil.: +32(0)9/251 25 21 R-phost: peter.wyntin@galloo.com |
Le taobh (beart fliuch), fána |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 265 mhéadar Leithead: 37 méadar Doimhneacht snámha: 12,5 méadar |
|
Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 30 lá |
34 000 (4) |
31 Márta 2025 |
|||||||||
|
AN DANMHAIRG |
|||||||||||||||
Teil.: +45 7592 0000 R-phost: fayard@fayard.dk |
Duga tirim |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 415 mhéadar Leithead: 90 méadar Doimhneacht snámha: 7,8 méadar |
Rialaítear an tsaoráid athchúrsála long i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme agus leis na coinníollacha a leagtar amach i gCead Comhshaoil an 7 Samhain 2018 a d’eisigh Bardas Kerteminde. Áirítear sa Chead Comhshaoil coinníollacha maidir le huaireanta oibriúcháin, coinníollacha speisialta oibriúcháin, coinníollacha maidir le láimhseáil agus stóráil dramhaíola agus áirítear ann freisin coinníoll go gcaithfear an ghníomhaíocht a dhéanamh i nduga tirim. |
Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 14 lá. |
916,34 (5) |
22 Bealtaine 2028 |
|||||||||
Teil.: +45 86326393 R-phost: recycling@fornaes.dk |
Le taobh, duga tirim |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 150 méadar Leithead: 25 mhéadar Doimhneacht snámha: 7 méadar Olltonnáiste: 10 000 |
Tá sé de cheart ag bardas Nordjurs dramhaíl ghuaiseach a leithdháileadh ar shaoráidí glactha arna bhformheas maidir le neamhdhíobháil don chomhshaol. |
Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 14 lá. |
30 000 (6) |
12 Bealtaine 2026 |
|||||||||
|
Jatob Frederikshavn ApS Langerak 12 9900 Frederikshavn An Danmhairg Teil.: +45 8668 1689 R-phost: post@jatob.dk mathias@jatob.dk |
Le taobh, sleamhnán |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 150 méadar Leithead: 30 méadar Doimhneacht snámha: 6 mhéadar |
Tugtar láimhseáil agus stóráil na gcodán dramhaíola trí bhíthin Údarú Comhshaoil. Féadtar an láithreán a úsáid chun dramhaíl ghuaiseach a stóráil ar bhonn idirmheánach ar feadh tréimhse chomh fada le bliain amháin. |
Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 14 lá. |
13 000 (7) |
9 Márta 2025 |
|||||||||
www.modernamericanrecyclingservices.com/ Teil.: +45 30307763 R-phost: kim@mars-eu.dk |
Sleamhnán |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 400 méadar Leithead: 90 méadar Doimhneacht snámha: 14 mhéadar |
Sainmhínítear na coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid athchúrsála long i gCead Comhshaoil an 9 Márta 2018 agus san Aguisín a ghabhann le Cead Comhshaoil an 12. Iúil 2022 a d’eisigh Bardas Frederikshavn. Tá sé de cheart ag Bardas Frederikshavn dramhaíl ghuaiseach a leithdháileadh ar shaoráidí glactha arna bhformheas maidir le neamhdhíobháil don chomhshaol. Ní mór nach ndéanfaidh an tsaoráid dramhaíl ghuaiseach a stóráil ar feadh tréimhse is faide ná bliain amháin. |
Formheas intuigthe, lena ngabhann tréimhse athbhreithnithe 14 lá. |
60 000 (8) |
27 Eanáir 2028 |
|||||||||
Teil.: +45 75128888 R-phost: |
Le taobh, sleamhnán |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 200 méadar* Leithead: 48 méadar Doimhneacht snámha: 7.5 méadar (*Má tá an fad >170 méadar, ní mór formheas a fháil ó Bhardas Esbjerg) |
Sainmhínítear na coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid athchúrsála long i gCead Comhshaoil an 4 Meitheamh 2015 a d’eisigh ag Bardas Esbjerg. Tá sé de cheart ag Bardas Esbjerg dramhaíl ghuaiseach a leithdháileadh ar shaoráidí glactha arna bhformheas maidir le neamhdhíobháil don chomhshaol. |
Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 14 lá |
20 000 (9) |
11 Márta 2026 |
|||||||||
|
AN EASTÓIN |
|||||||||||||||
Teil.: +372 610 2933 Facs: +372 610 2444 R-phost: refonda@blrt.ee |
Ar snámh cois cé agus sa duga snámha |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 197 méadar Leithead: 32 mhéadar Doimhneacht snámha: 9,6 méadar |
Cead dramhaíola Uimh. KL-511809. Ceadúnas bainistithe dramhaíola guaisí Uimh. 0546. Rialacha Chalafort Vene-Balti, Lámhleabhar maidir le hAthchúrsáil Long MSR-Refonda. Córas Bainistithe Comhshaoil, Bainistiú dramhaíola PE 4.4.6-1-13 Ní fhéadfaidh an tsaoráid a athchúrsáil ach na hábhair ghuaiseacha a bhfuil ceadúnas aici ina leith. |
Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 30 lá. |
24 364 (10) |
15 Feabhra 2026 |
|||||||||
|
AN SPÁINN |
|||||||||||||||
Teil.: +34944971552 R-phost: dina@dinascrapping.com |
Le taobh, rampa díchóimeála |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 120 méadar Leithead: 20 méadar Doimhneacht snámha: 6 mhéadar |
Tá na teorainneacha le fáil san údarú comhshaoil comhtháite. |
Formheas intuigthe. Is é údarás comhshaoil an Phobail Fhéinrialaithigh ina bhfuil an tsaoráid lonnaithe an t-údarás inniúil le haghaidh an fhormheasa. |
2 086 (11) |
3 Márta 2026 |
|||||||||
Teil.: +34 630 14 44 16 R-phost: abarredo@ddr-vessels.com |
Le taobh, rampa díchóimeála |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 169.9 méadar (Maidir le longa os cionn na méide sin ar féidir leo iompú nialais nó gluaiseacht rampaí diúltach a oibriú, d’fhéadfadh sé go nglacfaí leo ag brath ar thoradh staidéir féidearthachta mhionsonraithe) Leithead: 25 mhéadar |
Tá na teorainneacha le fáil san údarú comhshaoil comhtháite. |
Formheas intuigthe. Is é údarás comhshaoil an Phobail Fhéinrialaithigh ina bhfuil an tsaoráid lonnaithe an t-údarás inniúil le haghaidh an fhormheasa. |
3 600 (12) |
28 Iúil 2025 |
|||||||||
|
AN FHRAINC |
|||||||||||||||
Teil.: (+33) (0)7 69 79 12 80 R-phost: |
Le taobh, duga tirim |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 140 méadar Leithead: 25 mhéadar Doimhneacht: 5 mhéadar |
Sainmhínítear teorainneacha comhshaoil san údarú maorachta. |
Formheas sainráite – Is é an t-aire comhshaoil an t-údarás inniúil le haghaidh an chinnidh formheasa |
1 500 (13) |
21 Meán Fómhair 2027 |
|||||||||
Teil.: +33(0)2 35 95 16 34 R-phost: normandie@baudelet.fr |
Duga snámha agus sleamhnán |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 150 méadar Leithead: 18 méadar Doimhneacht: 7 méadar LDT: 7 000 |
Sainmhínítear teorainneacha comhshaoil san údarú maorachta. |
Formheas sainráite – Is é an t-aire comhshaoil an t-údarás inniúil le haghaidh an chinnidh formheasa. |
7 730 (14) |
29 Nollaig 2026 |
|||||||||
Teil.: +33(0)5 56 90 58 00 R-phost: maintenance@bordeaux-port.fr |
Le taobh, duga tirim |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 240 méadar Leithead: 37 méadar Doimhneacht: 17 méadar |
Sainmhínítear teorainneacha comhshaoil san údarú maorachta. |
Formheas sainráite – Is é an t-aire comhshaoil an t-údarás inniúil le haghaidh an chinnidh formheasa. |
9 000 (15) |
27 Meán Fómhair 2026 |
|||||||||
Teil.: +33(0)2 98 01 11 06 R-phost: navaleo@navaleo.fr |
Le taobh, duga tirim |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 225 mhéadar Leithead: 34 mhéadar Doimhneacht: 27 méadar |
Sainmhínítear teorainneacha comhshaoil san údarú maorachta. |
Formheas sainráite – Is é an t-aire comhshaoil an t-údarás inniúil le haghaidh an chinnidh formheasa. |
15 000 (16) |
19 Meitheamh 2025 |
|||||||||
|
AN IODÁIL |
|||||||||||||||
Teil.: +39 (0)10 251561 R-phost: |
Le taobh, duga tirim |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 350 méadar Leithead: 75 mhéadar Doimhneacht: 16 mhéadar Olltonnáiste: 130 000 |
Tá na teorainneacha agus na srianta le fáil san údarú comhshaoil comhtháite. |
Formheas sainráite |
38 564 (17) |
6 Meitheamh 2028 |
|||||||||
|
AN LAITVIA |
|||||||||||||||
Teil.: +371 29410506 R-phost: galaksisn@inbox.lv |
Le taobh (beart fliuch), duga tirim |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 165 mhéadar Leithead: 22 mhéadar Doimhneacht: 7 méadar Olltonnáiste: 12 000 |
Féach cead náisiúnta Uimh. LI12IB0053 |
Formheas sainráite - fógra i scríbhinn laistigh de 30 lá oibre |
2 490 (18) |
17 Iúil 2024 |
|||||||||
|
AN LIOTUÁIN |
|||||||||||||||
Teil.: +370 (46) 365776 Facs: +370 (46) 365776 R-phost: uab.apk@gmail.com |
Le taobh (beart fliuch) |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 130 méadar Leithead: 35 mhéadar Doimhneacht: 10 méadar Olltonnáiste: 3 500 |
Féach cead náisiúnta Uimh. TL-KL.1-15/2015 |
Formheas sainráite - fógra i scríbhinn laistigh de 30 lá oibre |
1 500 (19) |
12 Márta 2025 |
|||||||||
Teil.: +370 685 32607 R-phost: armar.uab@gmail.com |
Le taobh (beart fliuch) |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 80 méadar Leithead: 16 mhéadar Doimhneacht: 5 mhéadar Olltonnáiste: 1 500 |
Féach cead náisiúnta Uimh. TL-KL.1-51/2017 |
Formheas sainráite - fógra i scríbhinn laistigh de 30 lá oibre |
3 910 (20) |
12 Aibreán 2027 |
|||||||||
Teil.: +370 (46) 483940 / 483891 Facs: +370 (46) 483891 R-phost: refonda@wsy.lt |
Le taobh (beart fliuch) |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 230 méadar Leithead: 55 mhéadar Doimhneacht: 14 mhéadar Olltonnáiste: 70 000 |
Féach cead náisiúnta Uimh. (11.2)-30-161/2011/TL-KL.1-18/2015 |
Formheas sainráite - fógra i scríbhinn laistigh de 30 lá oibre |
20 140 (21) |
30 Aibreán 2025 |
|||||||||
|
AN ÍSILTÍR |
|||||||||||||||
Teil.: +31 (0)181 23 4353 R-phost: hein.mangroe@damen.com |
Gníomhaíochtaí ullmhúcháin cois cé, cuirtear ábhar i nduga tirim lena dhiúscairt |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 400 méadar Leithead: 90 méadar Doimhneacht: 12 mhéadar Airde: 90 méadar |
Tá cead chun oibriú ag an láithreán; tá teorainneacha agus coinníollacha le fáil sa chead sin maidir le hoibriú ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil. |
Formheas sainráite |
0 (22) |
21 Bealtaine 2026 |
|||||||||
Teil.: +31 23 558 1937 R-phost: info@decomamsterdam.nl |
Gníomhaíochtaí ullmhúcháin cois cé, iompraítear ábhar i dtír lena dhiúscairt |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 240 méadar Leithead: 50 méadar Doimhneacht snámha: 9 méadar |
Tá cead chun oibriú ag an láithreán; tá teorainneacha agus coinníollacha le fáil sa chead sin maidir le hoibriú ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil. |
Formheas sainráite |
17 500 (23) |
5 Deireadh Fómhair 2026 |
|||||||||
Teil.: +31 113352510 R-phost: info@hsd.nl |
Gníomhaíochtaí ullmhúcháin cois cé, iompraítear ábhar i dtír lena dhiúscairt |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 175 mhéadar Leithead: 40 méadar Doimhneacht: 10 méadar |
Tá cead chun oibriú ag an láithreán; tá teorainneacha agus coinníollacha le fáil sa chead sin maidir le hoibriú ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil. |
Formheas sainráite |
30 000 (24) |
26 Eanáir 2026 |
|||||||||
|
AN IORUA |
|||||||||||||||
|
Le taobh, sleamhnán, duga tirim/fliuch |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013. Uastoisí na long: Fad: 360 méadar Leithead: Gan teorainn Doimhneacht: Gan teorainn |
Féach cead náisiúnta Uimh. 2019.0501.T |
Formheas sainráite |
0 (25) |
20 Iúil 2029 |
|||||||||
|
Le taobh, cois cé |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 500 méadar Leithead: Gan teorainn Doimhneacht: Gan teorainn |
Féach cead náisiúnta Uimh. 2005.0038.T |
Formheas sainráite |
31 000 (26) |
10 Nollaig 2028 (27) |
|||||||||
Teil.: +4790098185 |
Duga tirim (faoi dhíon), sleamhnán |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 230 méadar Leithead: 25 mhéadar Doimhneacht: 20 méadar |
Féach cead náisiúnta Uimh. 2018.0833.T Ní mór móroibríochtaí díchóimeála a dhéanamh faoi dhíon. I dtaca le hoibríochtaí díchóimeála agus gearrtha lasmuigh faoin aer, ní cheadaítear ach mionoibríochtaí is gá chun longa a chur in oiriúint don tsaoráid faoi dhíon. Féach an cead chun tuilleadh sonraí a fháil. |
Formheas sainráite |
30 000 (28) |
10 Nollaig 2028 (29) |
|||||||||
|
Le taobh, sleamhnán |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 170 méadar Leithead: 35 mhéadar Doimhneacht: Gan teorainn |
Féach cead náisiúnta Uimh. 2021.0011.T |
Formheas sainráite |
0 (30) |
9 Aibreán 2026 |
|||||||||
Teil.: +47 400 39 479 R-phost: knut@fosengjenvinning.no |
Le taobh |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, cé is moite d’ardáin sámha nó soithí a úsáidtear chun hidreacarbóin a eastóscadh Uastoisí na long: Fad: 150 méadar Leithead: 20 méadar Doimhneacht: 7 méadar |
Féach cead náisiúnta Uimh. 2006.0250.T |
Formheas sainráite |
8 000 (31) |
10 Nollaig 2028 (32) |
|||||||||
|
Le taobh (beart fliuch), sleamhnán |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 230 méadar Leithead: Gan teorainn Doimhneacht: Gan teorainn |
Féach cead náisiúnta Uimh. 2013.0111.T |
Formheas sainráite |
60 000 (33) |
10 Nollaig 2028 (34) |
|||||||||
|
Sleamhnán snámha. Roghnach ag brath ar chastacht, de bhreis air sin: 1. Díchóimeáil ag an gcé agus diúscairt ina diaidh sin ar urlár neamhscagach ag a bhfuil córas draenála éifeachtach. 2. Duga tirim |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 150 méadar Leithead: 34 mhéadar Doimhneacht snámha: 5 mhéadar /agus í dul i méid ag brath ar an modh athchúrsála. |
Féach cead náisiúnta Uimh. 2017.0864.T 8 000 LDT ar a mhéad ar shleamhnán snámha. Ní mór longa is mó ná 8 000 LDT a dhíchóimeáil trí mhodh athchúrsála eile |
Formheas sainráite |
25 000 (35) |
10 Nollaig 2028 (36) |
|||||||||
|
AN FHIONLAINN |
|||||||||||||||
Teil.: +358 2 44 511 R-phost: try@turkurepairyard.com |
Le taobh, duga tirim |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 250 méadar Leithead: 40 méadar Doimhneacht snámha: 7,9 méadar |
Tá na teorainneacha le fáil san údarú náisiúnta comhshaoil. |
Formheas sainráite |
20 000 (37) |
14 Nollaig 2025 |
|||||||||
|
AN RÍOCHT AONTAITHE – TUAISCEART ÉIREANN |
|||||||||||||||
Teil. +44(0)2890534189 Facs +44(0)2890458515 R-phost: Eoghan.Rainey@harland-wolff.com |
Duga tirim agus beart fliuch |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 556 mhéadar Leithead: 93 mhéadar Doimhneacht snámha: 7,5 méadar Meálasta: 550 000 |
Údaraítear an láithreán trí bhíthin ceadúnas bainistithe dramhaíola, uimhir údaraithe LN/20/11 lena gcuirtear teorainn leis na hoibríochtaí agus lena gcuirtear coinníollacha ar oibreoir na saoráide. |
Formheas sainráite |
12 000 (38) |
16 Meitheamh 2025 |
|||||||||
Cuid B
Saoráidí athchúrsála long atá lonnaithe i dtríú tír
|
Ainm na saoráide |
An modh athchúrsála |
Cineál agus méid na long is féidir a athchúrsáil |
Teorainneacha nó coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid athchúrsála long, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le bainistiú dramhaíola guaisí |
Mionsonraí maidir leis an nós imeachta sainráite nó intuigthe chun go ndéanfaidh an t-údarás inniúil an plean athchúrsála long a fhormheas (39) |
An t-uas-aschur bliantúil athchúrsála long, arna ríomh mar shuim mheáchan na long arna sloinneadh i dtonnaí toillíochta éadroime (LDT) a athchúrsáladh in aon bhliain ar leith sa tsaoráid sin (40) |
Dáta éaga an áirimh sa Liosta Eorpach (41) |
||||||
|
AN TUIRC |
||||||||||||
Teil.: +90 232 618 21 02 R-phost: info@anadolugs.com |
Tabhairt i dtír |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013. Uastoisí na long: Fad: Gan teorainn Leithead: 55 mhéadar Doimhneacht snámha: 12 mhéadar |
Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, a d’eisigh an Aireacht Comhshaoil, Uirbithe agus Athraithe Aeráide, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, a d’eisigh an Aireacht Iompair agus Bonneagair, ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid. |
Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 15 lá. Tá an plean athchúrsála long (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil chun cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách. |
111 823 (42) |
17 Lúnasa 2028 |
||||||
Teil.: +90 232 618 21 07 – 08 - 09 R-phost: info@avsargemiltd.com |
Tabhairt i dtír |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, cé is moite d’ardáin snámha. Uastoisí na long: Fad: gan teorainn Leithead: 50 méadar Doimhneacht snámha: 15 mhéadar |
Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, a d’eisigh an Aireacht Comhshaoil, Uirbithe agus Athraithe Aeráide, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, a d’eisigh an Aireacht Iompair agus Bonneagair, ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid. |
Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 15 lá. Tá an plean athchúrsála long (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil chun cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách. |
54 224 (43) |
2 Nollaig 2025 |
||||||
Teil.: +90 232 618 22 20 R-phost: bms@bmsgemi.com |
Tabhairt i dtír |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, cé is moite d’ardáin snámha Uastoisí na long: Fad: Gan teorainn Leithead: 49 méadar Doimhneacht snámha: 10 méadar |
Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, a d’eisigh an Aireacht Comhshaoil, Uirbithe agus Athraithe Aeráide, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, a d’eisigh an Aireacht Iompair agus Bonneagair, ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid. |
Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 15 lá. Tá an plean athchúrsála long (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil chun cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách. |
37 132 (44) |
17 Lúnasa 2028 |
||||||
Teil.: +90 232 618 2118 R-phost: info@dortelgemi.com |
Tabhairt i dtír |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, cé is moite d’ardáin snámha Uastoisí na long: Fad: Gan teorainn Leithead: 49 méadar Doimhneacht snámha: 25 mhéadar |
Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, a d’eisigh an Aireacht Comhshaoil, Uirbithe agus Athraithe Aeráide, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, a d’eisigh an Aireacht Iompair agus Bonneagair, ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid. |
Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 15 lá. Tá an plean athchúrsála long (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil chun cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách. |
41 268 (45) |
20 Iúil 2029 |
||||||
Teil.: +90 232 618 21 62 R-phost: pamirtaner@egecelik.com |
Tabhairt i dtír |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: Gan teorainn Leithead: 50 méadar Doimhneacht snámha: 15 mhéadar |
Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, a d’eisigh an Aireacht Comhshaoil, Uirbithe agus Athraithe Aeráide, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, a d’eisigh an Aireacht Iompair agus Bonneagair, ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid. |
Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 15 lá. Tá an plean athchúrsála long (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil chun cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách. |
55 503 (46) |
12 Feabhra 2025 |
||||||
Teil.: +90 232 618 20 11 R-phost: info@egegemi.com.tr |
Tabhairt i dtír |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, cé is moite d’ardáin snámha Uastoisí na long: Fad: Gan teorainn Leithead: 49 méadar Doimhneacht snámha: 25 mhéadar |
Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, a d’eisigh an Aireacht Comhshaoil, Uirbithe agus Athraithe Aeráide, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, a d’eisigh an Aireacht Iompair agus Bonneagair, ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid. |
Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 15 lá. Tá an plean athchúrsála long (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil chun cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách. |
34 986 (47) |
20 Iúil 2029 |
||||||
Teil.: +90 232 618 20 30 R-phost: info@leyal.com.tr |
Tabhairt i dtír |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: Gan teorainn Leithead: 100 méadar Doimhneacht snámha: 15 mhéadar |
Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, a d’eisigh an Aireacht Comhshaoil, Uirbithe agus Athraithe Aeráide, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, a d’eisigh an Aireacht Iompair agus Bonneagair, ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid. |
Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 15 lá Tá an plean athchúrsála long (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil chun cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách. |
64 815 (48) |
10 Nollaig 2028 |
||||||
Teil.: +90 232 618 20 65 R-phost: demtas@leyal.com.tr |
Tabhairt i dtír |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: Gan teorainn Leithead: 63 mhéadar Doimhneacht snámha: 15 mhéadar |
Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, a d’eisigh an Aireacht Comhshaoil, Uirbithe agus Athraithe Aeráide, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, a d’eisigh an Aireacht Iompair agus Bonneagair, ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid. |
Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 15 lá Tá an plean athchúrsála long (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil chun cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách. |
57 275 (49) |
10 Nollaig 2028 |
||||||
Teil.: +90 232 618 22 17 R-phost: gemisokum@kiliclar.com.tr |
Tabhairt i dtír |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, cé is moite d’ardáin snámha Uastoisí na long: Fad: Gan teorainn Leithead: 49 méadar Doimhneacht snámha: 15 mhéadar |
Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, a d’eisigh an Aireacht Comhshaoil, Uirbithe agus Athraithe Aeráide, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, a d’eisigh an Aireacht Iompair agus Bonneagair, ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid. |
Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 15 lá. Tá an plean athchúrsála long (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil chun cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách. |
16 711 (50) |
17 Lúnasa 2028 |
||||||
Teil.: +90 232 618 21 05 R-phost: oge@ogegemi.com |
Tabhairt i dtír |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: Gan teorainn Leithead: 70 méadar Doimhneacht snámha: 15 mhéadar |
Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, a d’eisigh an Aireacht Comhshaoil, Uirbithe agus Athraithe Aeráide, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, a d’eisigh an Aireacht Iompair agus Bonneagair, ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid. |
Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 15 lá Tá an plean athchúrsála long (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil chun cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách. |
62 471 (51) |
12 Feabhra 2025 |
||||||
Teil.: +90 232 618 2092 R-phost: info@sokship.com |
Tabhairt i dtír |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: Gan teorainn Leithead: 90 méadar Doimhneacht snámha: 15 mhéadar |
Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, a d’eisigh an Aireacht Comhshaoil, Uirbithe agus Athraithe Aeráide, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, a d’eisigh an Aireacht Iompair agus Bonneagair, ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid. |
Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithnithe 15 lá Tá an plean athchúrsála long (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil chun cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách. |
66 167 (52) |
12 Feabhra 2025 |
||||||
|
AN RÍOCHT AONTAITHE |
||||||||||||
Teil.: + 44 (0)131 454 3380; + 44 (0)7834 658 588 R-phost: Phil@dalesmarine.co.uk |
Duga tirim agus beart fliuch |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, cé is moite d’ardáin snámha Uastoisí na long: Fad: 165 mhéadar Leithead: 20 méadar Doimhneacht snámha: 7,7 méadar |
Údaraítear an láithreán trí bhíthin ceadúnas bainistithe dramhaíola, uimhir údaraithe WML/L/1157331 lena gcuirtear teorainn leis na hoibríochtaí agus lena gcuirtear coinníollacha ar oibreoir na saoráide. |
Formheas sainráite |
5 019 (53) |
22 Bealtaine 2027 |
||||||
Teil.: +44 (0)139 777 3840 R-phost: enquiries@kishornportltd.com |
Duga tirim |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 160 méadar Leithead: 160 méadar Doimhneacht snámha: 13,8 méadar LDT: 26 448 |
Údaraítear an láithreán trí bhíthin ceadúnas bainistithe dramhaíola, uimhir údaraithe WML/L/1175043 Modification 01’ agus ‘WML/L/1175043 Modification 02’ lena gcuirtear teorainn leis na hoibríochtaí agus lena gcuirtear coinníollacha ar oibreoir na saoráide. |
Formheas sainráite |
38 148 (54) |
22 Bealtaine 2027 |
||||||
|
STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ |
||||||||||||
Teil.: +1 956-831-2299 |
Le taobh (beart fliuch), fána |
Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 Uastoisí na long: Fad: 366 mhéadar Leithead: 48 méadar Doimhneacht snámha: 9 méadar |
Sainmhínítear na coinníollacha faoina n-údaraítear an tsaoráid a oibriú i gceadanna, i ndeimhnithe agus in údaruithe arna n-eisiúint chuig an tsaoráid ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú an Chomhshaoil, Coimisiún Texas um Cháilíocht Comhshaoil, Oifig Ghinearálta Talún Texas agus Garda Cósta na Stát Aontaithe. Le hAcht na Stát Aontaithe um Rialú Substaintí Tocsaineacha cuirtear toirmeasc ar allmhairiú isteach sna Stáit Aontaithe soithí faoi bhratach eachtrach a bhfuil tiúchan défheinile polaclóirínithe is mó ná 50 chuid sa mhilliún. Tá ag an tsaoráid dhá shleamhnán le rampaí le haghaidh athchúrsáil deiridh soithí (an Sleamhnán Thoir agus an Sleamhnán Thiar). Is ar rampa an tSleamhnáin Thoir amháin a dhéanfar longa atá faoi bhratach Ballstáit den Aontas Eorpach a athchúrsáil. |
Faoi láthair níl aon nós imeachta i ndlí na Stát Aontaithe a bhaineann le pleananna athchúrsála long a fhormheas |
120 000 (55) |
10 Nollaig 2028 |
||||||
(1) Dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013.
(2) Dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointe (a), an tríú habairt, de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013.
(3) Comhfhreagraíonn dáta éaga an áirimh sa Liosta Eorpach do dháta éaga an cheada nó an údaraithe a deonaíodh don tsaoráid sa Bhallstát.
(4) De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 50 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(5) De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 30 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(6) De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 50 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(7) De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 30 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(8) De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 200 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(9) De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 50 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(10) De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 36 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(11) De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 6 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(12) De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 60 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(13) De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 15 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(14) De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 12 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(15) De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 23 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(16) De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 40 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(17) De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 60 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(18) De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 10 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(19) De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá sí údaraithe 30 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(20) De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá sí údaraithe 6 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(21) De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá sí údaraithe 45 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(22) De réir an cheada atá ag an tsaoráid, is é 100 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá aici.
(23) De réir an cheada atá ag an tsaoráid, is é 47 500 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá aici.
(24) De réir an cheada atá ag an tsaoráid, is é 100 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá aici.
(25) De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá sí údaraithe 75 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana
(26) De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá sí údaraithe 75 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(27) Socraítear an dáta éaga sin trí thagairt a dhéanamh do thréimhse bhailíochta a chomhfhreagraíonn do 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.
(28) De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá sí údaraithe 30 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(29) Socraítear an dáta éaga sin trí thagairt a dhéanamh do thréimhse bhailíochta a chomhfhreagraíonn do 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.
(30) De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá sí údaraithe 30 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(31) De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá sí údaraithe 10 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(32) Socraítear an dáta éaga sin trí thagairt a dhéanamh do thréimhse bhailíochta a chomhfhreagraíonn do 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.
(33) De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá sí údaraithe 85 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(34) Socraítear an dáta éaga sin trí thagairt a dhéanamh do thréimhse bhailíochta a chomhfhreagraíonn do 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.
(35) De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá sí údaraithe 85 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana
(36) Socraítear an dáta éaga sin trí thagairt a dhéanamh do thréimhse bhailíochta a chomhfhreagraíonn do 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.
(37) De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 40 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid
(38) De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá sí údaraithe 300 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(39) Dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013.
(40) Dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointe (a), an tríú habairt, de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013.
(41) Tá áireamh saoráide athchúrsála long atá lonnaithe i dtríú tír sa Liosta Eorpach bailí ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh Cur Chun Feidhme ábhartha ón gCoimisiún lena bhforáiltear go n-áireofar an tsaoráid sin, mura sonrófar a mhalairt.
(42) Is é 120 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(43) Is é 60 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(44) Is é 75 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(45) Is é 75 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(46) Is é 60 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(47) Is é 70 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(48) Is é 80 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(49) Is é 70 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(50) Is é 30 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(51) Is é 90 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(52) Is é 100 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
(53) De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá sí údaraithe 7 275 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(54) De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá sí údaraithe 38 148 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.
(55) Is é 120 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainneacht bhliantúil theoiriciúil athchúrsála long atá ag an tsaoráid.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1956/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)